|
20.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 191/72 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1262 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Rómáin chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Mar thoradh ar iarraidh ón Rómáin an 7 Lúnasa 2020, thug an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 (2), cúnamh airgeadais don Rómáin i bhfoirm iasachta ar luach uasmhéid EUR 4 099 244 587 í le meánaibíocht uasta 15 bliana, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Rómáine a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. |
|
(2) |
Bheartaigh an Rómáin an iasacht a úsáid chun scéim oibre gearr-ama, bearta comhchosúla agus bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355. |
|
(3) |
Chuir ráig COVID-19 srian ar chuid shuntasach de lucht saothair na Portaingéile. Mar thoradh air sin, tháinig mórmhéadú tobann arís is arís eile ar an gcaiteachas poiblí sa Rómáin i leith bearta nua, eadhon iad siúd dá dtagraítear in aithrisí 11, 12 agus 16 go 34 den Chinneadh seo, agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a), (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355. |
|
(4) |
Bhí tionchar suntasach ar an airgeadas poiblí ag ráig COVID-19 agus ag na bearta urghnácha a chuir an Rómáin chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a choinneáil ar an ráig sin agus ar na tionchair shocheacnamaíocha agus sláinte lena mbaineann, agus tá fós. In 2020, bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais 9,3 % agus 47,2 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ag an Rómáin, a d’athraigh ó 7,1 % go 48,8 % ag deireadh 2021. Dé réir réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún, measfar go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais 7,5 % agus 50,9 % den olltáirgeacht intíre faoi seach ag an Rómáin faoi dheireadh 2022. Tuartar go dtiocfaidh méadú 2,6 % ar OTI na Rómáine in 2022. |
|
(5) |
An 26 Bealtaine 2022, d’iarr an Rómáin ar an Aontas liosta na mbeart ar deonaíodh cúnamh airgeadais ina leith cheana féin trí bhithín Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 ón gComhairle a leathnú chun leanúint le tuilleadh dá hiarrachtaí náisiúnta arna ndéanamh in 2020 a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (“an t-iarraidh”). Go sonrach, rinne an Rómáin sraith scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (6) go (12) a thabhairt isteach agus a leathnú tuilleadh. |
|
(6) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 30/2020” (3), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, soláthraítear sochar d’fhostaithe fostóirí a laghdaítear nó a gcuirtear isteach go sealadach ar a ngníomhaíocht de bharr thionchair ráig COVID-19. Cuirtear teorainn leis an sochar ag 75 % de bhuntuarastal na bhfostaithe sin (ach ní bheidh sé níos mó ná 75 % den mheán-ollphá sa gheilleagar) ar feadh fad tréimhse na staide éigeandála. Cuireadh síneadh leis an mbeart trí bhithín “Reacht Éigeandála Rialtais 111/2021” (4) go dtí mí na Nollag 2021 agus trí bhithín “Reacht Éigeandála Rialtais 2/2022” (5) go dtí mí an Mhárta 2022. |
|
(7) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 132/2020” (6), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (c), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, tugadh isteach scéim oibre gearr-ama, faoina bhféadfaidh an fostóir uaireanta oibre na bhfostaithe a laghdú suas le 50 % i gcás laghdú sealadach gníomhaíochta de dheasca na staide éigeandála nó an fholáirimh. Le linn thréimhse an laghdaithe ama oibre, baineann fostaithe leas as slánaíocht 75 % den difríocht idir an t-oll-phá do ghnáthuaireanta agus a dtuarastal iarbhír. Leasaíodh an beart trí bhithín “Dlí 58/2021” agus cuireadh síneadh leis go dtí mí an Mheithimh 2022, 3 mhí tar éis dheireadh na staide foláirimh. |
