30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/74


CINNEADH (CBES) 2022/1681 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 27 Meán Fómhair 2022

maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/513 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, rud a bhunaigh agus a sheol oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).

(2)

De bhun Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) cinntí a ghlacadh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh ar EUNAVFOR MED IRINI.

(3)

An 29 Márta 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/513 (2) lena gceaptar an Seachaimiréal Fabrizio RUTTERI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI.

(4)

An 26 Iúil 2022, mhol na húdaráis mhíleata Heilléanacha go ndéanfaí an Ceannasóir Cabhlaigh Stylianos DIMOPOULOS a cheapadh i gcomharbas ar an Seachaimiréal Fabrizio RUTTERI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2022. Tá sé curtha in iúl ag na húdaráis sin go dtabharfar ardú céime don Cheannasóir Stylianos DIMOPOULOUS agus go ndéanfar Seachaimiréal de tráth a cheapfar mar Cheannasaí Fórsa an Aontais é.

(5)

An 14 Meán Fómhair 2022, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh a rinne na húdaráis mhíleata Heilléanacha.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Stylianos DIMOPOULOS a cheapadh.

(7)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/513 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Stylianos DIMOPOULOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/513 (EUNAVFOR MED IRINI/2/2022) a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/513 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 29 Márta 2022, maidir le Ceannasaí Fórsa AE a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/1748 (EUNAVFOR MED IRINI/2/2022) (IO L 103, 31.3.2022, lch. 12).