8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/79


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1484 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Carbónáit DDA (DDACarbonate) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh Carbónáit DDA le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar an tsubstaint a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An formheas maidir le Carbónáit DDA a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (“an formheas”), rachaidh sé in éag an 31 Eanáir 2023. An 31 Iúil 2021, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar an bhformheas a athnuachan (“an t-iarratas”).

(3)

An 26 Deireadh Fómhair 2021, chuir údarás inniúil meastóireachta na hEilvéise in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá call le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime uaithi ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán á gcur san áireamh, agus an t-am is gá chun cinneadh a dhéanamh an bhféadfar an formheas maidir le Carbónáit DDA lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan á chur an áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2025.

(7)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh Carbónáit DDA de bheith formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le Carbónáit DDA lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, tá sé curtha ar atráth go dtí an 31 Iúil 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).