|
12.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 211/185 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1397 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2022
gan na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí Alcóil Polaivinile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 a chur ar fionraí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2016/1036,
De bharr an mhéid seo a leanas,
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 29 Meán Fómhair 2020, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí Alcóil Polaivinile áirithe (PVA) isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an táirge lena mbaineann”) le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún (2) (“an bun-Rialachán”). |
|
(2) |
Tar éis fhorchur na mbeart, líomhain deich bpáirtí (3) gur tháinig athrú sealadach ar dhálaí an mhargaidh tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (“IP”)(an 1 Iúil 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2019) agus mhaígh siad gur cheart na bearta cinntitheacha a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 ón gCoimisiún (“an bun-Rialachán”), i bhfianaise na n-athruithe sin. |
|
(3) |
An 3 Meán Fómhair 2021, chinn an Coimisiún na héilimh ar fhionraí a scrúdú a thuilleadh agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara san Aontas faisnéis a sholáthair maidir le “IP na fionraí” mar a thugtar air (i.e. an tréimhse tar éis an IP ó mhí Iúil 2020 go dtí mí an Mheithimh 2021) chun gur féidir scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na ndálaí athruithe líomhnaithe, más ann dó, ar mhargadh an Aontais. |
|
(4) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir ceithre pháirtí leasmhar, Carbochem, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem, i gcoinne rogha an IP fionraí a rinne an Coimisiún. |
|
(5) |
Ina dtuairim, ba cheart do IP na fionraí tosú ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 agus ba cheart dó míonna Iúil agus Lúnasa 2021 a chumhdach freisin ós rud é gur iarr an Coimisiún na sonraí sin sa cheistneoir. |
|
(6) |
Fuair an Coimisiún an chéad éileamh ar fhionraí an 17 Meitheamh 2021 agus thionscain sé imscrúdú na fionraí an 3 Meán Fómhair 2021, agus é ag roghnú tréimhse 12 mhí roimh thaisceadh an éilimh, an tráth a líomhnaítear gur tháinig na hathruithe líomhnaithe ar dhálaí an mhargaidh. |
|
(7) |
Maidir le míonna Iúil agus Lúnasa 2021, d’iarr an Coimisiún sonraí maidir leis na míonna sin chun faisnéis a bhailiú ar éabhlóid an mhargaidh tar éis IP na fionraí. Ní raibh na sonraí sin ar fáil ag na páirtithe comhoibríocha uile áfach. Mar sin féin, nuair a bhí siad ar fáil, chuir an Coimisiún na sonraí le haghaidh mhí Iúil agus mhí Lúnasa 2021 san áireamh, mar a luaitear in aithris (53). |
|
(8) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(9) |
Faisnéis maidir leis an athrú sealadach líomhnaithe ar dhálaí an mhargadh, fuarthas í ó 2 tháirgeoir de chuid an Aontais agus ó 10 bpáirtí leasmhar, lena n-áirítear úsáideoirí, allmhaireoirí agus comhlachais. Sholáthair táirgeoirí an Aontais an fhaisnéis ar iarradh maidir le táscairí díobhála áirithe freisin. |
|
(10) |
An 20 Bealtaine 2022, nocht an Coimisiún go raibh rún aige gan na bearta faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán a chur ar fionraí. Tugadh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a thabhairt. |
2. SCRÚDÚ AR DHÁLAÍ ATHRAITHE AN MHARGAIDH
|
(11) |
Foráiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfar, chun leas an Aontais, bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr na fionraí. Fágann sin nach féidir bearta frithdhumpála a chur ar fionraí ach amháin i suíomh inar athraíodh dálaí an mhargaidh a mhéid nach bhfuil díobháil ábhartha á déanamh a thuilleadh do thionscal an Aontais, agus nach dócha go dtarlóidh an díobháil sin arís. |
2.1. Torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh
|
(12) |
Léirigh an t-imscrúdú ba chúis leis an Rialachán gur le linn na tréimhse faoi bhreathnú (2016 - Meitheamh 2019), tháinig méadú 53 % ar allmhairí na Síne, agus ghnóthaigh siad sciar margaidh [30 % - 35 %] sa tréimhse imscrúdúcháin (mí Iúil 2018 - mí an Mheithimh 2019), aníos ó 22 % in 2016. An tráth céanna, chuaigh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais in olcas agus léirigh sé treocht dhiúltach i dtaca leis na mórtháscairí go léir: Táirgeacht (-12 %), Díolacháin AE (-27 %), an sciar den mhargadh (ó [35 % - 40 %] go [25 % - 30 %]) agus Brabúsacht (ó [-0,5 % go -5 %] go [-10 % go -15 %] sa tréimhse imscrúdúcháin). Ar an mbonn sin, ba é conclúid an Choimisiún gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr allmhairí dumpáilte ón tSín. |
