20.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/66


CINNEADH (AE) 2022/1258 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2022

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tiocfaidh suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún chun bheith folamh an 5 Meán Fómhair 2022, tar éis do Bernd LANGE éirí as oifig, le feidhm ón 4 Meán Fómhair 2022.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Thomas HABERMANN, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Landrat des Landkreises Rhön-Grabfeld (Coimisinéir Ceantair Rhön-Grabfeld), mar chomhalta de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 5 Meán Fómhair 2022 go dtí deireadh an téarma oifige reatha an 25 Eanáir 2025.

(5)

Tiocfaidh suíochán comhalta mhalartaigh chun bheith folamh tar éis cheapadh Thomas HABERMANN mar chomhalta de Choiste na Réigiún amhail ón 5 Meán Fómhair 2022.

(6)

Mhol Rialtas na Gearmáine Christoph SCHNAUDIGEL, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Landrat des Landkreises Karlsruhe (Coimisinéir Ceantair Karlsruhe), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 5 Meán Fómhair 2022 go dtí deireadh an téarma oifige reatha an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ón 5 Meán Fómhair 2022 go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Thomas HABERMANN, Landrat des Landkreises Rhön-Grabfeld (Coimisinéir Ceantair Rhön-Grabfeld),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Christoph SCHNAUDIGEL, Landrat des Landkreises Karlsruhe (Coimisinéir Ceantair Karlsruhe).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).