19.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 190/141


CINNEADH (AE) 2022/1244 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2022

lena mbunaítear critéir an Éicilipéad AE maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4758)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, is féidir an tÉicilipéad AE a dhámhachtain do na hearraí sin a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol i gcaitheamh a saolré ar fad.

(2)

Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhfuil critéir shonracha Éicilipéad AE le bunú de réir grúpaí táirgí.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún (2) bunaíodh critéir Éicilipéad AE mar aon leis na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le haghaidh an ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach agus móta”. Cuireadh síneadh le tréimhse bhailíochta na gcritéar agus na gceanglas sin go dtí an 30 Meitheamh 2022 le Cinneadh (AE) 2019/1134 ón gCoimisiún (3).

(4)

Chun an dea-chleachtas sa mhargadh le haghaidh an ghrúpa táirgí a léiriú ar bhealach is fearr agus chun forbairtí beartas agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le glacadh méadaithe agus éileamh an mhargaidh ar tháirgí inbhuanaithe a chur san áireamh, is iomchuí sraith nua critéar maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach a leagan síos.

(5)

Sa Tuarascáil ar Sheiceáil Oiriúnachta an Éicilipéid AE (4) an 30 Meitheamh 2017, lena ndearnadh athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, thángthas ar an gconclúid gur gá cur chuige níos straitéisí a fhorbairt i leith an Éicilipéid AE, lena n-áirítear cuachadh grúpaí táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile i gcás inarb iomchuí.

(6)

I gcomhréir leis na conclúidí sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir le haghaidh an ghrúpa táirgí “damhnaí fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta”, agus comhchuibhiú le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a áirithiú.

(7)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1009, pointe (6) den bhrollach agus Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach” a chur in ionad ainm an ghrúpa táirgí chun feidhmiúlacht na dtáirgí a léiriú ar bhealach níos fearr, ós rud é go meastar gur cineál feabhsaitheora ithreach é “móta”.

(8)

Leis an gcomhchuibhiú le Rialachán (AE) 2019/1009 ba cheart infheictheacht an Éicilipéid AE le haghaidh táirgí damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach sa mhargadh a mhéadú agus ba cheart an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta a laghdú. Chomh maith leis sin, ba cheart modhnuithe áirithe a dhéanamh ar na sainmhínithe laistigh den ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach”, go sonrach chun an téarmaíocht a chomhchuibhiú le Rialachán (AE) 2019/1009.

(9)

Sa Phlean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (6) arna ghlacadh an 11 Márta 2020, sonraítear go bhfuil na ceanglais maidir le marthanacht, in-athchúrsáilteacht agus an cion athchúrsáilte le háireamh ar bhealach níos córasaí i gcritéir an Éicilipéid AE.

(10)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag critéir athbhreithnithe an Éicilipéad AE maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach, go háirithe, táirgí a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a chur chun cinn, ar táirgí iad a tháirgtear trí úsáid a bhaint as próisis atá éifeachtúil ó thaobh an ábhair de agus atá fuinneamhéifeachtúil. Chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí, ba cheart, leis na critéir, a chur chun cinn ábhar orgánach athchúrsáilte agus cothaithigh a áireamh i ndamhnaí fáis agus i bhfeabhsaitheoirí ithreach, agus ba cheart athshlánú na ndamhnaí fáis mianraí ag céim deiridh a saolré a spreagadh. Leis na critéir athbhreithnithe ba cheart a ráthú gur sábháilte iad na táirgí i dtaca le sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí agus/nó don chomhshaol trí theorainneacha a leagan síos maidir le láithreacht substaintí guaiseacha, amhail miotail throma agus truailleáin orgánacha, agus trí fhoinsiú rialaithe mianraí a áirithiú. I bhfianaise iarrachtaí i dtreo na haeráidneodrachta agus i bhfianaise dhícharbónú thionscal na hEorpa, ba cheart ceanglais éigeantacha a leagan síos leis na critéir maidir le hastaíochtaí CO2 agus le hídiú leictreachais i dtaca le mianraí forbartha agus le monarú olla carraige, agus ba cheart a dhreasú an cion ábhair athchúrsáilte/athshlánaithe a ionchorprú sna damhnaí fáis.

(11)

Ba cheart na critéir nua agus na ceanglais ghaolmhara nua maidir le measúnú agus fíorú leanúint de bheith bailí go dtí an 30 Meitheamh 2030, agus timthriall nuálaíochta an ghrúpa táirgí á chur san áireamh.

(12)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/2099 a aisghairm.

(13)

Ba cheart idirthréimhse a bheith ann le haghaidh táirgeoirí ar dámhadh ar a dtáirgí an tÉicilipéad AE do dhamhnaí fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta de réir na gcritéar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2015/2099, ionas go mbeidh am leordhóthanach acu a dtáirgí a oiriúnú chun na critéir nua agus na ceanglais nua a chomhlíonadh. Ar feadh tréimhse theoranta tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, ba cheart táirgeoirí a bheith in ann iarratais a chur isteach de réir na gcritéar a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2015/2099 nó de réir na gcritéar nua a bhunaítear leis an gCinneadh seo. Maidir le ceadúnais an Éicilipéad AE arna ndámhachtain i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2015/2099, ba cheart cead a bheith ann iad úsáid ar feadh 12 mhí tar éis ghlacadh an Chinnidh seo.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach a bheidh sa ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach”.

Airteagal 2

Chun críoch an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “damhna fáis” táirge nach ithir é in situ, a mbeidh sé mar fheidhm aige a bheith ina ábhar ina bhfásfaidh plandaí, lena n-áirítear algaí, nó muisiriúin;

(2)

ciallaíonn “feabhsaitheoir ithreach” táirge, lena n-áirítear móta, arb é an fheidhm atá aige airíonna fisiceacha nó ceimiceacha, struchtúr nó gníomhaíocht bhitheolaíoch na hithreach lena gcuirtear é a choinneáil ar bun, a fheabhsú nó a chosaint.

(3)

ciallaíonn “móta” cineál feabhsaitheora ithreach a úsáidtear mar chumhdach cosanta a chuirtear timpeall plandaí ar an mbarrithreach agus arb iad na príomhfheidhmeanna atá aige cailliúint taise a chosc, fás fiailí a rialú, cuidiú le teocht na hithreach a mhodhnú agus creimeadh ithreach a laghdú.

Airteagal 3

Chun an tÉicilipéad AE a dhámhachtain do tháirgí damhnaí fáis agus d’fheabhsaitheoirí ithreach ar tháirge faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, tiocfaidh sé laistigh den ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach” mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, agus beidh sé i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Critéir an Éicilipéid AE le haghaidh an ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach” mar aon leis na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú, beidh siad bailí go dtí an 31 Nollaig 2030.

Airteagal 5

Chun críoch riaracháin, is é “048” an uimhir chóid a shannfar don ghrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach”.

Airteagal 6

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2099.

Airteagal 7

1.   Maidir le hiarratais ar an Éicilipéad AE le haghaidh an ghrúpa táirgí “damhnaí fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta”, mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/2099, iarratais a chuirtear isteach roimh dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, déanfar meastóireacht orthu i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2015/2099.

2.   Maidir le hiarratais ar an Éicilipéad AE le haghaidh táirgí a thagann faoin ngrúpa táirgí “damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach”, a shainmhínítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, iarratais a chuirtear isteach ar dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo nó laistigh de 2 mhí den dáta sin, féadfaidh siad a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo nó ar na critéir a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2015/2099. Déanfar meastóireacht ar na hiarratais sin i gcomhréir leis na critéir ar a bhfuil siad bunaithe.

3.   Maidir le ceadúnais an Éicilipéid AE arna ndámhachtain ar bhonn iarratas a ndearnadh meastóireacht air i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2015/2099, féadfar iad a úsáid go ceann 12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 8

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 20 Iúil 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2015 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha maidir le hÉicilipéad AE a dhámhachtain do dhamhnaí fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta (IO L 303, 20.11.2015, lch. 75).

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1134 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2019 lena leasaítear Cinneadh 2009/300/CE agus Cinneadh (AE) 2015/2099, a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta na gcritéar éiceolaíoch maidir le hÉicilipéad AE a dhámhachtain do tháirgí áirithe, agus leis na ceanglais ghaolmhara i dtaca le measúnú agus fíorú (IO L 179, 3.7.2019, lch. 25).

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (COM(2017) 355 final).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche, COM(2020)98 final.


