9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/26


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1495 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731 ón gCoimisiún (2), formheasadh meidéataimidín mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

An formheas maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (“an formheas”), rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2022. An 27 Meitheamh 2021, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar an bhformheas a athnuachan (“an t-iarratas”).

(3)

An 10 Nollaig 2021, chuir údarás inniúil meastóireachta na hIorua in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. I gcás den chineál sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá call le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime uaithi ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán á gcur san áireamh, agus an t-am is gá chun cinneadh a dhéanamh an bhféadfar an formheas maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 a athnuachan á chur an áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(7)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh meidéataimidín de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le meidéataimidín lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731, tá sé curtha ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1731 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2015 lena bhformheastar meidéataimidín mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 21 (IO L 252, 29.9.2015, lch. 33).