27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/17 |
CINNEADH (CBES) 2022/1313 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Iúil 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí leanúnacha na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):
“1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).