1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/48


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1337 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2022

lena leagtar amach an teimpléad chun faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tíortha faoi phróiseáil sonraí pearsanta sa Chóras Dul Isteach/Imeachta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tíortha a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar an EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur chun feidhme agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 50(4) agus (5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/2226, bunaíodh an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) mar chóras a chláraíonn go leictreonach am agus áit dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tíortha a ligtear isteach i gcríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta agus a ríomhann fad a bhfanachta údaraithe.

(2)

De bhun Airteagal 50(1) de Rialachán(AE) 2017/2226, tá náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil a gcuid sonraí le taifeadadh in EES le cur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí maidir le próiseáil a gcuid sonraí. De bhun Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226 tá an fhaisnéis sin le soláthar i bhfoirm teimpléid.

(3)

I gcás inar gá sin chun a ndlíthe náisiúnta a chomhlíonadh, tá ar na Ballstáit an teimpléad a chomhlánú leis an bhfaisnéis náisiúnta ábhartha. D’fhonn feasacht agus soiléireacht a sholáthar do náisiúnaigh tríú tíortha, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, faisnéis a chur leis a bhaineann leis na hiarmhairtí a bhaineann le bheith i do rófhantóir, cearta an duine is ábhar sonraí, an fhéidearthacht a bhaineann le cúnamh a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta, sonraí teagmhála na n-údarás ábhartha um chosaint sonraí agus gearáin a thaisceadh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226 a bhunú.

(5)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2017/2226 le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra an 30 Bealtaine 2018 maidir lena cinneadh Rialachán (AE) 2017/2226 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin tá an Danmhairg faoi cheangal ag an gCinneadh seo.

(6)

Maidir le hÉirinn, is forbairt é an Cinneadh seo ar acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas na Stát sin le acquis (3) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE (4) ón gComhairle.

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE (6) ón gComhairle.

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (7), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(10)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, cuireadh an fíorú i gcríoch go rathúil, i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme maidir le meastóireacht Schengen, arna dheimhniú le conclúidí ón gComhairle an 9 agus 10 Meitheamh 2011, cuireadh forálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bhfeidhm le Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle (9), agus cuireadh forálacha acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bhfeidhm le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle (10), agus ó tharla sin amhlaidh, cinntear na coinníollacha uile le haghaidh oibríocht an Chórais Dul Isteach/Imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(2)(b) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit sin an Córas Dul Isteach/Imeachta a úsáid ó thús na n-oibríochtaí.

(11)

Maidir leis an gCipir agus leis an gCróit, éilítear le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta go dtabharfaí rochtain éighníomhach ar an gCóras Faisnéise Víosaí agus go gcuirfí forálacha uile acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bhfeidhm i gcomhréir leis na Cinntí ábhartha ón gComhairle. Ní féidir na coinníollacha sin a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar an fíorú go rathúil i gcomhréir leis an nós imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme. Is iad na Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha sin ag tús oibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta, agus iad sin amháin, ar cheart dóibh an Córas Dul Isteach/Imeachta a oibriú. Ba cheart na Ballstáit nach bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta á oibriú acu ó thús na n-oibríochtaí, a nascadh leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha sin uile.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 11 Márta 2022.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste, a bunaíodh le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2017/2226.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 50(4) agus an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.

(2)  Tagann an Cinneadh seo lasmuigh de raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh (AE) 2011/350 ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(9)  Cinneadh 2018/934/AE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir leis na forálacha eile de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus na Rómáine a chur i bhfeidhm (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

(10)  Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus na Rómáine a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán(CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Teimpléad chun faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tíortha faoi phróiseáil sonraí pearsanta sa Chóras Dul Isteach/Imeachta

Tá taifid sonraí pearsanta sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (1) ar náisiúnaigh tríú tíortha a thagann go críoch na mBallstát (2) ar feadh gearrfhanachta (90 lá ar a mhéad in aon tréimhse 180 lá). Tháinig an córas i bhfeidhm ar [dáta]. Ón dáta sin i leith, tá faisnéis faoi do chuid iontrálacha isteach agus amach as críoch na mBallstát, agus, más infheidhme, faisnéis maidir le cibé ar diúltaíodh cead isteach duit, cláraithe sa Chóras Dul Isteach/Imeachta.

