12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/51


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1512 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin], de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6108)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Iúil 2022 ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin].

(2)

Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: “(1) lorg CO2 gach lín tí a laghdú; (2) a chinntiú go mbeidh na bardais, na dáileoirí agus na soláthróirí fuinnimh cuntasach, teorainn a chur leis an imirce idir soláthróirí sa chrios glas agus oiliúint ghairmiúil d’aon fhostaí bardais amháin ar a laghad i gcúrsaí comhshaoil, trealamh AE amháin a úsáid; (3) foinsí fuinnimh ghlais a fhorbairt sna sráidbhailte is iargúlta agus sna pointí is faide amach de líonraí ar ghá infheistíochtaí comhdhlúthúcháin lena n-aghaidh ina éagmais sin, infheistíochtaí a chisteodh dáileoirí, soláthróirí fuinnimh nó aonaid riaracháin chríochacha; (4) an dearcadh atá ag an bpobal go bhfuil an fuinneamh glas daor a athrú agus oiliúint a thabhairt don phobal chun go gcaithfidh siad 1 kW d’fhuinneamh gréine ar a laghad le linn an lae chun na billí a laghdú. Éilímid go gcuirfear deireadh le cogadh an fhuinnimh, ullmhaímid córais caidéal tuirbín suas le 400 kW, córais uisciúcháin le sileadh agus gineadóirí hidrigine le haghaidh criosanna dlúthfhuinnimh. Céim mhór i dtreo an iomaíochais san Aontas Eorpach.”

(3)

Tá iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, trí na cúiseanna atá ann chun tacú leis a leagan amach agus a shonrú. Maíonn na heagraithe go bhféadfaí an t-airgead nach gcaithfear ar athléimneacht, comhtháthú agus forbairt réigiúnach a úsáid chun cistiú a thabhairt, trí aonaid riaracháin chríochacha, le haghaidh 600 milliún painéal fótavoltach agus 197 000 meigeavata d’fhuinneamh glas i 197 líon tí a bheag nó a mhór ar fud an Aontais ar chostas measta EUR 750 billiún, rud a leagfadh síos dúshraith “Aontais fuinnimh ghlais Eorpaigh”.

(4)

A mhéid a bhaineann leis an nglao ar ghníomhaíocht chun painéil fhótavoltacha agus tuirbíní gaoithe a shuiteáil chun fuinneamh glas a sholáthar do lín tithe chun go laghdófar a lorg CO2, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh gníomhartha dlíthiúla lena gcruthófar oibleagáidí suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a chur le foirgnimh nua nó foirgnimh atá ann cheana agus chun go gcuirfear dlús le nósanna imeachta le haghaidh tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite ar bhun Airteagal 194(2) den Chonradh.

(5)

A mhéid gur gá cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach le híocaíocht as cistí an Aontais, tá sé leagtha síos gur féidir infheistíochtaí móra a dhéanamh san aistriú glas leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus le InvestEU ar bhun Airteagal 173 agus/nó Airteagal 175 den Chonradh, agus leis an gCiste Aeráide Sóisialta ar bhun Airteagal 91(1), pointe (d), Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(1), pointe (c).

(6)

Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chumhachtaí an Choimisiúin chun togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(7)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(8)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(9)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, an tionscnamh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin] a clárú.

(11)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin] a clárú.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe ar ghrúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin], tionscnamh a bhfuil Mr Augustin DANILA agus Mr Vlad VASILE ag gníomhú thar a cheann agus a bhfuil siad ina dteagmhálaithe lena aghaidh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán an Choimisiúin


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.