27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/81


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1003 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2022

lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021, d’iarr an Pholainn údarú do bheart speisialta maolú ar Airteagal 218, Airteagal 226 agus Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE agus chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach le haghaidh na n-idirbheart uile arna ndéanamh ag daoine inchánacha ar gá sonrasc a eisiúint ina leith (“an beart speisialta”). Iarradh an t-údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Pholainn chuig na Ballstáit eile i litreacha dar dáta an 21 Deireadh Fómhair 2021. Le litir dar dáta an 22 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(3)

Le litir dar dáta an 8 Feabhra 2022, chuir an Pholainn in iúl don Choimisiún nach raibh gá le maolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE agus go mbeadh raon feidhme an bhirt speisialta a iarradh teoranta do dhaoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne.

(4)

Áitíonn an Pholainn go mbeadh tairbhí ag baint leis an mbeart speisialta ó thaobh calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Leis an mbeart speisialta, mar aon le tarchur sonraí breise idirbheart, chuirfí feabhas mór ar chumais anailíseacha údarás fioscach na Polainne, rud a chuirfidh ar a chumas an chomhsheasmhacht idir CBL fógartha agus CBL íoctha a fhíorú go huathoibríoch agus cruinneas an fhíoraithe ar éilimh ar aisíocaíochtaí CBL arna gcur isteach ag cáiníocóirí a mhéadú. Thairis sin, chomhlánódh sé bearta eile arb é is aidhm dóibh calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus an córas CBL a nuachóiriú, mar shampla an Comhad Iniúchóireachta Aonair chun críocha CBL, an sásra um íocaíocht dheighilte, an córas chun anailís leictreonach a dhéanamh ar shreabha airgeadais agus an córas scipéid airgid fhioscaigh ar líne chun faireachán a dhéanamh ar an earnáil miondíola.

(5)

Leis an mbeart speisialta, measann an Pholainn go gcumasófaí roinnt beart simplithe chun go n-éascófaí cúrsaí do dhaoine inchánacha i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí, mar shampla tuairisceáin CBL agus ráitis achoimreacha a réamhlíonadh nó dlús a chur le haisíocaíochtaí CBL. Bheadh buntáistí ag baint leis an mbeart speisialta do dhaoine inchánacha, mar shampla seirbhís stórála agus cartlannaithe sonrasc arna soláthar ag an riarachán agus uathoibriú na bpróiseas cuntasaíochta. De réir na Polainne, ní mheastar go mbeadh costais mhóra ar dhaoine inchánacha chun a gcórais a oiriúnú don bheart speisialta, go háirithe i gcomparáid leis na tairbhí a gheobhaidís ón mbeart speisialta. Chun cuidiú leis na hoiriúnuithesin, tá ríomhshonrascadh deonach curtha i bhfeidhm ag an bPolainn roimh an mbeart speisialta a thabhairt isteach. Ina theannta sin, sholáthrófaí uirlisí saor in aisce chun an ceanglas maidir leis an mbeart speisialta a chomhlíonadh agus reáchtálfaí feachtas cuimsitheach faisnéise chun na cáiníocóirí a chur ar an eolas i dtaobh na rialacha CBL nua maidir leis an mbeart speisialta.

(6)

I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánacha. Dá bhrí sin, má mheasann an Pholainn gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac i gcoinne calaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de.

(7)

Níor cheart don bheart speisialta difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

(8)

Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir breithmheas a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí.

(9)

Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear riosca leis an mbeart speisialta go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(10)

Ní dhéanfaidh an beart speisialta dochar do mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, ní údaraítear don Pholainn ach sonraisc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne a ghlacadh i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Pholainn foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid sonrasc leictreonach arna n-eisiúint i gcríoch na Polainne faoi réir ghlacadh an fhaighteora.

Airteagal 3

Tabharfaidh an Pholainn fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear chun feidhme an beart speisialta a leagtar síos in Airteagal 1 agus Airteagal 2.

Airteagal 4

1.   Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar dháta a thabharfar fógra faoi.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.

3.   Má mheasann an Pholainn gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta a leagtar síos in Airteagal 1 agus Airteagal 2, cuirfidh an Pholainn iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánacha agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualaí riaracháin agus a gcostais riaracháin.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.