28.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 171/1


CINNEADH (AE) 2022/1007 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir leis an gCaidreamh agus an Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 37 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 agus Airteagal 212(1), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh (AE) 2016/2079 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir leis an gCaidreamh agus an Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile (“an Comhaontú”) an 5 Deireadh Fómhair 2016, agus tá cuid dá fhorálacha á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 58 den Chomhaontú, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(2)

Is é cuspóir an Chomhaontaithe an comhar a neartú thar raon leathan réimsí beartais, lena n-áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, comhrac na sceimhlitheoireachta, comhar maidir le hábhair eacnamaíocha agus trádála, sláinte, comhshaol, athrú aeráide, fuinneamh, oideachas, cultúr, saothar, bainistiú riosca tubaistí, iascach agus gnóthaí muirí, iompar, comhar dlíthiúil agus comhrac an sciúrtha airgid, an mhaoinithe sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus an éillithe.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir leis an gCaidreamh agus an Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 58(1) den Chomhaontú (4).

Airteagal 3

Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bheidh ina chomhchathaoirleach ar an gComhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 53 den Chomhaontú.

Déanfar ionadaíocht sa Chomhchoiste don Aontas nó, de réir mar a bheidh, don Aontas agus do na Ballstáit, ag brath ar an ábhar.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 20 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Toiliú an 16 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/2079 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir leis an gCaidreamh agus an Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile (IO L 321, 29.11.2016, lch. 1).

(3)  Féach leathanach IO L 321, 29.11.2016, lch. 3 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.