12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/32


CINNEADH (CBES) 2022/1507 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart na hiontrálacha maidir le ceathrar a ndeachaigh cur i bhfeidhm beart sriantach ina gcoinne in éag an 6 Meán Fómhair 2022, agus an fhaisnéis maidir lena gcearta cosanta agus lena gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2023.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

i Roinn A (“Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka;

(2)

i Roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), scriostar an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka.