|
6.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 259/118 |
CINNEADH (CBES) 2022/1908 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/266 (1). |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2022, thug Cónaidhm na Rúise fogha neamhdhleathach gan chúis gan údar faoin Úcráin. |
|
(3) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
|
(4) |
An 21 Meán Fómhair 2022, in ainneoin na n-iarrataí iomadúla a rinne an comhphobal idirnáisiúnta ar Chónaidhm na Rúise stop a chur láithreach leis an bhfogha míleata atá á thabhairt aici faoin Úcráin, chinn Cónaidhm na Rúise an fogha atá á thabhairt aici faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh trí thacú le heagrú “reifrinn” neamhdhleathacha sna codanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia atá forghafa ag Cónaidhm na Rúise faoi láthair. Rinne Cónaidhm na Rúise an fogha atá á thabhairt aici faoin Úcráin a ghéarú a thuilleadh freisin trí shlógadh a fhógairt i gCónaidhm na Rúise agus trí bhagairt na n-arm ollscriosta a dhéanamh. |
|
(5) |
An 28 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha a reáchtáladh i gcodanna de réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine agus atá faoi fhorghabháil pháirteach ag an Rúis faoi láthair. Dhearbhaigh an tArdionadaí nach n-aithníonn agus nach n-aithneoidh an tAontas choíche na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin ná a dtoradh falsaithe, ná aon chinneadh a dhéanfar ar bhonn an toraidh sin, agus thathantaigh sé ar gach Comhalta de na Náisiúin Aontaithe an rud céanna a dhéanamh. Trí na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú, bhí sé mar aidhm ag an Rúis teorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta a athrú leis an lámh láidir, rud a sháraíonn Cairt na Náisiún Aontaithe go soiléir agus go tromchúiseach. Chuir an tArdionadaí in iúl chomh maith go dtabharfar chun cuntais iad siúd uile a raibh baint acu leis na “reifrinn” bhréagacha neamhdhleathacha sin a eagrú mar aon leo siúd atá freagrach as sárú eile ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin agus go dtabharfar bearta sriantacha breise ar aghaidh i gcoinne na Rúise i ndáil leis sin. Meabhraíodh don Ardionadaí go bhfuil an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus éilíonn sé ar an Rúis a trúpaí agus a trealamh míleata ar fad a tharraingt siar ina n-iomláine láithreach agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin go leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht d’iarrachtaí na hÚcráine chun na críche sin, a fhad is gá. |
|
(6) |
An 30 Meán Fómhair 2022, ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí ráiteas inar dhiúltaigh siad go daingean don ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin agus inar cháin siad go láidir an ionghabháil sin. Agus í ag féachaint d’aon ghnó leis an mbonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus trí shárú follasach a dhéanamh ar chearta bunúsacha na hÚcráine chun neamhspleáchais, ceannasachta agus iomláine críochaí, croíphrionsabail a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta, tá an tslándáil dhomhanda á cur i mbaol ag an Rúis. Dúirt comhaltaí na Comhairle Eorpaí nach n-aithníonn siad agus nach n-aithneoidh siad na “reifrinn” neamhdhleathacha a chuir an Rúis i dtoll a chéile mar chúinse don sárú breise seo ar neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, na reifrinn ná a dtorthaí falsaithe neamhdhleathacha. Dhearbhaigh siad nach n-aithneoidh siad riamh an ionghabháil neamhdhleathach, go bhfuil na cinntí sin ar neamhní go hiomlán agus nach féidir leo aon éifeacht dhlíthiúil ar bith a bheith acu agus gur leis an Úcráin an Chrimé, Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia. D’iarr siad ar gach stát agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta diúltú go hiomlán don ionghabháil neamhdhleathach agus meabhraíodh dóibh go bhfuil an Úcráin ag feidhmiú an chirt dhlisteanaigh atá aici í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise chun smacht iomlán a fháil an athuair ar a críoch agus tá sé de cheart aici críocha atá faoi fhorghabháil laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a shaoradh. Dúirt siad go neartóidh siad bearta sriantacha an Aontais chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise a chomhrac agus go gcuirfidh siad leis an mbrú atá ar an Rúis deireadh a chur lena cogadh foghach. |
|
(7) |
I bhfianaise na n-imthosca tromchúiseacha sin, measann an Chomhairle gur cheart teideal Chinneadh (CBES) 2022/266 a leasú agus raon feidhme geografach na srianta atá ann a leathnú le go gcumhdófaí na limistéir go léir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais sna réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia. |
|
(8) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/266 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 1. Toirmeascfar earraí de thionscnamh limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine a allmhairiú isteach san Aontas. 2. Toirmeascfar maoiniú nó cúnamh airgeadais, mar aon le hárachas agus athárachas, a bhaineann le hallmhairiú earraí de thionscnamh limistéir na hÚcráine dá dtagraítear i mír 1 nach bhfuil faoi rialú an rialtais, a sholáthar go díreach nó go hindíreach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2a agus 2b: “2a. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir leis an méid seo a leanas:
2b. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 2a, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi cibé téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe ginearálta nó sonracha a dheonú maidir leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú agus seirbhísí agus cúnaimh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh sin go heisiach chun críoch daonnúil i limistéir na hÚcráine dá dtagraítear i mír 1 nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ó aon údarú a dheonú.”; |
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1a agus 1b: “1a. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
1b. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1a agus de mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú maidir leis an gcúnamh agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin go heisiach chun críoch daonnúil i limistéir na hÚcráine dá dtagraítear in Airteagal 1 nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ó aon údarú a dheonú.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).