27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/84


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1004 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2022

lena n-údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le litir dar dáta an 6 Lúnasa 2021, d’iarr an Fhionlainn, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha,. Sholáthair údaráis na Fionlainne faisnéis agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 4 Samhain 2021, an 26 Eanáir 2022 agus an 16 Feabhra 2022.

(2)

Trí bhíthin an ráta laghdaithe atá beartaithe, tá sé d’aidhm ag an bhFionlainn leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú agus táirgeadh neamhdhócháin a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú. Mar thoradh ar an méadú ar úsáid suiteálacha a chumhachtaítear le leictreachas meastar go mbeidh tairbhí comhshaoil agus aeráide ann.

(3)

Trína cheadú don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, níltear ag dul thar a bhfuil riachtanach chun leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú. Déanann suiteálacha teasa den sórt sin an t-aistriú glas a chur chun cinn agus laghdaíonn siad an úsáid a bhaintear as táirgeadh teasa bunaithe ar bhreoslaí a dhó. Níl na suiteálacha sin iomaíoch go fóill ar an margadh, agus chuirfeadh cur i bhfeidhm ráta laghdaithe cánachais, mar a d’iarr an Fhionlainn, teorainn leis an ualach riaracháin. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar an mbeart sin le linn a shaolré agus mar sin ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, déanfar gach údarú a dheonófar faoi Airteagal 19(1) den Treoir sin a theorannú go docht ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin sách fada ionas nach gcuirfear oibreoirí ábhartha eacnamaíocha ó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an t-údarú a dheonú ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairt ghinearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú, go scoirfeadh an t-údarú d’fheidhm a bheith aige an dáta a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.

(5)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí suiteálacha saothrú a dhéanamh ar chur chun cinn teaschaidéal agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, ba cheart a áirithiú go mbeidh an Fhionlainn in ann an laghdú cánach a chur i bhfeidhm, mar a iarradh, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. Trí fhoráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm ó dháta sula ngabhfaidh éifeacht leis an údarú, urramaítear ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí eacnamaíocha, toisc nach gcuireann an t-údarú isteach ar a gcearta ná ar a n-oibleagáidí.

(6)

Tá an cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ar choinníoll go n-urramaítear an leibhéal íosta cánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE, mar a leagtar amach i gcomhair úsáid gnó i dTábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear d’aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair;

(b)

teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair;

(c)

caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Mar sin féin, i gcás go ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fionlainne.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.