IARSCRÍBHINN

Critéir an Éicilipéid AE maidir leis an Éicilipéad AE a dhámhachtain do dhamhnaí fáis agus d’fheabhsaitheoirí ithreach

AN CREAT

CRITÉIR AN ÉICILIPÉID AE

Is iad seo a leanas na critéir maidir leis an Éicilipéad AE a dhámhachtain do dhamhnaí fáis agus d’fheabhsaitheoirí ithreach, mar aon lena n-infheidhmeacht maidir le gach cineál táirge a chumhdaítear faoin raon feidhme:

Tábla 1

Forbhreathnú ar na critéir is infheidhme de réir an táirge shonraigh

Critéar

Damhnaí fáis

Feabhsaitheoirí ithreach

1 – Comhábhair

x

x

1.1 – Comhábhair orgánacha an táirge

x

x

2 – Comhábhair mianraí

x

x

2.1 – Ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 le linn mhonarú na ndamhnaí fáis mianraí

x

 

2.2 – Foinsí eastósctha mianraí

x

x

2.3 – Úsáid damhnaí fáis mianraí agus tar éis úsáide

x

 

3 – Comhábhair orgánacha agus ábhar athchúrsáilte/athshlánaithe i ndamhnaí fáis

x

 

4. Substaintí srianta

x

x

4.1 – Teorainneacha le haghaidh miotail throma

x

x

4.2 – Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

x

x

4.3 – Srianta ar shubstaintí agus ar mheascáin a aicmítear mar shubstaintí agus meascáin ghuaiseacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

x

x

4.4 – Srianta ar shubstaintí is ábhar mór imní (SVHCanna) mar a shainaithnítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

x

x

4.5 – Critéir mhicribhitheolaíocha

x

x

5 – Oiriúnacht don úsáid

x

x

5.1 – Cobhsaíocht

x

x

5.2 – Eisíontais mhacrascópacha

x

x

5.3 – Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

 

x

5.4 – Síolta fiailí inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

x

x

5.5 – Freagairt an phlanda

x

x

6 – Gnéithe de na damhnaí fáis

x

 

6.1 – Seoltacht leictreach

x

 

6.2 – Cion sóidiam

x

 

6.3 – Cion clóiríde

x

 

7 – Faisnéis a sholáthar

x

x

7.1 – Feabhsaitheoirí ithreach

 

x

7.2 – Damhnaí fáis

x

 

8 – Faisnéis atá le feiceáil ar an Éicilipéad AE

x

x

Ceanglais maidir le measúnú agus fíorú

Chun an tÉicilipéad AE a dhámhachtain do tháirge sonrach ní mór d’iarratasóirí gach ceanglas a chomhlíonadh.

Tugtar ceanglais shonracha maidir le measúnú agus fíorú faoi gach critéar.

Más rud go gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir dearbhuithe, doiciméadacht, anailísí, tuarascálacha tástála, nó aon fhaisnéis eile a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh, féadfaidh siad teacht ón iarratasóir agus/nó óna sholáthróirí, de réir mar is iomchuí.

Tabharfaidh comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta d’fhianuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh saotharlanna tástála agus calabrúcháin, agus tabharfaidh siad aitheantas tosaíochta chomh maith d’fhíoruithe ó chomhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próiseas agus seirbhísí.

I gcás inarb iomchuí, maidir leis na modhanna tástála agus samplála a thugtar le haghaidh gach critéir, féadfar modhanna eile a úsáid má ghlacann an comhlacht inniúil atá ag déanamh measúnú ar an iarratas go bhfuil siad coibhéiseach.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí inniúla doiciméadacht tacaíochta a éileamh agus féadfaidh siad fíoruithe neamhspleácha a dhéanamh.

Tabharfar fógra do chomhlachtaí inniúla faoi athruithe ar sholáthróirí agus ar láithreáin táirgthe i ndáil le táirgí ar dámhadh an tÉicilipéad AE dóibh, i dteannta faisnéis tacaíochta ionas gur féidir comhlíontacht leanúnach leis na critéir a fhíorú.

Mar réamhcheanglas, ní mór an táirge a bheith i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) 2019/1009 nó le ceanglais dhlíthiúla an Bhallstáit ina bhfuil sé ceaptha an táirge a chur ar an margadh. Sa dara cás, dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sin.

Déanfar an tsampláil i gcomhréir le EN 12579 (Feabhsaitheoirí ithreach agus damhnaí fáis – Sampláil). Tá samplaí le hullmhú i gcomhréir le EN 13040 – (Feabhsaitheoirí ithreach agus damhnaí fáis – Ullmhú samplaí i gcomhair tástálacha ceimiceacha agus fisiceacha, cion ábhair thirim, cion taise agus dlús toirte dlúthaithe saotharlainne a chinneadh).

A luaithe a bheidh modhanna tástála agus samplála ar fáil, déanfar iad i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1009.

Maidir le bliain an iarratais, beidh minicíocht na samplála agus na tástála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bhFoscríbhinn 1. Maidir leis na blianta ina dhiaidh sin, beidh minicíocht samplála agus tástála táirgí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bhfoscríbhinn 2. Leagtar síos minicíochtaí samplála agus tástála éagsúla le haghaidh na saoráidí seo a leanas:

Cineál 1: Saoráidí cóireála le haghaidh dramhaíola nó le haghaidh seachtháirgí ainmhí;

Cineál 2: Saoráidí monaraithe táirgí ina n-úsáidtear ábhair ó shaoráidí atá faoi Chineál 1; agus

Cineál 3: Saoráidí monaraithe táirgí nach n-úsáidtear iontu ábhair ó shaoráidí atá faoi Chineál 1.

I gcás saoráidí atá faoi Chineál 2, is iad na minicíochtaí a leagtar síos le haghaidh Chineál 3 na minicíochtaí samplála agus tástála le haghaidh bhliain an iarratais agus na mblianta ina dhiaidh sin, más rud é gur i gcomhréir le critéir an Éicilipéid AE maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach atá na hábhair arna soláthar atá díorthaithe ó sheachtháirgí ainmhithe. Déanfaidh an t-iarratasóir na tuarascálacha tástála ó na soláthróirí, mar aon leis na doiciméid a sholáthar don chomhlacht inniúil, lena áirithiú go bhfuil an t-ábhar a soláthraíodh i gcomhréir le critéir an Éicilipéid AE. Maidir leis na minicíochtaí samplála agus tástála faoin reachtaíocht náisiúnta agus na caighdeáin náisiúnta, féadfaidh an comhlacht inniúil a aithint gur minicíochtaí iad atá bailí chun a áirithiú go bhfuil na hábhair arna soláthar agus a dhíorthaítear ó dhramhaíl nó ó sheachtháirgí ainmhí i gcomhréir le critéir an Éicilipéid AE.

Beidh gá le dearbhú i scríbhinn ón iarratasóir á dhearbhú go bhfuil na critéir uile comhlíonta le haghaidh an mheasúnaithe freisin.

Is éard is táirge leasacháin AE ann táirge leasacháin ar a mbeidh an comhartha CE nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh é. Más táirge leasacháin AE é an táirge, cuirfear an doiciméadacht seo a leanas ar fáil don chomhlacht inniúil: dearbhú comhréireachta AE; an doiciméadacht theicniúil; agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid arna n-eisiúint ag comhlacht dá dtugtar fógra a raibh baint aige leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta ar an táirge.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ionchur bliantúil” cainníocht bhliantúil na n-ábhar a chóireáiltear i saoráid cóireála dramhaíola nó i saoráid saorseachtháirge ainmhí;

(2)

ciallaíonn “aschur bliantúil” cainníocht bhliantúil na dtáirgí ina bhfuil na comhábhair chéanna;

(3)

ciallaíonn “baisc” cainníocht earraí a mhonaraítear trí bhíthin an phróisis chéanna faoi na coinníollacha céanna agus a lipéadaítear ar an mbealach céanna agus a nglactar leis go mbaineann na tréithe céanna leo;

(4)

ciallaíonn “bithdhramhaíl” dramhaíl ghairdín agus pháirce atá in-bhithmhillte, agus dramhaíl bhia agus chistine ó theaghlaigh, oifigí, bialanna, ón mórdhíol, ó cheaintíní, lónadóirí agus áitribh mhiondíola agus dramhaíl inchomparáide ó shaoráidí próiseála bia, lena n-áirítear dramhaíl chomhchosúil ó theaghlaigh arna bailiú in éineacht leis an mbithdhramhaíl;

