31.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 225/3


CINNEADH (AE) 2022/1437 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Lúnasa 2022

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 31 Bealtaine 2022, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21), glacadh le Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a bheith faoi cheangal aige (1).

(2)

Níl aon choinníollacha sonracha i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus níl sa bheart lena mbaineann an fógra reatha ó Éirinn ach nuashonrú ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán sin, iarscríbhinní ina bhfuil an liosta d’imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus an liosta de chleachtóirí dócmhainneachta náisiúnta faoi seach.

(3)

Ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 a dheimhniú.

(4)

Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2021/2260 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 deimhnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú (IO L 455, 20.12.2021, lch. 4).

(2)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).