|
13.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/21 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1205 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2022
lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Danmhairg agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/12/CE
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4784)
(Is é an téacs sa Danmhairgis amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (p), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go mbeidh feidhm ag scálaí an Aontais um chonablaigh muc a aicmiú i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le conablaigh muc a aicmiú, foráiltear le Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil measúnú le déanamh ar an gcion feola trua trí bhíthin modhanna grádúcháin arna n-údarú ag an gCoimisiún, nach bhfuil le húdarú ach modhanna measúnaithe atá cruthaithe de réir staidrimh bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice agus go bhfuil modhanna grádúcháin le húdarú faoi réir uaslamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe a chomhlíonadh. Sainítear an lamháltas sin i gCuid A, pointe 1, fomhír 2, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
Le Cinneadh 2009/12/CE ón gCoimisiún (3), údaraítear seacht modh chun conablaigh muc a ghrádú sa Danmhairg. |
|
(3) |
Níor cheart modhnuithe ar na modhanna grádúcháin ná ar na gairis lena mbaineann a údarú, ach amháin má údaraítear sin go sainráite le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún. |
|
(4) |
D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún údarú na modhanna “Klassificeringscenter (KC)”, “Uni-Fat-O-Meater (Unifom)”, “trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM 1)” agus “Trealamh ultrasonach nuashonraithe atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM DK)” a tharraingt siar. |
|
(5) |
D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún freisin dhá mhodh nua a údarú: “Trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)” agus “Modh láimhe (ZP)”. Chun na críche sin, chuir an Danmhairg tuairisc mhionsonraithe i láthair ar an triail dhiosctha, lena léirítear na prionsabail ar a bhfuil na modhanna nua sin bunaithe, torthaí na trialach diosctha agus na cothromóidí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán feola trua sa phrótacal dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. |
|
(6) |
D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún freisin foirmlí nuashonraithe a údarú le haghaidh trí mhodh (“Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)”, “Fat-O-Meater II (FOM II)” agus “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)” a údaraíodh cheana le Cinneadh 2009/12/CE chun conablaigh muc a ghrádú ar a críoch. |
|
(7) |
Tríd an iarraidh sin a scrúdú, fuarthas amach go gcomhlíontar na coinníollacha agus na híoscheanglais maidir leis an dá mhodh nua grádúcháin a údarú agus cothromóidí na dtrí mhodh eile a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. Dá bhrí sin, ba cheart na modhanna agus na foirmlí grádúcháin sin a údarú sa Danmhairg. |
|
(8) |
Ar chúiseanna soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/12/CE a aisghairm. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear úsáid na modhanna grádúcháin seo a leanas chun conablaigh muc a aicmiú de bhun Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa Danmhairg:
|
(a) |
an gaireas ar a dtugtar “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(b) |
an gaireas ar a dtugtar “Trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
an gaireas ar a dtugtar “Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(d) |
an gaireas ar a dtugtar “Fat-O-Meater II (FOM II)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(e) |
an “Modh láimhe” ina n-úsáidtear rialóir agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid V den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Ní cheadófar modhnuithe ar na modhanna údaraithe grádúcháin ná ar ghairis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 ach amháin má údaraítear go sainráite iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.
Airteagal 3
Aisghairtear Cinneadh 2009/12/CE.
Airteagal 4
Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caorach a aicmiú agus maidir le praghsanna margaidh aicmithe áirithe conablach agus ainmhithe beo a aicmiú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74).
(3) Cinneadh 2009/12/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena n-údaraítear modhanna chun conablaigh muc a ghrádú sa Danmhairg (IO L 6, 10.1.2009, lch. 83).
IARSCRÍBHINN
MODHANNA GRÁDÚCHÁIN CHUN CONABLAIGH MUC A AICMIÚ SA DANMHAIRG
CUID I
Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)
|
1. |
Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)”. |
|
2. |
Beidh 16 thrasduchtóir ultrasonacha 2 MHz sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 25 mm idir na trasductóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadair lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar chéatadán na feola trua. |
|
3. |
Ríomhfar cion feola trua conablaigh de réir na bhfoirmlí seo a leanas:
i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:
|
|
4. |
Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 cileagram iontu. |
CUID II
Trealamh ultrasonrach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)
|
1. |
Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Trealamh ultrasonrach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)”. |
|
2. |
Beidh 25 thrasduchtóir ultrasonacha banda leathain sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 16,5 mm idir na trasductóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadair lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar chéatadán na feola trua. |
|
3. |
Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na bhfoirmlí seo a leanas:
i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:
|
|
4. |
Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 cileagram iontu. |
CUID III
Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)
|
1. |
Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)”. |
|
2. |
Is éard atá sa ghaireas seo trealamh ar cineál tóireadóra láimhe é agus is éard a bheidh ann tóireadóir atá 6 mm ar trastomhas ina bhfuil fótabhrathadóir agus ag a bhfuil fad oibriúcháin idir 1 agus 94 mm. |
|
3. |
Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:
Y = 69,3882 + (S1 × – 0,5673) + (S2 × – 0,3282) + (S3 × 0,0397) i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:
|
|
4. |
Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu. |
CUID IV
Fat-O-Meater II (FOM II)
|
1. |
Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Fat-O-Meater II (FOM II)”. |
|
2. |
Is éard atá sa ghaireas trealamh de chineál “Fat-O-Meater” agus beidh tóireadóir 6 mm ar trastomhas ann ina bhfuil fótabhrathadóir (Siemens de chineál SFH 960 — BP 103 nó a leithéid) agus ag a bhfuil doimhneacht oibriúcháin suas go dtí 125 mm. Tá an t-ionchur agus an anailís uile atá ábhartha ó thaobh dlí de laistigh den phiostal FOM II. |
|
3. |
Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:
Y = 69,2265 + (S1 × – 0,5564) + (S2 × – 0,3550) + (S3 × 0,0408) i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:
|
|
4. |
Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu. |
CUID V
Modh láimhe (ZP)
|
1. |
Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an “Mhodha Láimhe (ZP)” trí thomhas a dhéanamh le rialóir. |
|
2. |
Féadfar an modh seo a chur chun feidhme trí rialóir a úsáid agus bunaítear an grádúchán ar bhonn na cothromóide fáistine. Tá sé bunaithe ar thúis na saille agus ar thiús an mhatáin a thomhas de láimh ar mheánlíne scoilte an chonablaigh. |
|
3. |
Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:
Y = 60,3129 + (G × – 0,4788) + (M × 0,0671) i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:
|
|
4. |
Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu. |