2.2. Anailís ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh le linn tréimhse imscrúdúcháin na fionraí
|
(13) |
Na hathruithe sealadacha líomhnaithe ar dhálaí an mhargaidh iar-IP, is éard a bhí i gceist leo, cur isteach ar shlabhra soláthair an phríomh-amhábhair monaiméir vinilaicéatáite (VAM), in éineacht le méadú mór ar chostais loingseoireachta, rud a ba chúis le ganntanas domhanda an táirge lena mbaineann agus le méaduithe móra ar phraghsanna. |
|
(14) |
Ar bhonn na hanailíse ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe leasmhara tar éis iarraidh an Choimisiún ar fhaisnéise bhreise, iad cros-seiceáilte leis na sonraí a bailíodh le linn an imscrúdaithe, chinn an Coimisiún gur cuireadh isteach go sealadach ar an slabhra domhanda soláthair i ndáil le VAM. Ba iad na stoirmeacha geimhreadh i mí Feabhra 2021 in Texas ba chúis leis an gcur isteach sin go príomha. Mar gheall ar an eachtra sin, bhí ar gach mórtháirgeoir VAM i SAM stad a chur leis an táirgeadh go sealadach agus force majeure a agairt le haghaidh a sheachadtaí, rud a chruthaigh ganntanas domhanda VAM, agus PVA dá bhrí sin, sa chéad leath de 2021. Léirigh an anailís gurbh í an phríomhfhadhb a bhain le soláthar PVA nach raibh ann d’fhoinsí malartacha soláthair (eadhon SAM agus an tSeapáin), mar a mhínítear i roinn 2.3.2. Mar sin féin, idir an dá linn, tá an staid ina ceart arís, agus meastar go mbeidh na gnáthmhéideanna táirgeachta ann arís i rith 2022. |
|
(15) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir Ahlstrom-Munksjö, Carbochem, Cepi, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem i gcoinne chonclúid an Coimisiúin maidir le gnáthmhéideanna táirgeachta VAM a bheith ar ais. |
|
(16) |
D’áitigh na páirtithe go bhfuil ganntanas VAM fós ann toisc, dar le foilseacháin áirithe, go bhfuil táirgeoirí SAM fós ag agairt force majeure maidir le seachadtaí VAM agus dá bhrí sin ní féidir a chinneadh go mbeidh gnáthmhéideanna táirgeachta ann arís. |
|
(17) |
Níor mhór diúltú don mhaíomh sin. Ar an gcéad dul síos, rinne an Coimisiún anailís ar thionchar na stoirmeacha geimhridh in Texas mar cheann de na príomhchúiseanna le dálaí athruithe an mhargaidh a luaitear sna héilimh ar fionraí. Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil deireadh iomlán nach mór le héifeacht na stoirmeacha geimhridh in 2021. Léirigh na sonraí a sholáthair ceann de na mórtháirgeoirí VAM in SAM go raibh a tháirgeacht ar ais ar an ngnáthleibhéal sa dara ráithe de 2021 agus gur sháraigh sí an leibhéal a bhí ann roimh an stoirm sa tríú ráithe de 2021. Ar an dara dul síos, tagraíonn an dearbhú force majeure a luaigh na páirtithe do theagmhais a tharla tar éis IP na fionraí agus rinne sé difear do tháirgeoirí aonair i gcás imeachtaí sonracha agus nach ionann é agus athrú foriomlán ar dhálaí an mhargaidh. |
|
(18) |
Mhaígh úsáideoirí freisin gur laghdaigh an tSín a tháirgeacht PVA tar éis fhorchur na mbeart. Líomhnaítear gur tharla an laghdú sin toisc go raibh VAM i mbeagán soláthar sa tSín mar gheall ar athruithe beartais ó Rialtas na Síne, lena n-áirítear beartais um rialú déach ar fhuinneamh agus beartais um íoslaghdú truaillithe agus caomhnú fuinnimh do Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2022. Ní hamháin go n-úsáidtear VAM chun PVA a tháirgeadh, ach is táirge ceimiceach caighdeánach é a bhfuil roinnt feidhmeanna úsáide aige. Mhaígh na húsáideoirí gur mhéadaigh praghsanna VAM go dtí an pointe go raibh sé níos brabúsaí do tháirgeoirí na Síne díriú ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin VAM seachas VAM a thiontú go PVA. |
|
(19) |
Níor dheimhnigh na sonraí a bailíodh san imscrúdú, áfach, an líomhain sin. Níor tháinig athrú suntasach ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne go dtí an Aontais le linn IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh, mar a mhínítear i roinn 2.3.2. Ina theannta sin, agus anailís á déanamh ar mhéideanna onnmhairiúcháin foriomlána PVA ón tSín, thug an Coimisiún dá aire go raibh na cainníochtaí a onnmhairíodh fós mar an gcéanna le linn an IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh (féach Tábla 1). Níor tháinig laghdú ach ar na honnmhairí chuig an Aontas, ach rinneadh an laghdú sin a chúiteamh le méadú comhionann ar onnmhairí go dtí an Chóiré, an Mhalaeisia, Singeapór agus Vítneam. Dá bhrí sin, ní raibh aon tionchar ag an nganntanas líomhnaithe VAM ar acmhainneacht táirgeachta tháirgeoirí PVA na Síne agus ba é toradh na ndleachtanna frithdhumpála ar allmhairí PVA ón tSín go príomha an laghdú ar mhéideanna na n-allmhairí isteach san Aontas. Tábla 1 Onnmhairí PVA ón tSín (Tonaí)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(20) |