|
(8) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 30/2020” (7), Airteagal XV, agus “Reacht Éigeandála Rialtais 132/2020” (8), Airteagal 3, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (d) agus (e), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, tugadh isteach dhá bheart le haghaidh daoine féinfhostaithe agus saorghairmeacha. Soláthraíonn an Stát sochar 75 % den mheán-ollphá sa Rómáin dóibh siúd a scorann de bheith ag obair go hiomlán de dheasca thionchair ráig COVID-19 ar feadh fad tréimhse na staide éigeandála. Soláthraíonn an Stát sochar suas le 41,5 % den mheán-ollphá go dtí mí an Mheithimh 2022, 3 mhí tar éis dheireadh na staide foláirimh, dóibh siúd a laghdaíonn a n-uaireanta oibre. Maidir leis an gcéad bheart, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (d), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, cuireadh síneadh leis le “Reacht Éigeandála Rialtais 111/2021” (9) agus le “Reacht Éigeandála Rialtais 2/2022”. Maidir leis an dara beart, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (e), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, cuireadh síneadh leis le “Dlí 58/2021” (10). |
|
(9) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 132/2020” (11), arna formheas trí bhíthin “Dlí 282/2020” (12), agus na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, “Reacht Éigeandála Rialtais 182/2020” (13), “Reacht Éigeandála Rialtais 211/2020” (14), a formheasadh trí bhíthin “Dlí Uimh. 58/2021” (15), “Reacht Éigeandála Rialtais 220/2020” (16), ‘Reacht Éigeandála Rialtais 226/2020’ (17), ‘Reacht Éigeandála Rialtais 44/2021’ (18), ‘Reacht Éigeandála Rialtais 111/2021’ (19) agus ‘Reacht Éigeandála Rialtais 2/2022’ (20), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (f), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, tugadh isteach beart lena soláthraítear liúntas tacaíochta 35 % den luach saothair dlite de réir an lae oibre, ar feadh tréimhse uasta de 3 mhí, le haghaidh saothraithe laethúla a scorann de bheith ag obair mar thoradh ar fhionraí gníomhaíochta gnó de bharr thionchair ráig COVID-19. Cuireadh síneadh leis an mbeart sin go dtí mí an Mheithimh 2022, 3 mhí tar éis dheireadh na staide foláirimh. |
|
(10) |
Le “Dlí 19/2020” (21), Airteagal 3, arna shíniú le “Reacht Éigeandála Rialtais 147/2020” (22), Airteagal 4(3), agus “Reacht Éigeandála Rialtais 110/2021” (23), Airteagal 7, soláthraíodh bónas cúraim leanaí le haghaidh fostaithe de chuid an chórais náisiúnta cosanta, peannadlanna, aonaid sláinte poiblí agus catagóirí eile de chuid na hearnála poiblí arna mbunú le horduithe aireachta. Tá an sochar ag brath ar an gcoinníoll nach mbaineann an tuismitheoir eile leas as cearta malartacha lena ndeonaítear laethanta saora do thuismitheoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar leanaí i gcás dúnadh sealadach aonaid oideachais. Is féidir an beart sin a mheas mar bheart comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é go soláthraíonn sé tacaíocht ioncaim d’fhostaithe, rud a chabhróidh le costais cúraim leanaí a chumhdach le linn dúnadh scoile agus a chabhróidh le tuismitheoirí chun leanúint de bheith ag obair dá bhrí sin, rud a chuirfidh cosc ar an gcaidreamh fostaíochta a chur i mbaol. Leathnaíodh an beart in imeacht ama, lena n-áirítear na blianta scoile 2021 agus 2022, agus leathnaíodh é freisin chun fostaithe san earnáil phríobháideach a áireamh. |
|
(11) |
Le “Dlí 136/2020” (24) agus na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin chomh maith le “Reacht Éigeandála Rialtais 70/2020” (25), Airteagal 13, dá dtagraítear san iarraidh, deonaíodh sochar saoire breoiteachta do dhaoine atá i gcoraintín nó do dhaoine a bhfuil diagnóis faighte acu ina léirítear go bhfuil ionfhabhtú COVID-19 orthu. |
