22.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/130


CINNEADH (AE) 2022/967 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 436(1) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhairle Comhlachais moltaí a ghlacadh, chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(3)

Chun cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a éascú, chomhaontaigh na Páirtithe clár oibre Comhlachais a bhunú d’fhonn sraith tosaíochtaí a sholáthar le haghaidh a gcuid oibre comhpháirtí ar bhonn earnáil ar earnáil.

(4)

Tá an Chomhairle Comhlachais chun an moladh maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2021-2027 a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2021-2027 ina bhonn leis an gclársceidealú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais, maidir le Chlár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2021-2027 a ghlacadh, a bheith bunaithe ar an dréachtmholadh ón gComhairle Comhlachas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2021-2027 a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtmholadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 13 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. FESNEAU


(1)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.


DRÉACHT

MOLADH Uimh. ../2022 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AE-POBLACHT NA MOLDÓIVE

an …

maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-POBLACHT NA MOLDÓIVE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 436(1) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhairle Comhlachais moltaí a ghlacadh, chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 453(1) den Chomhaontú, tá na Páirtithe chun na bearta ginearálta nó sonracha a dhéanamh is gá chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus tá siad le háirithiú go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.

(4)

Le hAirteagal 11 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais, foráiltear maidir leis an bhféidearthacht cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn idir na seisiúin má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh.

(5)

Chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht na Moldóive a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú trí shraith tosaíochtaí a chomhaontú le haghaidh na tréimhse 2021–2027 i dtaca leis an obair chomhpháirteach chun cuspóirí an chomhlachais pholaitiúil agus na lánpháirtíochta eacnamaíche a bhaint amach mar a leagtar amach sa Chomhaontú.

(6)

Chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú ar théacs Chlár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive le haghaidh 2021–2027, rud a bheidh ina thaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, agus ina ndíreofar ar chomhar maidir le leasanna coiteanna a sainaithníodh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais go gcuirfidh na Páirtithe Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive chun feidhme, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn (*1).

Airteagal 2

Cuirfear Clár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, in ionad Chlár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive a glacadh an 19 Lúnasa 2017.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Moladh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i/in/sa …,

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An Cathaoirleach


(1)   IO AE L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(*1)  Féach doiciméad St 6701/22 ADD 2 ag https://register.consilium.europa.eu