(5)

ciallaíonn “comhábhar” an t-ábhar a úsáidtear mar chomhábhar den táirge;

(6)

ciallaíonn “damhna fáis mianraí” damhna fáis atá comhdhéanta go hiomlán d’ábhair mianraí, ar damhna fáis é nach dtairgtear ach le haghaidh feidhmeanna gairmiúla gairneoireachta, mar bhallaí glasa agus/nó díonta glasa;

(7)

ciallaíonn “comhábhar orgánach” comhábhar atá comhdhéanta go príomha de charbón agus móilíní a dhíorthaítear ó orgánaigh bheo, seachas breoslaí iontaise agus ábhair a dhíorthaítear ó bhreoslaí iontaise;

(8)

ciallaíonn “ábhar slánaithe” aon ábhar a chuaigh faoi aon oibríocht athshlánaithe, lena n-áirítear ullmhú lena athúsáid, athchúrsáil agus aislíonadh, cé is moite d’aisghabháil fuinnimh agus an athphróiseáil in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint;

(9)

ciallaíonn “athshlánú” aon oibríocht arb é an príomhthoradh atá uirthi go mbaintear úsáid fhónta as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile a mbainfí feidhm ar leith astu murach sin, nó go n-ullmhaítear dramhaíl chun an fheidhm sin a bhaint aisti, sa tsaoráid nó sa gheilleagar i gcoitinne;

(10)

ciallaíonn “athchúrsáil” aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí, cibé acu chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile, lena n-áirítear athphróiseáil ábhair orgánaigh ach lena n-eisiatar aisghabháil fuinnimh agus an t-athphróiseáil in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó le haghaidh oibríochtaí aaislíontachta;

(11)

ciallaíonn “carbón orgánach iomlán (TOC)” an chainníocht carbóin a thiontaítear ina dé-ocsaíd charbóin trí dhóchán agus nach scaoiltear mar dhé-ocsaíd charbóin trí chóireáil aigéid.

Critéar 1 – Comhábhair

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Is comhábhair orgánacha agus/nó comhábhair mianraí na comhábhair a cheadófar.

Ní bheidh sa táirge móin a cuireadh leis d’aon ghnó.

Critéar 1.1. – Comhábhair orgánacha an táirge

Féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhábhair orgánacha seo a leanas a bheith sa táirge:

(a)

plandaí, codanna de phlandaí nó eastóscáin plandaí, arna ndíorthú ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta nó ó ghníomhaíochtaí foraoiseachta, nach ndearnadh aon phróiseáil orthu seachas gearradh, meilt, muilleáil, criathrú, rilleadh, lártheifneoiriú, fáscadh, triomú, reothriomú, eastóscadh le huisce, eastóscadh forchriticiúil CO2 nó snáithíniú ag teocht nach airde ná 100 °C, gan aon bhreiseán iontu seachas uisce. Chun críoch an phointe seo, cuimsítear le plandaí muisiriúin, algaí agus ní chuimsítear algaí gormghlasa (cianabaictéir).

(b)

aol ó mhonarcha i dtionscal an bhia, i.e. ábhar ón tionscal próiseála bia a fuarthas trí ábhar orgánach a charbónáitiú, próiseas nár úsáideadh ann ach aol dóite ó fhoinsí nádúrtha;

(c)

molás, i.e. seachtháirge slaodach a fhaightear ó chána siúcra nó biatais siúcra a scagadh go siúcra;

(d)

fíonfhuíll, i.e. seachtháirge slaodach a fhaightear ó phróiseas coipthe moláis go heatánól, go haigéad ascorbach nó go táirgí eile.

(e)

triosc driogairí, i.e. fotháirgí a eascraíonn as deochanna alcólacha a tháirgeadh;

(f)

aol ó uisce óil a tháirgeadh, i.e. iarmhar a scaoiltear trí uisce óil a tháirgeadh ó screamhuisce nó uisce dromchla, agus ina bhfuil carbónáit chailciam den chuid is mó.

(g)

díleáiteán a fhaightear trí dhíghrádú anaeróbach a dhéanamh, nó múirín a fhaightear trí mhúiríniú aeróbach a dhéanamh, ar cheann amháin nó níos mó de na hábhair a liostaítear thíos ó 1 go 5.

Is féidir comhábhair orgánacha (g) a fháil trí cheann amháin nó níos mó de na hábhair ionchuir seo a leanas a phróiseáil:

1.

bithdhramhaíl ó bhailiú ar leithligh ag an bhfoinse, mar a shainítear i dTreoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2008/98/CE (3);

2.

orgánaigh, bídís beo nó marbh nó codanna díobh, atá neamhphróiseáilte nó nach bhfuil próiseáilte ach trí mhodh láimhe, meicniúil nó imtharraingteach, trí thuaslagadh in uisce, trí shnámhacht, trí eastóscadh le huisce, trí ghaldriogadh nó trína dtéamh díreach chun uisce a bhaint, nó a eastósctar ón aer trí mhodh ar bith, seachas:

a.

ábhair arb í an dramhaíl bhardasach mheasctha is bunús leo;

b.

sloda séarachais, sloda tionsclaíoch nó sloda dreideála;

c.

seachtháirgí ainmhí nó táirgí díorthaithe a thagann laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nár cinneadh ina leith aon phointe deiridh sa slabhra monaraíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an tríú fomhír den Rialachán sin;

3.

ábhair nó táirgí díorthaithe uathu atá faoi chatagóir 2 nó catagóir 3, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 32(1) agus (2) agus sna bearta dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ar choinníoll gur cinneadh an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an tríú fomhír, den Rialachán sin, agus gur baineadh amach é sular cuireadh an táirge ar an margadh;

4.

slodaí atá i gcomhréir leis an dá choinníoll seo a leanas:

I.

aithnítear iad mar cheann de na cineálacha dramhaíola seo a leanas (5):

0203 05

slodaí as cóireáil eisiltigh ar an láthair le linn torthaí, glasraí, gránaigh, olaí inite, cócó, caife, tae agus tobac a ullmhú agus a phróiseáil, táirgeadh spréach, táirgeadh giosta agus eastóscán giosta, ullmhú agus coipeadh moláis;

0204 03

slodaí as cóireáil eisiltigh ar an láthair i bpróiseáil siúcra;

0205 02

slodaí as cóireáil eisiltigh ar an láthair i dtionscal na dtáirgí déiríochta;

0206 03

slodaí as cóireáil eisiltigh ar an láthair sa tionscal bácála agus milseogra;

0207 05

slodaí as cóireáil eisiltigh ar an láthair chun deochanna alcólacha agus neamhalcólacha a tháirgeadh (seachas caife, tae agus cócó);

II.

scartar ó fhoinse amháin iad, rud a chiallaíonn nach ndearnadh aon mheascadh le heisiltigh ná slodaí lasmuigh de phróiseas táirgthe ar leith.

5.

díleáiteán a fhaightear trí dhíghrádú anaeróbach a dhéanamh, nó múirín a fhaightear trí mhúiríniú aeróbach a dhéanamh, ar aon cheann de na hábhair a shonraítear i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den liosta seo.

Measúnú agus fíorú

Cuirfidh an t-iarratasóir liosta de chomhábhair uile an táirge ar fáil don chomhlacht inniúil.

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis faoi bhunús gach comhábhair orgánaigh den táirge a chur ar fáil don chomhlacht inniúil mar aon le dearbhú gur comhlíonadh ceanglais Chritéar 1 den Iarscríbhinn seo.

Critéar 2 – Comhábhair mianraí

Critéar 2.1 – Ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 le linn mhonarú na ndamhnaí fáis mianraí

Níl feidhm ag an gcritéar seo ach amháin maidir le damhnaí fáis mianraí.

Beidh monarú mianraí forbartha agus olla carraige i gcomhréir leis na tairsí ídithe fuinnimh agus tairsí astaíochtaí CO2 seo a leanas:

ídiú fuinnimh/táirge ≤ 11 GJ/t táirge, i bhfuinneamh príomhúil; agus

astaíochtaí CO2/táirge ≤ 0,7 t CO2/t an táirge.

Tagraíonn “táirge” don olann charraige in aon cheann de na foirmeacha a chuirtear ar an margadh (e.g. leadhbanna, ciúbanna, plugaí).

