14.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 159/52


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/919 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3604)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE (2) ón gCoimisiún, leagtar amach ceistneoir atá le húsáid ag na Ballstáit chun tuarascálacha bliantúla a ullmhú a bhfuil sé d’aidhm leo cuntas mionsonraithe ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE a bhunú.

(3)

Le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun léiriú a thabhairt ar an ngealltanas a thug an Chomhairle Eorpach in 2014 astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána an Aontais a laghdú faoi 40 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(4)

Chun na leasuithe ar Threoir (AE) 2018/410 a chur chun feidhme, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (4), leagadh síos rialacha athbhreithnithe maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar shonraí gníomhaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE i dtréimhse trádála chóras trádála astaíochtaí an Aontais dar tús an 1 Eanáir 2021 agus tréimhsí trádála ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (5), leagadh síos forálacha athbhreithnithe chun tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Threoir 2003/87/CE a fhíorú agus chun fíoraitheoirí a chreidiúnú agus a mhaoirsiú. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leagadh síos freisin forálacha maidir le haitheantas frithpháirteach fíoraitheoirí agus meastóireacht phiaraí ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta de bhun Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE. Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 maidir le fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sonraí tona-ciliméadair ón 1 Eanáir 2019 agus maidir le fíorú a dhéanamh ar shonraí atá ábhartha do thagarmharcanna ex ante a thabhairt cothrom le dáta agus chun leithdháileadh saor in aisce ar shuiteálacha a chinneadh.

(5)

Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (6) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún (7), tugadh na rialacha maidir le lamháltais astaíochtaí cothrom le dáta.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, na leasuithe ar Threoir 2003/87/CE agus ar na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe lena mbaineann a léiriú i gCinneadh 2005/381/CE. Ina theannta sin, léirigh tuilleadh taithí a fuair na Ballstáit agus an Coimisiún agus úsáid á baint acu as an gceistneoir gur gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht an tuairiscithe agus ar chomhleanúnachas na faisnéise a thuairiscítear.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/381/CE a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Cinneadh 2005/381/CE an 4 Bealtaine 2005 ón gCoimisiún lena mbunaítear ceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 126, 19.5.2005, lch. 43).

(3)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

CEISTNEOIR MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM THREOIR 2003/87/CE

1.   Sonraí faoin institiúid atá ag cur an tuarascáil isteach

Ainm agus roinn na heagraíochta:

Ainm an teagmhálaí:

Teideal poist an teagmhálaí:

Seoladh:

Uimhir theileafóin idirnáisiúnta:

R-phost:

2.   Údaráis fhreagracha sa chóras trádála astaíochtaí (CTA AE) agus comhordú idir na húdaráis

Ní mór na ceisteanna sa roinn seo a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

2.1.

Sa tábla thíos, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE le haghaidh suiteálacha agus eitlíochta i do Bhallstát. Cuir rónna breise isteach más gá.

Ainm

Giorrúchán

Cineál an údaráis inniúil (1)

Líon (2)

Sonraí teagmhála (3)

 

 

 

 

 

An úsáideann tú an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe arna cheapadh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun creidiúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí a fhíoraíonn tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, nó tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Úsáideann/Ní úsáideann

Má úsáideann, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe sin.

Ainm

Giorrúchán

Sonraí teagmhála (5)

 

 

 

Ar chuir tú údarás náisiúnta deimhniúcháin ar bun chun fíoraitheoirí a dheimhniú de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (6)? Chuir/Níor chuir

Má chuir, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an údaráis náisiúnta deimhniúcháin sa bhosca thíos.

Ainm

Giorrúchán

Sonraí teagmhála (7)

 

 

 

Sa tábla thíos, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an riarthóra clárlainne i do Bhallstát.

Ainm

Giorrúchán

Sonraí teagmhála (8)

 

 

 

2.2.

Sa tábla thíos, tugtar le fios cé acu údarás inniúil atá freagrach as na cúraimí seo a leanas, agus úsáid á baint as a ghiorrúchán. Cuir rónna breise isteach más gá.

Má tá dath liath ar bhosca sa tábla thíos, tabhair do d’aire níl an cúram ábhartha le haghaidh suiteálacha ná le haghaidh eitlíochta.

An t-údarás inniúil atá i bhfeighil na nithe seo a leanas:

Suiteálacha

Eitlíocht

Eisiúint ceadanna

 

 

Formheas an phlean modheolaíochta faireacháin le haghaidh suiteálacha agus athruithe móra ar an bplean sin

 

 

Próiseáil a dhéanamh ar na hiarratais ar shaorlamháltais de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (10)

 

 

Measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus ar choigeartú lamháltas faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún (11)

 

 

Leithdháileadh saor in aisce de bhun Airteagail 3e agus 3f de Threoir 2003/87/CE

 

 

Gníomhaíochtaí a bhaineann le ceantáil (an ceantálaí arna shainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (12))

 

 

Eisiúint lamháltas

 

 

Formheas an phlean faireacháin agus ar athruithe móra ar an bplean faireacháin

 

 

Tuarascálacha fíoraithe bliantúla ar astaíochtaí agus tuarascálacha fíorúcháin a fháil agus measúnú a dhéanamh orthu

 

 

Measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (13)

 

 

Cigireacht agus forfheidhmiú

 

 

Riaradh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus gáis a chur san áireamh go haontaobhach faoi Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE (14)

 

 

Riaradh a dhéanamh ar shuiteálacha atá eisiata faoi Airteagail 27 agus 27a de Threoir 2003/87/CE (15)

 

 

Eile, sonraítear:

 

 

2.3.

Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát de bhun Airteagal 18 de Threoir 2003/87/CE, cé acu údarás inniúil é an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 70(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún, Tugtar freagra agus úsáid á baint as an ngiorrúchán ábhartha sa tábla thíos.

Ainm an údaráis inniúil arb é an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 70(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

Giorrúchán

 

 

Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/2066 a dhéanamh, cad iad na bearta a rinneadh chun obair na n-údarás inniúil sin a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Gníomhaíochtaí a chomhordú i ndáil le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

Tá/Níl

Barúlacha (roghnach)

An athbhreithníonn údarás inniúil lárnach, chomh maith leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, pleananna faireacháin, tuarascálacha bliantúla ar astaíochtaí agus tuarascálacha feabhsúcháin ar bhonn rialta?

 

 

An gcuireann údarás inniúil lárnach comhairle nó treoracha ar fáil d’údaráis inniúla áitiúla agus/nó réigiúnacha?

 

 

An bhfuil an chomhairle nó na treoracha ceangailteach?

 

 

An eagraítear cruinnithe tráthrialta idir na húdaráis inniúla?

 

 

An eagraítear oiliúint choiteann le haghaidh na n-údarás inniúil uile chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú?

 

 

An bhfuil meitheal nó grúpa comhordúcháin bunaithe ina bpléann foireann na n-údarás inniúil saincheisteanna faireacháin agus tuairiscithe agus ina bhforbraíonn siad cuir chuige choiteanna?

 

 

An ndéantar gníomhaíochtaí comhordúcháin eile? Má glacadh, sonraítear an méid seo a leanas:

2.4.

Cad é an malartú éifeachtach faisnéise agus comhair atá bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 idir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nó, más ábhartha, an t-údarás náisiúnta deimhniúcháin agus an t-údarás inniúil laistigh de do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Gníomhaíochtaí a chomhordú i ndáil le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

Tá/Níl

Barúlacha (roghnach)

An eagraítear cruinnithe tráthrialta idir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nó an t-údarás náisiúnta deimhniúcháin (más ábhartha) agus an t-údarás inniúil atá freagrach as an gcomhordú?

 

 

An bhfuil meitheal bunaithe ina ndéanann an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nó an t-údarás náisiúnta deimhniúcháin (más ábhartha), an t-údarás inniúil agus na fíoraitheoirí saincheisteanna creidiúnaithe agus fíoraithe a phlé?

 

 

An féidir leis an údarás inniúil a bheith in éineacht leis an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe i gcáil breathnóra le linn gníomhaíochtaí creidiúnaithe?

 

 

An ndéantar gníomhaíochtaí comhordúcháin eile? Má glacadh, sonraítear an méid seo a leanas:

3.   Cumhdach gníomhaíochtaí, suiteálacha agus oibreoirí aerárthaí

3.A.   Suiteálacha

3.1.

