|
26.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/117 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1307 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Iúil 2022
lena mbunaítear liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais i réimse an bheartais uisce de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5098)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (1), agus go háirithe Airteagal 8b(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar foráil le hAirteagal 8b(1) de Threoir 2008/105/CE maidir le liosta faire de shubstaintí a bhunú a bhfuil sonraí faireacháin le bailiú ina leith ar fud an Aontais chun tacú le cleachtaí tosaíochta amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Tásc maidir leis na maitrísí faireacháin agus modhanna féideartha anailíse nach mbaineann costais iomarcacha leo i leith gach substainte, sin rud a bhí le cuimsiú sa chéad liosta faire den chineál sin. |
|
(2) |
Tá na substaintí sa liosta faire le roghnú as measc na substaintí a léirítear san fhaisnéis atá ar fáil ina leith go bhféadfadh sé go bhfuil riosca mór ag baint leo, ar leibhéal an Aontais, don timpeallacht uisceach nó mar gheall uirthi, ach nach leor na sonraí faireacháin atá ann ina leith chun teacht ar chonclúid maidir leis an riosca iarbhír atá ag baint leo. Ba cheart substaintí an-tocsaineach a mheas lena gcuimsiú sa liosta faire, ar substaintí iad a úsáidtear in a lán Ballstát agus a scaoiltear sa timpeallacht uisceach ach nach ndéantar faireachán orthu nó a dhéantar faireachán orthu go hannamh. Ba cheart an fhaisnéis arna miondealú in Airteagal 8b(1), pointí (a) go (e), de Threoir 2008/105/CE, a chur san áireamh sa phróiseas roghnúcháin sin, agus aird ar leith á tabhairt do thruailleáin atá ag teacht chun cinn. |
|
(3) |
Le faireachán a dhéanamh ar na substaintí atá sa liosta faire, ba cheart sonraí ardcháilíochta a ghiniúint maidir lena dtiúchan sa timpeallacht uisceach, ar sonraí iad a bheidh oiriúnach chun tacú leis na measúnuithe riosca lena gcuirtear bonn taca faoi shainaithint substaintí tosaíochta, i gcleachtadh athbhreithnithe ar leithligh de réir Airteagal 16(4) de Threoir 2000/60/CE. San athbhreithniú sin, ba cheart substaintí a lena mbaineann riosca mór a mheas lena gcuimsiú sa liosta substaintí tosaíochta. Leagfaí síos caighdeán cáilíochta comhshaoil ansin freisin agus bheadh ar na Ballstáit an caighdeán sin a chomhlíonadh. Dá molfaí substaint le cuimsiú ar an liosta substaintí tosaíochta, bheadh an moladh sin faoi réir measúnú tionchair. |
|
(4) |
Leagadh amach an chéad liosta faire de shubstaintí i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/495 ón gCoimisiún (3) agus bhí 10 substaint nó 10 ngrúpa substaintí ann, mar aon le tásc maidir leis an maitrís faireacháin, modhanna anailíse féideartha nach mbaineann costais iomarcacha leo, agus uasteorainneacha braite modha inghlactha. |
|
(5) |
De réir Airteagal 8b(2) de Threoir 2008/105/CE, tá an Coimisiún leis an liosta faire a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain. Agus an liosta á thabhairt cothrom le dáta, tá an Coimisiún le haon substaint a bhaint más substaint í ar féidir measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE a thabhairt i gcrích ina leith gan sonraí faireacháin breise. |
|
(6) |
Tugadh an liosta faire cothrom le dáta in 2018 mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/840 ón gCoimisiún (4) trí chúig shubstaint a bhaint agus trí thrí shubstaint a chur leis, agus mar sin bhí ocht substaint nó ocht ngrúpa substaintí sa liosta ansin. |
|
(7) |
Tugadh an liosta faire cothrom le dáta arís in 2020 mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1161 ón gCoimisiún (5) trí chúig shubstaint nó cúig ghrúpa substaintí a bhaint agus trí shé shubstaint nó sé ghrúpa substaintí a chur leis, agus mar sin bhí naoi substaint nó naoi ngrúpa substaintí sa liosta ansin. |
|
(8) |