Chuige sin, bailítear agus próiseáiltear do shonraí thar ceann [Údarás an Bhallstáit atá freagrach as an bpróiseáil] (rialaitheoir(í)). Féach thíos na sonraí teagmhála. Próiseáiltear do shonraí pearsanta chun críoch bainistithe teorann, chun inimirce neamhrialta a chosc agus chun bainistiú sreabha imirce a éascú. Ceanglaítear é seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2226 (3), go háirithe Airteagail 14, 16 go 19 agus 23 de Chaibidil II agus Caibidil III den Rialachán

Cad iad na sonraí a bhailítear, a thaifeadtar agus a phróiseáiltear?

Le linn seiceálacha ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, tá sé éigeantach do shonraí pearsanta a bhailiú chun coinníollacha iontrála a scrúdú. Bailítear agus taifeadtar na sonraí pearsanta seo a leanas:

(1)

sonraí atá liostaithe i do dhoiciméad taistil; agus

(2)

sonraí bithmhéadracha: ó d’íomhá aghaidhe agus do mhéarloirg (4).

Bailítear sonraí fút ó fhoinsí eile freisin, ag brath ar do chás:

(1)

An Córas Faisnéise Víosaí; sonraí atá i do chomhad pearsanta; agus

(2)

an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus um Údarú Taistil, go háirithe stádas d’údaraithe taistil agus do stádas mar bhall teaghlaigh, más infheidhme.

Cad a tharlóidh mura gcuireann tú na sonraí bithmhéadracha a iarrtar ar fáil?

Mura gcuireann tú na sonraí bithmhéadracha a iarrtar ar fáil le haghaidh clárúcháin, fíoraithe nó aitheantais sa Chóras Dul Isteach/Imeachta, diúltófar cead isteach duit ag na teorainneacha seachtracha.

Cé atá in ann rochtain a fháil ar do shonraí?

Is féidir leis na Ballstáit rochtain a fháil ar do shonraí chun críoch bainistithe teorann, trasnú teorann a éascú, inimirce agus chun fhorghníomhú an dlí. Féadfaidh Europol rochtain a fháil ar do shonraí freisin chun críocha fhorghníomhú an dlí. Faoi choinníollacha dochta, féadfar do shonraí a aistriú chuig Ballstát, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2017/2226 (5) chun críocha (6) an fhillte nó fhorghníomhú an dlí (7).

Stórálfar do shonraí sa Chóras Dul Isteach/Imeachta ar feadh na tréimhse seo a leanas, agus scriosfar go huathoibríoch iad ina dhiaidh sin  (8):

(1)

déantar taifid ar gach dul isteach, imeacht nó cead isteach a diúltaíodh a stóráil ar feadh 3 bliana ag tosú ar dháta an taifid ar an dul isteach, imeacht nó cead isteach a diúltaíodh; (9)

(2)

déantar an comhad aonair ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta a stóráil ar feadh 3 bliana agus lá amháin ag tosú ó dháta an taifid scoir dheireanaigh nó ón taifead ar dhiúltú cead isteach i gcás nach bhfuil aon iontráil taifeadta le linn na tréimhse sin;

(3)

mura bhfuil aon taifead imeachta ann, stóráiltear do chuid sonraí ar feadh 5 bliana ag tosú ar dháta éagtha d’fhanachta údaraithe.

Fanacht údaraithe fágtha agus rófhanacht

Tá sé de cheart agat faisnéis a fháil ón ngarda teorann maidir leis an uastréimhse atá fágtha de d’fhanacht údaraithe ar chríoch na mBallstát. Is féidir leat féachaint ar an suíomh Gréasáin seo a leanas freisin [nasc chuig suíomh greásáin poiblí EES]nó, nuair atá sé ar fáil, an trealamh atá suiteáilte ag teorainneacha chun an fanacht údaraithe atá fágtha agat a fhíorú tú féin.

Má fhanann tú níos faide ná an tréimhse fanachta údaraithe, cuirfear do shonraí go huathoibríoch le liosta daoine aitheanta (liosta de rófhantóirí). Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta rochtain a fháil ar an liosta. Má tá tú ar an liosta sin de rófhantóirí [iarmhairtí ó bheith i do rófhantóir le cur leis ag na Ballstáit]. (10) Mar sin féin, más féidir leat fianaise inchreidte a sholáthar do na húdaráis inniúla gur sháraigh tú achar údaraithe do chuairte mar gheall ar theagmhais thromchúiseacha nárbh fhéidir a thuar, is féidir do shonraí pearsanta a cheartú nó a chomhlánú sa Córas Dul Isteach/Imeachta agus is féidir tú a bhaint de liosta na rófhantóirí.