Cé mhéad suiteáil a dhéanann gníomhaíochtaí agus a astaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE? As measc na suiteálacha sin cé mhéad acu atá ina suiteálacha de chatagóir A, B agus C dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? As measc na suiteálacha de chatagóir A cé mhéad acu atá ina suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.

Suiteálacha

Líon

Líon iomlán na suiteálacha

 

Suiteálacha de chatagóir A

 

Suiteálacha de chatagóir B

 

Suiteálacha de chatagóir C

 

As measc na suiteálacha de chatagóir A cé mhéad acu atá ina suiteálacha íseal-astaíochta?

 

Cé hiad na gníomhaíochtaí ó Iarscríbhinn I a dhéanann suiteálacha i do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.

Gníomhaíocht Iarscríbhinn I

Tá/Níl

Gníomhaíochtaí dócháin mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Ola mhianra a scagadh

 

Cóc a tháirgeadh

 

Róstadh mianta miotail (lena n-áirítear mian suilfíde) nó sintéarú, lena n-áirítear millíniúchán

 

Táirgeadh muciarainn nó cruach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh nó próiseáil miotal feiriúil mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh alúmanaim phríomhúil

 

Táirgeadh alúmanaim thánaistigh mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh nó próiseáil miotal neamhfheiriúil mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh clincir stroighne in áitheanna rothlacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh aoil nó cailcíniú dolaimíte nó maignéisíte mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Monarú gloine mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Monarú táirgí ceirmeacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Monarú ábhair inslithe olann charraige trí úsáid ghloine, charraige nó slaige mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Triomú nó calcaíniú gipsim nó táirgeadh bord plástair agus táirgí gipsim eile, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh laín mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh páipéir nó cairtchláir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Dubh carbóin a tháirgeadh mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Aigéad nítreach a tháirgeadh

 

Aigéad adaipeach a tháirgeadh

 

Aigéad gliocsail agus aigéad gliocsalach a tháirgeadh

 

Amóinia a tháirgeadh

 

Ceimiceáin orgánacha i mbulc a tháirgeadh mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh hidrigine (H2) agus gáis shintéisigh mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Táirgeadh luatha sóide (Na2CO3) agus carbónáite sóidiam (NaHCO3) mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Gáis cheaptha teasa ó shuiteálacha a ghabháil mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Gáis cheaptha teasa a iompar trí phíblínte chun iad a stóráil go geolaíoch i láithreán stórála atá ceadaithe faoi Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16)

 

Gáis cheaptha teasa a stóráil go geolaíoch i láithreán stórála atá ceadaithe faoi Threoir 2009/31/CE

 

3.2.

An bhfuil suiteálacha eisiata agat faoi Airteagail 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE? Tá/Níl

Má tá, líontar isteach an tábla thíos leis an méid seo a leanas:

Iomlán na n-astaíochtaí ó shuiteálacha a eisiadh faoi Airteagal 27 de Threoir 2003/87/CE agus líon na suiteálacha a sháraigh an tairseach de 25 000 tona de CO2(e) faoi Airteagal 27 agus ar gá iad a áireamh arís sa chóras trádála astaíochtaí;

Iomlán na n-astaíochtaí ó shuiteálacha atá eisiata faoi Airteagal 27a(1) de Threoir 2003/87/CE agus líon na suiteálacha a sháraigh an tairseach de 2 500 tona de choibhéis CO2(e) faoi Airteagal 27a(1) agus ar gá dóibh dul ar ais sa chóras trádála astaíochtaí;

Iomlán na n-astaíochtaí ó aonaid atá eisiata faoi Airteagal 27a(3) de Threoir 2003/87/CE agus líon na n-aonad a sháraigh an tairseach de 300 uair an chloig faoi Airteagal 27a(3) agus ar gá dóibh dul ar ais sa chóras trádála astaíochtaí.

Eisiamh faoi Airteagal 27, 27a(1) nó 27a(3) de Threoir 2003/87/CE (17)

Iomlán na n-astaíochtaí ó shuiteálacha atá eisiata faoi Airteagal 27, 27a(1) nó 27a(3) de Threoir 2003/87/CE

Líon na suiteálacha nó aonad a sháraigh na tairseacha is infheidhme ar gá dóibh dul ar ais sa chóras trádála astaíochtaí

 

 

 

As measc na suiteálacha atá eisiata faoi Airteagail 27 agus 27a de Threoir 2003/87/CE cé mhéad acu a dúnadh le linn na tréimhse tuairiscithe?

 

Líon na suiteálacha a dúnadh

Eisiamh faoi Airteagal 27 de Threoir 2003/87/CE

 

Eisiamh faoi Airteagal 27a de Threoir 2003/87/CE

 

3.B.   Oibreoirí aerárthaí

3.3.

Cé mhéad oibreoir aerárthaí atá ag déanamh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhfuil tú freagra astu mar Bhallstát riaracháin? As measc na n-oibreoirí aerárthaí sin cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí tráchtála agus cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála? As measc líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí cé mhéad acu atá ina n-astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Sonraítear agus úsáid á baint as an tábla thíos.

Cineál oibreoirí aerárthaí

Líon na n-oibreoirí aerárthaí tráchtála

Líon na n-oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála

Líon iomlán

Oibreoirí aerárthaí (nach astaírí beaga iad)

 

 

 

Oibreoirí aerárthaí atá ina n-astaírí beaga

 

 

 

Líon iomlán

 

 

 

4.   Eisiúint ceadanna do shuiteálacha

Ní mór ceist 4.1 agus an chéad chuid de cheist 4.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe. Ní mór gach ceist eile a fhreagairt go bliantúil.

4.1.

Sonraítear sa tábla thíos a mhéid a rinneadh comhtháthú nó comhordú idir Treoir 2003/87/CE agus Treoir 2010/75/AE (18).

Comhtháthú agus comhordú an cheada astaíochta gás ceaptha teasa (cead CTA) agus chead na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha

Rinneadh/Ní dhearnadh/Go páirteach

Barúlacha (roghnach)

An bhfuil cead CTA ina chuid de chead na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha?

 

 

Mura bhfuil, an bhfuil na nósanna imeachta faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha comhtháite leis na nósanna imeachta faoi Chead CTA?

 

 

Mura bhfuil, an seiceálann rialtóirí na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha go bhfuil an cead CTA infheidhme agus, más gá, an gcuireann siad na húdaráis inniúla atá freagrach as gníomhaíochtaí faoi CTA AE ar an eolas?

 

 

An ndéanann rialtóirí na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha pleananna faireacháin a fhormheas agus tuarascálacha bliantúla ar astaíochtaí a mheasúnú?

 

 

An ndéanann rialtóirí na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha iniúchadh ar ghníomhaíochtaí CTA AE?

 

 

An iarrtar ar rialtóir na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha comhairle nó treoracha a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a dhéanann an t-údarás inniúil faoi CTA AE?

 

 

Má iarrtar, an bhfuil an chomhairle nó na treoracha ceangailteach?

 

 

An ndéantar comhtháthú nó comhordú an cheadaithe ar bhealach eile? Má glacadh, sonraítear an méid seo a leanas:

4.2.

Cathain a bhíonn sé de cheangal faoin dlí náisiúnta cead a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 2003/87/CE? Cuirtear ar fáil mionsonraí na bhforálacha sa dlí náisiúnta sa tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Catagóir na n-athruithe

Mionsonraí na bhforálacha sa dlí náisiúnta

Cathain is féidir leis an údarás inniúil ceadanna a tharraingt siar?

 

Faoin dlí náisiúnta, an éagann cead? Má éagann, cé na himthosca atá i gceist?

 

Cathain a athraítear cead de thoradh méadú ar thoilleadh?

 

Cathain a athraítear cead de thoradh laghdú ar thoilleadh?

 

Cathain a athraítear cead de thoradh athruithe a rinneadh ar an bplean faireacháin?

 

An bhfuil cineálacha eile nuashonruithe ceada ann? Má tá, cuirtear ar fáil mionsonraí faoin méid seo a leanas:

 

Cad é líon iomlán na nuashonruithe ceada a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe? Sonraítear sa tábla thíos líon na nuashonruithe ceada a mhéid is eol don údarás inniúil.