Ríomhfar an cóimheas tomhaltais fuinnimh/táirge mar mheán bliantúil mar a leanas:

Formula

I gcás:

inarb é is n ann líon blianta na tréimhse a úsáidtear chun an meán a ríomh;

inarb é is i ann gach bliain den tréimhse a úsáidtear chun an meán a ríomh;

inarb é is Táirgeadh ann táirgeadh olla mianraí nó táirgeadh mianraí forbartha i dtonaí sa bhliain i,;

inarb é is F ann ídiú bliantúil na mbreoslaí sa phróiseas táirgthe sa bhliain i,;

inarb é is Eleangach ann an t-ídiú leictreachais bliantúil ón eangach sa bhliain i;

inarb é is Hcog ann an t-ídiú bliantúil teasa úsáidigh ó chomhghiniúint sa bhliain i;

inarb é is Elcog ann an t-ídiú bliantúil leictreachais ó chomhghiniúint sa bhliain i;

inarb é is Ref Ηη agus Ref Εη ann na héifeachtúlachtaí tagartha maidir le táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais mar a shainítear i dTreoir 2011/877/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus arna ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún (7); agus

Is éard is PEScog ann coigilt fuinnimh phríomhúil na saoráide comhghiniúna mar a shainítear i dTreoir 2012/27/AE, sa bhliain i.

Déanfar an cóimheas idir astaíochtaí CO2 agus táirgeadh a ríomh mar mheán bliantúil mar a leanas:

Formula

I gcás:

inarb é is n ann líon blianta na tréimhse a úsáidtear chun an meán a ríomh;

inarb é is i ann gach bliain den tréimhse a úsáidtear chun an meán a ríomh;

inarb é is Táirgeadh ann táirgeadh olla charraige i dtonaí sa bhliain i,;

inarb é is CO2 díreach ann na hastaíochtaí CO2 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (8), sa bhliain i; agus

inarb é is CO2 indíreach ann na hastaíochta CO2 indíreacha de bharr ídiú fuinnimh deiridh sa bhliain i, agus ríomhfar é de réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (9).

Déanfar faireachán ar na hastaíochtaí CO2 díreacha i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

Déanfar faireachán ar na hastaíochtaí CO2 indíreacha i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 maidir le rialacha i dtaca le leithdháileadh saor in aisce.

Is iad na 5 bliana deireanacha sular gcuirtear isteach an t-iarratas an tréimhse chun na cóimheasa idir ídiú fuinnimh agus an táirge agus idir astaíochtaí CO2 agus an táirge a ríomh. Más lú na 5 bliana tréimhse oibríochta na saoráide faoin dáta a chuirtear an t-iarratas isteach, is mar mheán bliantúil sa tréimhse oibríochta sin a ríomhfar an cóimheas, agus beidh bliain amháin ar a laghad i gceist leis sin.

Measúnú agus fíorú

Cuirfidh an t-iarratasóir dearbhú ar fáil don chomhlacht inniúil, ar dearbhú é ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

an cóimheas idir ídiú fuinnimh (GJ) agus an táirge (tona);

an cóimheas idir astaíochtaí CO2 (tona) agus an táirge (tona)

astaíochtaí CO2 díreacha (tonaí) le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

astaíochtaí CO2 indíreacha (tonaí) le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

na breoslaí arna n-ídiú, ídiú gach breosla (GJ), fo-phróisis den phróiseas monaraíochta i gcás ina n-ídítear iad le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

an t-ídiú leictreachais ón eangach (fuinneamh deiridh GJ) le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

an t-ídiú teasa úsáidigh ó chomhghiniúint (fuinneamh deiridh GJ) le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

an t-ídiú leictreachais ón ó chomhghiniúint (fuinneamh deiridh GJ) le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

éifeachtúlachtaí tagartha le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais;

coigilt fuinnimh phríomhúil (PES) (%) den chomhghiniúint le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh; agus

breoslaí a úsáidtear i gcomhghiniúint agus a sciar den mheascán breosla a shainaithint, le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh.

Soláthrófar na doiciméid seo a leanas in éineacht leis na dearbhuithe:

tuarascáil bhliantúil astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh;

tuarascáil fíorúcháin lena gcinntear gur sásúil í an tuarascáil bhliantúil astaíochtaí agus go bhfuil sí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (10), maidir le gach bliain den tréimhse chun an meán a ríomh;

taifid ar ídiú leictreachais ón eangach arna soláthar ag an soláthróir, le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh; agus

taifid ar an ídiú teasa úsáidigh agus ar an ídiú leictreachais ó chomhghiniúint, idir chomhghiniúint ar an láthair agus chomhghiniúint arna ceannach, le haghaidh gach bliana den tréimhse chun an meán a ríomh.

Critéar 2.2 – Foinsí eastósctha mianraí

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Maidir leis na mianraí a bheidh le húsáid mar chomhábhar i bhfeabhsaitheoir ithreach agus i ndamhnaí fáis ag a bhfuil an tÉicilipéad AE, ní dhéanfar na mianraí sin a eastóscadh ach amháin ar láithreáin a chumhdaítear leis an doiciméadacht seo a leanas:

measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus, i gcás inarb ábhartha, tuarascáil i gcomhréir le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

údarú bailí le haghaidh na gníomhaíochta eastósctha arna eisiúint ag an údarás réigiúnach nó náisiúnta ábhartha;

plean bainistíochta athshlánúcháin a bhaineann le húdarú na gníomhaíochta eastósctha;

léarscáil lena léirítear suíomh an chairéil;

dearbhú comhréireachta le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

dearbhú comhréireachta le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (13) (gnáthóga) agus le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (éin).

Maidir leis an bpointe deireanach thuas, i gcásanna ina mbeidh láithreáin eastósctha lonnaithe i limistéir líonra Natura 2000, arb é atá iontu limistéir chaomhantais speisialta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE agus limistéir chosanta speisialta mar a shainítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE, beidh measúnú déanta ar ghníomhaíochtaí eastósctha agus beidh siad údaraithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE agus beidh an treoirdhoiciméad ábhartha ón gCoimisiún Eorpach (15) curtha san áireamh.

Chomh maith leis sin, maidir leis an bpointe deireanach thuas, i gcásanna ina bhfuil láithreáin eastósctha lonnaithe lasmuigh den Aontas, má eastósctar ábhair as limistéir atá ainmnithe go hoifigiúil nó a glacadh go hoifigiúil mar iarrthóirí ar na nithe seo a leanas: limistéir a bhfuil leas caomhantais speisialta ag baint leo; limistéir atá mar chuid den líonra Emerald de bhun Mholadh Uimh. 16 (1989) agus Rún Uimh. 3 (1996) den Choinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (16); nó limistéir faoi chosaint atá ainmnithe amhlaidh faoi reachtaíocht náisiúnta na dtíortha foinsithe/onnmhairiúcháin, beidh na gníomhaíochtaí eastósctha measúnaithe agus údaraithe i gcomhréir le forálacha lena ndéantar foráil maidir le dearbhuithe atá coibhéiseach le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú á léiriú gur comhlíonadh an ceanglas sin arna eisiúint ag na húdaráis inniúla, nó cóip de na húdaruithe arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla, agus aon dearbhú agus doiciméadacht eile is gá.

Áireofar sa phlean bainistíochta athshlánúcháin na cuspóirí maidir le hathshlánú an chairéil, an dearadh coincheapúil críochnaitheach le haghaidh na foirme talún, lena n-áirítear an úsáid talún atá beartaithe tar éis úsáid an chairéalaithe, sonraí maidir le clár athfhásta éifeachtach a chur chun feidhme agus sonraí maidir le clár faireacháin éifeachtach chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na limistéar athshlánaithe.

Má rinneadh gníomhaíochtaí eastósctha mianraí tionsclaíocha nó gníomhaíochtaí eastósctha mianraí tógála i limistéir Líonra Natura 2000 (san Aontas), líonra Emerald nó i limistéir faoi chosaint atá ainmnithe amhlaidh faoi reachtaíocht náisiúnta na dtíortha foinsithe/onnmhairiúcháin (lasmuigh den Aontas), soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú á dhearbhú go gcomhlíontar an gceanglas sin arna eisiúint ag na húdaráis inniúla nó cóip dá údarú arna eisiúint ag na húdaráis inniúla.

Critéar 2.3 – Úsáid damhnaí fáis mianraí agus tar éis úsáide

Níl an critéar seo infheidhme ach maidir le damhnaí fáis mianraí.