Luaigh na húsáideoirí fadhbanna maidir leis an slabhra soláthair a bhain le paindéim COVID-19. Go deimhin, mar gheall ar an easpa coimeádán loingseoireachta, tháinig méadú ar na rátaí loingseoireachta, go háirithe ón tSín agus trasna an Aigéin Atlantaigh, rud a chuir isteach go páirteach ar shlabhraí iompair domhanda. |
|
(21) |
Ar deireadh, d’áitigh allmhaireoirí agus úsáideoirí nach bhfuil tionscal an Aontais fós in ann freastal ar éileamh iomlán an Aontais ar PVA. Thug an Coimisiún dá aire, cé gur thosaigh tionscal an Aontais ag méadú a tháirgeachta tar éis fhorchur na mbeart, nach raibh sé in ann freastal ar éileamh iomlán an Aontais le linn IP na fionraí, go páirteach mar gheall ar a mhéid a laghdaigh sé a acmhainneacht roimhe sin agus ar ghanntanas domhanda VAM. Ní chúinse nua é sin in aon chás, toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann an tomhaltas iomlán PVA san Aontas a sholáthar le linn IP an imscrúdaithe bunaidh. Mar sin féin, ní coinníoll margaidh é acmhainneacht soláthair an Aontais chun na bearta a chur ar fionraí. |
|
(22) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh Ahlstrom-Munksjö, Carbochem, Cepi, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem, gur dhiúltaigh an Coimisiún a chur san áireamh mar dhála athraithe nach raibh tionscal an Aontais in ann éileamh an Aontais a sholáthar, fiú gur ghlac an Coimisiún go sainráite gur iarmhairt dhíreach ar ghanntanas VAM é neamhábaltacht thionscal an Aontais soláthar a dhéanamh. |
|
(23) |
Mar a mhínítear in aithris (21), ní raibh tionscal an Aontais in ann éileamh iomlán an Aontais a sholáthar fiú roimh an nganntanas VAM agus níor laghdaigh sé go mór a leibhéil táirgeachta le linn IP na fionraí, mar a mhínítear in aithrisí (36) agus (37). A mhalairt ar fad, léirítear go soiléir i dtábla 2 gur laghdú suntasach ar allmhairí ba chúis leis an laghdú ar an soláthar ar mhargadh an Aontais, rud nach raibh mar thoradh ar easpa táirgeachta ó thionscal an Aontais. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, gur athrú é ar dhálaí an mhargaidh a thugann údar leis na bearta atá ann cheana a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
2.3. Staid thionscal an Aontais le linn IP na fionraí
|
(24) |
Bhí meastóireacht ar na príomhtháscairí eacnamaíocha a raibh tionchar acu ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais le linn IP na fionraí san áireamh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(25) |
Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Ahlstrom-Munksjö go ndearna an Coimisiún comparáid idir IP na fionraí agus an staid a bhí ann in 2016, agus ba cheart é a cur i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh. |
|
(26) |
Níor mhór diúltú don mhaíomh sin. Is léir go ndearna an Coimisiún comparáid idir an staid le linn IP na fionraí agus an staid le linn IP an imscrúdaithe bunaidh. Ina theannta sin, chuir sé roinnt táscairí i gcomparáid le staid thionscal an Aontais in 2016, roimh an méadú ar allmhairí dumpáilte díobhálacha ón tSín. |
2.3.1. Tomhaltas an Aontais
|
(27) |
Bhí tomhaltas ar an saormhargadh 52 % níos ísle le linn le linn IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh. Is féidir an laghdú sin a chur i leith laghdú na n-allmhairí ós rud é, mar a mhínítear i roinn 2.3.4, gur fhan díolacháin thionscal an Aontais cobhsaí. Ní raibh tionchar ag na forbairtí sin ar thomhaltas le haghaidh úsáid faoi chuing agus bhí sé cobhsaí i gcónaí. |
2.3.2. Allmhairí ón tír lena mbaineann agus ó thríú tíortha
Tábla 2
Allmhairí ón tSín agus ó thríú tíortha
|
|
An tréimhse imscrúdúcháin (IP) |
R3 2020 |
R4 2020 |
R1 2021 |
R2 2021 |
H2 2020 |
H1 2021 |
IP na fionraí |
|
Allmhairí ón tSín (tonaí) |
53 930 |
6 668 |
650 |
6 250 |
6 994 |
7 318 |
13 244 |
20 562 |
|
Innéacs IP an imscrúdaithe bunaidh = 100 (4) |
100 |
49 |
5 |
46 |
52 |
27 |
49 |
38 |
|
Allmhairí ó thríú tíortha eile (tonaí) |
60 623 |
2 186 |
1 217 |
6 292 |
