|
12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 471/8 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Nollaig 2022
lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú”
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 471/08)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 168(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar gníomhaíocht an Aontais, de chomhlánú ar na beartais náisiúnta, a dhíriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinneas agus ar ghalair choirp agus mheabhrach a chosc, agus ar fhoinsí contúirte don tsláinte fhisiceach agus mheabhrach a sheachaint. Faoi Airteagal 168(2) den Chonradh, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, a gcuid beartas agus clár a chomhordú eatarthu féin sna réimsí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, aon tionscnamh fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh lena bhféachtar le treoirlínte agus táscairí a leagan síos agus malartú dea-chleachtas a eagrú. |
|
(2) |
An taithí agus na torthaí a fuarthas tríd an ngrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú”, léirigh siad gur féidir leis an gcomhordú idir na Ballstáit cuidiú chun an t-ualach a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha san Aontas a laghdú trí na dea-chleachtais a chomhroinnt agus a chur chun feidhme agus trí chomhordú na gníomhaíochta a fheabhsú. |
|
(3) |
Sa ghrúpa saineolaithe sin, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun gníomhaíochtaí agus beartais a fhorbairt a thacóidh leo chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, agus go háirithe sprioc forbartha inbhuanaithe 3, “Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois”. Tá an obair sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip — Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht (1). Beidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcónaí ina stiúir maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí. |
|
(4) |
Ó bunaíodh an grúpa saineolaithe sin, tá dúshláin eile os comhair an Aontais maidir leis an tsláinte phoiblí, amhail na dúshláin a bhaineann le galair theagmhálacha lena n-áirítear VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas chomh maith le dúshláin ghaolmhara i ndáil leis an vacsaíniú agus an fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. Dá bhrí sin, is gá go ndéanfaí an comhordú, ní hamháin chun an tsláinte a chur chun cinn, chun galair a chosc agus chun galair neamhtheagmhálacha a bhainistiú, ach ar bhealach níos leithne chun dul i ngleic leis na dúshláin nua thábhachtacha sin sa tsláinte phoiblí freisin. |
|
(5) |
Ba cheart é a bheith mar mhisean ag grúpa nua saineolaithe obair an Choiste Slándála Sláinte, coiste a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a chomhlánú trí thacú a thuilleadh le malartú agus cur chun feidhme na ndea-chleachtas. |
|
(6) |
Oibreoidh an grúpa nua saineolaithe um shláinte phoiblí i réimsí nach bhforluíonn ar obair an Choiste Slándála Sláinte, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Gníomhaíonn an Coiste Slándála Sláinte ar an ullmhacht agus ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna, ach cuirfidh an grúpa nua saineolaithe um shláinte phoiblí comhairle ar an gCoimisiún maidir le forbairt beartais agus le haistriú dea-chleachtas i ndáil le dúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galair neamhtheagmhálacha chomh maith le galair theagmhálacha amhail VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas, chun comhordú idir na Ballstáit a chur chun cinn. |
|
(7) |
Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos leithne ag na gníomhaíochtaí ná mar atá ag an ngrúpa saineolaithe atá ann faoi láthair, grúpa a dhíríonn ar ghalair neamhtheagmhálacha amháin, is gá grúpa saineolaithe nua a bhunú i réimse na sláinte poiblí agus a chúraimí agus a struchtúr a shainiú, i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún maidir le rialacha cothrománacha a leagan síos i ndáil le cruthú agus feidhmiú grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin. Ba cheart raon feidhme an tsainghrúpa sin a leathnú chuig na dúshláin sin sa tsláinte poiblí seachas a raon feidhme a theorannú do ghalair neamhtheagmhálacha amháin. |
|
(8) |
Ba cheart an grúpa a bheith comhdhéanta d’údaráis de chuid na mBallstát. |
|
(9) |
Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le nochtadh faisnéise a dhéanfaidh comhaltaí an ghrúpa. |
|
(10) |
Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), Rialachán a bhfuil feidhm aige maidir leis na Ballstáit. |
|
(11) |
An Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear an Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú (4), ba cheart é a aisghairm agus an grúpa nua a bhunaítear sa Chinneadh seo a chur in áit an ghrúpa sin, chun gníomhaíochtaí agus tionscnaimh a fhorbairt, chun comhordú idir na Ballstáit a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí san Aontas amhail na dúshláin a bhaineann le galair theagmhálacha lena n-áirítear VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas, mar aon le dúshláin ghaolmhara lena n-áirítear vacsaíniú agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, agus sin gan bheith teoranta do ghalair neamhtheagmhálacha amháin. |
|
(12) |
Is iomchuí tréimhse a shocrú maidir leis an gCinneadh seo a chur i bhfeidhm, agus tréimhse cúig bliana ba cheart a bheith ann. In am trátha ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an ngá atá ann le síneadh a chur leis an tréimhse cur i bhfeidhm, tar éis meastóireacht ar oibríochtaí agus aschuir an Ghrúpa saineolaithe um shláinte phoiblí. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear an grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí (“an grúpa”).