Do chearta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta

Tá na cearta seo a leanas agat:

(1)

rochtain ar shonraí a bhaineann leat a iarraidh ar an rialaitheoir;

(2)

a iarraidh go gceartófar nó go gcomhlánófar sonraí míchruinne nó neamhiomlána a bhaineann leat; agus

(3)

a iarraidh go scriosfar sonraí pearsanta a bhaineann leat agus a próiseáladh go neamhdhleathach, sin nó go gcuirfear srian lena bpróiseáil.

Más mian leat aon cheann de na cearta sin a liostaítear i bpointí (1) go (3) a fheidhmiú, ní mór duit dul i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí nó leis an oifigeach cosanta sonraí a shonraítear thíos.

Sonraí teagmhála

Rialaitheoir(í) sonraí: [seoladh agus sonraí teagmhála le líonadh ag na Ballstáit – rialaitheoir sonraí].

Oifigeach(oifigigh) cosanta sonraí: [seoladh agus sonraí teagmhála le líonadh ag na Ballstáit].

I gcomhréir le roinnt na gcúraimí idir údaráis na mBallstát agus na gníomhaireachtaí Eorpacha lena mbaineann, is féidir leat gearán a dhéanamh le:

Údarás maoirseachta [an Ballstát] atá i gceannas ar do shonraí a phróiseáil (e.g. má líomhnaíonn tú gur thaifead siad do shonraí go mícheart):

[Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an mBallstát le sonrú – seoladh agus sonraí teagmhála]

An Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le ceisteanna próiseála sonraí ag Gníomhaireachtaí Eorpacha:

[sonraí teagmhála le sonrú – seoladh agus sonraí teagmhála]

[Tuilleadh faisnéise ó na Ballstáit faoi chearta na ndaoine is ábhar sonraí nó faoin bhféidearthacht cúnamh a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta]. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach, le do thoil, ar shuíomh gréasáin poiblí an Chórais Dul Isteach/Imeachta [cuir nasc/ainm leis].


(1)  Rialachán (AE) 2017/2226 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht a chlárú agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach do náisiúnaigh tríú tír agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.

(2)  An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Eilvéis.

(3)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 maidir le Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a bhunú chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht a chlárú agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach do náisiúnaigh tríú tíortha agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327 9.12.2017, lch. 20).

(4)  Tabhair faoi deara le do thoil go stórálfar sonraí méarloirg náisiúnach tríú tíortha nach bhfuil víosa de dhíth orthu chun dul isteach i limistéar Schengen agus sealbhóirí Doiciméad Idirthurais Éascaithe sa Chóras Dul Isteach/Imeachta. Má theastaíonn víosa uait chun dul isteach i limistéar Schengen, stórálfar do mhéarloirg sa Chóras Faisnéise Víosaí mar chuid de do chomhad ansin agus ní stórálfar arís iad sa Chóras Dul Isteach/Imeachta.

(5)  Eagraíocht na NA, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII) nó Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

(6)  Airteagal 41 (1) agus (2) agus Airteagal 42.

(7)  Airteagal 41 (6).

(8)  Má tá tú faoi réir ceanglas víosa, ní stórálfar do mhéarloirg sa Chóras Dul Isteach/Imeachta mar go bhfuil siad stóráilte cheana féin sa Chóras Faisnéise Víosaí.

(9)  I gcás náisiúnaigh tríú tíortha ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh shoghluaiste den Aontas, de LEE nó den Eilvéis (i.e. saoránaigh den Aontas, de LEE nó den Eilvéis a thaistealaíonn chuig Stát seachas an Stát ina bhfuil náisiúntacht acu, sin nó a bhfuil cónaí orthu cheana féin sa Stát sin), agus atá ag tionlacan nó ag dul chun bheith in éineacht leis an saoránach den Aontas, de LEE nó den Eilvéis, stórálfar gach taifead ar dhul isteach, ar imeacht nó ar chead isteach a diúltaíodh ar feadh bliana tar éis dháta an taifid ar imeacht nó an taifid ar dhiúltú cead isteach.

(10)  Ní bhaineann ríomh fhad an fhanachta údaraithe agus giniúint foláireamh do Bhallstáit nuair a bheidh an tréimhse fanachta údaraithe imithe in éag le náisiúnaigh tríú tíortha ar daoine de theaghlaigh shaoránaigh shoghluaiste AE, an LEE nó na hEilvéise iad (i.e. de shaoránaigh de chuid AE de chuid an LEE nó na hEilvéise a thaistealaíonn chuig Stát seachas an Stát ina bhfuil náisiúntacht acu nó a chónaíonn ann cheana) agus atá ag tionlacan an tsaoránaigh de chuid AE, an LEE nó na hEilvéise nó ag dul in éineacht leis an saoránach sin.