3 956 |
3 403 |
10 248 |
13 651 |
|
Innéacs IP = 100 |
100 |
14 |
8 |
42 |
26 |
11 |
34 |
23 |
|
Foinse: Bunachar sonraí Comext |
||||||||
|
(28) |
Tháinig laghdú suntasach ar allmhairí ó na príomhthíortha onnmhairiúcháin, eadhon an tSín, an Téaváin, an tSeapáin agus SAM, le linn IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh. Ó thaobh na méideanna de, ba é an laghdú ar allmhairí ó SAM an laghdú ba shuntasaí. |
|
(29) |
San anailís a rinneadh ar an staid, léiríodh gur meascán de thosca ba chúis leis an laghdú mór sin ar allmhairí. Ar an leibhéal domhanda, tháinig laghdú ar allmhairí i gcomhthráth leis na fadhbanna domhanda maidir leis an slabhra soláthair a bhain le paindéim COVID-19. I gcás na Síne, áfach, tharla laghdú in allmhairí i gcomhthráth le forchur na mbeart ar allmhairí PVA ón tSín, toisc gur lean méid iomlán na n-onnmhairí ón tSín chuig na cinn scríbe eile de bheith cobhsaí, mar a mhínítear i roinn 2.2. Maidir leis na Stáit Aontaithe, ba mheasa fós an laghdú ar allmhairí i ngeall ar an nganntanas VAM de bharr na stoirmeacha geimhridh. |
|
(30) |
Mar thoradh ar na tosca sin ar fad, bhí táirgeacht teoranta PVA ar fáil lena n-onnmhairiú, agus tháinig laghdú mór sa dara leath de 2020. D’imir stoirmeacha an gheimhridh i Stáit Aontaithe Mheiriceá tionchar arís ar an téarnamh tosaigh a tharla sa chéad leath de 2021. Mar sin féin, ós rud é go raibh an damáiste a rinneadh le linn na stoirme geimhridh i SAM in 2021 an-teoranta, tá deireadh leis an ganntanas VAM cheana féin nach mór. De réir na faisnéise a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil, tá táirgeacht VAM sna Stáit Aontaithe, ag téarnamh tar éis na stoirme geimhridh ón gcéad leath de 2022 i leith. |
|
(31) |
In ainneoin an laghdú suntasach (faoi 62 %), bhí cainníochtaí suntasacha d’allmhairí ón tSín fós ann tar éis an IP. Thairis sin, ní raibh meánphraghsanna allmhairiúcháin ón tSín ach 2 % níos airde i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh. Tá siad fós 4 % níos ísle, ar an meán, ná praghas neamhdhíobhálacha Thionscal an Aontais (5), mar a suíodh san imscrúdú bunaidh. Ina theannta sin, tá meánphraghsanna allmhairiúcháin na Síne gan na dleachtanna frithdhumpála 38 % níos ísle ar an meán ná an praghas neamhdhíobhálach. Tábla 3 praghsanna allmhairiúcháin na Síne
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(32) |
Tar éis an nochta, d’áitigh Ahlstrom-Munksjö gur cuireadh staid iomlán nach mór le hallmhairí ón tSín tar éis fhorchur na mbeart, agus níor cuireadh iallach ar úsáideoirí PVA san Aontas an táirge de thionscnamh na Síne a cheannach arís go dtí go raibh ganntanas PVA ann mar gheall ar fhadhbanna le soláthar VAM. Dá bhrí sin, dar leis, ní fhéadfadh tionscal an Aontais a bheith i staid fhorbhásach mar thoradh ar allmhairí PVA ón tSín. |
|
(33) |
Ar an gcéad dul síos, shoiléirigh an Coimisiún nach toisc ábhartha é, sa nós imeachta reatha, a shuí an bhfuil cúisíocht idir an staid dhíobhálach a aimsíodh agus na hallmhairí atá i gceist. Mura bhfuil sé d’acmhainn ag tionscal an Aontais aghaidh a thabhairt ar allmhairí ar phraghas íseal, ní dócha go gcuirfí na bearta reatha ar fionraí ós rud é nach bhféadfadh fionraí den sórt sin ach staid thionscal an Aontais a dhéanamh níos measa. Dá réir sin, níorbh é conclúid an Choimisiúin go bhfuil tionscal an Aontais i staid forbhásach mar gheall ar na hallmhairí reatha ón tSín. |
|
(34) |
Ar an dara dul síos, bhíothas ag súil leis an laghdú ar allmhairí ón tSín mar thoradh ar na dleachtanna frithdhumpála. Mar sin féin, tá acmhainneacht táirgeachta na Síne fós ar fáil agus tá éileamh fós ar allmhairí Síneacha san Aontas. Tá méideanna suntasacha fós á gceannach ag úsáideoirí PVA de chuid an Aontais ón tSín, mar a léirítear in aithris (31), ach ar phraghsanna cothroma. Ina theannta sin, in ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála, tá brabús fós le déanamh ag úsáideoirí, mar a mhínítear in aithris (66). Tugtar le tuiscint leis sin go bhfuil an éifeacht a bhí beartaithe ag na dleachtanna frithdhumpála á baint amach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
2.3.3. Táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta
|
(35) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn IP na fionraí: Tábla 4 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(36) |
