5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 205/278


CINNEADH (AE) 2022/1368 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Lúnasa 2022

lena gcuirtear ar bun Grúpaí Idirphlé Shibhialta in ábhair arna gcumhdach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/767/AE

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 38 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil an tAontas le comhbheartas talmhaíochta (CBT) a shainiú agus a chur chun feidhme.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá na hinstitiúidí le hidirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choimeád ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

(3)

Le Cinneadh 2013/767/AE (1) ón gCoimisiún, foráiltear maidir le creat chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara neamhrialtasacha in ábhair a bhaineann leis an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe. Cuireann sé ar a chumas don Choimisiún saineolas speisialtóirí i gcomhlachtaí comhairleacha a iarraidh, eadhon na Grúpaí Idirphlé Shibhialta a rachaidh a sainordú reatha in éag an 31 Nollaig 2022.

(4)

Chun oiriúnú do chreat reachtach nua an chomhbheartais talmhaíochta (2) agus do na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin (“na rialacha cothrománacha”) a leagtar síos le Cinneadh C(2016)3301 ón gCoimisiún (3), agus chun leanúnachas an idirphlé shibhialta ar ábhair a bhaineann leis an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe a áirithiú ó 2023 ar aghaidh, is gá seacht ngrúpa saineolaithe théamacha a chur ar bun agus a gcúraimí agus a struchtúr a shainiú.

(5)

Ba cheart do na grúpaí sin cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus tacú le hidirphlé rialta maidir le gach ábhar a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena chur chun feidhme, agus leis na bearta a iarrtar ar an gCoimisiún a dhéanamh sa chomhthéacs sin go háirithe, lena n-áirítear gnéithe idirnáisiúnta na talmhaíochta. Is é ba cheart a thabhairt i gcrích malartú taithí agus dea-chleachtais, comhairle a thabhairt maidir le beartas, tuairim a thabhairt ar ábhair shonracha arna iarraidh sin ag Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (“DG AGRI”) nó ar a dtionscnamh féin agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí beartais. Táthar ag súil freisin go scaipfidh comhaltaí na ngrúpaí faisnéis, ar faisnéis í a fhaightear i gcomhthéacs chruinnithe na ngrúpaí, ar a dtoghlaigh faoi seach.

(6)

D’fhonn trédhearcacht an chórais idirphlé shibhialta a mhéadú, i bhfianaise mholtaí an Ombudsman Eorpaigh ina leith sin freisin, agus chun ionadaíocht chothrom ar leasanna éagsúla a áirithiú, lena gcumhdaítear an tsochaí shibhialta sa chiall is leithne, is iomchuí creat nua do Ghrúpaí Idirphlé Shibhialta a chur ar bun. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ionadaíocht leathan páirtithe leasmhara a bhfuil saineolas ábhartha acu, chun peirspictíochtaí agus tuairimí éagsúla a phlé.

(7)

Chun na féidearthachtaí agus an ionadaíocht chéanna a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile, agus i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus leis an gcleachtas caighdeánach thuasluaite, ba cheart ballraíocht aonair a thabhairt do gach eagraíocht páirtithe leasmhara gan idirdhealú a dhéanamh idir suíocháin idir eagraíochtaí. Mar sin féin, féadfar líon foriomlán na rannpháirtithe i ngach ceann de na cruinnithe a mhodhnú ar bhonn cás ar chás, i bhfianaise chlár oibre an Choimisiúin agus i bhfianaise an ghá atá le saineolas sonrach a shaothrú.

(8)

Chun próiseas comhairliúcháin atá rannpháirteach agus cuimsitheach a áirithiú, agus teagmháil á déanamh ag an am céanna le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara fós, ba cheart cúram cuí a thabhairt don chuspóir aeráide astaíochtaí foriomlána a laghdú lenar cheart don Choimisiún rannchuidiú. Leis sin tugtar le tuiscint gur cheart níos lú cruinnithe saineolaithe pearsanta a eagrú. Léirigh paindéim COVID-19 gur féidir cuspóirí frithpháirteacha an Choimisiúin agus na bpáirtithe leasmhara a bhaint amach freisin trí bhíthin cruinnithe fíorúla. Dá bhrí sin, ba cheart tús áite a thabhairt d’eagrú cruinnithe ar líne, d’ainneoin go dtugtar aitheantas don tábhacht a bhaineann le cruinnithe fisiciúla ó am go chéile.

(9)

Ba cheart rialacha maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí an ghrúpa a leagan síos.

(10)

Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(11)

Ba cheart Cinneadh 2013/767/AE a aisghairm ag an am céanna a thagann deireadh le sainordú reatha na nGrúpaí Idirphlé Sibhialta.

