8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/81


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1485 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh IPBC le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 30 Meitheamh 2020 faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 20 Nollaig 2018, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le IPBC a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (“an t-iarratas”).

(3)

An 11 Aibreán 2019, chuir údarás inniúil meastóireachta na Danmhairge in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1969 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeidh go leor ama ann d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(5)

An 24 Bealtaine 2022, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta in iúl don Choimisiún go bhfuil moill ar an meastóireacht mar go bhfuil gá le staidéir bhreise chun measúnú a dhéanamh ar na critéir d’fhonn airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh i gcás orgánaigh nach spriocorgánaigh iad. D’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir an fhaisnéis bhreise a chur isteach chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá coinne leis go gcuirfear an fhaisnéis sin faoi bhráid an údaráis inniúil meastóireachta faoi mhí Iúil 2023.

(6)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Dá bharr sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is cosúil gur in éag a rachaidh an formheas maidir le IPBC a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus an t-am á chur san áireamh a theastaíonn ón údarás inniúil meastóireachta meastóireacht a dhéanamh chun an tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a ullmhú agus a chur isteach, agus a theastaíonn ón gCoimisiún a chinneadh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2025.

(8)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh IPBC de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1969, cuirfear ar atráth go dtí an 31 Iúil 2025 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1969 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 307, 28.11.2019, lch. 45).