Tháinig laghdú 5 % ar tháirgeacht thionscal an Aontais ar an iomlán in IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh, cé nár athraigh an acmhainneacht. Mar sin féin, léiríonn anailís ráithiúil pictiúr níos caolchúiseach. |
|
(37) |
Bhí méid táirgeachta thionscal an Aontais ag laghdú fós sa chéad ráithe de IP na fionraí mar tharla sé i gcomhthráth leis an ráithe dheireanach sular forchuireadh na bearta, agus dá bhrí sin bhí brú na n-allmhairí dumpáilte ón tSín fós ar thionscal an Aontais. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 i leith, tar éis na dleachtanna frithdhumpála a fhorchur, tháinig méadú arís ar na méideanna táirgeachta, sa dara leath de IP na fionraí, leibhéal a bhí 8 % níos airde ná an méid le linn IP an imscrúdaithe bunaidh. |
2.3.4. Méid na ndíolachán
|
(38) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais le linn IP na fionraí. Tábla 5 Méid na ndíolachán agus praghsanna díola
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(39) |
D’fhan méid na ndíolachán san Aontas measartha cobhsaí ar leibhéal IP an imscrúdaithe bunaidh. Is amhlaidh atá freisin i gcás na bpraghsanna díola. Bhí meánphraghas PVA thionscal an Aontais le linn IP na fionraí 1 % níos airde ná mar a bhí sé in IP an imscrúdaithe bunaidh. Mar sin féin, mar a luaitear i gcás an méid táirgeachta, thosaigh treocht i bhfad níos ísle de bheith ann maidir le cainníochtaí agus praghsanna araon sa chéad leath de IP na fionraí. Ach ansin, nuair a tháinig na dleachtanna frithdhumpála i bheidh, thosaigh an dá rud ag méadú agus sa ráithe dheireanach, shroich siad leibhéal a bhí 18 % agus 5 % níos airde faoi seach ná mar a bhí in IP an imscrúdaithe bunaidh. |
|
(40) |
Tháinig laghdú ar chostas táirgthe PVA le linn an chéad dá ráithe de IP na fionraí, agus iad ag leanúint na treochta domhanda VAM a bhí ag dul síos. Mar sin féin, ón tríú ráithe i leith, a tharla i gcomhthráth leis na fadhbanna soláthair VAM in SAM atá luaite i roinn 2.3.2, tháinig méadú 14 % arís ar an gcostas táirgthe i gcomparáid leis an dara ráithe de IP na fionraí, de réir na bpraghsanna VAM a bhí ag ardú. |
|
(41) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir Ahlstrom-Munksjö, Carbochem, Cepi, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem i gcoinne chonclúid an Coimisiúin maidir le praghsanna díola thionscal an Aontais. |
|
(42) |
D’áitigh Ahlstrom-Munksjö go bhfuil na praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín tar éis ardú níos mó ná praghsanna thionscal an Aontais agus, san am céanna, tá laghdú suntasach tagtha ar chostas táirgthe thionscal an Aontais in aghaidh an aonaid. Dar le Ahlstrom-Munksjö, bhí an laghdú sin ina chúis leis an méadú 18 % ar bhrabúsacht an Aontais. |
|
(43) |
Is léir go bhfuil an anailís sin mícheart. Ar an gcéad dul síos, níor mhéadaigh praghsanna allmhairiúcháin na Síne in IP na fionraí ach pointe céatadáin amháin níos mó ná praghsanna thionscal an Aontais, agus ina ainneoin sin, ghearr siad fós faoi phraghas neamhdhíobhálach thionscal an Aontais, fiú agus na dleachtanna frithdhumpála san áireamh. Ar an dara dul síos, léirigh an anailís a rinneadh de réir na ráithe ar costas aonaid an táirgthe gur tar éis laghdú tosaigh sa chéad dá ráithe de IP na fionraí, thosaigh sé ag méadú arís (de réir treocht aníos na bpraghsanna VAM). Sa ráithe dheiridh de IP na fionraí, bhí an costas táirgthe 21 % níos airde ná mar a bhí sa chéad ráithe agus, sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 7 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Lig sé sin do thionscal an Aontais filleadh ar bhrabúsacht ach deimhníonn sé freisin go raibh an treocht in airde sin an-nua (baineann sé leis an ráithe dheiridh amháin) agus nach raibh sé sách láidir chun an spriocbhrabús a bhaint amach, mar a mhínítear san aithris (49). |
|
(44) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(45) |
Mhaígh Carbochem, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem, gur bhunaigh an Coimisiún a mheastóireacht ar na sonraí a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil ina gcuid freagraí ar an gceistneoir ar thaobh amháin, ach nár chuir sé san áireamh an fhaisnéis a chuir na húsáideoirí comhoibríocha ar fáil maidir leis an bpraghas a chuireann tionscal an Aontais i bhfeidhm ar an taobh eile. |
|
(46) |
