1.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/1


CINNEADH (AE) 2022/1089 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2022

maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2011/901/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus, Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (3) (“an Comhaontú”). Síníodh an Comhaontú i gCaisleán Dhrom Ólainn, Éire, an 26 Meitheamh 2004, agus tháinig sé i bhfeidhm an 12 Nollaig 2011.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le fanacht i bhfeidhm ar feadh 10 mbliana; agus, 3 mhí, ar a laghad, roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 10 mbliana, tá na Páirtithe lena chéile a chur ar an eolas faoin rún atá acu a mheid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú ar feadh tréimhse 5 bliana. Chuaigh an Comhaontú in éag an 11 Nollaig 2021.

(3)

Dhearbhaigh an dá Pháirtí go bhfuil rún acu síneadh a chur leis an gComhaontú ar feadh tréimhse 5 bliana breise gan aon leasú ar an gComhaontú. Chun críche leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 12 Nollaig 2021.

(4)

Ós rud é go bhfuil inniúlacht ag an Aontas síneadh a chur leis an gComhaontú as a stuaim féin, ba cheart fógra a thabhairt do Stáit Aontaithe Mheiriceá, ó dháta an tsínidh, go ndéanfaidh an tAontas Eorpach a áirithiú go n-urramófar na hoibleagáidí uile faoin gComhaontú i leith Stát Aontaithe Mheiriceá.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile, ar feadh tréimhse 5 bliana breise.

Airteagal 2

Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra a thabhairt do Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun síneadh a chur leis an gComhaontú curtha i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, na fógraí seo a leanas:

“Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus i gcomharbas air agus ón dáta sin feidhmíonn sé cearta uile agus gabhann sé chuige oibleagáidí uile an Chomhphobail Eorpaigh. Dá bhrí sin, léitear tagairtí do ‘an Comhphobal Eorpach’ i dtéacs an Chomhaontaithe, i gcás inarb iomchuí, mar ‘an tAontas Eorpach’.”

Ó dháta an tsínidh, déanfaidh an tAontas Eorpach a áirithiú go n-urramófar na hoibleagáidí uile faoin gComhaontú i leith Stát Aontaithe Mheiriceá.’.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 12 Nollaig 2021.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  Toiliú an 7 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2011/901/AE ón gComhairle an 12 Nollaig 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 348, 31.12.2011, lch. 1).

(3)  Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (IO L 348, 31.12.2011, lch. 3).