Cuirfidh an t-iarratasóir seirbhís struchtúrtha bailithe agus athchúrsála ar fáil do chustaiméirí, ar seirbhís í a fhéadfaidh soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a úsáid. Cumhdóidh an tseirbhís bailithe agus athchúrsála 70 % ar a laghad de dhíolacháin an iarratasóra, díolacháin arna sloinneadh i dtoirt, ar fud an Aontais.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil dearbhú á dhearbhú nach dtairgtear na damhnaí fáis mianraí lena n-úsáid ach amháin le haghaidh feidhmeanna gairmiúla gairneoireachta. San fhaisnéis a sholáthrófar don úsáideoir deiridh, cuirfear san áireamh ráiteas faoi fheidhm ghairneoireachta ghairmiúil an táirge.

Cuirfidh an t-iarratasóir an comhlacht inniúil ar an eolas faoi na roghanna atá ar fáil i leith seirbhísí struchtúrtha bailithe agus athchúrsála agus faoi thorthaí na roghanna a cuireadh chun feidhme. Soláthróidh an t-iarratasóir an doiciméadacht agus an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

doiciméadacht an chonartha idir an monaróir agus na soláthraithe seirbhíse;

tuairisc ar an mbailiú, an phróiseáil agus na cinn scríbe;

forbhreathnú bliantúil ar mhéid iomlán dhíolacháin na ndamhnaí fáis i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus forbhreithniú bliantúil ar mhéideanna na ndíolachán i limistéir na mBallstát sin ina bhfuil seirbhísí bailiúcháin agus próiseála le fáil.

I gcás iontrálaithe nua, soláthrófar meastachán ar an bhforbhreathnú bliantúil maidir le méid iomlán na ndíolachán i mBallstáit an Aontais, agus meastachán ar an bhforbhreathnú bliantúil maidir le méideanna na ndíolachán i limistéir na mBallstát sin ina bhfuil seirbhísí bailiúcháin agus próiseála ar fáil. Déanfar fíorshonraí a sholáthar bliain amháin tar éis an ceadúnas an Éicilipéid AE a dhámhachtain.

Critéar 3 – Comhábhair orgánacha agus ábhar athchúrsáilte/athshlánaithe i ndamhnaí fáis

Níl feidhm ag an gcritéar seo ach maidir le damhnaí fáis.

Is éard a bheidh sna damhnaí fáis, ábhar orgánach nó ábhar athchúrsáilte/athshlánaithe, i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

is éard a bheidh sna damhnaí fáis 30 % ar a laghad de chomhábhair orgánacha (arna sloinneadh mar thoirt na gcomhábhar orgánach in aghaidh thoirt iomlán an táirge);

(b)

is éard a bheidh sna damhnaí fáis, comhábhair mianraí a mhonaraítear ó phróiseas ina n-úsáidfear 30 % ar a laghad d’ábhair athchúrsáilte/athshlánaithe (arna shloinneadh mar mheáchan tirim ábhar athchúrsáilte/athshlánaithe in aghaidh mheáchan tirim iomlán na n-ábhar ionchuir).

Measúnú agus fíorú

Dearbhóidh an t-iarratasóir an fhaisnéis seo a leanas:

maidir le cás (a): toirt na n-ábhar orgánach arna dearbhú i gCritéar 1 in aghaidh thoirt iomlán an táirge;

maidir le cás (b): meáchan tirim ábhar athchúrsáilte/athshlánaithe in aghaidh mheáchan tirim iomlán na n-ábhar ionchuir.

Maidir le cás (b), dearbhóidh an t-iarratasóir an fhaisnéis seo a leanas chomh maith maidir leis na comhábhair mianraí:

sainaithint na n-ionchur amhábhair, méideanna tuairiscithe mar mheáchan tirim agus a mbunús;

sainaithint ionchuir ábhair athchúrsáilte/athshlánaithe, méid an tuairiscithe agus a mbunús, a mbeidh sonrasc nó doiciméid fíoraithe ag gabháil leo arna gcur ar fáil ag soláthróir an ábhair.

Critéar 4 – Substaintí srianta

Critéar 4.1 – Teorainneacha le haghaidh miotail throma

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Critéar 4.1(a) – Teorainneacha le haghaidh miotail throma i bhfeabhsaitheoirí ithreach

Maidir le cion na n-eilimintí seo a leanas sa táirge beidh siad níos ísle ná na luachanna a thaispeántar i dTábla 2, cion a thomhaistear i dtéarmaí ábhar tirim (AT) an táirge.

Tábla 2

Teorainneacha ar mhiotail throma i bhfeabhsaitheoirí ithreach

Miotal trom

Uaschion sa táirge (mg/kg AT)

Caidmiam (Cd)

1

Cróimiam iomlán (Cr iomlán)

100

Copar (Cu)

200

Mearcair (Hg)

0,45

Nicil (Ni)

40

Luaidhe (Pb)

100

Sinc (Zn)

300

Arsanaic neamhorgánach (As)

10

Critéar 4.1(b) – Teorainneacha le haghaidh miotail throma i ndamhnaí fáis

Maidir le cion na n-eilimintí seo a leanas sa táirge beidh siad níos ísle ná na luachanna a thaispeántar i dTábla 3, cion a thomhaistear i dtéarmaí ábhar tirim (AT) an táirge.

Tábla 3

Teorainneacha ar mhiotail throma i ndamhnaí fáis

Miotal trom

Uaschion sa táirge (mg/kg AT)

Damhnaí fáis mianraí

Damhnaí fáis seachas damhnaí fáis mianraí

Caidmiam (Cd)

1,3

1,3

Cróimiam iomlán (Cr iomlán)

310

100

Cróimiam VI (Cr VI)

2

Ní bhaineann le hábhar

Copar (Cu)

200

200

Mearcair (Hg)

0,45

0,45

Nicil (Ni)

40

40

Luaidhe (Pb)

100

100

Sinc (Zn)

300

300

Arsanaic neamhorgánach (As)

10

10

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir le caighdeáin EN atá ann cheana nó le nósanna imeachta tástála a dhéantar ar bhealach iontaofa in-atáirgthe.

Maidir le cion iomlán cróimiam, soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 13650.

Maidir le damhnaí fáis nach bhfuil déanta ach as comhábhair mianraí, tagróidh an teorainn ar nicil don chion bith-infhaighteachta atá ann.

Critéar 4.2 – Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Beidh cion na hidreacarbón il-timthriallach aramatach seo a leanas sa táirge níos ísle ná na luachanna a thaispeántar i dTábla 4, cion a thomhaistear i dtéarmaí ábhar tirim an táirge.

Tábla 4

Teorainneacha le haghaidh HIAnna

Truailleán

Uaschion sa táirge (mg/kg AT)

HIA16

6

HIA16 = suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsipiréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, dibeinsi[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 16181.

Critéar 4.3 – Srianta ar shubstaintí agus ar mheascáin a aicmítear mar shubstaintí agus meascáin ghuaiseacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le feabhsaitheoirí ithreach agus damhnaí fáis.

Ní aicmeofar an táirge de réir aon cheann de na haicmí guaise, na catagóirí guaise, ná na cóid ráiteas guaise ghaolmhara, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, a liostaítear sa mhír seo a leanas.

Ní bheidh sa táirge, i dtiúchan is mó ná 0,010 % w/w (i dtéarmaí fliuchmheáchain), substaintí ná meascáin a cuireadh leis d’aon ghnó, ar substaintí agus meascáin iad dá sanntar aon cheann de na haicmí guaise ná catagóirí guaise seo a leanas, mar aon leis na cóid ráiteas guaise a ghabhann leo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008:

Guaiseacha Ghrúpa 1: Substaintí carcanaigineacht, só-ghineacht agus/nó tocsaineacht i gcás an atáirgthe (CMR) faoi Chatagóir 1A nó 1B: H340, H350, H350i, H360, H360F, H360D, H360FD, H360Fd, H360Df;

Guaiseacha Ghrúpa 2: Catagóir 2 CMR H341, H351, H361, H361f, H361d, H361fd, H362; Catagóir 1 Tocsaineacht uisceach: H400, H410; Catagóir 1 agus 2 géarthocsaineacht H300, H310, H330; Catagóir 1 Tocsaineacht asúite: H304; Catagóir 1 Tocsaineacht sain-spriocorgáin (STOT): H370, H372; agus

Guaiseacha Ghrúpa 3: Tocsaineacht uisceach Chatagóir 2, 3 agus 4: H411, H412, H413; Géarthocsaineacht Chatagóir 3: H301, H311, H331; STOT Chatagóir 2 H371, H373.