Meánphraghas díola thionscal an Aontais mar a shuigh an Coimisiún, ríomhtar é ar dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais le linn IP na fionraí. Níor sholáthair na húsáideoirí comhoibríocha faisnéis ar thairiscintí praghsanna ach amháin maidir le gráid shonracha PVA le haghaidh custaiméirí sonracha. Ní féidir a mheas go bhfuil na tairiscintí sin ionadaíoch don mhargadh iomlán agus, dá bhrí sin, ní féidir iad a úsáid mar thagarmharcanna le haghaidh mheánphraghas díola thionscal an Aontais ná le haghaidh an mheánphraghais allmhairiúcháin ón tSín. |
|
(47) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh seo. |
2.3.5. Brabúsacht
|
(48) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht tháirgeoirí a Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin na fionraí: Tábla 6 Brabúsacht
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(49) |
D’éirigh le tionscal an Aontais brabús a dhéanamh le linn thréimhse IP na fionraí. Cé gur léir gur feabhas é sin i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh, i gcás ina raibh caillteanas [-10 % go -15 %] ar láimhdeachas i dtionscal an Aontais, tá brabúsacht an Aontais fós i bhfad faoi bhun an spriocbhrabúis (6 %). Rinneadh an méadú ar phraghsanna díola a fhritháireamh go pointe áirithe mar gheall ar na costais táirgthe a bhí ag ardú i ngeall ar phraghas méadaithe na n-amhábhar agus coigeartú praghais moillithe, mar thoradh ar na comhaontuithe conarthacha le custaiméirí. |
|
(50) |
Tar éis an nochta, chuir Ahlstrom-Munksjö agus Cepi in aghaidh chonclúidí an Choimisiúin maidir le brabúsacht thionscal an Aontais. |
|
(51) |
D’áitigh Ahlstrom-Munksjö, in ainneoin na méideanna allmhairiúcháin suntasacha ón tSín a líomhnaítear, go raibh tionscal an Aontais in ann feabhas suntasach a chur ar a bhrabúsacht. |
|
(52) |
Níor chuir an Coimisiún i gcoinne gur mhéadaigh tionscal an Aontais a bhrabúsacht, mar thoradh ar na dleachtanna frithdhumpála. Mar a mhínítear in aithris (49), áfach, tá an brabús a ghnóthaigh tionscal an Aontais fós i bhfad níos ísle ná an spriocbhrabús a suíodh san imscrúdú bunaidh. |
2.3.6. Conclúid maidir le staid thionscal an Aontais
|
(53) |
Ní léir ón anailís ráithiúil ar IP na fionraí agus ar fhorbairtí ina dhiaidh sin go bhfuil feabhas buan tagtha ar staid thionscal an Aontais. Is fíor gur tháinig méadú 8 % ar an méid táirgeachta le linn an dara seimeastar de IP na fionraí agus gur mhéadaigh an méid díolachán 18 %, i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh. Mar sin féin, níor mhair sé sin i bhfad toisc gur thosaigh brabúsacht thionscal an Aontais ag laghdú arís ón gceathrú ráithe i leith. Is féidir é seo a mhíniú leis an méadú suntasach ar phraghas VAM agus an méadú mar thoradh air sin ar an gcostas táirgthe le haghaidh PVA, cé nár lean praghsanna PVA an méadú ar an gcostas táirgthe láithreach. Ó shonraí lasmuigh de IP na fionraí a bailíodh le linn an imscrúdaithe, tugtar faoi deara gur tháinig méadú 57 % ar phraghsanna VAM sa tréimhse ó Aibreán 2021 go Meán Fómhair 2021, agus gur tháinig méadú 28 % ar an gcostas táirgthe le haghaidh PVA, ach níor mhéadaigh praghsanna PVA ach 26 %. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS
|
(54) |
Le linn IP na fionraí, tháinig laghdú beag 1 % ar dhíolachán táirgeoirí an Aontais san Aontas le páirtithe neamhghaolmhara i gcomparáid le IP, agus tháinig méadú 1 % ar phraghsanna díola. Mar sin féin, nuair a chuirtear i gcomparáid iad le bliain tagartha na tréimhse faoi bhreathnú (is é sin 2016), bhí díolacháin san Aontas 28 % ní b’ísle go fóill. Tháinig laghdú 5 % ar úsáid acmhainneachta, cé nár athraigh an acmhainneacht. Mar sin féin, i gcomparáid le 2016, tháinig laghdú 20 % ar na méideanna táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta le linn IP na fionraí. |
|
(55) |
San am céanna, bhí cainníochtaí na n-allmhairí ón tSín fós suntasach le linn IP na fionraí. Thairis sin, in ainneoin na líomhna, níor tháinig athrú suntasach ar acmhainneacht táirgeachta tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ná ar a n-iompraíocht praghsála i gcomparáid le torthaí an imscrúdaithe bunaidh. |
|
(56) |
Mar a mhínítear i ranna 2.2 agus 2.3, d’fhan méid táirgeachta na Síne mar an gcéanna le linn IP na fionraí i gcomparáid le IP an imscrúdaithe bunaidh, agus tá praghsanna allmhairiúcháin Síneacha fós faoi bhun phraghsanna neamhdhíobhálacha thionscal an Aontais. |
|
