2.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/5


CINNEADH (AE) 2022/1449 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/418 ón gComhairle (2), tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (“an Comhaontú”) (3).

(2)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/2277 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook (“an Prótacal”) an 17 Nollaig 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

Is é is aidhm leis an bPrótacal cur ar chumas an Aontais agus Rialtas Oileáin Cook leanúint de chomhoibriú le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun acmhainní iascaigh uiscí iascaigh Oileáin Cook a shaothrú ar bhealach fónta, i gcomhréir leis an gcuspóir i dtaobh acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú, ar cuspóir é a dtugtar aitheantas dó faoi dhlí an Aontais, agus chun go bhféadfaidh soithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

(4)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(5)

Le hAirteagal 6 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus a Phrótacail cur chun feidhme. Thairis sin, de bhun Airteagal 5 den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go n-éascófaí formheas na modhnuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Coimisiún, faoi réir forálacha agus coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, chun iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(6)

Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú maidir le leasuithe atá beartaithe ar an bPrótacal. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéir iascaireachta Oileáin Cook agus i bhfianaise an ghá atá ann gan cur isteach ar na gníomhaíochtaí sin ar dhul in éag an Phrótacail atá ann faoi láthair ar an 13 Samhain 2021, ba cheart an Prótacal a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug sé tuairim uaidh an 3 Samhain 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook (“an Prótacal”) a fhormheas thar ceann an Aontais (6).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Phrótacal (7).

Airteagal 3

I gcomhréir leis na forálacha agus na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste a fhormheas.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  Toiliú ón 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2017/418 ón gComhairle an 28 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (IO L 64, 10.3.2017, lch. 1).

(3)  IO L 131, 20.5.2016, lch. 3.

(4)  Cinneadh (AE) 2021/2277 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook (IO L 463, 28.12.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 463, 28.12.2021, lch. 3.

(7)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA UM FHORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina bhfuil ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Chomhaontú agus le hAirteagal 5 den Phrótacal, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas, thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

1.

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann bainistiú comhpháirteach arna déanamh ag stáit chósta;

(c)

agus go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an faisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

2.

Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.

3.

Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar leis na leasuithe atá beartaithe na critéir a leagtar síos i bpointe 1.

4.

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na leasuithe atá beartaithe.

5.

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4.

6.

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá le haghaidh cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

A mhéid a bhaineann le ceisteanna eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal, mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 6 den Chomhaontú, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.