Líon iomlán na gceadanna a nuashonraíodh le linn na tréimhse tuairiscithe

 

5.   Cur i bhfeidhm an rialacháin maidir le faireachán agus tuairisciú

5.A.   Ginearálta

Ní mór ceisteanna 5.1, 5.2, 5.3 agus 5.4 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

5.1.

Ar glacadh reachtaíocht náisiúnta bhreise chun cúnamh a thabhairt maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur chun feidhme? Glacadh/Níor glacadh

Má glacadh, sonraítear thíos na réimsí dá gcuireadh reachtaíocht náisiúnta bhreise chun feidhme nó dá bhfuil sí á cur chun feidhme.

 

Ar forbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise chun tacú leis an tuiscint ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Forbraíodh/Níor fhorbraíodh

Má forbraíodh, sonraítear thíos na réimsí dá bhforbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise.

 

5.2.

Cad iad na bearta a rinneadh chun ceanglais tuairiscithe CTA AE a chuíchóiriú le ceanglais tuairiscithe sásraí tuairiscithe atá ann cheana amhail tuairisciú maidir le fardal gás ceaptha teasa agus tuairisciú maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach)? Má rinneadh, líontar isteach an tábla thíos leis an méid seo a leanas.

Bearta chun ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú

Tá/Níl

Barúlacha (roghnach)

Úsáidtear sonraí CTA AE chun an tuarascáil maidir le fardal gás ceaptha teasa a thiomsú

 

 

Úsáideann na húdaráis atá freagrach as fardail gás ceaptha teasa agus an oifig staidrimh tuarascáil CTA AE ar astaíochtaí chun comparáidí a dhéanamh leis an gcomhardú fuinnimh náisiúnta

 

 

Úsáideann na húdaráis atá freagrach as tuarascálacha PRTR Eorpach tuairisciú CTA AE ar astaíochtaí le haghaidh seiceálacha inchreidteachta agus/nó bailíochtaithe

 

 

Úsáidtear sonraí CTA AE chun bailíochtú agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh le haghaidh tuairisciú maidir le fardal gás ceaptha teasa

 

 

Tá tairseach nó ardán tuairiscithe ar líne ann chun tuairisciú a dhéanamh le haghaidh CTA AE, PRTR Eorpach agus/nó le haghaidh críoch eile

 

 

Tá comhordú struchtúrtha ann idir na húdaráis inniúla um PRTR Eorpach, um fardal gás ceaptha teasa agus um CTA AE

 

 

Ar glacadh bearta eile chun ceanglais tuairiscithe CTA AE a chuíchóiriú le ceanglais tuairiscithe eile? Má glacadh, sonraítear an méid seo a leanas:

5.3.

An úsáideann tú an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin? Úsáideann/Ní úsáideann

Mura n-úsáideann, sonraítear sa tábla thíos cé acu atá teimpléid leictreonacha shaincheaptha nó formáidí comhaid sonracha forbartha ag do Bhallstát le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin agus tabhair le fios na heilimintí atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.

 

Teimpléad sonrach nó formáid chomhaid an Bhallstáit (19)

Cé na heilimintí atá éagsúil leo siúd atá sna teimpléid agus sna formáidí comhaid a d’fhoilsigh an Coimisiún?

Plean faireacháin le haghaidh suiteálacha

 

 

Tuarascáil ar astaíochtaí le haghaidh suiteálacha

 

 

Tuarascáil fíorúcháin le haghaidh suiteálacha

 

 

Tuarascáil feabhsúcháin le haghaidh suiteálacha

 

 

 

Teimpléad sonrach nó formáid chomhaid an Bhallstáit (20)

Cé na heilimintí atá éagsúil leo siúd atá sna teimpléid agus sna formáidí comhaid a d’fhoilsigh an Coimisiún?

Plean faireacháin le haghaidh oibreoirí aerárthaí

 

 

Tuarascáil ar astaíochtaí le haghaidh oibreoirí aerárthaí

 

 

Tuarascáil fíorúcháin le haghaidh oibreoirí aerárthaí

 

 

Tuarascáil feabhsúcháin le haghaidh oibreoirí aerárthaí

 

 

Cad iad na bearta a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais in Airteagal 74(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh? Sonraítear anseo thíos.

 

5.4.

An úsáideann tú córas uathoibríoch le haghaidh malartú sonraí leictreonacha idir oibreoirí nó oibreoirí aerárthaí agus an t-údarás inniúil agus páirtithe eile? Úsáideann/Ní úsáideann

Má tá, sonraítear thíos na forálacha a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais in Airteagal 75(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh.

 

5.B.   Suiteálacha

Ní mór ceist 5.17 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

5.5.

Sa tábla thíos, líontar isteach, i gcás na mbreoslaí a liostaítear, an t-ídiú breosla iomlán agus na hastaíochtaí bliantúla iomlána ar bhonn na sonraí a tuairiscíodh i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora le haghaidh na bliana tuairiscithe.

Tuairisc ar an gcineál breosla

Méid iomlán an bhreosla a ídíodh (teirigiúil)

Astaíochtaí bliantúla iomlána (tona de CO2)

Gual crua

 

 

Lignít nó gual fobhiotúmanach

 

 

Móin

 

 

Cóc

 

 

Gás nádúrtha

 

 

Gás Oighinn Cóic

 

 

Gás foirnéise soinneáin

 

 

Gás scaglainne agus gáis eile a dhíorthaítear as próisis

 

 

Olaí breosla

 

 

Gás peitriliam leachtaithe

 

 

Cóc peitriliam

 

 

Breoslaí iontaise eile (21)

 

 

5.6.

Sa tábla thíos, líontar isteach iomlán comhiomlán na n-astaíochtaí le haghaidh gach catagóir d’Fhormáid Tuairiscithe Choiteann (FTC) IPCC a thuairiscítear bunaithe ar na sonraí arna soláthar i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora i gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

Catagóir FTC 1 (Fuinneamh)

Catagóir FTC 2 (Astaíochtaí próisis)

Iomlán na n-astaíochtaí

(tona de choibhéis CO2(e))

Iomlán na n-astaíochtaí dócháin

(tona de choibhéis CO2(e))

Iomlán na n-astaíochtaí próisis

(tona de choibhéis CO2(e))

 

 

 

 

 

5.7.

Sa tábla thíos, tugtar le fios i gcás gach catagóir shuiteála agus i gcás gach cineál breosla nó ábhair líon na suiteálacha a bhfuil luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 31(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 formheasta ag an údarás inniúil ina leith.

Catagóir shuiteála (22)

Cineál breosla nó ábhair

Líon na suiteálacha a úsáideann luachanna réamhshocraithe

 

 

 

5.8.

Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha ar cheadaigh an t-údarás inniúil minicíocht anailíse éagsúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 35(2), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chomh maith le deimhniú go bhfuil an plean samplála sna cásanna sin lándoiciméadaithe agus gur cloíodh go hiomlán leis.

Ainm an bhreosla nó an ábhair

Líon na suiteálacha ar cheadaigh an t-údarás inniúil minicíocht anailíse éagsúil ina leith

Líon na bhfloscanna bunaidh móra a gcuirtear minicíocht anailíse éagsúil i bhfeidhm orthu

Deimhnítear go bhfuil an plean samplála lándoiciméadaithe agus cur cloíodh go hiomlán leis Deimhnítear/Ní dheimhnítear. Mura féidir, sonraítear an chúis

 

 

 

 

5.9.

Murar cuireadh an leibhéal is airde cur chuige i bhfeidhm le haghaidh floscanna bunaidh móra nó mórfhoinsí astaíochtaí ó shuiteálacha de chatagóir C dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugtar le fios sa tábla thíos, i gcás gach suiteáil ábhartha, na floscanna bunaidh nó an fhoinse astaíochtaí lena mbaineann, an paraiméadar faireacháin lena mbaineann agus an leibhéal is airde a éilítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus an leibhéal a cuireadh i bhfeidhm.

Cód céannachta na suiteála (23)

An flosc bunaidh lena mbaineann sa mhodheolaíocht ríomh-bhunaithe

An fhoinse astaíochtaí lena mbaineann sa mhodheolaíocht tomhas-bhunaithe

An paraiméadar faireacháin lena mbaineann (24)

An leibhéal is airde a éilítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

An leibhéal a cuireadh i bhfeidhm sa chleachtas

 

 

 

 

 

 

5.10.

Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha de chatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nach gcuireann an leibhéal is airde i bhfeidhm le haghaidh gach flosc bunaidh agus gach mórfhoinse astaíochtaí (25) i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

Modheolaíocht faireacháin (26)

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Líon na suiteálacha lena mbaineann

 

 

 

5.11.

Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát an cur chuige cúltaca i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir

Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.

Cód céannachta na suiteála (27)

An chúis leis an gcur chuige cúltaca a chur i bhfeidhm (28)

Paraiméadar, nár baineadh amach ar a laghad leibhéal 1 ina leith (29)

Astaíochtaí measta lena mbaineann an paraiméadar seo

 

 

 

 

5.12.

Tugtar le fios sa tábla thíos líon na suiteálacha de chatagóir A, B agus C ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus líon suiteálacha ar cuireadh tuarascáil feabhsúcháin isteach ina leith i ndáiríre. Baineann an fhaisnéis sa tábla thíos le cur isteach na tuarascála feabhsúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Catagóir Shuiteála

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Cineál tuarascála feabhsúcháin (30)

Líon na suiteálacha ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach ina leith

Líon na suiteálacha ar cuireadh isteach tuarascáil feabhsúcháin sa chleachtas ina leith

 

 

 

 

 

5.13.

Ar aistríodh CO2 fréimhíochta i gcomhréir le hAirteagal 48, CO2 i gcomhréir le hAirteagal 49 nó N2O i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 i do Bhallstát? Aistríodh/Níor aistríodh

Má aistríodh, líontar isteach an tábla thíos.

Cineál aistrithe (31)

Cód céannachta (32) na suiteála aistrithe (33)

Cód céannachta (34) na suiteála is faighteoir í

Méid CO2 nó N2O a aistríodh (35)

(tona de CO2 nó tona de N2O)

Astaíochtaí CO2 fréimhíochta a fuarthas

(tona de choibhéis CO2)

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I na suiteála is faighteoir í i gcás aistriú CO2 (Airteagal 49) nó aistriú N2O (Airteagal 50)

Uimhir cheada an láithreáin stórála (cead faoi Threoir 2009/31/CE) i gcás aistriú go dtí an láithreán Gabhála agus Stórála Carbóin

 

 

 

 

 

 

 

5.14.

Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát tomhas leanúnach astaíochtaí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir

Má chuir, tugtar le fios sa tábla thíos, astaíochtaí iomlána gach suiteáil, na hastaíochtaí a rinneadh tomhas leanúnach astaíochtaí orthu, agus cé acu a bhí bithmhais CO2 sa ghás a tomhaiseadh nó nach raibh.

Cód céannachta (36) na suiteálacha a d’astaigh CO2

Cód céannachta (36) na suiteálacha a d’astaigh N2O

Astaíochtaí iomlána bliantúla

(tona de choibhéis CO2(e))

Astaíochtaí a rinneadh tomhas leanúnach orthu

(tona de choibhéis CO2(e))

An bhfuil bitmhais sa ghás múcháin a tomhaiseadh?

Tá/Níl

 

 

 

 

 

5.15.

Sa tábla thíos, tugtar le fios an méid seo a leanas le haghaidh gach príomhghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:

líon na suiteálacha de chatagóir A, B agus C a úsáideann bitmhais;

iomlán na n-astaíochtaí ó bhithmhais a mheastar go bhfuil rátáil nialasach acu i.e. i gcás nach bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta ná critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó i gcás go gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

iomlán na n-astaíochtaí ó bhithmhais nach meastar go bhfuil rátáil nialasach acu i.e. i gcás go bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta nó critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ach nach gcomhlíontar na critéir sin;

iomlán na n-astaíochtaí iontaise ó shuiteálacha a úsáideann bithmhais;

luach fuinnimh na bithmhaise a mheastar go bhfuil rátáil nialasach aici;

luach fuinnimh na bithmhaise nach meastar go bhfuil rátáil nialasach aici; agus

an fuinneamh iontaise ídithe ag suiteálacha a úsáideann bithmhais.

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Catagóir Shuiteála

Líon na suiteálacha de chatagóir A, B agus C a úsáideann bitmhais

Astaíochtaí ó bhithmhais ar a gcuirtear i bhfeidhm critéir inbhuanaitheachta nó critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a shásaigh na critéir sin agus iad siúd nach bhfuil feidhm ag aon chritéir inbhuanaitheachta maidir leo

(tona de choibhéis CO2(e))

Astaíochtaí ó bhithmhais a bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta maidir leo nó critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ach nár shásaigh na critéir sin

(tona de choibhéis CO2(e))

Astaíochtaí iontaise

(tona de choibhéis CO2(e))

Luach fuinnimh bithmhaise nialas-rátaithe

(teirigiúil)

Luach fuinnimh bithmhaise nach bithmhais nialas-rátaithe í

(teirigiúil)

Luach fuinnimh breoslaí iontaise/ábhair

(teirigiúil)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Tugtar tuairisc thíos ar na príomheilimintí má úsáidtear córais náisiúnta chun an chomhlíontacht sin a léiriú.

 

5.16.

Cérbh é cainníocht iomlán na n-astaíochtaí CO2 iontaise ó dhramhaíl a úsáideadh mar bhreosla nó mar ábhar ionchuir? Tugtar freagra trí úsáid a bhaint as an tábla thíos.

 

Astaíochtaí (tona de choibhéis CO2)

Dramhaíla úsáideadh i suiteálacha faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

5.17.

Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh/Níor cheadaigh

Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.

Cineál measúnaithe riosca (37)

Prionsabail ghinearálta an mheasúnaithe riosca

 

 

5.C.   Oibreoirí aerárthaí

Ní mór ceist 5.23 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

5.18.

Cé mhéad oibreoir aerárthaí atá ag úsáid Modh A nó B chun an t-ídiú breosla a chinneadh? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.

An modh chun an t-ídiú breosla a chinneadh

Líon na n-oibreoirí aerárthaí

Sciar (mar %) na n-astaírí beaga (de líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí sa dara colún) a chinneann an t-ídiú breosla

Modh A

 

 

Modh B

 

 

Modhanna A agus B

 

 

5.19.

Sa tábla thíos, sonraítear

iomlán comhiomlán astaíochtaí gach eitilt agus gach eitilt intíre a rinne oibreoirí aerárthaí le linn na tréimhse tuairiscithe a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith;

iomlán comhiomlán astaíochtaí eitiltí CORSIA a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith;

iomlán comhiomlán na n-astaíochtaí, atá faoi réir ceanglais fritháirithe faoi CORSIA, ó oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith;

iomlán comhiomlán astaíochtaí na n-eitiltí, atá faoi réir scéim na hEilvéise i ndáil le trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith.

 

Astaíochtaí iomlána (tona de CO2)

Astaíochtaí iomlána eitiltí a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith

 

Astaíochta iomlána eitiltí intíre a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith

 

Astaíochtaí iomlána eitiltí CORSIA a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith

 

Iomlán na n-astaíochtaí atá faoi réir ceanglais fritháirithe faoi CORSIA a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith

 

Iomlán na n-astaíochtaí ó eitiltí, atá faoi réir scéim na hEilvéise i ndáil le trádáil astaíochtaí, a rinne oibreoirí aerárthaí a bhfuil tú i do Bhallstát riaracháin ina leith

 

Cé mhéad oibreoir aerárthaí a thuairiscigh eitiltí idir aeradróim atá lonnaithe in dhá thríú tír éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (38)?

Líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí a thuairiscigh eitiltí tríú tír i dtuarascáil an oibreora aerárthaí ar astaíochtaí

 

5.20.

Sa tábla thíos, tugtar le fios:

líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid bithbhreoslaí;

iomlán na n-astaíochtaí ó bhithbhreoslaí a mheastar go bhfuil rátáil nialasach acu i.e. i gcás go gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

iomlán na n-astaíochtaí ó bhithbhreoslaí nach meastar go bhfuil rátáil nialasach acu i.e. i gcás go bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta nó ag critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir leo ach nach gcomhlíontar na critéir sin.

Líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid bithbhreoslaí

Astaíochtaí ó bhithbhreoslaí a bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta nó ag critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir leo agus a shásaigh na critéir sin

(tona de choibhéis CO2)

Astaíochtaí ó bhithbhreoslaí a bhfuil feidhm ag critéir inbhuanaitheachta nó ag critéir maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir leo ach nár shásaigh na critéir sin

(tona de choibhéis CO2)

 

 

 

5.21.

Sa tábla thíos, tugtar le fios:

líon na n-astaírí beaga a d’úsáid an uirlis astaírí beaga chun a n-ídiú breosla a chinneadh;

líon na n-oibreoirí aerárthaí faoi bhun 25 000 tona de CO2 nó na n-oibreoirí aerárthaí a raibh iomlán a n-astaíochtaí níos lú ná 3 000 tona de CO2 agus ar gineadh a dtuarascáil ar astaíochtaí ó shaoráid tacaíochta CTA AE go neamhspleách ar aon ionchur ón oibreoir aerárthaí;

líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid modh malartach chun astaíochtaí ó eitiltí a bhfuil a sonraí in easnamh a chinneadh; agus

líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid an uirlis astaírí beaga chun astaíochtaí ó eitiltí a bhfuil a sonraí in easnamh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

Líon na n-astaírí beaga a d’úsáid an uirlis astaírí beaga chun a n-ídiú breosla a chinneadh

 

Líon na n-oibreoirí aerárthaí faoi bhun 25 000 tona de CO2 nó na n-oibreoirí aerárthaí a raibh iomlán a n-astaíochtaí níos lú ná 3 000 tona de CO2 agus ar gineadh a dtuarascáil ar astaíochtaí ó shaoráid tacaíochta CTA AE go neamhspleách ar aon ionchur ón oibreoir aerárthaí

 

Líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid modh malartach chun astaíochtaí ó eitiltí a bhfuil a sonraí in easnamh a chinneadh

 

Líon na n-oibreoirí aerárthaí a d’úsáid an uirlis astairí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2018/2066 chun astaíochtaí ó eitiltí a bhfuil a sonraí in easnamh a chinneadh

 

5.22.

Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na n-oibreoirí aerárthaí ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur isteach ina leith agus ar cuireadh ceann isteach ina leith i ndáiríre. An fhaisnéis a iarrtar sa tábla thíos, baineann sí le cur isteach na dtuarascálacha feabhsúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Líon na n-oibreoirí aerárthaí ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach ina leith

Líon na n-oibreoirí aerárthaí a chur isteach tuarascáil feabhsúcháin sa chleachtas

 

 

5.23.

Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh/Níor cheadaigh.

Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.

Cineál measúnaithe riosca (39)

Prionsabail ghinearálta um measúnú riosca

 

 

6.   Socruithe fíorúcháin

6.A.   Ginearálta

6.1.

Tugtar le fios sa tábla thíos líon iomlán na bhfíoraitheoirí a mbíonn tuarascálacha na n-oibreoirí nó tuarascálacha na n-oibreoirí aerárthaí á bhfíorú acu (40). Maidir le líon iomlán na bhfíoraitheoirí ó Bhallstát eile, tugtar le fios an Ballstát inar chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe iad.

 

Le haghaidh suiteálacha

Le haghaidh eitlíochta

Líon

Ballstát an chreidiúnaithe

Líon

Ballstát an chreidiúnaithe

Líon iomlán na bhfíoraitheoirí a creidiúnaíodh i do Bhallstát

 

 

 

 

Líon iomlán na bhfíoraitheoirí a deimhníodh i do Bhallstát

 

 

 

 

Líon na bhfíoraitheoirí, a chreidiúnaigh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe i mBallstát eile iad, a rinne fíorú i do Bhallstát

 

 

 

 

Líon na bhfíoraitheoirí, ar dheimhnigh údarás náisiúnta deimhniúcháin i mBallstát eile iad, a rinne fíorú i do Bhallstát (más ábhartha)

 

 

 

 

Tugtar le fios sa tábla thíos líon na bhfíoraitheoirí atá creidiúnaithe le haghaidh raon feidhme sonrach creidiúnaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Má cheadaigh Ballstáit daoine nádúrtha a dheimhniú mar fhíoraitheoirí de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tugtar le fios freisin líon na bhfíoraitheoirí ar daoine nádúrtha iad atá deimhnithe le haghaidh raon feidhme sonrach deimhniúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Raon feidhme an chreidiúnaithe nó an deimhniúcháin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

Líon na bhfíoraitheoirí a creidiúnaíodh i do Bhallstát

Líon na bhfíoraitheoirí a deimhníodh i do Bhallstát

 

 

 

6.2.

Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le malartú faisnéise a shonraítear i gCaibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067:

Faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le malartú faisnéise a shonraítear i gCaibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

Ar cuireadh isteach gach clár oibre i gcomhréir le hAirteagal 71(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067?

Ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta do Bhallstáit (41)

Ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile (41)

 

 

Ar cuireadh isteach gach tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067?

Ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta do Bhallstáit (41)

Ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile (41)

 

 

Ar cuireadh isteach gach tuarascáil maidir le malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 73(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067?

Ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta do Bhallstáit (41)

Chuig comhlacht náisiúnta creidiúnaithe Ballstáit eile (41)

 

 

Líon na mbeart riaracháin a forchuireadh ar fhíoraitheoirí a chreidiúnaigh do Bhallstát

Fionraí

Creidiúnú a tharraingt siar

Laghdú ar raon feidhme

 

 

 

Líon na mbeart riaracháin a forchuireadh ar fhíoraitheoirí a dheimhnigh do Bhallstát (más ábhartha)

Fionraí

Creidiúnú a tharraingt siar

Laghdú ar raon feidhme

 

 

 

An méid uaireanta a d’iarr an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe i do Bhallstát ar an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe i mBallstát eile faireachas a dhéanamh thar a cheann i gcomhréir le hAirteagal 50(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

 

Líon na ngearán a rinneadh faoi fhíoraitheoirí a chreidiúnaigh do Bhallstát agus an líon acu a réitíodh

Líon na ngearán a rinneadh

Líon na ngearán den cholún clé a réitíodh

Líon na ngearán ó thréimhse tuairiscithe roimhe seo a réitíodh (42)

 

 

Más infheidhme, líon na ngearán a rinneadh faoi fhíoraitheoirí a dheimhnigh do Bhallstát agus an líon acu a réitíodh

Líon na ngearán a rinneadh

Líon na ngearán den cholún clé a réitíodh

Líon na ngearán ó thréimhse tuairiscithe roimhe seo a réitíodh (42)

 

 

Líon na neamhchomhréireachtaí atá fós gan réiteach i dtaobh fíoraitheoirí a tuairiscíodh sa mhalartú faisnéise agus an líon acu a réitíodh

Líon na neamhchomhréireachtaí

Líon na neamhchomhréireachtaí den cholún clé a réitíodh

Líon na neamhchomhréireachtaí ó thréimhse tuairiscithe roimhe seo a réitíodh (42)

 

 

6.B.   Suiteálacha

6.3.

Cad iad na suiteálacha a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Cód céannachta na suiteála (43)

Astaíochtaí iomlána bliantúla na suiteála

(tona de choibhéis CO2(e))

An chúis le meastachán coimeádach a dhéanamh (44)

Sciar (mar %) d’astaíochtaí na suiteála a rinneadh meastachán coimeádach orthu

An modh a úsáideadh chun meastachán coimeádach a dhéanamh ar na hastaíochtaí

Bearta eile a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh (45)

 

 

 

 

 

 

Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nár chuir isteach tuarascáil ar astaíochtaí faoin spriocdháta atá leagtha síos?

Roghnaigh (46)

Líon iomlán na suiteálacha

 

 

6.4.

An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh

Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Cineál saincheiste a fuarthas (47)

Líon na suiteálacha

Líon na saincheisteanna

Sciar (mar %) de thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a raibh meastachán coimeádach ar na hastaíochtaí ag an údarás inniúil ina thoradh orthu

 

 

 

 

 

6.5.