|
(12) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 132/2020” (26), Airteagal 6, dá dtagraítear san iarraidh, áiríodh beart le haghaidh tacaíocht airgeadais aonuaire RON 2 500 d’fhostóirí le haghaidh gach fostaí atá ag obair go cianda chun pacáistí d’earraí agus seirbhísí teicneolaíochta a cheannach atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí teilea-oibre. Tá feidhm ag an mbeart maidir le fostóirí a ndearna a bhfostaithe teilea-obair le linn na staide éigeandála agus na staide foláirimh ar feadh 15 lá oibre ar a laghad in 2020. Is féidir an beart sin a mheas mar bheart atá comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, mar gheall ar an gcuspóir agus an éifeacht eacnamaíoch atá beartaithe dó. Trí theilea-obair a éascú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, cabhraíonn sé leis an gcaidreamh fostaíochta a chaomhnú. Soláthraítear leis freisin tacaíocht ioncaim d’fhostaithe i bhfoirm sochar imeallach, lena gcabhraítear na costais a bhaineann le caiteachas oifige baile a chumhdach chun go bhféadfar obair a dhéanamh le linn dianghlasála agus srianta ina dhiaidh sin. |
|
(13) |
Chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, thug an Rómáin isteach sraith beart a bhaineann leis an tsláinte freisin agus chuir sí síneadh breise leis an tsraith sin. Go sonrach, baineann sin leis na bearta dá dtagraítear in aithrisí (14) go (34). |
|
(14) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 11/2020” (27) a shíníodh le “Reacht Éigeandála Rialtais 131/2020” (28), Airteagal 2, agus “Dlí 136/2020” (29), Airteagal 6, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (g) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, déantar forail do bhónas le haghaidh obair bhreise le haghaidh pearsanra na struchtúr speisialtachta Institiúid Náisiúnta na Sláinte Poiblí agus na stiúrthóireachtaí sláinte poiblí contae agus stiúrthóireacht sláinte poiblí Bhúcairist a ghníomhaíonn chun bearta a chomhordú agus a chur chun feidhme maidir le himeachtaí a bhaineann le éigeandáil sláinte poiblí domhanda COVID-19 a chosc agus a theorannú. Leis an mbeart sin déantar foráil do shochar is comhionann le 75 % den bhuntuarastal le haghaidh uaireanta arna n-oibriú le linn gnáthuaireanta oibre agus suas le 100 % den bhuntuarastal le haghaidh uaireanta arna n-oibriú le linn an deireadh seachtaine, laethanta saoire dlíthiúla agus laethanta eile nach n-áirítear mar laethanta oibre. Is féidir an beart sin a mheas mar bheart a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/672. Cuireadh síneadh leis an mbeart in 2020, 2021 agus 2022 agus tá sé le fanacht i bhfeidhm fad a mheasann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go gcáilíonn COVID-19 mar phaindéim dhomhanda. |
|
(15) |
Trí bhithín “Dlí 56/2020” (30), Airteagal 7, agus an leasú a rinneadh air ina dhiaidh sin trí bhíthin “Reacht Éigeandála Rialtais 116/2021” (31), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (i), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, deonaítear mar bheart sealadach bónas suas le 30 % le haghaidh dálaí oibre atá thar a bheith contúirteach chun aitheantas a thabhairt d’fhiúntas pearsanra leighis a bhí rannpháirteach sna freagairtí leighis i gcoinne COVID-19. Bhí an beart i bhfeidhm ar feadh na tréimhse ó mhí an Mhárta 2020 go mí Lúnasa 2020. Leathnaíodh an beart chun an pearsanra atá freagrach as bearta sláintíocha a fhorfheidhmiú faoin Aireacht Gnóthaí Baile a chur san áireamh. |
|
