21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/196


CINNEADH (CBES) 2022/1271 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí chun aon lúb ar lár a dhúnadh agus díriú ar aon teacht timpeall atá á dhéanamh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh agus smachtbhannaí láidre breise a chur gan mhoill ar an Rúis agus ar an mBealarúis chun cumas na Rúise leanúint den fhogha a chur ó mhaith.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 23 agus an 24 Meitheamh 2022, dúirt an Chomhairle Eorpach go leanfaí den obair ar smachtbhannaí, lena n-áirítear chun a gcur chun feidhme a neartú agus cosc a chur ar aon dul timpeall orthu.

(7)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach.

(8)

Go háirithe, is iomchuí toirmeasc a chur ar allmhairiú, ceannach nó aistriú, díreach nó indíreach an óir, arb é an t-onnmhairiú is suntasaí atá ag an Rúis é, seachas an fuinneamh. Baineann an toirmeasc seo le hór de thionscnamh na Rúise a onnmhairítear ón Rúis tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach.

(9)

Is iomchuí freisin an cosc ar rochtain ar chalafoirt a leathnú go loic chun a áirithiú go gcuirfear an beart chun feidhme go hiomlán agus chun aon dul timpeall air a sheachaint.

(10)

Thairis sin, is iomchuí raon feidhme an toirmisc ar ghlacadh taiscí a leathnú chun go n-áireofar taiscí ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha agus atá faoi úinéireacht tromlaigh náisiúnach Rúiseach nó daoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Rúis. Is iomchuí freisin glacadh taiscí le haghaidh trádáil trasteorann neamhthoirmiscthe a chur faoi réir réamhúdarú ó na húdaráis inniúla náisiúnta.

(11)

Is iomchuí freisin iontrálacha áirithe a chur le liostaí na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES.

(12)

Ina theannta sin, is iomchuí raon feidhme an toirmisc ar sholáthar poiblí a shoiléiriú.

(13)

Chun próiséas na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) lena leagtar síos caighdeáin tionsclaíocha theicniúla a choimirciú, is iomchuí cead a thabhairt cúnamh teicniúil a chomhroinnt leis an Rúis i ndáil le hearraí agus teicneolaíocht eitlíochta sa chreat sonrach seo.

(14)

Chun rochtain ar an gceartas a áirithiú, is iomchuí freisin díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc ar aon idirbhearta a dhéanamh le heintitis phoiblí na Rúise is gá chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a áirithiú.

(15)

I bhfianaise sheasamh diongbháilte an Aontais maidir le neamhshlándáil an tsoláthair bia agus fuinnimh ar fud an domhain a chomhrac, agus chun aon iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith a sheachaint, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine ón toirmeasc ar idirbhearta a dhéanamh le heintitis áirithe atá faoi úinéireacht an Stáit a mhéid a bhaineann le hidirbhearta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus soláthair ola agus táirgí peitriliam chuig tríú tíortha.

(16)

Ar bhonn níos ginearálta, tá an tAontas tiomanta gach beart a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain. Dá bhrí sin, níl aon cheann de na bearta sa Chinneadh seo ná aon cheann díobh sin a glacadh níos luaithe i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine dírithe ar bhealach ar bith ar an trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, idir tríú tíortha agus an Rúis.

(17)

Ar an gcaoi chéanna, ní chuireann bearta an Aontais cosc ar thríú tíortha agus ar a náisiúnaigh atá ag oibriú lasmuigh den Aontas táirgí cógaisíochta nó táirgí leighis a cheannach ón Rúis.

(18)

Tá gníomhaíocht bhreise ón Aontas ag teastáil chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1aa mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

idirbhearta a bhfuil fíorghá leo chun gás nádúrtha, tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn a cheannach go díreach nó go hindíreach, a allmhairiú nó a iompar ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas, ó thír is ball den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ón Eilvéis nó ó na Balcáin Thiar;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 4o nó faoi Airteagal 4p, idirbhearta a bhfuil géarghá leo chun ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar go díreach nó go hindíreach ón Rúis nó tríd an Rúis;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

idirbhearta, lena n-áirítear díolacháin, a bhfuil géarghá leo chun comhfhiontar nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a fhoirceannadh, faoin 31 Nollaig 2022, a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022 agus a bhaineann le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1;”;

(iv)

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(f)

idirbhearta a bhfuil gá leo chun táirgí cógaisíochta, leighis, talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin a gceadaítear a n-allmhairiú, a gceannach agus a n-iompar faoin gCinneadh seo, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar;

(g)

idirbhearta a bhfuil fíorghá leo chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát a áirithiú, agus chun aitheantas nó forfheidhmiú a dhéanamh maidir le breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna soláthar i mBallstát agus má tá idirbhearta den sórt sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo agus Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (*1).

(*1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 1b mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh toirmeasc ar ghlacadh aon taiscí ó náisiúnaigh Rúiseacha nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag náisiúnaigh Rúiseacha nó ag daoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán thaiscí an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.”;

(b)

scriostar mír 4;

(c)

i mír 5, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

go bhfuil gá léi le haghaidh trádáil trasteorann neamhchoiscthe earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an Rúis.”;

(3)

in Airteagal 1c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.”;

(4)

in Airteagal 1g, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh toirmeasc ar sheirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d’aon náisiúnach Rúiseach nó aon duine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis nó aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis nó maidir leo.”;

