1.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/22


CINNEADH (CBES) 2022/1093 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Meitheamh 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, leis an tSaoráid Eorpach Síochána féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí na Straitéise Domhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh an tslándáil agus an chosaint a neartú, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna, oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo, agus rialachas domhanda ar bhonn an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle an Compás Straitéiseach, agus é mar chuspóir aige a bheith ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána mar thaca le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Tá an tAontas tiomanta go mbeidh dlúthchaidreamh ann chun tacú le Poblacht na Moldóive a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, Poblacht na Moldóive den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh de theorainneacha na tíre sin, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú Comhlachais, tá an tAontas agus Poblacht na Moldóive lena n-idirphlé agus lena gcomhar a threisiú agus le cóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tá siad le haghaidh a thabhairt go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(5)

Aithníonn an tAontas go rannchuidíonn Poblacht na Moldóive go mór le CBSC an Aontais, lena n-áirítear an rannchuidiú leanúnach le Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí.

(6)

Leis an gCinneadh seo, cuirtear le Cinneadh (CBES) 2021/2136 (3) maidir le tiomantas leanúnach an Aontais tacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú i réimsí a bhfuil riachtanais tosaíochta acu.

(7)

Ina litir dar dáta an 20 Aibreán 2022, a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtíochta Eorpaí Phoblacht na Moldóive ar an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBES) 2021/509, go dtacódh sé le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive trí acmhainneachtaí na seirbhísí lóistíochta, ceannais agus rialaithe, cibearchosanta, aerthaiscéalaíochta gan foireann agus cumarsáide oirbheartaíochta a neartú.

(8)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Moldóive (“an tairbhí”) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an Beart Cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir foriomlán an Bhirt Cúnaimh rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú d’fhonn an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta in earnáil na cosanta a fheabhsú, i gcomhréir le beartas an Aontais. Ag cur leis an tacaíocht a thug an tSaoráid Eorpach Síochána roimhe seo, cuirfidh an Beart Cúnaimh ar chumas Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, dlús a chur le caighdeáin agus idir-inoibritheacht an Aontais a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin sibhialtaigh a chosaint ar bhealach níos fearr le linn géarchéimeanna agus éigeandálaí. Neartóidh sé freisin acmhainneachtaí an tairbhí maidir lena rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata CBSC an Aontais agus in oibríochtaí ilnáisiúnta eile. Is é is aidhm do chuspóirí sonracha an Bhirt Cúnaimh acmhainneachtaí aonaid lóistíochta, shoghluaisteachta, cheannais agus rialaithe, chibearchosanta, aerthaiscéalaíochta gan foireann agus chumarsáide oirbheartaíochta Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar an trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh, na seirbhísí agus na soláthairtí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint a bhaineann le cúrsaí trealaimh a chur ar na haonaid de Cheannasaíocht na bhFórsaí Talún d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh:

(a)

trealamh lóistíochta;

(b)

trealamh soghluaisteachta;

(c)

trealamh ceannais agus rialaithe;

(d)

trealamh cibearchosanta;

(e)

trealamh aerthaiscéalaíochta gan foireann;

(f)

trealamh cumarsáide oirbheartaíochta.

4.   Mairfidh ré an Bhirt Cúnaimh go ceann 36 mhí ón dáta a thabharfar an chéad chonradh i gcrích idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 40 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na Rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, agus go comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

(a)

Lárionad na hEastóine le haghaidh Infheistíocht Chosanta a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointí (a), (b), (c), (e) agus (f); agus

(b)

an tAcadamh r-Rialachais a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointe (d).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Mar a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, arb iad na húsáideoirí deiridh atá chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialú ar an láthair, ar tríd atá an tairbhí chun rochtain a thabhairt don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnaithe struchtúraithe ar a mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis an chéad soláthar trealaimh. Féadfaidh sé go ngabhfaidh cuairteanna ar an láthair leis an méid seo chun cigireacht a dhéanamh ar an dtrealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a seachadadh faoin mBeart Cúnaimh, nó aon fhoirmeacha eile faisnéise a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a chríochnú chun a mheasúnú ar chabhraigh an Beart Cúnaimh le baint amach na gcuspóirí arna lua.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha don Choiste Polaitiúil agus Slándála gach 6 mhí maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a fhionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2136 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 432, 3.12.2021, lch. 63).

(4)  Comhsheasamh ón gComhairle 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).