(16) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 131/2020” (32), Airteagal 1(1a) agus (1b), dá dtagraítear san iarraidh, ceadaítear bónas idir 30 % agus 40 % den bhuntuarastal a dheonú do phearsanra de chuid stiúrthóireachtaí sláinte poiblí contae agus de chuid stiúrthóireacht sláinte poiblí Bhúcairist. Tá an stiúrthóir feidhmiúcháin agus na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin chun sochar a bhaint as bónas 40 % den bhuntuarastal; tá státseirbhísigh atá fostaithe leis an tseirbhís rialaithe sa tsláinte phoiblí chun sochar a bhaint as bónas 30 % den bhuntuarastal. |
|
(17) |
Le “Dlí 136/2020” (33), Airteagal 19(3), dá dtagraítear saniarraidh, deonaítear liúntas iasachta 50 % agus bónas laethúil 2 % den bhuntuarastal le haghaidh speisialtóirí leighis, pearsanra paraimhíochaine agus cúnta sa chóras poiblí. Is dó phearsanra ar iasacht, i gcásanna riosca eipidéimeolaíoch nó bitheolaíoch ar feadh téarma 30 lá, d’aonaid sláinte a bhfuil ganntanas pearsanra iontu, agus atá freagrach as leathadh COVID-19 a theorannú nó a chosc, atá an liúntas. |
|
(18) |
Le “Cinneadh Rialtais 254/2020” (34), Airteagal Aonair, “Cinneadh Rialtais 840/2020” (35), Airteagal Aonair, “Cinneadh Rialtais 383/2021” (36), Airteagal Aonair, “Cinneadh Rialtais 1072/2021” (37) agus “Cinneadh Rialtais 496/2022” (38), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do chostais tuarastail a mhaoiniú ar bhonn sealadach a bhain le 2 000 post nua a chruthú chun na stiúrthóireachtaí sláinte agus na seirbhísí otharchairr poiblí (1 000 sa dá chatagóir) a threisiú chun gníomhú in aghaidh leathadh COVID-19. |
|
(19) |
Le “Cinneadh Rialtais 1035/2020” (39), Airteagal Aonair, pointe 3, dá dtagraítear san iarraidh, deonaítear bónas idir 75 % agus 85 % den bhuntuarastal le haghaidh pearsanra leighis speisialtachta agus pearsanra leighis cúntacha ó aonaid sláinte poiblí nó óna struchtúir, de réir mar is infheidhme, agus le haghaidh pearsanra speisialtachta ó na struchtúir leighis pharachliniciúla a bhfuil baint dhíreach acu le hiompar, trealamh, measúnú, diagnóisiú agus cóir leighis a chur ar othair diagnóisithe le COVID-19. |
|
(20) |
Le “Cinneadh Rialtais 1031/2020” (40) agus “Reacht Éigeandála Rialtais 3/2021” (41), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil d’íocaíocht le pearsanra sláintíoch leighis agus le cláraitheoirí leighis a dhéanann a ngníomhaíochtaí laistigh de na hionaid vacsaínithe COVID-19 arna n-eagrú in ionaid seachas iad siúd atá sna haonaid sláinte. Mhaoinigh an beart caiteachas reatha agus caipitil freisin chun na hionaid vacsaínithe (arna n-eagrú i suíomhanna nach saoráidí sláinte iad) a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 3/2021” (42) agus “Cinneadh Rialtais 1031/2020” (43), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil d’íocaíocht le pearsanra leighis sláintíoch agus leis na cláraitheoirí leighis a dhéanann a ngníomhaíocht laistigh de na hionaid vacsaínithe COVID-19 arna n-eagrú in aonaid sláinte, chomh maith le híocaíocht leis na dochtúirí teaghlaigh le haghaidh na ngníomhaíochtaí a sholáthraítear chun na gcríoch sin. |
|
(22) |
Le “Cinneadh Rialtais 1031/2020” (44), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh rialú ar cheannach dáileog vacsaíne COVID-19. Thug an Coimisiún na creat-chomhaontuithe chun críche thar ceann na mBallstát agus ar mhaithe leis na Ballstáit. |
|
(23) |
Le “Cinneadh Rialtais 201/2020” (45), “Cinneadh Rialtais 1103/2020” (46) agus “Ordú ón Aire Sláinte 725/2020” (47), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh rialú ar na costais maidir le daoine a chur i gcoraintín i limistéir ainmnithe ina ndearnadh diagnóis dheimhnithe COVID-19, daoine ar an liosta arna bhunú ag Modheolaíocht Faireachais COVID-19 agus an fhoireann leighis diagnóisithe le COVID-19 nach bhfuil gá le hospidéalú ina leith nó foireann a bhí ag idirghníomhú le hothair agus a roghnaíonn fanacht ón mbaile. Leis an mbeart cumhdaítear liúntais ghinearálta (le haghaidh nithe amhail bia, cóiríocht, iompar agus cógais leighis). |
