17.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/35


CINNEADH (AE) 2022/936 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 14ú cruinniú de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an modhnú ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice le haghaidh lasta agus leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF maidir le maoluithe, agus i nós imeachta i scríbhinn Choiste Athbhreithnithe OTIF a mhéid a bhaineann leis an modhnú ar Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (COTIF) trí bhíthin an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (1).

(2)

De bhun Airteagal 13, mír 1, pointe f), de COTIF, rinneadh Coiste Saineolaithe Teicniúla (“CTE”) OTIF a chur ar bun.

(3)

De bhun Airteagal 20, mír 1, pointe b), de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Fhoscríbhinn F a ghabhann le COTIF maidir leis na Rialacha Aonfhoirmeacha a bhaineann le Caighdeáin Theicniúla a Bhailíochtú agus Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a Ghlacadh is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid a bheartaítear a úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta, tá CTE inniúil chun, inter alia, Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha (“UTP”), a bhaineann le hiarratas feidhmchláir theileamaitice le haghaidh lasta (“UTP TAF”) a ghlacadh nó a leasú.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 20, mír 1, pointe e), de COTIF agus le hAirteagal 7a agus Airteagal 21 d’Fhoscríbhinn G a ghabhann le COTIF maidir leis na Rialacha Aonfhoirmeacha a bhaineann le Cead Isteach Teicniúil d’Ábhar Iarnróid a úsáidtear i dTrácht Idirnáisiúnta (“Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF”), tá CTE inniúil chun Iarscríbhinn B a ghabhann leis na Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF maidir le maoluithe ar chur i bhfeidhm UTP a ghlacadh nó a leasú.

(5)

Ar chlár oibre an 14ú seisiún dá chuid, a bheidh ar siúl an 14 agus an 15 Meitheamh 2022, chuir CTE togra le haghaidh cinntí maidir le leasú a dhéanamh ar UTP TAF agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF a bhaineann le maoluithe ar chur i bhfeidhm UTP.

(6)

Is iad cuspóirí na gcinntí CTE atá beartaithe UTP TAF a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/541 ón gCoimisiún (2) agus Iarscríbhinn B a ailíniú le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(7)

Maidir leis an gCoiste Athbhreithnithe arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 13, mír 1, pointe c), de COTIF (‘an Coiste Athbhreithnithe’) tá coinne leis go gcuirfidh sé nós imeachta i scríbhinn i gcrích chun cinneadh a dhéanamh maidir le leasú ar Airteagal 3a, mír 5, agus ar Airteagal 15, mír 2, de Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF.

(8)

Is é is cuspóir don chinneadh atá beartaithe ón gCoiste Athbhreithnithe Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF a ailíniú le Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CTE a bhunú agus, a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF, sa Choiste Athbhreithnithe, ós rud é go mbeidh na cinntí atá molta ina gceangal ar an Aontas.

(10)

Tá na cinntí ó OTIF atá beartaithe i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go gcuireann siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha de dhlí an Aontais, agus, dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú seisiún de CTE OTIF a mhéid a bhaineann le modhnú ar UTP TAF agus le hathbhreithniú Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF maidir le maoluithe ar chur i bhfeidhm UTP, is mar seo a leanas a bheidh an seasamh:

(1)

vótáil i bhfabhar thogra CTE maidir le UTP TAF a thabhairt cothrom le dáta (doiciméad oibre CTE TECH-22004-CTE14);

(2)

vótáil i bhfabhar thogra CTE go dtabharfaí cothrom le dáta Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF a bhaineann le maoluithe ar chur i bhfeidhm UTP (doiciméad oibre CTE TECH-22005-CTE14).

Airteagal 2

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn an Choiste Athbhreithnithe a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú páirteach ar Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF vótáil i bhfabhar togra CTE chun leasú a dhéanamh ar Airteagal 3a, mír 5, agus Airteagal 15, mír 2, de Rialacha Aonfhoirmeacha ATMF (doiciméad oibre CTE TECH-22019-CTE14-7).

Airteagal 3

Nuair a ghlacfar na cinntí ó CTE agus ón gCoiste Athbhreithnithe, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus dáta a dteacht i bhfeidhm á shonrú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 13 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. FESNEAU


(1)  IO L 51, 23.2.2013, lch. 8.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/541 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar ríomh agus malartú sonraí agus iad a shimpliú agus an próiseas um Bainistiú Rialaithe Athruithe a thabhairt cothrom le dáta (IO L 108, 29.3.2021, lch. 19).

(3)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(4)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis an tsábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).