28.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/68


CINNEADH (AE) 2022/1014 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i ndáil leis an gcinntiúchán faoi Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, faoin dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 den Chomhaontú sin a sholáthar don Ríocht Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (1),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) foráiltear do chomhar cómhalartach idir údaráis inniúla fhorfheidhmithe dlí na mBallstát, ar thaobh amháin, agus na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, a bhaineann le comparáid uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí. Mar réamhriachtanas don chomhar sin, ní mór don Ríocht Aontaithe na bearta cur chun feidhme is gá a dhéanamh ar dtús agus ní mór don Aontas meastóireacht a dhéanamh uirthi.

(2)

Ar bhonn tuarascáil mheastóireachta fhoriomlán, ina mbeidh achoimre ar thorthaí ceistneora ábhartha, cuairte meastóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, trialach píolótaí, tá an tAontas chun an dáta nó na dátaí a chinneadh óna bhféadfaidh na Ballstáit na sonraí sin a sholáthar don Ríocht Aontaithe de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

(3)

Níor mhór meastóireacht a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe freisin maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile, próifílí agus sonraí ar bunaíodh naisc leis an Ríocht Aontaithe ina leith cheana i gcomhréir le acquis“Prüm” an Aontais, mar a leagtar amach i gCinntí 2008/615/CGB (3) agus 2008/616/CGB (4) ón gComhairle.

(4)

De bhun Chinneadh 2008/615/CGB, rinneadh buneilimintí Chonradh an 27 Bealtaine 2005 idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na hOstaire maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht, an choireacht trasteorann agus an imirce neamhdhleathach a chomhrac, a thrasuí i gcreat dlíthiúil an Aontais. Le Cinneadh 2008/616/CGB, cuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme agus leagtar síos ann na forálacha riaracháin agus na forálacha teicniúla is gá chun Cinneadh 2008/615/CGB a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le sonraí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithiclí a mhalartú go huathoibríoch. Acquis Prüm atá sna cinntí seo agus tá siad ina gceangal i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis na cinntí seo.

(5)

Luaitear in Airteagal 527 den Chomhaontú Trádála agus Comhair gurb é cuspóir Theideal II de Chuid a Trí (Forfheidhmhiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla) de comhar cómhalartach a bhunú idir údaráis fhorfheidhmithe dlí inniúla na Ríochta Aontaithe, ar thaobh amháin, agus na mBallstát, ar an taobh eile, maidir le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithicle náisiúnta áirithe a aistriú go huathoibríoch.

(6)

I litir dar dáta an 23 Iúil 2021, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl don Choimisiún, tríd an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, go raibh na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Chuid a Trí, Teideal II, den Chomhaontú Trádála agus Comhair curtha chun feidhme aici i leith próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha. Rinne an Ríocht Aontaithe dearbhuithe agus ainmniúcháin freisin i gcomhréir le Caibidil 0, Airteagal 22, d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus chuir sí in iúl go raibh sí réidh le dul faoi mheastóireacht i gcomhair malartú sonraí idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha.

(7)

An 14 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún ceistneoirí a bhain le malartú uathoibrithe próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe. An 8 Samhain 2021, chuir an Ríocht Aontaithe a cuid freagraí ar na ceistneoirí sin ar fáil don Choimisiún. An 11 Samhain 2021, cuireadh na freagraí sin ar fáil don fhoireann meastóireachta agus cuireadh iad faoi bhráid Mheitheal na Comhairle um Malartú Faisnéise CGB agus faoi bhráid Mheitheal na Comhairle um an Ríocht Aontaithe.

(8)

An 9 Samhain 2021, i gcomhréir le Caibidil 4 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, chinn an Chomhairle nach raibh gá le triail phíolótach i leith próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha.

(9)

An 24 agus 25 Samhain 2021, rinneadh meastóireacht ar an Ríocht Aontaithe maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile. I ndáil le cur chun feidhme comparáide uathoibrithe próifílí DNA agus an tsreafa faisnéise a bhaineann leis sin, ba é ba chonclúid don tuarascáil mheastóireachta maidir le próifílí DNA, ar bhonn thoradh na meastóireachta ex ante, go bhféadfaí a mheas gur cuireadh an cur chun feidhme sin i gcrích go rathúil sa Ríocht Aontaithe, ar an leibhéal dlíthiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon. I ndáil le cur chun feidhme an fheidhmchláir uathoibrithe sonraí dachtalascópacha agus an tsreafa faisnéise uathoibrithe maidir le sonraí dachtalascópacha a bhaineann leis sin, ba é ba chonclúid don tuarascáil mheastóireachta maidir le sonraí dachtalascópacha, ar bhonn thoradh na meastóireachta ex ante, go bhféadfaí a mheas gur cuireadh an cur chun feidhme sin i gcrích go rathúil sa Ríocht Aontaithe, ar an leibhéal dlíthiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon.

(10)

De bhun Chaibidil 4, Airteagal 5 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuireadh na tuarascálacha meastóireachta faoi bhráid na Comhairle an 17 Márta 2022, tuarascálacha ina bhfuil achoimre ar thorthaí na gceistneoirí agus na cuairte meastóireachta.

(11)

Ós rud é gur chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 539 den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus in Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis, ba cheart don Aontas, de bhun Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, an dáta nó na dátaí a chinneadh óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe. Ba cheart don Aontas an seasamh sin a chur in iúl don Ríocht Aontaithe sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach. Sna himthosca sin, is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtaca leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an dáta sin a chinneadh, a bhunú.

(12)

Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689, Cinneadh a bhfuil Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina bhunús dlí substainteach aige.

(13)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Airteagal 540 den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais i dtaca leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann leis an dáta a chinneadh óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe, tá an seasamh sin leagtha amach sa dearbhú aontaobhach ón Aontas atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfar seasamh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl don Ríocht Aontaithe sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 2.

(2)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(3)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

DEARBHÚ ÓN AONTAS DE BHUN AIRTEAGAL 540(2) SA CHOISTE SPEISIALAITHE ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(R) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE, I nDÁIL LEIS AN DÁTA ÓNA bhFÉADFAIDH NA BALLSTÁIT SONRAÍ PEARSANTA MAIDIR LE PRÓIFÍLÍ DNA AGUS SONRAÍ DACHTALASCÓPACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 530, 531, 534 AGUS 536 DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR A SHOLÁTHAR DON RÍOCHT AONTAITHE

Dearbhú ón Aontas Eorpach

Féadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le próifílí DNA agus sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear in Airteagail 530, 531, 534 agus 536 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe ón 30 Meitheamh 2022.