(12)

Chun athnuachan tréimhsiúil ar chreat an idirphlé shibhialta a áirithiú, is iomchuí dáta deiridh chur i bhfeidhm an Chinnidh seo a leagan síos,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar

Cuirtear ar bun na grúpaí saineolaithe seo a leanas, ar a dtugtar na Grúpaí Idirphlé Shibhialta (“na grúpaí”):

1.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT agus Ábhair Chothrománacha;

2.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Margaí Talmhaíochta;

3.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Táirgeadh Ainmhithe;

4.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Gnéithe Idirnáisiúnta den Talmhaíocht;

5.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Feirmeoireacht Orgánach;

6.

Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir le Cáilíocht agus Cur Chun Cinn;

7.

Grúpa Idirphlé Sibhialta maidir leis an gComhshaol agus leis an Athrú Aeráide.

Airteagal 2

Cúraimí

Comhlíonfaidh na grúpaí, i ndáil lena réimsí téamacha inniúlachta mar a liostaítear faoi Airteagal 1, na cúraimí seo a leanas:

(a)

idirphlé rialta a dhéanamh ar gach ábhar a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta, agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gnéithe idirnáisiúnta den talmhaíocht, agus na bearta a iarrtar ar an gCoimisiún a dhéanamh sa chomhthéacs sin go háirithe;

(b)

nuair is gá saineolas sonrach, comhairle a chur ar fáil don Choimisiún i ndáil lena réimsí téamacha inniúlachta mar a liostaítear faoi Airteagal 1, agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún tionscnaimh bheartais a ullmhú sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

malartú taithí agus dea-chleachtais a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear faisnéis a scaipeadh, sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

tuairim a thabhairt ar ábhair shonracha arna iarraidh sin ag AS AGRI agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos san iarraidh sin, nó ar a dtionscnamh féin;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí beartais sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 3

Comhaltas

1.   Beidh na grúpaí comhdhéanta d’eagraíochtaí páirtithe leasmhara, seachas eintitis phoiblí, arb eagraíochtaí iad a oibreoidh ar leibhéal an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.   Ainmneoidh eagraíochtaí is comhaltaí a n-ionadaí chun freastal ar chruinnithe na ngrúpaí de réir na n-ítimí atá ar an gclár oibre. D’fhéadfadh níos mó ná ionadaí amháin a bheith ina n-ionadaithe d’eagraíochtaí dá mba rud é go dtabharfadh an Cathaoirleach sin le fios. Beidh ceart vótála amháin ag gach eagraíocht, beag beann ar líon na n-ionadaithe.

3.   Beidh eagraíochtaí is comhaltaí freagrach as a áirithiú go gcuirfidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais ar fáil.

4.   Eagraíochtaí is comhaltaí nach bhfuil ar a gcumas rannchuidiú go héifeachtach a thuilleadh le pléití an ghrúpa saineolaithe, ar eagraíochtaí iad nach gcomhlíonann, i dtuairim AS AGRI, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó a d’éirigh as oifig, ní iarrfar orthu a thuilleadh a bheith rannpháirteach in aon chruinniú den ghrúpa agus féadfar iad a ionadú ar feadh a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige.

Airteagal 4

Próiseas roghnúcháin

1.   Déanfar na heagraíochtaí is comhaltaí a roghnú trí bhíthin glao poiblí ar iarratais a fhoilseofar ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (“an Clár de ghrúpaí saineolaithe”). Thairis sin, féadfar an glao ar iarratais a fhoilsiú ar mhodhanna eile, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin tiomanta. Sa ghlao ar iarratais, leagfar amach go soiléir na critéir roghnúcháin, lena n-áirítear an saineolas is gá agus na leasanna a ndéanfar ionadaíocht orthu i ndáil leis an obair atá le déanamh. Is é 4 seachtaine an sprioc-am is giorra le haghaidh iarratas.

2.   Is gá d’eagraíochtaí páirtithe leasmhara clárú sa Chlár Trédhearcachta chun go gceapfar mar chomhaltaí iad.

3.   Is é Ard-Stiúrthóir DG AGRI a cheapfaidh na heagraíochtaí páirtithe leasmhara i measc iarratasóirí a bhfuil inniúlacht agus leibhéal ard saineolais acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, agus an cumas comhairle a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 2 agus a d’fhreagair an glao poiblí ar iarratais.

4.   Ceapfar eagraíochtaí páirtithe leasmhara ar feadh téarma oifige 5 bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.

Airteagal 5

An cathaoirleach

Beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach ar na grúpaí.

