2.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/2


CINNEADH (AE) 2022/1448 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2022

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/2123 ón gComhairle (2) , síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (“Prótacal”) an 15 Samhain 2021.

(2)

Is iad aidhmeanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail soithí de chuid an Aontais a chumasú a ngníomhaireachtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Máratáine agus chun a chumasú don Aontas agus do Phoblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin”) comhoibriú go dlúth lena chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú freagrach acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Máratáine agus san Aigéan Atlantach a chur chun cinn tuilleadh, i gcomhréir le cuspóir acmhainní bitheolaíocha na mara a aithnítear i ndlí an Aontais a chaomhnú. Tacaíonn an comhar seo le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil na hiascaireachta freisin.

(3)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a fhormheas.

(4)

Le hAirteagal 14 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta agus an Phrótacail. Thairis sin, de bhun Airteagal 11(1) den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. Ionas go n-éascófaí formheas na modhnuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, chun iad a údarú thar ceann an Aontais de réir nós imeachta simplithe.

(5)

Maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal atá beartaithe, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leo a bhunú. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(6)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Máratáine agus an ghá atá ann tréimhse ama ina gcuirtear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a sheachaint nó a laghdú a oiread is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Phrótacal (4).

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear don Choimisiún leasuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14 den Chomhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  Toiliú an 8 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2021/2123 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (IO L 439, 8.12.2021, lch. 1).

(3)  Foilsíodh téacsanna an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail in IO L 439, 8.12.2021, lch. 3.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA AGUS NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal, údaraítear don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle a mheas an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na critéir a leagtar síos i bpointe (1).

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na leasuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, tarchuirfear an t-ábhar ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2) go (4), chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a thíolacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

A mhéid a bhaineann le ceisteanna eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.