5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/77


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1462 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2022

maidir leis na riachtanais le haghaidh na modhanna cumarsáide fuaime agus físe don agallamh de bhun Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 27(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) mar chóras do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas a bheith i seilbh víosa agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Leagadh síos ann na coinníollacha agus na nósanna imeachta i dtaobh údaraithe taistil a eisiúint nó a dhiúltú.

(2)

Faoi choinníollacha áirithe, is féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach, agus iarratais ar údaruithe taistil á scrúdú agus á gcinneadh aige, cuireadh a thabhairt don iarratasóir chuig agallamh ina thír chónaithe féin nó ina tír chónaithe féin. I prionsabal, ba cheart an t-agallamh seo a dhéanamh ag a chonsalacht is gaire don áit ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir.

(3)

An nós imeachta um iarratas a dhéanamh, ba cheart sin a éascú le cumarsáid fuaime agus físe agus forbairtí teicneolaíochta a tháinig chun cinn le déanaí á gcur san áireamh, agus bealaí difriúla le cianagallamh a dhéanamh á soláthar. Is gá, dá bhrí sin, na ceanglais maidir leis na modhanna cumarsáide cianda fuaime agus físe a shainiú. Ba cheart, leis na ceanglais sin, go n-áireofaí rialacha maidir le cosaint sonraí, slándáil agus rúndacht. Is gá freisin rialacha a ghlacadh maidir le tástáil, roghnú agus oibríocht na n-uirlisí.

(4)

Maidir le láimhseáil sonraí pearsanta, déantar tagairt sa Chinneadh seo do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Sa chomhthéacs seo, i gcás ina ndéantar an t-agallamh a thaifeadadh, tabharfar fógra don iarratasóir maidir leis an taifeadadh, agus toileoidh sé leis an taifeadadh sula gcuirfear tús leis an agallamh.

(5)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(6)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5).

(8)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

(9)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

(10)

Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(11)

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim uaidh an 10 Bealtaine 2021.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na riachtanais maidir leis na modhanna cumarsáide fuaime agus físe lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí, slándáil agus rúndacht

Na riachtanais maidir leis na modhanna cumarsáide fuaime agus físe, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí, slándáil agus rúndacht chun agallamh a dhéanamh le hiarratasóir de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, leagtar amach iad sa Chinneadh seo agus san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Na huirlisí oiriúnacha a thástáil

1.   Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), déanfaidh sí anailís ar thuairiscí ar uirlisí le haghaidh cumarsáid fuaime agus físe atá ar fáil ar an margadh, agus iad a chur i gcomparáid leis na riachtanais a leagtar amach san Iarscríbhinn agus uirlisí le haghaidh cumarsáid fuaime agus físe a réamhroghnú, ar uirlisí iad a bhfuil a dtuairiscí ag comhlíonadh na riachtanas.

2.   Déanfaidh eu-LISA, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, na huirlisí réamhroghnaithe le haghaidh cumarsáid fuaime agus físe a thástáil. Leis na tástálacha, cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, na riachtanais a leagtar amach san Iarscríbhinn.

3.   Déanfaidh eu-LISA anailís ar thorthaí na dtástálacha agus déanfaidh sé liosta d’uirlisí oiriúnacha a mholtar a sholáthar do na Ballstáit.

4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh eu-LISA anailís eile ar thuairisc uirlisí atá ar fáil ar an margadh, iad sin a chur i gcomparáid leis na riachtanais a leagtar amach san Iarscríbhinn agus, i gcás inar gá, uirlisí réamhroghnaithe a thástáil chun liosta d’uirlisí oiriúnacha atá cothrom le dáta a mholadh do Bhallstáit.

Airteagal 3

Uirlisí oiriúnacha a roghnú agus iad a oibriú

1.   Úsáidfidh Aonaid Náisiúnta ETIAS:

(a)

uirlis a roghnaítear ón liosta d’uirlisí oiriúnacha dá dtagraítear in Airteagal 2(3);

(b)

aon uirlis eile lena gcomhlíontar na riachtanais a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Beidh na Ballstáit freagrach as an anailís cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na huirlisí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), riachtanais na hIarscríbhinne agus as na huirlisí sin a thástáil.