Airteagal 2
Cúraimí
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa:
|
(a) |
cuidiú leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh beartais agus reachtacha agus gníomhaíochtaí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galair neamhtheagmhálacha chomh maith le galair theagmhálacha. |
|
(b) |
comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tionscnamh fóinteach a dhéanamh a bhfuil sé d’aidhm aige treoirlínte agus táscairí a bhunú, na cleachtais is fearr, is dóchúla agus is nuálaí a mhalartú, agus torthaí taighde a mhalartú, torthaí is féidir a chur chun feidhme i réimse na sláinte poiblí agus na gcóras sláinte i ndáil lena n-aistriú idir na Ballstáit. |
|
(c) |
comhairle a sholáthar maidir le beartais nó gníomhaíochtaí ábhartha i réimse na ngalar teagmhálach, ar iarraidh ón gCoimisiún. I dtaca leis sin, maidir le réimsí ina bhfuil gá le comhairle ón ngrúpa saineolaithe chun comhordú a chur chun cinn i measc na mBallstát, chun socrú tosaíochtaí a chur chun cinn agus chun sineirgí a chruthú idir réimsí beartais ábhartha a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte phoiblí, féadfaidh an Coiste Slándála Sláinte na réimsí sin a chur in iúl don Choimisiún; féadfar a iarraidh freisin ar ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais comhairle agus faisnéis a sholáthar i ndáil lena réimsí inniúlachta. |
Airteagal 3
Comhairliúchán
Feadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa maidir le haon ábhar a bhaineann leis an tsláinte phoiblí.
Airteagal 4
Comhaltas
Beidh comhaltas an ghrúpa comhdhéanta d’údaráis na mBallstát a ainmneoidh buanionadaithe sa ghrúpa saineolaithe nó san fhoghrúpa nó a cheapfaidh ionadaithe ar bhonn ad hoc, de réir chlár oibre chruinnithe an ghrúpa. Beidh siad freagrach as a áirithiú go soláthróidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais atá ábhartha maidir le cúraimí an ghrúpa, is é sin i réimse na sláinte poiblí.
Airteagal 5
An cathaoirleach
Is é ionadaí ón Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE) a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa.
Airteagal 6
Feidhmiú
1. Gníomhóidh an grúpa ar iarraidh ó AS SANTE, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha lena rialaítear cruthú agus feidhmiú grúpaí saineolaithe agus lena rialaítear cruthú cláir phoiblí de na grúpaí sin (5).
2. I bprionsabal, tionólfar cruinnithe an ghrúpa in áitreabh an Choimisiúin nó go fíorúil, de réir na n-imthosca.
3. Soláthróidh AS SANTE seirbhísí rúnaíochta. Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin ó ranna eile a bhfuil suim acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.
4. I gcomhaontú le AS SANTE, féadfaidh an grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go ndéanfar a chuid plé go poiblí.
5. Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí ón ngrúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Dréachtóidh an Rúnaíocht na miontuairiscí faoi fhreagracht an Chathaoirligh.
6. A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil, beidh sé de cheart acu doiciméad ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh a bheith i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha.
Airteagal 7
Foghrúpaí
1. Féadfaidh AS SANTE foghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha ar bhonn na dtéarmaí tagartha a shaineoidh AS SANTE. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
2. Na foghrúpaí um ailse, um ghalair neamhtheagmhálacha agus um lárionaid teiripe prótón a bunaíodh faoin “nGrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus atá fós ag feidhmiú tráth theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, beidh siad ann i gcónaí mar fhoghrúpaí freisin faoin “nGrúpa saineolaithe um shláinte phoiblí”.