Is do shubstaintí a thagraítear leis na cóid ráitis ghuaise de ghnáth. Mar sin féin, mura féidir faisnéis faoi na substaintí a fháil, beidh feidhm ag na rialacha aicmithe le haghaidh meascán.

Díolmhófar ón gceanglas thuas úsáid na substaintí nó na meascán arna modhnú go ceimiceach le linn an phróisis táirgthe ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag aon ghuais ábhartha arb ina leith a aicmíodh an tsubstaint nó an meascán faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Níl feidhm ag an gcritéar sin maidir leis na comhábhair a bhfuil na nithe seo a leanas iontu:

substaintí nach n-áirítear faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a shainítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

substaintí a chumhdaítear faoi Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; lena leagtar amach na critéir chun substaintí a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le clárú, úsáideoirí iartheachtacha agus fíorú.

Chun a chinneadh an bhfuil feidhm ag an díolmhú seo, déanfaidh an t-iarratasóir scagadh ar aon substaint nó meascán a cuireadh isteach d’aon ghnó leis an táirge ag tiúchan os cionn 0,010 % w/w (i dtéarmaí fliuchmheáchain).

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir liosta de na comhábhair ábhartha agus de na ceimiceáin ábhartha uile a cuireadh leis an táirge le linn an phróisis táirgthe d’aon ghnó, mar aon leis na bileoga sonraí sábháilteachta ábhartha nó na dearbhuithe ábhartha na soláthróirí ceimiceán a léiríonn go bhfuil an ceanglas á chomhlíonadh.

Aibhseofar aon chomhábhar nó ceimiceán ina bhfuil substaintí nó meascáin a aicmítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Úsáidfear garráta dáileoige an chomhábhair nó an cheimiceáin, mar aon le tiúchan na substainte nó an mheascáin shrianta sa chomhábhar nó sa cheimiceán sin (mar a sholáthraítear sa bhileog sonraí sábháilteachta nó sa dearbhú soláthraí) agus fachtóir coinneála toimhdithe 100 %, chun meastachán a dhéanamh ar an gcainníocht den tsubstaint nó den mheascán srianta atá fágtha sa táirge.

Ní mór réasúnú a sholáthar i scríbhinn maidir le diall ó fhachtóir coinneála 100 % nó maidir le modhnú ceimiceach a dhéanamh ar shubstaint ghuaiseach nó ar mheascán guaiseach srianta.

Maidir le comhábhair nó substaintí atá díolmhaithe ó cheanglas Chritéar 4.3 (féach Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006), is leor dearbhú chuige sin ón iarratasóir chun an critéar sin a chomhlíonadh.

I gcás olann charraige, soláthróidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas freisin:

(a)

cóip de dheimhniú arna dhámhachtain don cheart trádmharc an Bhoird Eorpaigh Deimhniúcháin le haghaidh Táirgí Olla Carraige a úsáid mar chruthúnas go bhfuiltear ag comhlíonadh Nóta Q d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(b)

cóip de thuarascáil tástála faoi théarmaí ISO 14184-1 Teicstílí – Formaildéad a chinneadh – Cuid 1: Formaildéad saor agus formaildéad hidrealaithe

Is féidir le haon soláthróir i slabhra soláthair an iarratasóra an fhianaise sin thuas a sholáthar go díreach do chomhlachtaí inniúla.

Critéar 4.4 – Srianta ar shubstaintí is ábhar mór imní (SVHCanna) mar a sainaithnítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le feabhsaitheoirí ithreach agus damhnaí fáis.

Ní bheidh aon substaint sa táirge a cuireadh isteach d’aon ghnó agus atá i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a sainaithníodh i gcomhréir leis an nós imeachta a bhfuil tuairisc air in Airteagal 59 den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú is ábhar mór imní (SVHCanna).

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú chuir sé aon SVHC leis an táirge d’aon ghnó le linn an phróisis táirgthe. Beidh mar thaca leis an dearbhú ón iarratasóir dearbhuithe agus bileoga sonraí sábháilteachta na gceimiceán agus na n-ábhar uile arna soláthar agus arna n-úsáid chun táirgí an Éicilipéid AE a tháirgeadh – chun a dheimhniú nár cuireadh aon SVHC leis na ceimiceáin nó leis na hábhair sin arna soláthar d’aon ghnó.

Critéar 4.5 – Critéir mhicribhitheolaíocha

Tá feidhm ag an gcritéar sin maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach, cé is moite de dhamhnaí fáis mianraí.

Ní mó ná na huasleibhéil a leagtar síos i dTábla 5 a bheidh an cion pataigine príomhúla sa táirge.

Tábla 5

Teorainnluach a bheartaítear le haghaidh pataiginí

Na miocrorgánaigh atá le tástáil

Pleananna samplála

Teorainn

n

c

m

M

Salmonella spp.

5

0

0

Gan bheith ann in 25 g nó 25 ml

Escherichia coli nó Enterococcaceae

5

5

0

1 000 CFU in 1 g nó 1 ml

CFU = aonaid déanta coilíneachta

I gcás:

is éard is n ann an líon samplaí atá le tástáil;

is éard is c ann an líon samplaí ina bhfuil an líon baictéar arna shloinneadh in CFU idir m agus M;

is éard is m ann an luach tairsí le haghaidh líon na mbaictéar arna shloinneadh in CFU a mheastar a bheith sásúil, agus

is éard is M ann uasluach líon na mbaictéar arna shloinneadh in CFU.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a thugtar i dTábla 6.

Tábla 6

Modh caighdeánach tástála chun pataiginí sonracha a bhrath

Paraiméadar

Modh tástála

E. coli

CEN/TR 16193 nó ISO 16649-2 nó EN ISO 9308-3

Salmonella spp.

EN ISO 6579 nó CEN/TR 15215

Enterococcacea

EN 15788 nó EN ISO 7899-1 nó modh BEA

Critéar 5 – Oiriúnacht don úsáid

Critéar 5.1 – Cobhsaíocht

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach, cé is moite de mhótaí arb éard atá iontu go hiomlán comhábhair ligniceallalóis agus damhnaí fáis mianraí.

Feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh feidhmeanna neamhghairmiúla agus damhnaí fáis le haghaidh gach feidhme, beidh siad i gcomhréir le ceann amháin de na ceanglais a thugtar i dTábla 7.

Tábla 7

Ceanglais chobhsaíochta maidir le feabhsaitheoirí ithreach atá beartaithe le haghaidh feidhmeanna neamhghairmiúla agus na damhnaí fáis atá ceaptha le haghaidh gach feidhme

Paraiméadar cobhsaíochta

Ceanglas

Innéacs riospraiméadair uasta

15 mmol O2/kg ábhar orgánach/h

Íosleibhéal Rottegrad, i gcás inarb infheidhme

IV (méadú 20 °C os cionn theocht na comhthimpeallachta ar an teocht tástála féintéimh)

Beidh feabhsaitheoirí ithreach le haghaidh feidhmeanna gairmiúla i gcomhréir le ceann amháin de na ceanglais a thugtar i dTábla 8.

Tábla 8

Ceanglais chobhsaíochta maidir le feabhsaitheoirí ithreach atá ceaptha le haghaidh feidhmeanna gairmiúla

Paraiméadar cobhsaíochta

Ceanglas

Innéacs riospraiméadair uasta

25 mmol O2/kg ábhar orgánach/h

Íosleibhéal Rottegrad, i gcás inarb infheidhme

III (méadú 30 °C os cionn theocht na comhthimpeallachta ar an teocht tástála féintéimh)

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a thugtar i dTábla 9.

Tábla 9

Modh caighdeánach tástála chun paraiméadair chobhsaíochta a chinneadh

Paraiméadar

Modh tástála

Innéacs riospraiméadair

EN 16087-1

Rottegrad

EN 16087-2

Critéar 5.2 – Eisíontais mhacrascópacha

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach, cé is moite de dhamhnaí fáis mianraí:

(a)

cion nach mó ná 3 g/kg d’ábhar tirim d’eisíontais mhacrascópacha os cionn 2 mm in aon fhoirm ghloine agus mhiotail;

(b)

cion nach mó ná 2,5 g/kg d’ábhar tirim d’eisíontais mhacrascópacha os cionn 2 mm i bhfoirm phlaisteach: agus

(c)

cion nach mó ná 5 g/kg d’ábhar tirim de shuim na n-eisíontas macrascópach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a thugtar sa tSonraíocht Theicniúil CEN/TS 16202, nó i gcomhréir le nós imeachta tástála coibhéiseach eile arna údarú ag an gcomhlacht inniúil.