An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne/Ní dhearna

Má rinne, sonraítear cé acu seiceálacha a rinneadh agus úsáid á baint as an tábla thíos:

Seiceálacha ar na tuarascálacha fíorúcháin fíoraithe

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí ar seiceáladh a gcríochnúlacht agus a gcomhsheasmhacht inmheánach

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí ar seiceáladh a gcomhsheasmhacht leis an bplean faireacháin

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí a cros-seiceáladh le sonraí leithdháileacháin

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí a cros-seiceáladh le sonraí eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis faoi na sonraí eile lena ndearnadh cros-seiceálacha

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí a ndearnadh mionanailís orthu

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis ar na critéir a úsáideadh chun tuarascálacha ar astaíochtaí a roghnú le haghaidh mionanailíse (48)

%

 

Líon na dtuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a diúltaíodh toisc neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

Líon na dtuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a diúltaíodh ar chúiseanna eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, tugtar le fios na cúiseanna gur diúltaíodh na tuarascálacha ar astaíochtaí

 

 

Bearta a rinneadh de thoradh tuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a dhiúltú

 

Bearta eile a rinneadh de thoradh seiceálacha ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí

 

6.6.

Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha a astaíonn níos mó ná 25 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh

Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuir rónna breise isteach más gá.

Coinníoll faoinar tarscaoileadh cuairt ar an láthair (49)

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Líon na suiteálacha

 

 

 

Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh

Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.

Líon iomlán na gcuairteanna ar an láthair a tarscaoileadh i gcás suiteálacha íseal-astaíochta

 

6.7.

An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh/Ní dhearnadh

Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:

cineál force majeure agus líon na suiteálacha a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu,

cé acu a fuarthas formheas údaráis inniúil nó a cuireadh údarú cineálach i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067; agus

deimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cuairteanna fíorúla a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Cineál force majeure

Líon na suiteálacha a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu

Formheas ag údarás inniúil nó cur i bhfeidhm Airteagal 34a(4) (50)

Deimhniú gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 34a

 

 

 

 

6.C.   Oibreoirí aerárthaí

6.8.

Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Cód céannachta an oibreora aerárthaí (51)

Astaíochtaí iomlána bliantúla an oibreora aerárthaí (tona de choibhéis CO2(e))

An chúis le meastachán coimeádach a dhéanamh (52)

Sciar (mar %) d’astaíochtaí an oibreora aerárthaí a ndearnadh meastachán coimeádach orthu

An modh a úsáideadh chun meastachán coimeádach a dhéanamh ar na hastaíochtaí

Bearta eile a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh (53)

 

 

 

 

 

 

Cé mhéad oibreoir aerárthaí a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nach bhfuil tuarascáil ar astaíochtaí curtha isteach acu faoin spriocdháta atá leagtha síos?

Roghnaigh (54)

Líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí

 

 

6.9.

An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh

Má bhí, sna táblaí thíos, cuirtear ar fáil faisnéis le haghaidh astaíochtaí agus sonraí tona-ciliméadair, faoi seach.

Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha ar astaíochtaí

Cineál saincheiste a fuarthas (55)

Líon na n-oibreoirí aerárthaí

Líon na saincheisteanna

Sciar (mar %) de thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a raibh meastachán coimeádach ar na hastaíochtaí ag an údarás inniúil ina thoradh orthu

 

 

 

 

Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha tona-ciliméadair

Cineál saincheiste a fuarthas (56)

Líon na n-oibreoirí aerárthaí

Líon na saincheisteanna

 

 

 

6.10.

An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne/N dhearna

Má rinne, agus úsáid á baint as na táblaí thíos, sonraítear na seiceálacha a rinneadh le haghaidh astaíochtaí agus sonraí tona-ciliméadair, faoi seach.

Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha ar astaíochtaí

Seiceálacha ar na tuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí ar seiceáladh a gcríochnúlacht agus a gcomhsheasmhacht inmheánach

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí ar seiceáladh a gcomhsheasmhacht leis an bplean faireacháin

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí a cros-seiceáladh le sonraí eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis faoi na sonraí eile lena ndearnadh cros-seiceálacha

%

 

Sciar na dtuarascálacha ar astaíochtaí a ndearnadh mionanailís orthu

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis ar na critéir a úsáideadh chun tuarascálacha ar astaíochtaí a roghnú le haghaidh mionanailíse (57)

%

 

Líon na dtuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a diúltaíodh toisc neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

Líon na dtuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a diúltaíodh ar chúiseanna eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, tugtar le fios na cúiseanna gur diúltaíodh na tuarascálacha ar astaíochtaí

 

 

Bearta a rinneadh de thoradh tuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí a dhiúltú

 

Bearta eile a rinneadh de thoradh seiceálacha ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí

 

Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha tona-ciliméadair

Seiceálacha ar na tuarascálacha tona-ciliméadair

Sciar na dtuarascálacha tona-ciliméadair ar seiceáladh a gcríochnúlacht agus a gcomhsheasmhacht inmheánach

%

 

Sciar na dtuarascálacha tona-ciliméadair ar seiceáladh a gcomhsheasmhacht leis an bplean faireacháin

%

 

Sciar na dtuarascálacha tona-ciliméadair a cros-seiceáladh le sonraí eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis faoi na sonraí eile lena ndearnadh cros-seiceálacha

%

 

Sciar na dtuarascálacha tona-ciliméadair a ndearnadh mionanailís orthu

Agus úsáid á baint as an tríú colún, cuirtear ar fáil faisnéis ar na critéir a úsáideadh chun tuarascálacha tona-ciliméadair a roghnú le haghaidh mionanailíse (58)

%

 

Líon na dtuarascálacha tona-ciliméadair fíoraithe a diúltaíodh toisc neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

Líon na dtuarascálacha tona-ciliméadair fíoraithe a diúltaíodh ar chúiseanna eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, tugtar le fios na cúiseanna ar diúltaíodh do na tuarascálacha tona-ciliméadair

 

 

Bearta eile a rinneadh de thoradh seiceálacha ar thuarascálacha tona-ciliméadair fíoraithe

 

6.11.

Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh

Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos líon na n-astaírí beaga ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.

Líon iomlán na gcuairteanna ar an láthair a tarscaoileadh i gcás astaírí beaga

 

6.12.

An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh/Ní dhearnadh

Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:

cineál force majeure agus líon na n-oibreoirí aerárthaí a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu,

cé acu a fuarthas formheas údaráis inniúil nó a cuireadh údarú cineálach i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067; agus

deimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cuairteanna fíorúla a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Cineál force majeure

Líon na n-oibreoirí aerárthaí a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu

Formheas ag údarás inniúil nó cur i bhfeidhm Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 (59)

Deimhniú gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 34a

 

 

 

 

7.   Clárlanna

7.1.

Cuir i gceangal cóip de na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann go sonrach le do Bhallstát a cheanglaítear ar shealbhóirí cuntais iad a shíniú.

7.2.

I ngach cás inar dúnadh cuntas toisc nach raibh aon ionchas réasúnach ann go ndéanfadh suiteáil nó oibreoir aerárthaí lamháltais bhreise a thabhairt suas, tugtar tuairisc sa tábla thíos ar an gcúis nach raibh aon ionchas réasúnach ann a thuilleadh agus luaigh méid na lamháltas nár tugadh suas. Cuir rónna breise isteach más gá.

Suiteáil/cód céannachta an oibreora aerárthaí (60)

Oibreoir Ainm

Ainm na suiteála

Líon na lamháltas nár tugadh suas

An chúis nach bhfuil ionchas réasúnach ann a thuilleadh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

7.3.

Cé mhéad uair le linn na bliana tuairiscithe a d’úsáid oibreoirí aerárthaí an sainordú dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (61)? Sonraítear thíos an líon uaireanta.

An líon uaireanta a úsáideadh an sainordú le linn na tréimhse tuairiscithe

 

Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a d’úsáid sainordú le linn na tréimhse tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122? Cuirtear ar fáil an fhaisnéis trí úsáid a bhaint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.

Cód céannachta an oibreora aerárthaí (62)

Ainm an oibreora aerárthaí

 

 

8.   Leithdháileadh

Ní mór ceisteanna 8.1, 8.2, 8.3, 8.10, 8.11 agus 8.17 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

8.A.   Ginearálta

8.1.