(57) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún gur bhain tionscal an Aontais tairbhe as forchur na mbeart ar allmhairí PVA ón tSín, rud a chuir ar a chumas do thionscal an Aontais, go pointe áirithe, a phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais a mhéadú le linn IP na fionraí, mar atá léirithe ag treocht dhearfach táscairí áirithe amhail méid na díolachán, praghsanna díola agus brabúsacht. Mar sin féin, ní raibh na comharthaí téarnaimh sin láidir go leor agus tharla siad, go dtí seo, i dtréimhse ghearr ama amháin. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin iompraíocht phraghsála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha le linn IP na fionraí, chomh maith leis an bhféidearthacht go dtosófaí arís go tobann ar an méadú ar allmhairí PVA ón tSín ós rud é, mar a mhínítear i roinn 2.3, nach raibh aon tionchar ag an nganntanas líomhnaithe VAM ar acmhainneacht táirgeachta na Síne ná ar leibhéil onnmhairiúcháin. |
|
(58) |
Dá bhrí sin, ní féidir a chinneadh nach dócha go dtarlóidh díobháil arís in éagmais na beart, má chuirtear na bearta ar fionraí. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh an fhianaise gur tháinig athrú sealadach ar dhálaí an mhargaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr na bearta a chur ar fionraí. |
|
(59) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Ahlstrom-Munksjö go raibh laghdú 1 % ar méid na ndíolachán ag tionscal an Aontais le linn IP na fionraí i gcomparáid leis an IP bunaidh, ach gur tháinig méadú 18 % air sa chéad leath de 2021 i gcomparáid leis an IP bunaidh. Ina thuairim, bréagnaíonn sin conclúid an Choimisiúin gur dócha go dtarlóidh díobháil arís in éagmais na mbeart. |
|
(60) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 agus ag an nganntanas VAM ar an gcéad leath de IP na fionraí. Sa dara leath, bhí tionscal an Aontais, agus tairbhe á baint aige as na bearta, in ann a tháirgeacht a mhéadú chun éileamh an Aontais a chomhlíonadh. Cé gur comhartha soiléir téarnaimh é sin, léirigh an t-imscrúdú an méid seo a leanas: (i) tá acmhainneacht bhreise shuntasach fós ar fáil do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus go bhfuil siad ag onnmhairiú méideanna suntasacha isteach san Aontas cheana féin fiú agus na dleachtanna i bhfeidhm, (ii) tá a bpraghsanna fós ag gearradh faoi phraghsanna an Aontais fiú agus na dleachtanna frithdhumpála san áireamh, (iii) tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na Síne mar gheall ar a leibhéil praghsanna agus ar an éileamh suntasach, agus (iv) tá an méadú ar phraghsanna VAM ag cur isteach go diúltach ar chostas táirgthe thionscal an Aontais agus ar a bhrabúsacht. Agus na heilimintí sin go léir á gcur san áireamh, chinn an Coimisiún gur dhócha go ndéanfaí díobháil arís, fiú da mba rud é nárbh ann dí, mar thoradh ar an bhfionraí. |
|
(61) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(62) |
D’áitigh Cepi nach dtiontódh fionraí shealadach na dleachta thart an treocht dhearfach bhrabúsachta is léir atá ag tionscal an Aontais, agus i bhfianaise na méaduithe ar phraghsanna tar éis IP na fionraí freisin. Luaigh an chuideachta gur i gcás táirgí cothromrollta alúmanaim, nach raibh tionscal an Aontais tar éis an spriocleibhéal brabúsachta a bhaint amach go fóill ach, mar sin féin, lean an Coimisiún ar aghaidh leis an dleacht a chur ar fionraí go sealadach, agus é aitheanta aige nár dhócha go dtiontódh an fhionraí sin treochtaí dearfacha thionscal an Aontais thart (6). |
|
(63) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis an anailís sin. San imscrúdú ar tháirgí cothromrollta alúmanaim, tháinig feabhas suntasach ar staid thionscal an Aontais i ndiaidh an IP sa tslí nach raibh ann a thuilleadh don díobháil ábhartha chéanna a aimsíodh e linn na tréimhse iar-IP. Go deimhin, sa chás sin, sa chéad seimeastar de 2021, tháinig méadú níos mó ná 55 % ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais san Aontas le páirtithe neamhghaolmhara i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin agus bhí coinne leis go mbeadh méadú breise ann in 2022. I gcodarsnacht leis sin, san imeacht reatha níl tionscal PVA an Aontais ag streachailt de bharr laghdú ar chainníocht na ndíolachán ach de bharr laghdú suntasach ar phraghsanna mar gheall ar allmhairí dumpáilte ón tSín. Ní fhéadfadh aon mhéadú breise ar bhrabúsacht a bhaint amach ach amháin dá laghdódh an costas táirgthe (rud nach dócha i bhfianaise treocht aníos phraghsanna na n-amhábhar), nó dá bhfillfeadh na praghsanna díola ar leibhéil neamhdhíobhálacha. |
|
(64) |