Airteagal 8
Saineolaithe iarrtha
Féadfaidh AS SANTE iarraidh ar shaineolaithe ó Ard-Stiúrthóireachtaí agus ó eintitis eile de chuid an Aontais, agus ar shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar atá ar an gclár oibre, páirt a ghlacadh in obair an ghrúpa nó a chuid foghrúpaí ar bhonn ad hoc.
Airteagal 9
Breathnóirí
1. Féadfar stádas breathnóra a dheonú d’eintitis phoiblí nach údaráis na mBallstát iad, i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Choimisiúin, trí chuireadh díreach a thabhairt dóibh.
2. Na heintitis phoiblí a cheaptar mar bhreathnóirí, ainmneoidh siad a n-ionadaithe sa ghrúpa saineolaithe nó san fhoghrúpa ábhartha.
3. Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe páirt a ghlacadh i bpléití an ghrúpa agus a fhoghrúpaí agus saineolas a sholáthar. Mar sin féin, ní bheidh cearta vótála acu agus ní ghlacfaidh siad páirt i bhfoirmliú moltaí ná comhairle ón ngrúpa.
Airteagal 10
Rialacha nós imeachta
Ar thogra ó AS SANTE agus i gcomhaontú leis, glacfaidh an grúpa a chuid rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, ar bhonn na rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.
Airteagal 11
An rúndacht ghairmiúil agus láimhseáil faisnéise rúnaicmithe
Na comhaltaí den ghrúpa agus a n-ionadaithe mar aon le saineolaithe iarrtha agus breathnóirí, tá siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, oibleagáid a bhfuil feidhm aici, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus a bhfoirne. Ina theannta sin, tá siad faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, rialacha a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus 2015/444 ón gCoimisiún (7). Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a dhéanamh.
Airteagal 12
Trédhearcacht
1. Clárófar an grúpa agus na foghrúpaí ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (“an Clár de ghrúpaí saineolaithe”).
2. Maidir le comhdhéanamh an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de ghrúpaí saineolaithe:
|
(a) |
ainmneacha údaráis na mBallstát |
|
(b) |
ainmneacha na n-eintiteas poiblí eile |
|
(c) |
ainm an eintitis phoiblí dár deonaíodh stádas breathnóra |
3. Cuirfear gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe ar fáil trí nasc ón gClár de ghrúpaí saineolaithe chuig suíomh gréasáin tiomanta, suíomh inar féidir an fhaisnéis sin a fháil. Ní bheidh rochtain ar shuíomhanna gréasáin tiomanta coinníollach ar chlárú úsáideoirí ná faoi aon srian eile. Go sonrach, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh. Ní fhéadfar eisceachtaí (8) ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
Airteagal 13
Caiteachas a bhaineann le cruinnithe
1. Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na ngrúpaí agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
2. Aisíocfaidh an Coimisiún na costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorainneacha an bhuiséid a chuirtear ar fáil do ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.
Airteagal 14
Aisghairm
Leis seo, déantar an Cinneadh ón gCoimisiún (10) lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus lena n-aisghairtear an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um ghalair neamhchoitianta de chuid an Choimisiúin agus an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um Rialú Ailse de chuid an Choimisiúin a aisghairm.
Airteagal 15
Infheidhmeacht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go ceann 5 bliana ón dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Next steps for a sustainable European — future European action for sustainability [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip — Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht] (COM(2016) 739 final, 22 Samhain 2016).
(2) Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch.1).
(4) Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Iúil 2018 lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus lena n-aisghairtear an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um ghalair neamhchoitianta de chuid an Choimisiúin agus an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um Rialú Ailse de chuid an Choimisiúin, (IO C 251, 18.7.2018, lch. 9).
(5) Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún.
(6) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(7) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(8) Is é is cuspóir leis na heisceachtaí sin slándáil an phobail, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartais airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíocha, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí a chosaint.
(9) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(10) Cinneadh (C)(2018) 4492 ón gCoimisiún.