Airteagal 6

Feidhmiú

1.   Gníomhóidh na grúpaí ar iarraidh ó AS AGRI, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha.

2.   Tionólfar cruinnithe na ngrúpaí, i bprionsabal, go fíorúil nó ar áitreabh an Choimisiúin, ag brath ar na himthosca.

3.   Cuirfidh DG AGRI seirbhísí rúnaíochta ar fáil. Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin ó ranna eile a bhfuil leas acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe na ngrúpaí agus a bhfoghrúpaí.

4.   I gcomhaontú le DG AGRI, féadfaidh gach grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go mbeidh a chuid pléití oscailte don phobal.

5.   Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha arna seachadadh ag gach grúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Dréachtóidh an rúnaíocht na miontuairiscí faoi fhreagracht an Chathaoirligh.

6.   A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh na grúpaí a dtuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go ndéanfaí na cúiseanna lena seasamh a dhoiciméadú i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha.

Airteagal 7

Foghrúpaí

1.   Féadfaidh AS AGRI fo-ghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna ar bhonn na dtéarmaí tagartha arna sainiú ag DG AGRI. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.

2.   Comhaltaí de na foghrúpaí nach comhaltaí den ghrúpa iad, roghnófar iad trí ghlao poiblí ar iarratais, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus leis na rialacha cothrománacha.

Airteagal 8

Saineolaithe iarrtha

Féadfaidh DG AGRI iarraidh ar shaineolaithe, a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre, páirt a ghlacadh in obair an ghrúpa nó a chuid fo-ghrúpaí ar bhonn ad-hoc.

Airteagal 9

Breathnóirí

1.   Féadfar stádas breathnóra a bhronnadh ar dhaoine aonair, ar eagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí páirtithe leasmhara, chomh maith le heintitis phoiblí nach iad údaráis na mBallstát, trí chuireadh díreach a chur orthu i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha.

2.   Ainmneoidh eagraíochtaí agus eintitis a cheaptar mar bhreathnóirí a n-ionadaithe.

3.   Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe a bheith rannpháirteach i bpléití an ghrúpa agus a fhoghrúpaí agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh aon cheart vótála acu, áfach, agus ní ghlacfaidh siad páirt i bhfoirmliú na moltaí ná ní chuirfidh siad comhairle ar na grúpaí ná ar a gcuid fo-ghrúpaí.

Airteagal 10

Rialacha nós imeachta

Maidir le togra ó DG AGRI agus i gcomhréir léi, glacfaidh an grúpa a chuid rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, ar bhonn rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe (5), agus i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Feidhmeoidh na fo-ghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.

Airteagal 11

An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil

Na comhaltaí den ghrúpa agus a n-ionadaithe agus na saineolaithe iarrtha, chomh maith le breathnóirí agus a n-ionadaithe, tá siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, a bhfuil feidhm aici, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus a bhfoirne, agus, chomh maith leis sin, tá siad faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún. Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 12

Trédhearcacht

1.   Clárófar na grúpaí agus a bhfoghrúpaí ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe.

2.   A mhéid a bhaineann le comhdhéanamh na ngrúpaí agus na bhfo-ghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de ghrúpaí saineolaithe:

(a)

ainm eagraíochtaí páirtithe leasmhara; nochtfar an leas a bhfuiltear ag déanamh ionadaíochta air;

(b)

ainm na mbreathnóirí.

3.   Cuirfear gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe ar fáil ar an gClár de ghrúpaí saineolaithe nó trí nasc ón gClár chuig suíomh gréasáin, inar féidir an fhaisnéis sin a fháil. Ní bheidh rochtain ar shuíomhanna gréasáin tiomanta coinníollach ar chlárú úsáideoirí ná ar aon srian eile. Go sonrach, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh sin. Ní fhéadfar eisceachtaí ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

Airteagal 13

Caiteachas a chomhlíonadh

1.   Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na ngrúpaí agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

2.   Aisíocfaidh an Coimisiún na costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na ngrúpaí agus na bhfoghrúpaí, seachas nuair a dhéanfar freastal fíorúil ar na gníomhaíochtaí. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorannacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.

Airteagal 14

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2013/767/AE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 15

Infheidhmeacht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2027.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh 2013/767/AE ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 lena gcuirtear ar bun creat d’idirphlé sibhialta in ábhair arna gcumhdach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/391/CE (IO L 338, 17.12.2013, lch. 115).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá á maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435 an 6.12.2021, lch. 1);

Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187);

Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)  Cinneadh C(2016) 3301 final ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú.

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh C(2016) 3301

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 4). Is é is cuspóir leis na heisceachtaí sin slándáil an phobail, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartais airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíocha, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí a chosaint.