De réir Airteagal 8b(2) de Threoir 2008/105/CE, an tréimhse faireacháin leanúnach d’aon substaint aonair ar liosta faire, ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 4 bliana. Dá bhrí sin, an oibleagáid faireacháin maidir leis an liosta faire le haghaidh na dtrí shubstaint nó na dtrí ghrúpa substaintí a bhí ar an liosta ó bhí 2018 ann, is iad sin meataflumasón, amocsaicillin agus ciopróflocsaicin, scoireadh den oibleagáid sin in 2022. Cuirfear na sonraí faireacháin a fuarthas san áireamh i gcomhthéacs an chleachtaidh tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE. |
|
(9) |
Maidir leis na sonraí faireacháin a fuarthas i leith na sé shubstaint nó na sé ghrúpa substaintí eile ó bhí 2020 ann, is iad sin sulfaimeatocsasól, trímheitiprim, veanlafaicsín agus a mheitibilít O-deismeitilveanlafaicsín, an grúpa de 10 gcomhdhúil asóil (na hearraí cógaisíochta clóthrímhasól, fluconasól agus míoconasól agus na lotnaidicídí iomasailil, iopconasól, meataconasól, peanconasól, próclóras, teabúconasól agus teitreaconasól), na fuingicídí famocsadón agus démhocsastróibin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn na sonraí faireacháin sin nach fuarthas sonraí faireacháin ardcháilíochta leordhóthanacha agus, dá bhrí sin, gur cheart na substaintí sin nó na grúpaí substaintí sin a choimeád ar an liosta faire. |
|
(10) |
Le linn 2021, bhailigh an Coimisiún sonraí maidir le réimse substaintí eile a d’fhéadfadh a chuimsiú sa liosta faire. Chuir sé san áireamh na cineálacha éagsúla faisnéise ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8b(1) de Threoir 2008/105/CE, agus chuaigh sé i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit agus le grúpaí páirtithe leasmhara. Níor cheart substaintí a chuimsiú sa liosta faire más substaintí iad a bhfuil amhras ann maidir lena dtocsaineacht, nó mura bhfuil íogaireacht, iontaofacht nó inchomparáideacht mhodhanna faireacháin na substaintí sin leormhaith. Sainaithníodh na substaintí seo a leanas mar shubstaintí is iarrthóirí iomchuí: an fhuingicíd asocsastróibin, an luibhicíd défhluifeineacan, an fheithidicíd agus an t-earra cógaisíochta tréidliachta fiprinil, na hantaibheathaigh cliondaimícin agus óflocsaicin, an t-earra cogaisíochta daonna meatfoirmin agus a mheitibilít guainiolúiré, agus grúpa de thrí oibreán scéithe gréine (meatocsaidhébheansóil-meatán búitile, dá ngairtear abhaibeansón freisin; ochtaicriléin; agus beinsifeanón-3, dá ngairtear ocsaibeansón freisin). Tá cuimsiú na n-earraí cogaisíochta comhsheasmhach le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol (6), agus tá cuimsiú an dá hantaibheathach comhsheasmhach le Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (7), lena dtacaítear le húsáid an liosta faire chun “eolas ar tharlú agus scaipeadh oibreán frithmhiocróbach sa timpeallacht a fheabhsú”. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 8b(1) de Threoir 2008/105/CE, shainaithin an Coimisiún modhanna anailíse féideartha le haghaidh na substaintí a mholtar. Maidir leis na substaintí a choinnítear ar an liosta, ba cheart teorainn braite an mhodha a bheith ar a laghad chomh híseal leis an tiúchan gan éifeacht substaintshonrach réamh-mheasta sa mhaitrís ábhartha, i gcás gach substainte, lena n-áirítear gach substaint aonair atá i ngrúpa. Maidir leis na substaintí nua a chuirtear ar an liosta, ba cheart teorainn chainníochtaithe an mhodha a bheith ar a laghad chomh híseal leis an tiúchan gan éifeacht substaintshonrach réamh-mheasta sa mhaitrís ábhartha, i gcás gach substainte, lena n-áirítear gach substaint aonair atá i ngrúpa. |
|
(12) |
Úsáidtear sulfaimeatocsasól agus trímheitiprim le chéile go coitianta, ach ní i gcónaí, toisc go ndeirtear go bhfuil éifeachtaí sineirgisteacha acu; is féidir anailís a dhéanamh orthu le chéile agus ba cheart leanúint leis sin a dhéanamh cé nach bhfuil siad grúpáilte le chéile sa liosta. Tá veanlafaicsín agus a mheitibilít grúpáilte mar gheall ar na héifeachtaí breiseáin a d’fhéadfadh a bheith acu; is féidir anailís a dhéanamh orthu le chéile agus ba cheart leanúint leis sin a dhéanamh. Tá na substaintí asóil grúpáilte toisc go bhfuil an modh gníomhaíochta céanna acu agus d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí breiseáin acu freisin; is féidir anailís a dhéanamh orthu le chéile agus ba cheart leanúint leis sin a dhéanamh freisin. |
