1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 201/29 |
CINNEADH (CBES) 2022/1335 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Iúil 2022
lena leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe ar bagairt iad ar shíocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/285/CBES (1). |
(2) |
Measann an Chomhairle gur cheart teideal Chinneadh 2012/285/CBES a leasú. |
(3) |
Measann an Chomhairle gur cheart seachtar a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES agus gur cheart naonúr a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/285/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES”; |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinní II agus III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe ar bagairt iad ar shíocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine-Bissau agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES (IO L 142, 1.6.2012, lch. 36).
IARSCRÍBHINN
(1)
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(b)), scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:
“1. |
An Ginearál Augusto MÁRIO CÓ |
2. |
An Ginearál Saya Braia Na NHAPKA |
3. |
An Coirnéal Tomás DJASSI |
5. |
An Coirnéal Celestino de CARVALHO |
10. |
An Maor Samuel FERNANDES |
13. |
Ceannasaí (Cabhlach) Agostinho Sousa CORDEIRO |
15. |
Leifteanant Lassana CAMARÁ”. |
(2)
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES (Liosta na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 2), scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:
“6. |
An Ginearál Augusto MÁRIO CÓ |
7. |
An Ginearál Saya Braia Na NHAPKA |
8. |
An Coirnéal Tomás DJASSI |
9. |
Cranha DANFÁ |
10. |
An Coirnéal Celestino de CARVALHO |
14. |
Tcham NA MAN (dá ngairtear freisin Namam) |
15. |
An Maor Samuel FERNANDES |
18. |
Ceannasaí (Cabhlach) Agostinho Sousa CORDEIRO |
20. |
Leifteanant Lassana CAMARÁ”. |