Critéar 5.3 – Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeasaitheoirí ithreach

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le feabhsaitheoirí ithreach.

Ábhar orgánach an táirge arna chinneadh ar bhonn chaillteanas na hadhainte ní bheidh sé níos ísle ná 1 % de mhais thirim nó 8,5 % de chion carbóin orgánaigh (Corg) de réir maise.

Ní bheidh cion maise tirime an táirge níos ísle ná 25 % den fhliuchmheáchan (% FW)

Measúnú agus fíorú

Cuirfidh an t-iarratasóir ar fáil don chomhlacht inniúil tuarascálacha ar thástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a thugtar i dTábla 10.

I gcás ina ndéantar an chomhlíontacht a mheas de réir ábhar orgánach, tá feidhm ag an bhfachtóir coinbhéartachta seo a leanas: carbón orgánach (Corg) = ábhar orgánach × 0,56

Tábla 10

Modhanna tástála caighdeánacha chun ábhar tirim, ábhar orgánach agus iomlán an chion de charbón orgánach (TOC) a chinneadh

Paraiméadar

Modh tástála

Ábhar tirim (% FW)

EN 13040

Ábhar orgánach arna chinneadh ar bhonn chaillteanas na hadhainte (% mais thirim)

EN 13039

Carbón orgánach iomlán (TOC) (% mais tirim)

EN 15936

Critéar 5.4 – Síolta fiailí inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach, cé is moite de dhamhnaí fáis mianraí.

Ní mó á dhá aonad in aghaidh an lítir a bheidh an cion de shíolta fiailí inmharthana agus d’iomadúlaithe plandaí sa táirge.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tuarascáil ar thástáil i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear sa tsonraíocht theicniúil CEN/TS 16201, nó i gcomhréir le nós imeachta tástála coibhéiseach eile arna údarú ag an gcomhlacht inniúil.

Critéar 5.5 – Freagairt an phlanda

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Ní bheidh tionchar diúltach ag táirgí ar phéacadh plandaí ná ar an bhfás ina dhiaidh sin.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don chomhlacht inniúil tástáil bhailí a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 16086-1.

Critéar 6 – Gnéithe na ndamhnaí fáis

Níl feidhm ag an gcritéar seo ach maidir le damhnaí fáis.

Critéar 6.1 – Seoltacht leictreach

Beidh seoltacht leictreach an táirge faoi bhun 100 mS/m.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don don chomhlacht inniúil tuarascáil ar an tástáil a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 13038.

Critéar 6.2 – Cion sóidiam

Ní mó ná 150 mg/l den táirge úr a bheidh sa chion sóidiam in eastósc uisce an táirge.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don don chomhlacht inniúil tuarascáil ar an tástáil a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 13652.

Critéar 6.3 – Cion clóiríde

Ní mó ná 150 mg/l de fhliuchmheáchan an táirge a bheidh sa chion clóiríde in eastósc uisce an táirge.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir don don chomhlacht inniúil tuarascáil ar an tástáil a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a luaitear in EN 16195.

Critéar 7 – Faisnéis a sholáthar

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach.

Soláthrófar an fhaisnéis a léirítear faoi Chritéar 7.1 nó 7.2, de réir mar is infheidhme.

Soláthrófar an fhaisnéis sin leis an táirge, bíodh sí ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméid a ghabhann leis.

Táirge leasacháin AE a thagann faoi chatagóir feidhme táirge 3(A) (feabhsaitheoirí ithreach orgánacha) nó faoi chatagóir feidhme táirge 4 (damhnaí fáis) faoi théarmaí Rialachán (AE) 2019/1009, measfar go gcomhlíonann an táirge sin an ceanglas.

I gcás damhnaí fáis mianraí, beidh ráiteas san fhaisnéis a sholáthrófar faoin bhfeidhm ghairneoireachta ghairmiúil.

Critéar 7.1 – Feabhsaitheoirí ithreach

a)

ainm agus seoladh an chomhlachta atá freagrach as an margaíocht;

b)

tuairisc lena sainaithnítear an táirge de réir cineáil, lena n-áirítear an fhoclaíocht “FEABHSAITHEOIR ITHREACH”;

c)

cód aitheantais baisce;

d)

an chainníocht (arna sonrú de réir maise nó méid);

e)

raon an chion taise nó chion an ábhair thirim arna shloinneadh mar % de réir maise;

f)

liosta de gach comhábhar os cionn 5 % de réir mheáchan nó thoirt an táirge in ord íslitheach méide de réir meáchan tirim; i gcás inar substaint nó meascán é an comhábhar, sainaithneofar é mar a shonraítear in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

g)

na dálaí stórála a mholtar agus an dáta éagtha a mholtar;

h)

treoirlínte maidir le láimhseáil agus úsáid shábháilte, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta a mholtar chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí do shláinte an duine, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, don tsábháilteacht, nó don chomhshaol;

i)

treoir don úsáid atá ceaptha, lena n-áirítear ráta, uainiú agus minicíocht an leata, agus na plandaí nó na muisiriúin a bhfuil an táirge a leathadh orthu;

j)

pH;

k)

seoltacht leictreach arna sloinneadh mar mS/m, ach amháin i gcás olann charraige;

l)

cion an ábhair orgánaigh nó cion an charbóin orgánaigh (Corg), arna shloinneadh mar % de réir maise;

m)

íosmhéid na nítrigine orgánaí (Norg), arna shloinneadh mar %, maille le tuairisc ar bhunús an ábhair orgánaigh atá in úsáid;

n)

an cóimheas idir carbón orgánach agus an méid iomlán nítrigine (Corg/N).

Dearbhófar na cothaithigh seo a leanas, arna sloinneadh mar % de réir maise, má tá siad os cionn 0,5 % de réir maise: nítrigin (N), peantocsaíd fosfair (P2O5) nó ocsaíd photaisiam (K2O).

Critéar 7.2 – Damhnaí fáis

a)

ainm agus seoladh an chomhlachta atá freagrach as an margaíocht;

b)

tuairisceoir lena sainaithnítear an táirge de réir cineáil, lena n-áirítear an fhoclaíocht “DAMHNA FÁIS”;

c)

cód aitheantais baisce;

d)

an chainníocht:

i gcás dalláin olla charraige, arna sloinneadh mar líon na bpíosaí agus de réir thoise an trastomhais agus na hairde;

i gcás olann charraige, i bhfoirmeacha eile seachas dalláin, arna sloinneadh de réir líon na bpíosaí agus de réir thoise an fhaid, na hairde, agus an leithid;

i gcás damhnaí fáis réamh-mhúnlaithe eile, arna sloinneadh de réir méide de réir dhá thoise ar a laghad;

i gcás damhnaí fáis eile, arna sloinneadh de réir toirt iomlán;

seachas i gcás damhnaí fáis réamh-mhúnlaithe, is mar thoirt na gcomhábhar ar mó ná 60 mm na cáithníní iontu a shloinnfear an cion, más ann dóibh;

e)

raon an chion taise nó chion an ábhair thirim arna shloinneadh mar % de réir maise;

f)

liosta de gach comhábhar os cionn 5 % de réir mheáchan nó thoirt an táirge in ord íslitheach méide de réir meáchan tirim; i gcás inar substaint nó meascán é an comhábhar, sainaithneofar é mar a shonraítear in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

g)

na dálaí stórála a mholtar agus an dáta éagtha agus an dáta táirgthe a mholtar;

h)

treoirlínte maidir le láimhseáil agus úsáid shábháilte, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta a mholtar chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí do shláinte an duine, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, don tsábháilteacht, nó don chomhshaol;

i)

treoir don úsáid atá ceaptha, lena n-áirítear ráta, uainiú agus minicíocht an leata, agus na plandaí sprice nó na spriocmhuisiriúin a bhfuil an táirge a leathadh orthu;

j)

pH;

k)

seoltacht leictreach arna sloinneadh mar mS/m, ach amháin i gcás olann charraige;

l)

ráiteas faoi chobhsaíocht an ábhair orgánaigh (cobhsaí nó an-chobhsaí);

m)

nítrigin (N) is in-eastósctha le CaCl2/DTPA (clóiríd chailciam/aigéad peantaicéiteach triaimín dé-eitiléine; “CAT-intuaslagtha”), más mó ná 150 mg/l;

n)

peantocsaíd fosfair (P2O5) is in-eastósctha le CaCl2/DTPA (clóiríd chailciam/aigéad peantaicéiteach triaimín dé-eitiléine; “CAT-intuaslagtha”), más mó ná 20 mg/l;

o)

ocsaíd photaisiam (K2O) is in-eastósctha le CaCl2/DTPA (clóiríd chailciam/aigéad peantaicéiteach triaimín dé-eitiléine; “CAT-intuaslagtha”), más mó ná 150 mg/l;

p)

Cróimiam iomlán (Cr iomlán), arna chainníochtú de réir chritéar 4.1(b), más mó é ná 200 mg/kg AT;

q)

ráiteas faoin bhfeidhm ghairneoireachta ghairmiúil, i gcás damhnaí fáis mianraí.