|
(13) |
Áirítear asocsastróibin mar aon le démhocsastróibin toisc go bhfuil an modh gníomhaíochta céanna aici; is féidir anailís a dhéanamh ar na substaintí sin le chéile agus ba cheart é sin a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí breiseáin ag meatfoirmin agus a mheitibilít; is féidir anailís a dhéanamh orthu le chéile agus ba cheart é sin a dhéanamh. Tá na trí oibreán scéithe gréine grúpáilte toisc go bhfuil an modh gníomhaíochta céanna acu agus d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí breiseáin acu, is féidir anailís a dhéanamh orthu le chéile freisin agus ba cheart é sin a dhéanamh. |
|
(14) |
Ní mheastar go bhfuil costais a ghabhann leis na modhanna anailíse a shonraítear sa liosta faire iomarcach. Má thagann laghdú ar thiúchan gan éifeacht réamh-mheasta le haghaidh substaintí nua ar an liosta faire mar gheall ar fhaisnéis nua amach anseo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an uasteorainn chainníochtaithe modha inghlactha a ísliú le haghaidh na substaintí sin chomh fada is a bheidh siad ar an liosta. |
|
(15) |
Sonraítear le hAirteagal 8b de Threoir 2008/105/CE, inter alia, na coinníollacha agus na módúlachtaí le haghaidh fhaireachán na substaintí a chuimsítear sa liosta faire agus le haghaidh thuairisciú na dtorthaí faireacháin ag na Ballstáit. Sonraítear leis go háirithe, agus na stáisiúin faireacháin ionadaíocha, minicíocht an fhaireacháin agus uainiú gach substainte á roghnú, go bhfuil na Ballstáit leis na patrúin úsáide agus tarlú féideartha na substainte a chur san áireamh. Cé gur uair sa bhliain atá i gceist leis an íosmhinicíocht faireacháin, ba cheart do na Ballstáit dhá uair, ar a laghad, sa bhliain a mheas mar mhinicíocht faireacháin le haghaidh na substaintí ar fad, chun an úsáid athraitheach atá acu a chur san áireamh, chun a áirithiú go mbailítear sonraí de chaighdeán atá ard go leor, agus mar sin chun gur féidir leis an sásra maidir le liosta faire tacaíocht éifeachtach a thabhairt do phróisis mheasúnaithe riosca ina dhiaidh sin. |
|
(16) |
Ar mhaithe le hinchomparáideacht, ba cheart faireachán a dhéanamh ar na substaintí ar fad i samplaí uisce iomlána. |
|
(17) |
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheartan Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1161 a ionadú ina hiomláine. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1161 a aisghairm. |
|
(18) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá na bearta sin i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 21(1) de Threoir 2000/60/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 8b de Threoir 2008/105/CE, leagtar amach an liosta sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1161.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 348, 24.12.2008, lch. 84.
(2) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/495 ón gCoimisiún an 20 Márta 2015 lena mbunaítear liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais i réimse an bheartais uisce de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 78, 24.3.2015, lch. 40).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/840 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2018 lena mbunaítear liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais i réimse an bheartais uisce de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/495 ón gCoimisiún (IO L 141, 7.6.2018, lch. 9).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1161 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2020 lena mbunaítear liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais i réimse an bheartais uisce de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 257, 6.8.2020, lch. 32).
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol (COM(2019) 128 final).
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (COM(2017) 339 final).