|
(24) |
Le “Cinneadh Rialtais 1092/2020” (48), “Cinneadh Rialtais 380/2021” (49), “Cinneadh Rialtais 1017/2021” (50) agus “Cinneadh Rialtais 1190/2021” (51), rinneadh foráil do chógas leighis “Remdesivir” agus cógas leighis antashubstaintí monaclónacha a cheannach le haghaidh cóireáil COVID-19 ina bhfuil Casirivimab agus Imdevimab. Rinne an Coimisiún na nósanna imeachta soláthair don dá chógas leighis thar ceann na mBallstát laistigh de chreatchonarthaí (52) dá dtagraítear san iarraidh. |
|
(25) |
Le “Ordú ón Aire Sláinte 487/2020” (53), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do chógais leighis a cheannach le haghaidh cóireáil a chur ar othair ionfhabhtaithe le COVID-19. Thug an Aireacht Sláinte creatchonradh i gcrích le haghaidh Tocilizumabum a sholáthar. |
|
(26) |
Le “Reacht Rialtais 19/2021” (54) agus “Dlí 55/2020” (55), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do dhreasachtaí, i bhfoirm dearbháin bhéile ar mhéid RON 100 chun daoine atá vacsaínithe go hiomlán. |
|
(27) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 131/2020” (56), Airteagal 5, dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do mhéadú sealadach 30 % sa bhuntuarastal le haghaidh fhoireann institiúidí an rialtais atá rannpháirteach chun tionchair COVID-19 a chosc agus a chomhrac le haghaidh na tréimhse ó mhí Lúnasa 2020 go mí Feabhra 2021. |
|
(28) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 186/2020” (57), dá dtagraítear san iarraidh, cumhdaíodh caiteachais 200 dochtúir cónaitheach breise a raibh gá leo debharr na paindéime. |
|
(29) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 11/2020” (58), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do tháirgí leighis agus trealamh cosanta pearsanta a cheannach chun an phaindéim a chomhrac (e.g. coisbheart cosantach, lámhainní, maisc, aerálaithe agus sínteáin) chun stoic éigeandála leighis a bhunú agus a chomhdhlúthú. |
|
(30) |
Le “Dlí 319/2006” (59), “Dlí 55/2020” (60) agus “an tOrdú Comhpháirteach ón Aire Saothair agus ón Aire Sláinte 3577/831/2020” (61), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh rialú ar ábhair cosanta shláintíocha a cheannach le haghaidh fostaithe de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile. |
|
(31) |
Le “Reacht Éigeandála Rialtais 197/2020” (62), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil d’íocaíochtaí le mic léinn leighis dheonacha a d’oibrigh le haghaidh ospidéal nó institiúidí cúraim sláinte chun tacaíocht éigeandála a sholáthar. |
|
(32) |
Le “Ordú ón Aire Sláinte 487/2020” (63), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh foráil do dhá tháirge cógaisíochta (Molnupiravir agus Anakinra) a cheannach atá le húsáid chun cóireáil a chur ar othair COVID-19. |
|
(33) |
Le “Dlí 95/2006” (64), Airteagal 51, “Cinneadh Rialtais 155/2017” (65) agus “Ordú ón Aire Sláinte 377/2017” (66), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh rialú ar chistiú le haghaidh thástáil COVID-19 ar leibhéal na n-aonad speisialaithe. Déantar seirbhísí tástála saotharlainne RT-PCR a mhaoinítear faoin gClár Náisiúnta um Fhaireachas agus Rialú Galar Tógálach Tosaíochta ar chatagóirí daoine arna mbunú le Modheolaíocht Faireachais Géarshiondróm Riospráide COVID-19 nua nó le hordú ón Aire Sláinte. |
|
(34) |
Le “Ordú ón Aire Sláinte 58/4/2022” (67), dá dtagraítear san iarraidh, rinneadh rialú ar chistiú tástála COVID-19 ag dochtúirí teaghlaigh. Maoinítear an obair tástála a dhéanann dochtúirí teaghlaigh trí aistrithe ó bhuiséad an Stáit, trí bhuiséad na hAireachta Sláinte chuig buiséad an Chiste Árachais Sláinte náisiúnta Aonair. |
|
(35) |
