9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 234/1


CINNEADH (AE) 2022/1500 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go hiomlán

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú (1) (“an Comhaontú”), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2007, i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach (2).

(2)

Víosaí le haghaidh tréimhse fanachta bheartaithe nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, is éard is cuspóir don Chomhaontú eisiúint na víosaí sin do shaoránaigh an Aontais agus Chónaidhm na Rúise a éascú ar bhonn na cómhalartachta. Leagtar béim sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú ar an mian teagmháil duine le duine a éascú mar choinníoll tábhachtach chun naisc eacnamaíocha, dhaonnúla, chultúrtha, eolaíochta agus eile a fhorbairt go seasta.

(3)

Faoi Airteagal 15(5) den Chomhaontú, is féidir le gach Páirtí an Comhaontú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí. Tá fógra le tabhairt don Pháirtí eile maidir leis an bhfionraí 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí tar éis di teacht i bhfeidhm.

(4)

I bhfianaise ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise in 2014, maille leis na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá fós ar siúl ag Cónaidhm na Rúise in oirthear na hÚcráine, tá smachtbhannaí de na cineálacha seo a leanas tugtha isteach ag an Aontas Eorpach cheana féin mar fhreagairt ar dhíchobhsú chás na hÚcráine ag an Rúis — smachtbhannaí eacnamaíocha a bhaineann le cur chun feidhme neamhiomlán chomhaontuithe Mhionsc, smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gniochaíochtaí sin ar an méid sin, agus smachtbhannaí is freagairt ar ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise.

(5)

Mar shínitheoir ar chomhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar Chónaidhm na Rúise oibriú chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail sin. An cinneadh a rinne Cónaidhm na Rúise na limistéir in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, fágann sé go bhfuil sárú soiléir déanta aici ar chomhaontuithe Mhionsc, comhaontuithe ina sonraítear go bhfuil na limistéir sin le bheith faoi rialú Rialtas na hÚcráine an athuair.

(6)

An cinneadh a rinne Cónaidhm na Rúise na limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais a aithint mar eintitis neamhspleácha, agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin trúpaí de chuid na Rúise a chur chun na hÚcráine, is cinneadh é sin lenar baineadh an bonn tuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus is sáruithe tromchúiseacha atá ann ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist san áireamh.

(7)

Ó cuireadh tús an 24 Feabhra 2022 leis an bhfogha gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, tá cúrsaí ag dul in olcas, agus forghabháil iomlán nó páirteach réigiún de chuid oirthear agus dheisceart na hÚcráine ag an Rúis, tá curtha aici leis an bhforghabháil sin. Ina theannta sin, an gléasra cumhachta núicléiche is mó san Úcráin, gléasra atá suite in Zaporizhzhia, tá an Rúis á úsáid mar shaoráid mhíleata, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go dtarlódh mórthaisme núicléach a mbeadh tíortha comharsanachta, Ballstáit san áireamh, thíos lena cuid impleachtaí.

(8)

An 24 Feabhra 2022, in éineacht lena comhpháirtithe idirnáisiúnta, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus rinne sí a dlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus le muintir na tíre sin a chur in iúl. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an Rúis ag sárú an dlí idirnáisiúnta go trom leis na gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha atá ar siúl aici, agus go bhfuil an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain mhóir. Ina dhiaidh sin, an 25 Feabhra, i bhfianaise an fhogha mhíleata a thug an Rúis gan cúis gan údar, ghlac an Chomhairle, i measc bearta sriantacha eile, bearta lenar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí go páirteach (3).

(9)

Fogha míleata a thabhairt faoi thír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas Eorpach, ar nós an fogha míleata arna thabhairt faoin Úcráin agus as ar eascair roinnt beart sriantach, tugann an méid sin údar maith le bearta a ghlacadh chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint.

(10)

Chomh maith leis sin, tá comhaontuithe Mhionsc sáraithe ag Cónaidhm na Rúise de bharr go bhfuil an bonn á bhaint aici aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá an méid sin contrártha leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar Chónaidhm na Rúise.

(11)

Gníomhaíochtaí míleata Chónaidhm na Rúise san Úcráin, fágann siad gur mó an baol atá ann d’ord poiblí na mBallstát, dá slándáil náisiúnta agus dá sláinte phoiblí.

(12)

Dá bhrí sin, i bhfínaise staid atá ag dul in olcas de dheasca an fhogha mhíleata arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, measann an Chomhairle gur cheart forálacha an Chomhaontuithe lena ndéantar foráil maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh Chónaidhm na Rúise a chuireann isteach ar víosa ghearrfhanachta a éascú, gur cheart iad a chur ar fionraí go hiomlán.

(13)

Is e atá sa Cinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú (“an Comhaontú”) a chur ar fionraí go hiomlán a mhéid a bhaineann le saoránaigh Chónaidhm na Rúise, amhail ón 12 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 2

Aisghairtear leis seo Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 15(5) den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  IO L 129, 17.5.2007, lch. 27.

(2)  IO L 129, 17.5.2007, lch. 40.

(3)  Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go páirteach (IO L 54, 25.2.2022, lch. 1).