|
19.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 190/129 |
CINNEADH (CBES) 2022/1239 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1011
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Márta 2013, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh don tSaiheil. |
|
(2) |
An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1011 (1) lena gceaptar Emanuela Claudia DEL RE mar ISAE don tSaiheil. Tå sainordú ISAE le dul in éag an 31 Lúnasa 2022. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh a chur le sainordú ISAE go ceann tréimhse bhreise 24 mhí agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear síneadh le sainordú Emanuela Claudia DEL RE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil go dtí an 31 Lúnasa 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Airteagal 2
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1011 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5(1): “Is é EUR 3 450 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.”; |
|
(2) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, agus le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2024.”. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/1011 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 222, 22.6.2021, lch. 21).