Measúnú agus fíorú

Dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gcritéar sin agus soláthróidh sé don chomhlacht inniúil téacs na faisnéise úsáideora atá scríofa ar an bpacáistíocht nó sna bileoga eolais a ghabhann léi.

Critéar 8 – Faisnéis atá le feiceáil ar an Éicilipéad AE

Má úsáidtear an lipéad roghnach maille leis an mbosca téacs, beidh na trí ráiteas seo a leanas ann:

cuirtear athchúrsáil ábhar chun cinn;

cuirtear chun cinn úsáid na n-ábhar a tháirgtear ar bhealach níos inbhuanaithe, rud a laghdaíonn díghrádú an chomhshaoil.

I gcás feabhsaitheoirí ithreach, áireofar an fhaisnéis bhreise seo a leanas:

cuidítear le truailliú ithreach agus uisce a laghdú.

Leanfaidh an t-iarratasóir na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir úsáid chuí a bhaint as lógó an Éicilipéid AE a úsáid dá bhforáiltear i dTreoirlínte Lógó an Éicilipéid AE:

https://ec.europa.eu/environment/ecolabel/

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú á dhearbhú gur comhlíonadh an chritéir, lena ngabhfaidh mar thacaíocht leis íomhá ardtaifigh de phacáistiú an táirge ina léirítear go soiléir an lipéad, an uimhir chlárúcháin/cheadúnais agus, i gcás inarb iomchuí, na ráitis is féidir a thaispeáint in éineacht leis an lipéad.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(5)  Cineálacha dramhaíola agus cóid tagartha mar a shainaithnítear iad i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 a chuirtear in ionad Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Cinneadh 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).

(6)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena n-athbhreithnítear luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe do tháirgeadh ar leithligh leictreachais agus teasa agus Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/27/AE ón gCoimisiún (IO L 333, 19.12.2015, lch. 54).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe liúntais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).

(11)  Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 124, 25.4.2014, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(13)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(14)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(15)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, treoirdhoiciméad maidir le heastóscadh mianraí neamhfhuinnimh agus Natura 2000: achoimre. Oifig na bhFoilseachán, 2019, https://data.europa.eu/doi/10.2779/985239.

(16)  An Coinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa, (IO L 38, 10.2.1982, lch. 3).


Foscríbhinn 1

Minicíocht na samplála agus na tástála sa bhliain ina ndéantar an t-iarratas

An cineál saoráide

Critéar

Ionchur/aschur bliantúil

Minicíocht na tástála

Cineál 1: Saoráid cóireála dramhaíola/seachtháirgí ainmhí

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Critéir mhicribhitheolaíocha

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Ionchur (t) ≤ 3 000

1 gach 1 000 tonna ábhar ionchuir arna shlánú go dtí an chéad slánuimhir eile

3 000 < ionchur (t) < 20 000

4 (sampla amháin gach séasúr)

Ionchur (t) ≥ 20 000

an líon anailísí in aghaidh na bliana = méid an ábhair ionchuir bhliantúil (i dtonaí)/10 000 tona + 1

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Ionchur (t) ≤ 3 000

1

3 001 < ionchur (t) < 10 000

2

10 001 < ionchur (t) < -20 000

3

20 001 < ionchur (t) < 40 000

4

40 001 < ionchur (t) < 60 000

5

60 001 < ionchur (t) < 80 000

6

80 001 < ionchur (t) < 100 000

7

100 001 < ionchur (t) < 120 000

8

120 001 < ionchur (t) < 140 000

9

140 001 < ionchur (t) < 160 000

10

160 001 < ionchur (t) < 180 000

11

Ionchur (t) ≥ 180 000

12

Cineál 2: Saoráidí monaraíochta táirgí ina n-úsáidtear ábhair a dhíorthaítear ó dhramhaíl/seachtháirge ainmhí, cé is moite de na saoráidí sin is saoráidí cóireála dramhaíola

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Critéir mhicribhitheolaíocha

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Aschur (m3) ≤ 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 2 bhaisc éagsúla i gcomhréir le EN 12579 (1)

Aschur (m3) > 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 4 bhaisc éagsúla i gcomhréir le EN 12579

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Aschur (m3) ≤ 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc éagsúil i gcomhréir le EN 12579

Aschur (m3) > 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 2 bhaisc éagsúla i gcomhréir le EN 12579

Cineál 3: Saoráidí monaraithe táirgí NACH n-úsáideann ábhair a dhíorthaítear ó dhramhaíl/seachtháirge ainmhí

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Critéir mhicribhitheolaíocha

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Aschur (m3) ≤ 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579

Aschur (m3) > 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 2 bhaisc éagsúla i gcomhréir le EN 12579

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Gan beann ar an ionchur/aschur

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579


(1)  EN 12579 Feabhsaitheoirí ithreach agus damhnaí fáis – Sampláil.


Foscríbhinn 2

Minicíocht na samplála agus na tástála sna blianta ina dhiaidh sin

An cineál saoráide

Critéir

Ionchur/aschur bliantúil

Minicíocht na tástála

Cineál 1: Saoráid cóireála dramhaíola/seachtháirgí ainmhí

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Pataiginí

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Ionchur (t) ≤ 1 000

1

Ionchur (t)> 1 000

an líon anailísí in aghaidh na bliana = méid an ábhair ionchuir bhliantúil (i dtonaí)/10 000 tona + 1

2 anailís ar laghad agus 12 anailís ar a mhéad

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Ionchur (t) ≤ 10 000

0.25 (uair amháin gach 4 bliana)

10 001 < ionchur (t) < 25 000

0.5 (uair amháin gach 2 bliana)

25 001 < ionchur (t) < 50 000

1

50 001 < ionchur (t) < 100 000

2

100 001 < ionchur (t) < 150 000

3

150 001 < ionchur (t) < 200 000

4

200 001 < ionchur (t) < 250 000

5

250 001 < ionchur (t) < 300 000

6

300 001 < ionchur (t) < 350 000

7

350 001 < ionchur (t) < 400 000

8

400 001 < ionchur (t) < 450 000

9

450 001 < ionchur (t) < 500 000

10

500 001 < ionchur (t) < 550 000

11

Ionchur (t) ≥ 550 000

12

Cineál 2: Saoráidí monaraíochta táirgí ina n-úsáidtear ábhair a dhíorthaítear ó dhramhaíl/seachtháirge ainmhí, cé is moite de na saoráidí sin is saoráidí cóireála dramhaíola

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Pataiginí

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Aschur (m3) ≤ 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc éagsúil i gcomhréir le EN 12579

Aschur (m3) > 5 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 2 bhaisc éagsúla i gcomhréir le EN 12579

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Aschur (m3) ≤ 15 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579, uair amháin gach 4 bliana

15 000 < Aschur m3) < 40 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579, gach 2 bhliain

Aschur (m3) ≥ 40 000

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579, gach aon bhliain

Cineál 3: Saoráidí monaraithe táirgí NACH n-úsáideann ábhair a dhíorthaítear ó dhramhaíl/seachtháirge ainmhí

4.1 –

Teorainneacha le haghaidh miotail throma

4.5 –

Pataiginí

5.1 –

Cobhsaíocht

5.2 –

Eisíontais mhacrascópacha

5.3 –

Ábhar orgánach agus ábhar tirim i bhfeabhsaitheoirí ithreach

5.4 –

Síolta inmharthana agus iomadúlaithe plandaí

5.5 –

Freagairt an phlanda

6 –

Gnéithe de na damhnaí fáis

Gan beann ar an ionchur/aschur

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579

4.2 –

Teorainneacha le haghaidh hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna)

Gan beann ar an ionchur/aschur

Samplaí ionadaíocha comhcheangailte ó 1 bhaisc i gcomhréir le EN 12579, uair amháin gach 4 bliana