Comhlíonann an Rómáin na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Rómáin fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú de EUR 3 321 482 911 tagtha ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí pleanáilte ón 1 Feabhra 2020 amach mar thoradh ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é seo ós rud é go mbaineann sé le bearta nua agus le síneadh ar na bearta reatha a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Rómáine. Tá sé beartaithe ag an Rómáin EUR 353 704 624 de mhéid méadaithe an chaiteachais a mhaoiniú trí chistí an Aontais. |
|
(36) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Rómáin chun fíorú a dhéanamh maidir leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí pleanáilte a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla, chomh maith le bearta sláinte a bhaineann le ráig COVID-19, dá dtagraítear san iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672. |
|
(37) |
Is ionann agus EUR 2 141 579 582 méid caiteachas na Romaine ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear na bearta breise nó na beartaithe sínithe a bhaineann leis an tsláinte dá dtagraítear in aithrisí 14 go 34. I bhfianaise an gá atá ann cineál coimhdeach na catagóire beart sin a áirithiú, is gá méid an chúnaimh airgeadais chun tacú le bearta a bhaineann le sláinte a laghdú ós rud é gur lú é ná leath an chúnaimh airgeadais iomláin atá beartaithe a chaitheamh ar gach beart incháilithe. |
|
(38) |
Ba cheart na bearta nua dá dtagraítear in aithrisí 11, 12 agus 16 go 34 a chumhdach le cúnamh airgeadais arna dheonú trí bhithín Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 cheana féin. |
|
(39) |
Ba cheart an cúnamh airgeadais arna dheonú trí bhithín Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 a laghdú ó EUR 4 099 244 587 go EUR 3 000 000 000. Tá an Rómáin fós tiomanta an cúnamh airgeadais a deonaíodh a a ionsú go hiomlán agus ba cheart di bearta breise incháilithe a shainaithint i gcás nach leor na bearta atá ann cheana. |
|
(40) |
Ba cheart don Rómáin agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. |
|
(41) |
Ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nósanna imeachta a d’fhéadfaí a chur ar bun a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear an ceanglas atá ar na Ballstáit cásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh. |
|
(42) |
Ba cheart don Rómáin an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe, chun an Coimisiún a chumasú measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Rómáin an caiteachas sin chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Rómáin arb é uasmhéid EUR 3 000 000 000 a bheidh inti. 15 an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Is féidir leis an Rómáin na bearta seo a leanas a mhaoiniú:
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 1. Cuirfidh an Rómáin an Coimisiún ar an eolas faoin 30 Márta 2021, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe go dtí go gcuirfear an caiteachas sin chun feidhme ina iomláine. 2. I gcás ina mbeidh bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 bunaithe ar chaiteachas poiblí beartaithe agus go bhfuil siad tar éis a bheith faoi réir cinneadh cur chun feidhme lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, cuirfidh an Rómáin an Coimisiún ar an eolas laistigh de 6 mhí ón dáta a nglacfar an cinneadh cur chun feidhme leasaitheach sin, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe go dtí go gcuirfear an caiteachas sin chun feidhme ina iomláine.”. |
Airteagal 2
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a dtabharfar an fógra faoi don seolaí.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Rómáin chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú san éigeandáil tar éis ráig COVID-19, (IO L 314, 29.9.2020, lch. 55).
