1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/27


CINNEADH (CBES) 2022/1334 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Aibreán 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/610 (1), lenar bunaíodh Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) le sainordú go dtí an 19 Meán Fómhair 2018, 24 mhí tar éis do EUTM RCA cumas oibriúcháin iomlán a bhaint amach.

(2)

An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1133 (2) lenar cuireadh síneadh le sainordú EUTM RCA go dtí an 19 Meán Fómhair 2022.

(3)

An 12 Aibreán 2022, ar bhonn an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaíoch ar EUTM RCA agus ar Mhisean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Comhairle Shibhialta i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA), mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú EUTM RCA go dtí an 20 Meán Fómhair 2023. An 11 Bealtaine 2022, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart sainordú EUTM RCA a choigeartú don staid i bPoblacht na hAfraice Láir.

(4)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/610 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Agus é ag oibriú i dtreo na sprice Fórsaí Armtha Phoblacht na hAfraice Láir (FACA) nuachóirithe, éifeachtacha agus cuntasacha a bhaint amach, cuirfidh EUTM RCA an méid seo a leanas ar fáil:

(a)

comhairle straitéiseach d’Aireacht Cosanta Phoblacht na hAfraice Láir agus d’Fhoireann Ghinearálta FACA mar thaca le fórsaí slándála cumasacha a chruthú faoi rialú daonlathach, a urramóidh cearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna inscne, cosaint sibhialtach, an clár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) agus an clár oibre maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha (CAAC), mar aon le comhairle d’ionaid oiliúna d’oifigigh choimisiúnaithe agus d’oifigigh neamhchoimisiúnaithe FACA chun córas oideachais um cheannaireacht chumasach a chruthú;

(b)

oideachas do FACA i réimsí neamhoibríochtúla, lena n-áirítear cearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta, saincheisteanna inscne, cosaint sibhialtach an clár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) agus an clár oibre maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha (CAAC);

(c)

oiliúint do FACA, má chinneann an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcomhlíontar na coinníollacha;

(d)

tacaíocht do na hiarrachtaí cumarsáide straitéisí chun luachanna an Aontais a chothú, gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn agus sáruithe ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag fórsaí eachtracha i bPoblacht na hAfraice Láir a nochtadh.”

(2)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   EUR 7 813 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUTM RCA ar feadh na tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2022 go dtí an 20 Meán Fómhair 2023. Is é 15 % i ngealltanais agus 0 % i gcomhair íocaíochtaí a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (*1).

(*1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).”;"

(3)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tiocfaidh deireadh le EUTM RCA an 20 Meán Fómhair 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lch. 21).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1133 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 247, 31.7.2020, lch. 22).