24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 167/3


CINNEADH (CBES) 2022/995 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2022

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(2)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/884 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884. De bhun Airteagal 1(14) de Chinneadh (CBES) 2022/884, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle.

(3)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2022 i leith na n-eintiteas go léir dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 128).