(3) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 231 an 21 Márta 2020.
(4) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 945 an 4 Deireadh Fómhair 2021.
(5) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 61 an 20 Eanáir 2022.
(6) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 de 10 Lúnasa 2020.
(7) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 231 an 21 Márta 2020.
(8) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 an 10 Lúnasa 2020.
(9) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 945 an 4 Deireadh Fómhair 2021.
(10) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 345 an 5 Aibreán 2021.
(11) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 an 10 Lúnasa 2020.
(12) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1201 an 9 Nollaig 2020.
(13) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 993 an 27 Deireadh Fómhair 2020.
(14) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1189 an 7 Nollaig 2020.
(15) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 345 an 5 Aibreán 2021.
(16) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1326 an 31 Nollaig 2020.
(17) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1332 an 31 Nollaig 2020.
(18) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 575 an 7 Meitheamh 2021.
(19) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 945 an 4 Deireadh Fómhair 2021.
(20) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 61 an 20 Eanáir 2022.
(21) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 209 an 14 Márta 2020.
(22) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 790 an 28 Lúnasa 2020.
(23) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 945 an 4 Deireadh Fómhair 2021.
(24) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 634 de 18 Iúil 2020; arna athfhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 884 an 28 Meán Fómhair 2020.
(25) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 394 an 14 Bealtaine 2020.
(26) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 an 10 Lúnasa 2020.
(27) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 102 an 11 Feabhra 2020.
(28) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 an 10 Lúnasa 2020.
(29) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 634 an 18 Iúil 2020; arna athfhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 884 an 28 Meán Fómhair 2020.
(30) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 402 an 15 Bealtaine 2020.
(31) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 951 an 5 Deireadh Fómhair 2021.
(32) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 an 10 Lúnasa 2020.
(33) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 634 an 18 Iúil 2020; arna athfhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 884 an 28 Meán Fómhair 2020.
(34) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 272 an 1 Aibreán 2020.
(35) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 924 an 9 Deireadh Fómhair 2020.
(36) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 335 an 1 Aibreán 2021.
(37) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 951 an 5 Deireadh Fómhair 2021.
(38) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 357 an 11 Aibreán 2022.
(39) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1179 an 04 Nollaig 2020.
(40) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1171 an 3 Nollaig 2020.
(41) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 50 an 15 Eanáir 2021.
(42) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 50 an 15 Eanáir 2021.
(43) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1171 an 3 Nollaig 2020.
(44) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1171 an 03 Nollaig 2020.
(45) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 224 an 19 Márta 2020.
(46) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1259 an 18 Nollaig 2020.
(47) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 350 an 30 Aibreán 2020.
(48) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1251 an 17 Nollaig 2020.
(49) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 328 an 31 Márta 2021.
(50) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 935 an 30 Meán Fómhair 2021.
(51) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1081 an 11 Samhain 2021.
(52) Creat-chomhaontú– SANTE/2020/C3/048 le haghaidh ‘Remdivisir’ agus creat-chomhaontú – SANTE/2020/C3/091 le haghaidh cógas leighis antashubstainte monaclónacha.
(53) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 242 an 24 Márta 2020.
(54) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 834 an 31 Lúnasa 2021.
(55) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 396 an 15 Bealtaine 2020.
(56) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 720 de 10 Lúnasa 2020.
(57) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1005 an 29 Deireadh Fómhair 2020.
(58) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 102 an 11 Feabhra 2020.
(59) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 646 an 26 Iúil 2006.
(60) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 396 an 15 Bealtaine 2020.
(61) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 403 an 16 Bealtaine 2020.
(62) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 1108 an 19 Samhain 2020.
(63) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 242 an 24 Márta 2020.
(64) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 372 an 28 Aibreán 2006; arna athfhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 652 an 28 Lúnasa 2015.
(65) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 222 an 31 Márta 2017.
(66) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 223 an 31 Márta 2017.
(67) Arna fhoilsiú i Monatóir Oifigiúil na Rómáine uimh. 33 an 11 Eanáir 2022.