2.   Beidh Aonaid Náisiúnta ETIAS freagrach as faireachán a dhéanamh ar oibríocht na n-uirlisí agus as a áirithiú go gcomhlíonann na huirlisí na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus go gcomhlíonann siad Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Ní thagann an Cinneadh seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

1.   

Cuspóirí

Leis an Iarscríbhinn seo, leagtar amach riachtanais le haghaidh na modhanna cumarsáide fuaime agus físe, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rialacha slándála agus rúndachta.

2.   

Riachtanais le haghaidh na modhanna cumarsáide fuaime agus físe, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rialacha slándála agus rúndachta:

#

Cur síos

1

Tacóidh an uirlis le nascacht trí bhrabhsálaithe idirlín ó thrí sholáthraí brabhsálaí/córas oibriúcháin ar a laghad atá scaipthe go forleathan.

2

Leis an uirlis, soláthrófar an deis fuaimthréithe déphléascacha laistigh den bhanda (nach bhfuil bunaithe ar theileafónaíocht) a bheith ann le haghaidh glaonna.

3

Leis an uirlis, soláthrófar an deis físghlaonna a dhéanamh trí cheamara gréasáin a úsáid.

4

Leis an uirlis, soláthrófar an deis do na hagallóirí rannpháirtithe a bhainistiú (iad a aithint/glacadh leo/diúltú dóibh, an cainéal fuaime a bhalbhú/a dhíbhalbhú, an cainéal físe a thaispeáint/a cheilt).

5

Leis an uirlis, soláthrófar an deis do na húsáideoirí údaraithe in Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach nó i gceann de chonsalachtaí an Bhallstáit sin, ag a bhfuil cuntas buan closchomhdhála agus físchomhdhála, chun a gcomhdhálacha féin a eagrú ar an idirlíon. Leis an uirlis, soláthrófar an deis comhdháil fuaime agus físe a sceidealú roimh ré agus cuirí a sheoladh chuig na hiarratasóirí.

6

Leis an uirlis, soláthrófar an deis d’iarratasóirí, nach bhfuil cuntas buan closchomhdhála agus físchomhdhála acu, páirt a ghlacadh i nglaoch trí fheidhmchlár a úsáid, ar feidhmchlár é atá ar fáil ar an idirlíon agus atá inúsáidte ar ghléas ar bith (fón cliste, táibléad, ríomhaire glúine, agus ríomhaire deisce) ag a bhfuil trí sholáthraí brabhsálaí/córas oibriúcháin ar a laghad atá scaipthe go forleathan. Ní mór a áirithiú go dtairgtear an uirlis saor in aisce don iarratasóir.

7

Leis an uirlis, soláthrófar an deis agallaimh a dhaingniú le cód PIN aon úsáide aonair nó le pasfhocal.

8

Leis an uirlis, soláthrófar an deis úsáid a bhaint as comhrá trí théacs.

9

Leis an uirlis, soláthrófar an deis doiciméid a chomhroinnt trí scáileán na ngléasanna leictreonacha a roinnt.

10

Leis an uirlis, soláthrófar an deis glaonna a thaifeadadh i gcás ina n-éilítear sin ag Aonad Náisiúnta ETIAS. Leis an uirlis, soláthrófar an deis na glaonna a íoslódáil agus a shábháil go logánta.

11

Leis an uirlis, soláthrófar do gach cumarsáid a chriptiú ó cheann go ceann.

12

Leis an uirlis, soláthrófar do gach cumarsáid fuaime agus físe a logáil.

13

Cuirfear an uirlis ar fáil in éineacht leis na paistí agus na leaganacha arna dtacú is déanaí a ceadaíodh.

14

Tacóidh an uirlis le bandaleithid éagsúla.

15

Is 99,5 % ar a laghad a bheidh ráta infhaighteachta na huirlise, arna thomhas ar bhonn bliantúil, ach amháin i gcás cothabhála beartaithe.