(5)

in Airteagal 1h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le feidhmiú aon chonradh poiblí nó aon chonradh lamháltais a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/23/AE (*2), 2014/24/AE (*3), 2014/25/AE (*4), 2009/81/CE (*5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon le hAirteagal 10(1), (3), (6) pointí (a) go (e), (8), (9) agus (10), Airteagail 11, 12, 13 agus 14 de Threoir 2014/23/AE, Airteagail 7, pointí (a) go (d), agus Airteagal 8, Airteagal 10, pointí (b) go (f) agus (h) go (j) de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 18, Airteagal 21, pointí (b) go (e) agus (g) go (i), Airteagail 29 agus 30 de Threoir 2014/25/AE agus Airteagal 13 pointí (a) go (d), (f) go (h), agus (j) de Threoir 2009/81/CE, agus Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (*6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh toirmeasc ar é a dhámhachtain orthu seo a leanas nó ar leanúint dá fheidhmiú in éineacht leo seo a leanas:

(a)

náisiúnach Rúiseach, duine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó

(c)

duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo, lena n-áirítear fochonraitheoirí, soláthróirí nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a n-acmhainneachtaí de réir bhrí Threoracha 2009/81/CE, 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, i gcás inar mó iad ná 10 % de luach an chonartha.

(*2)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)."

(*4)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)."

(*5)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76)."

(*6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(6)

in Airteagal 1j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar náisiúnach Ballstáit nó duine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan aige/aici i mBallstát , i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó san Eilvéis é an socraitheoir nó an tairbhí.”;

(7)

leasaítear Airteagal 1k mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, ag eintitis nó ag comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, dlí tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó dlí na hEilvéise.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 5 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(8)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 3, an chéad fhomhír, scriostar pointe (f);

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cé is moite de phointe (g) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.”;

(9)

leasaítear Airteagal 3a a mar a leanas:

(a)

i mír 3, scriostar pointe (f);

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cé is moite de phointe (g) den chéad fhomhír, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin.”;

(10)

in Airteagal 4c, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4a   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(11)

in Airteagal 4d, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8a.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 4, pointe (a) maidir le malartú faisnéise arb é is aidhm dó caighdeáin theicniúla a bhunú faoi chuimsiú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1.”;

(12)

in Airteagal 4h, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4a.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(13)

leasaítear Airteagal 4ha mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh toirmeasc ar rochtain a sholáthar tar éis an 16 Aibreán 2022 ar chalafoirt, agus tar éis an 29 Iúil 2022, ar loic i gcríoch an Aontais, d’aon soitheach atá cláraithe faoi bhratach na Rúise, cé is moite de rochtain ar loic chun críoch an Aontais a fhágáil.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití

“5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla soitheach a údarú rochtain a fháil ar chalafort nó ar loc, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis an rochtain:”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“5a.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla soithí a d’athraigh a mbratach Rúiseach nó a gclárú, go bratach nó go clár aon Stáit eile roimh an 16 Aibreán 2022, a údarú rochtain a fháil ar chalafort nó ar loc, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh:

(a)

gur ceanglaíodh de réir conartha bratach Rúiseach nó clárú; agus

(b)

go bhfuil gá leis an rochtain chun earraí a dhíluchtú atá fíor-riachtanach chun tionscadail fuinnimh inathnuaite a thabhairt chun críche san Aontas, ar choinníoll nach gcuirtear toirmeasc ar shlí eile faoin Rialachán seo ar allmhairiú na n-earraí sin”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 5 agus 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(14)

in Airteagal 4j, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3a.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le só-earraí le haghaidh úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal ón Aontas Eorpach nó ag baill dá neasteaghlaigh atá ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil ceaptha le díol.”;

(15)

leasaítear Airteagal 4m mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear faoin Airteagal seo, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, nó féadfaidh siad údarú a thabhairt cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí den sórt sin nó leis an teicneolaíocht den sórt sin nó leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun críocha leighis nó cógaisíochta, nó críocha daonnúla, amhail cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla a aistriú nó cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe; nó

(b)

le haghaidh úsáid eisiach agus faoi rialú iomlán an Bhallstáit údaraithe agus chun a oibleagáidí cothabhála a chomhlíonadh i limistéir atá faoi chomhaontú léasa fhadtéarmaigh idir an Ballstát sin agus Cónaidhm na Rúise.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas léi:

“5a.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun críoch leighis nó cógaisíochta i gcomhréir le mír 5, ní dheonóidh na húdaráis inniúla údarú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, ná le haghaidh a n-úsáide sa Rúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.

5b.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 5 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(16)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4q

1.   Beidh toirmeasc ar ór a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas nó in aon tríú tír, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise é nó más ón Rúis a onnmhairítear é, tar éis 22 Iúil 2022.

2.   Beidh toirmeasc ar táirgí a phróiseáiltear i dtríú tír ina n-ionchorpraítear an táirge a thoirmisctear i mír 1 a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach.

3.   Beidh toirmeasc ar sheodra óir a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise é nó más ón Rúis a onnmhairítear é, tar éis 22 Iúil 2022.

4.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i míreanna 1, 2 agus 3.

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 chun na hearraí sin a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i míreanna 1, 2 agus 3.

5.   Ní bheidh feidhm ag an toirmisc i míreanna 1, 2 agus 3 maidir le hór is gá chun críoch oifigiúil misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

6.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 3 maidir le seodra óir le haghaidh úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chuig an Aontas Eorpach nó ag baill dá neasteaghlaigh a bheidh ag taisteal leo, atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil ceaptha le díol.

7.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na húdaráis inniúla aistriú nó allmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht chuig an Rúis a údarú i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an Rúis.

8.   Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun na hítimí ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’;

(17)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M.BEK


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas léi:

 

“Federal Center for Dual-Use Technology (FTsDT) Soyuz

 

Turayev Machine Building Design Bureau Soyuz

 

Zhukovskiy Central Aerohydrodynamics Institute (TsAGI)

 

Rosatomflot”.