Ina theannta sin, dá gcuirfí dleachtanna frithdhumpála ar fionraí, ligfí do PVA na Síneach dul isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte a ghearrfadh go mór faoi phraghsanna thionscal an Aontais, mar a mhínítear in aithris (31). Chuirfeadh an brú praghsanna sin brú anuas breise ar phraghsanna thionscal an Aontais agus dá bhrí sin bheadh tionchar diúltach láithreach aige ar a bhrabúsacht. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
4. CONCLÚID
|
(65) |
Is léir gur bhain tionscal PVA an Aontais atá ag díol ar an saormhargadh tairbhe as na bearta a forchuireadh ar allmhairí PVA ón tSín. Chuir sé ar a chumas do thionscal an Aontais téarnamh, i bpáirt ar a laghad, ón dumpáil dhíobhálach. Mar sin féin, tá staid thionscal an Aontais fós leochaileach agus, mar a mhínítear thuas, agus is dócha go ndéanfar díobháil arís gan na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, dá gcuirfí iad ar fionraí ar feadh tréimhse. |
|
(66) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin, in ainneoin na líomhaintí maidir leis an tionchar diúltach a imríodh ar úsáideoirí PVA, go léiríonn na sonraí a bailíodh le linn na hanailíse fionraí gur i gcás na naoi gcinn go léir d’úsáideoirí agus d’allmhaireoirí, cé is moite de cheann amháin, a chomhoibrigh agus a thug freagra ar an gceistneoir fionraí, lean siad de bheith brabúsach tar éis fhorchur na mbeart ar allmhairí PVA ón tSín. |
|
(67) |
Ina dtuairimí faoin nochtadh deiridh, chuir Ahlstrom-Munksjö, Carbochem, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem i gcoinne na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le tionchar na ndleachtanna frithdhumpála ar úsáideoirí PVA. |
|
(68) |
D’áitigh Carbochem, Far Polymers, Gamma Chimica agus Jeniuschem go dtagann na corrlaigh a thuill allmhaireoirí agus úsáideoirí PVA ó dhíol stoic PVA a ceannaíodh roimh theacht i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála. |
|
(69) |
Mar sin féin, ní thacaíonn an fhaisnéis a bailíodh san imscrúdú leis an gconclúid sin. Sa ráithe dheireanach sular forchuireadh na bearta, níor mhéadaigh cainníochtaí allmhairiúcháin ón tSín. A mhalairt ar fad, laghdaigh siad ag 51 % (féach tábla 2). Ina theannta sin, ina n-aighneacht féin, dheimhnigh na páirtithe go raibh siad in ann an méadú ar phraghsanna PVA a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, mar a suíodh cheana san imscrúdú bunaidh agus mar a deimhníodh san imeacht reatha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(70) |
D’áitigh Ahlstrom-Munksjö nach ndearna an Coimisiún anailís chuí ar leas an Aontais. |
|
(71) |
Níor mhór diúltú don mhaíomh sin. Ar thaobh amháin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais dá gcuirfí bearta ar fionraí. Ar an taobh eile, cinneadh san imscrúdú go bhfuil táirgeacht VAM (agus PVA) ag filleadh ar na gnáthleibhéil, go bhfuil táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne fós ag onnmhairiú ar phraghsanna iomaíocha, in ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála, agus go raibh úsáideoirí an Aontais a úsáideann PVA in ann an t-ardú praghais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí agus go raibh siad fós brabúsach. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis ann lena chinneadh go raibh sé chun leas an Aontais na dleachtanna frithdhumpála a chur ar fionraí. |
|
(72) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán maidir leis na bearta frithdhumpála a chur ar fionraí faoi láthair. Tá an cinneadh seo gan dochar do cheart an Choimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán amach anseo. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí Alcóil Polaivinile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna forchur le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún, ní chomhlíontar na coinníollacha chun an dleacht sin a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) OJ L 315, 29.9.2020, p. 1.
(3) Carbochem Srl, Cordial Adhesives B.V., EOC Belgium NV, FAR Polymers Srl„ Gamma Chimica SpA, Grünig KG, Jeniuschem SpA, Solutia Europe SPRL, Wacker Chemie AG, Wegochem Europe B.V..
(4) Chun comparáid fhóinteach a dhéanamh, déantar an t-innéacs ráithiúil a ríomh de réir ¼ den mhéid bliantúil sa tréimhse imscrúdúcháin, agus déantar na hinnéacsanna leathbhliana a ríomh de réir ½ den mhéid chéanna.
(5) Tar éis coigeartuithe i leith dleachtanna custaim, dleachtanna frithdhumpála agus costais iar-allmhairiúcháin.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1788 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 359, 11.10.2021, lch. 105).