IARSCRÍBHINN
Liosta faire de shubstaintí a ndéanfar faireachán orthu ar fud an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 8b de Threoir 2008/105/CE
|
Ainm na substainte/an ghrúpa substaintí |
Uimhir CAS (1) |
Uimhir AE (2) |
Uasteorainn braite nó cainníochtaithe modha inghlactha (ng/l) |
|
|
Sulfaimeatocsasól (5) |
723-46-6 |
211-963-3 |
SPE-LC-MS-MS |
100 (11) |
|
Trímheitiprim (5) |
738-70-5 |
212-006-2 |
SPE-LC-MS-MS |
100 (11) |
|
Veanlafaicsín agus O-deismeitilveanlafaicsín (6) |
93413-69-5 93413-62-8 |
618-944-2 700-516-2 |
SPE-LC-MS-MS |
6 (11) |
|
Comhdhúile asóil (7) |
|
|
SPE-LC-MS-MS |
|
|
Clóthrímhasól |
23593-75-1 |
245-764-8 |
|
20 (11) |
|
Fluconasól |
86386-73-4 |
627-806-0 |
|
250 (11) |
|
Iomasailil |
35554-44-0 |
252-615-0 |
|
800 (11) |
|
Iopconasól |
125225-28-7 |
603-038-1 |
|
44 (11) |
|
Meatconasól |
125116-23-6 |
603-031-3 |
|
29 (11) |
|
Míoconasól |
22916-47-8 |
245-324-5 |
|
200 (11) |
|
Peanconasól |
66246-88-6 |
266-275-6 |
|
1 700 (11) |
|
Próclóras |
67747-09-5 |
266-994-5 |
|
161 (11) |
|
Teabúconasól |
107534-96-3 |
403-640-2 |
|
240 (11) |
|
Teitreaconasól |
112281-77-3 |
407-760-6 |
|
1 900 (11) |
|
Démhocsastróibin Asocsastróibin (8) |
149961-52-4 131860-33-8 |
604-712-8 603-524-3 |
SPE-LC-MS-MS |
32 (11) 200 (12) |
|
Famocsadón |
131807-57-3 |
603-520-1 |
SPE-LC-MS-MS |
8,5 (11) |
|
Défhluifeineacan |
83164-33-4 |
617-446-2 |
SPE-LC-MS-MS |
10 (12) |
|
Fiprinil |
120068-37-3 |
424-610-5 |
SPE-HPLC-MS-MS |
0,77 (12) |
|
Cliondaimícin |
18323-44-9 |
242-209-1 |
SPE-LC-MS-MS |
44 (12) |
|
Óflocsaicin |
82419-36-1 |
680-263-1 |
SPE-UPLC-MS-MS |
26 (12) |
|
Meatfoirmin agus Guainiolúiré (9) |
657-24-9 141-83-3 |
211-517-8 205-504-6 |
SPE-LC-MS-MS |
156 000 (12) 100 000 (12) |
|
Oibreáin scéithe gréine (10) |
|
|
|
|
|
Meatocsaidhébheansóil-meatán búitile |
70356-09-1 |
274-581-6 |
SPE-LC-MS-MS/ESI |
3 000 (12) |
|
Ochtaicriléin |
6197-30-4 |
228-250-8 |
|
266 (12) |
|
Beinsifeanón-3 |
131-57-7 |
205-031-5 |
|
670 (12) |
(1) Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha
(2) Uimhir Aontais Eorpaigh — níl uimhir ar fáil le haghaidh gach substainte
(3) Chun inchomparáideacht na dtorthaí ó Bhallstáit éagsúla a áirithiú, déanfar faireachán ar na samplaí ar fad i samplaí uisce iomlána.
(4)
|
|
Modhanna eastósctha:
|
|
|
Modhanna anailíse:
|
(5) Déanfar anailís ar shulfaimeatocsasól agus trímheitiprim le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair, cé nach bhfuil siad grúpáilte le chéile.
(6) Déanfar anailís ar veanlafaicsín agus O-deismeitilveanlafaicsín le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair.
(7) Déanfar anailís ar na comhdúile asóil le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair.
(8) Déanfar anailís ar dhémhocsastróibin agus asocsastróibin le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair.
(9) Déanfar anailís ar mheatfoirmin agus guainiolúiré le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair.
(10) Déanfar anailís ar na hoibreáin scéithe gréine le chéile sna samplaí céanna ach déanfar iad a thuairisciú mar thiúchan aonair.
(11) An uasteorainn bhraite inghlactha
(12) An uasteorainn chainníochtaithe inghlactha