17.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/937 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2022

lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/563/CE a bhaineann le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5N1 in éin fhiáine sa Chomhphobal

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar faoi chuimsiú rialú ráigeanna galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429, i gcás ina meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar a tógadh cheana oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2), aicmítear fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) mar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429.

(3)

Le Cinneadh 2006/563/CE ón gCoimisiún (3), leagtar síos bearta áirithe cosanta atá le cur i bhfeidhm i gcásanna ina mbraitear HPAI, rud arb é víreas A ardphataigineach d’fhochineál H5 is cúis leis, agus ina meastar nó ina ndeimhnítear néaraimíníodáis de chineál N1 (H5N1) a bheith ann in éin fhiáine. Áirítear i mbunús dlí an Chinnidh sin Airteagal 9(4) de Threoir 89/662/CEE ón gComhairle (4) agus Airteagal 10(4) de Threoir 90/425/CEE ón gComhairle (5). Rinneadh na Treoracha sin a aisghairm an 14 Nollaig 2019 le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 164(2) de Rialachán (AE) 2017/625 go raibh Airteagal 9 de Threoir 89/662/CEE agus Airteagal 10 de Threoir 90/425/CEE fós i bhfeidhm maidir leis na hábhair a rialaítear le Rialachán (AE) 2016/429, go dtí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429. Tá feidhm le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021.

(4)

Ina theannta sin, níl na bearta arna leagan síos i gCinneadh 2006/563/CE oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch reatha.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2006/563/CE a aisghairm.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh 2006/563/CE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(3)  Cinneadh 2006/563/CE ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2006 a bhaineann le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5N1 in éin fhiáine sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/115/CE (IO L 222, 15.8.2006, lch. 11).

(4)  Treoir 89/662/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1989 maidir le seiceálacha tréidliachta i dtrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 395, 30.12.1989, lch. 13).

(5)  Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le hainmhithe beo áirithe agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 29).

(6)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).