An úsáideann tú an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún le haghaidh pleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha fíorúcháin? Úsáideann/Ní úsáideann

Mura n-úsáideann, sonraítear sa tábla thíos an bhfuil teimpléid leictreonacha shaincheaptha Bhallstáit nó formáidí comhaid sonracha Ballstáit forbartha agat le haghaidh pleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha fíorúcháin agus tabhair le fios na heilimintí atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.

 

Teimpléad sonrach nó formáid chomhaid an Bhallstáit (63)

Cé na heilimintí den teimpléad nó den fhormáid chomhaid shonrach a bhaineann go sonrach leis an mBallstát (64)?

Plean modheolaíochta faireacháin

 

 

Tuarascáil ar shonraí bonnlíne

 

 

Tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta

 

 

Tuarascáil fíorúcháin

 

 

8.2.

An ngearrtar táillí ar oibreoirí i ndáil le gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Gearrtar/Ní ghearrtar

Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí sin sa tábla thíos:

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

Formheas an phlean modheolaíochta faireacháin

 

Formheas na n-athruithe móra ar an bplean modheolaíochta faireacháin

 

Eile, sonraítear:

 

8.3.

Má tá córas TF á úsáid ag na Ballstáit, leis an gcóras sin an gcumhdaítear freisin gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cumhdaítear/Ní chumhdaítear

8.4.

Líontar isteach sa tábla thíos faisnéis faoi thréigean agus fionraíocht lamháltas agus faoi lamháltais bhreise a aisghabháil de thoradh ró-leithdháileadh:

 

Líon na suiteálacha

Cé mhéad suiteáil a thréig leithdháileadh saor in aisce i ndáil le gach foshuiteáil nó i ndáil le foshuiteálacha áirithe faoi Airteagal 24 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331?

 

Cé mhéad suiteáil a d’fhionraigh an t-údarás inniúil eisiúint lamháltas i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842?

 

Cé mhéad suiteáil ar aisghabh an t-údarás inniúil lamháltais bhreise de thoradh ró-leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842?

 

8.5.

Ar cuireadh Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa? Cuireadh/Níor cuireadh

Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc breosla lena mbaineann

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc teasa lena mbaineann

 

 

Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 a chur i bhfeidhm ar foshuiteálacha? Dhiúltaigh/Níor dhiúltaigh

Má dhiúltaigh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc breosla lena mbaineann

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc teasa lena mbaineann

 

 

Ar cuireadh Airteagal 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa? Cuireadh/Níor cuireadh

Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc breosla lena mbaineann

Líon na bhfoshuiteálacha ina n-úsáidtear an tagarmharc teasa lena mbaineann

 

 

8.6.

Sonraítear líon na suiteálacha a eisiadh ó raon feidhme CTA AE:

Cúis

Líon na suiteálacha

Scor

 

Laghdú ar thoilleadh lena ndéantar an tsuiteáil ina gcuirtear gníomhaíochtaí dócháin i gcrích a thabhairt faoi bhun 20 MW

 

Laghdú ar thoilleadh lena ndéantar an tsuiteáil a thabhairt faoi bhun tairseach toillte táirgeachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Cuid den tsuiteáil a dhíol nó a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil eile, rud lena ndéantar an tsuiteáil a thabhairt faoi bhun tairseach a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Athrú ar theorainneacha suiteála nó ar chead, rud lena ndéantar an tsuiteáil a thabhairt faoi bhun tairseach a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE

 

Cúiseanna eile, sonraítear

 

8.7.

Ar chuir tú i bhfeidhm Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE? Chuir/Níor chuir

Má chuir, cuirtear ar fáil sa tábla thíos líon iomlán na lamháltas astaíochtaí a eisíodh agus luach iomlán na n-infheistíochtaí a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe.

 

Laistigh den tréimhse tuairiscithe

Líon iomlán na lamháltas astaíochtaí a eisíodh faoi Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE

 

Luach iomlán na n-infheistíochtaí a rinneadh faoi Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE

 

8.B.   Tuarascálacha ar shonraí bonnlíne

8.8.

Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach i leith na dtuarascálacha ar shonraí bonnlíne?

Roghnaigh (65)

Líon iomlán na suiteálacha

 

 

8.9.

An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí/Ní raibh

Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Cineál saincheiste a fuarthas (66)

Líon na suiteálacha

Líon na saincheisteanna

Líon na suiteálacha ar chinn an t-údarás inniúil leibhéil na ngníomhaíochtaí stairiúla ina leith i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 toisc gur imthosca eisceachtúla agus neamh-intuartha ba chúis leis na bearnaí sonraí a raibh an tuairim ón bhfíoraitheoir mar thoradh orthu, imthosca nárbh fhéidir a sheachaint fiú dá bhfeidhmeofaí gach cúram cuí ina leith.

 

 

 

 

 

8.C.   Sonraí maidir leis an leibhéal gníomhaíochta bliantúla

8.10.

Ar cheangail an t-údarás inniúil ar oibreoirí tuairisciú ar na paraiméadair bhreise a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cheangail/Níor cheangail

Má chuir, sonraítear cineál na bparaiméadar breise:

Cineál na bparaiméadar breise

 

8.11.

Ar iarr an t-údarás inniúil réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach? D’iarr/Níor iarr

Má d’iarr, cén amlíne atá i bhfeidhm maidir leis an réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach?

Amlíne le haghaidh an réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach

 

8.12.

Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach i dtaobh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó nár chuir isteach tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta faoin spriocdháta atá leagtha síos?

Roghnaigh (67)

Líon iomlán na suiteálacha

Líon na suiteálacha a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar a sonraí leithdháilte

 

 

 

8.13.

An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí/Ní raibh

Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:

Príomhghníomhaíocht Iarscríbhinn I

Cineál saincheiste a fuarthas (68)

Líon na suiteálacha

Líon na saincheisteanna

Líon na suiteálacha a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar a sonraí leithdháilte

 

 

 

 

 

8.14.

Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil do thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Dhiúltaigh/Níor dhiúltaigh

Má dhiúltaigh, líon isteach an tábla thíos:

Diúltú do thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta

Líon na dtuarascálacha bliantúla fíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta a diúltaíodh toisc neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842

 

 

Líon na dtuarascálacha bliantúla fíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta a diúltaíodh ar chúiseanna eile

Agus úsáid á baint as an tríú colún, tugtar le fios na cúiseanna ar diúltaíodh do na tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta

 

 

Bearta a rinneadh de thoradh tuarascálacha bliantúla fíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta a dhiúltú

 

Bearta eile a rinneadh de thoradh seiceálacha ar thuarascálacha bliantúla fíoraithe ar an leibhéal gníomhaíochta

 

8.15.

Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh

Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuir rónna breise isteach más gá.

Critéir le haghaidh cuairt ar an láthair a tharscaoileadh (69)

Líon na suiteálacha

 

 

8.16.

An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Rinneadh/Ní dhearnadh

Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:

cineál force majeure agus líon na suiteálacha a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu,

cé acu a fuarthas formheas údaráis inniúil nó a cuireadh údarú cineálach i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067; agus

deimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cuairteanna fíorúla a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Cineál force majeure

Líon na suiteálacha a ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair orthu

Formheas ag údarás inniúil nó cur i bhfeidhm Airteagal 34a(4) (70)

Deimhniú gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 34a

 

 

 

 

8.17.

Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht i míonna

Eile

Íosta

Uasta

Íosta

Uasta

 

Mainneachtain maidir le plean modheolaíochta faireacháin atá formheasta ag an údarás inniúil

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le nósanna imeachta a fhaire agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean modheolaíochta faireacháin formheasta, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar an bplean modheolaíochta faireacháin agus mainneachtain maidir leis an bplean modheolaíochta faireacháin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach faoin spriocdháta atá leagtha síos

 

 

 

 

 

Eile, sonraítear

 

 

 

 

 

8.18.

Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Pionóis iarbhír a forchuireadh sa tréimhse tuairiscithe

An bhfuil imeachtaí leanúnacha ar siúl a bhaineann leis an bpionós a forchuireadh?

Tá/Níl

Ar forchuireadh an pionós sa tréimhse tuairiscithe chéanna?

Forchuireadh/Níor forchuireadh

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht i míonna

Eile

Ba cheart an cineál sáraithe a roghnú ón liosta a bhaineann le ceist 8.17. Ba cheart gach pionós a forchuireadh a thuairisciú i líne ar leithligh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha?

Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:

An cineál sáraithe

An cineál pionóis (71)

An bhliain tuairiscithe inar tuairiscíodh an pionós

 

 

 

9.   Táillí agus muirir

Ní mór ceisteanna 9.1, 9.2 agus 9.3 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

9.A.   Suiteálacha

9.1   An ngearrtar táillí ar oibreoirí? Gearrtar/Ní ghearrtar

Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as ceadanna a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

Eisiúint ceada/formheas an phlean faireacháin

 

Cead a thabhairt cothrom le dáta

 

Aistriú an cheada

 

Tabhairt suas an cheada

 

Iarratas ar an gcúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua

 

Eile, sonraítear:

 

Má ghearrtar, agus úsáid á baint as an tábla thíos, cuirtear ar fáil sonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla.

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

Muirear cothaithe bliantúil

 

Eile, sonraítear

 

9.B.   Oibreoirí aerárthaí

9.2   An ngearrtar táillí ar oibreoirí aerárthaí? Gearrtar/Ní ghearrtar

Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

Plean faireacháin le haghaidh astaíochtaí a fhormheas

 

Athrú ar an bplean faireacháin le haghaidh astaíochtaí a fhormheas

 

Plean faireacháin le haghaidh sonraí tona-ciliméadair a fhormheas

 

Athrú ar phlean faireacháin le haghaidh sonraí tona-ciliméadair a fhormheas

 

Plean faireacháin a aistriú

 

Plean faireacháin a thabhairt suas

 

Eile, sonraítear

 

Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla sa tábla thíos.

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

Muirear cothaithe bliantúil

 

Eile, sonraítear

 

9.C.   Suiteálacha agus oibreoirí aerárthaí

9.3

Sna táblaí thíos, sonraítear na táillí aonuaire agus bliantúla a ghearrtar ar oibreoirí agus ar oibreoirí aerárthaí i ndáil le cuntais chlárlainne.

Tábla le haghaidh táillí aonuaire

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

 

 

 

 

Tábla le haghaidh táillí bliantúla

An chúis atá leis an táille/tuairisc

Méid in Euro

 

 

 

 

10.   Saincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht le Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí

10.A.   Suiteálacha

Ní mór ceist 10.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

10.1.

Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí an cead agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuir rónna breise isteach más gá.

Bearta a rinneadh chun comhlíontacht a áirithiú

Rinneadh/Ní dhearnadh

Barúil

An ndearna an t-údarás inniúil cigireachtaí ar shuiteálacha? Sonraítear líon na gcigireachtaí ar an láthair sa cholún ‘Barúil’.

 

 

An raibh toirmeasc ar lamháltais astaíochta a dhíol i gcás neamhrialtachtaí?

 

 

An ndearnadh bearta coisctheacha chun comhlíontacht an oibreora a áirithiú?

Má rinneadh, sonraítear cineál na mbeart sa cholúin ‘Barúil’

 

 

Ar sainaithníodh aon easnamh athfhillteach de thoradh bearta coisctheacha agus ar chigireacht?

 

 

Eile, sonraítear:

 

10.2.

Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht i míonna

Eile

Íosta

Uasta

Íosta

Uasta

 

Oibríocht gan chead

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le coinníollacha an cheada a chomhlíonadh

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le plean faireacháin atá formheasta ag an údarás inniúil

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le doiciméadacht tacaíochta a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le plean samplála riachtanach/pleananna samplála riachtanacha atá formheasta ag an údarás inniúil

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le nósanna imeachta a fhaire agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean faireacháin formheasta agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar an bplean faireacháin agus mainneachtain maidir leis an bplean faireacháin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le tuarascáil fíoraithe maidir le hastaíochtaí a chur isteach faoin 31 Márta nó níos luaithe más rud é gur shocraigh an t-údarás inniúil spriocdháta níos luaithe

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le tuarascáil/tuarascálacha feabhsúcháin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le faisnéis a chur ar fáil don fhíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

 

 

 

 

 

Cinneadh nach bhfuil an tuarascáil fíoraithe maidir le hastaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Eile, sonraítear

 

 

 

 

 

Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?

 

10.3.

Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Pionóis iarbhír a forchuireadh sa tréimhse tuairiscithe

An bhfuil imeachtaí leanúnacha ar siúl a bhaineann leis an bpionós a forchuireadh?

Tá/Níl

Ar forchuireadh an pionós sa tréimhse tuairiscithe chéanna?

Forchuireadh/Níor forchuireadh

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht i míonna

Eile

Ba cheart an cineál sáraithe a roghnú ón liosta a bhaineann le ceist 10.2. Ba cheart gach pionós a forchuireadh a thuairisciú i líne ar leithligh.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:

An cineál sáraithe

An cineál pionóis (72)

An bhliain tuairiscithe inar tuairiscíodh an pionós

 

 

 

10.4.

Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.

Cód céannachta na suiteála (73)

Ainm an oibreora

 

 

10.B.   Oibreoirí aerárthaí

Ní mór ceisteanna 10.6 agus 10.9 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

10.5.

Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí aerárthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuir rónna breise isteach más gá.

An ndearnadh bearta

Rinneadh/Ní dhearnadh

Nótaí

An ndearna an t-údarás inniúil cigireachtaí ar oibreoirí aerárthaí? Sonraítear líon na gcigireachtaí ar an láthair sa cholún ‘Barúlacha’.

 

 

An raibh toirmeasc ar lamháltais astaíochta a dhíol i gcás neamhrialtachtaí?

 

 

An ndearnadh bearta coisctheacha chun comhlíontacht na n-oibreoirí aerárthaí a áirithiú?

Má rinneadh, sonraítear cineál na mbeart sa cholúin ‘Barúlacha’.

 

 

Ar sainaithníodh aon easnamh athfhillteach de thoradh bearta coisctheacha agus ar chigireacht?

 

 

Eile, sonraítear:

 

10.6.

Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht I míonna

Eile

Íosta

Uasta

Íosta

Uasta

 

Mainneachtain maidir le plean faireacháin atá formheasta ag an údarás inniúil

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le doiciméadacht tacaíochta a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le nósanna imeachta a fhaire agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean faireacháin formheasta agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar an bplean faireacháin agus mainneachtain maidir leis an bplean faireacháin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le ceartú a dhéanamh ar neamhréitigh i dtuairisciú iomláine an liosta eitiltí

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le tuarascáil fíoraithe maidir le hastaíochtaí a chur isteach faoin 31 Márta nó níos luaithe más rud é gur shocraigh an t-údarás inniúil spriocdháta níos luaithe

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le tuarascáil/tuarascálacha feabhsúcháin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Mainneachtain maidir le faisnéis a chur ar fáil don fhíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

 

 

 

 

 

Cinneadh nach bhfuil an tuarascáil fíoraithe maidir le hastaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Cinneadh nach bhfuil an tuarascáil tona-ciliméadair fíoraithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066

 

 

 

 

 

Lamháltais bhreise nár thug an t-oibreoir aerárthaí ar ais in ainneoin gur iarr an t-údarás inniúil air iad a thabhairt ar ais

 

 

 

 

 

Eile, sonraítear:

 

 

 

 

 

Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?

 

10.7.

Cad iad na sáruithe a fuarthas agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.

An cineál sáraithe

Pionóis iarbhír a forchuireadh sa tréimhse tuairiscithe

An bhfuil imeachtaí leanúnacha ar siúl a bhaineann leis an bpionós a forchuireadh?

Tá/Níl

Ar forfheidhmíodh an pionós sa tréimhse tuairiscithe chéanna?

Forfheidhmíodh/Níor forfheidhmíodh

Fíneálacha in Euro

Príosúnacht i míonna

Eile

Ba cheart an cineál sáraithe a roghnú ón liosta a bhaineann le ceist 10.6. Ba cheart gach pionós a forchuireadh a thuairisciú i líne ar leithligh.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha?

Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.

An cineál sáraithe

An cineál pionóis (74)

An bhliain tuairiscithe inar tuairiscíodh an pionós

 

 

 

10.8.

Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí aerárthaí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.

Cód céannachta an oibreora aerárthaí (75)

Ainm an oibreora aerárthaí

 

 

10.9.

Cad iad na bearta a bheadh le déanamh i do Bhallstát sula n-iarrfaí cosc oibríochta ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16(10) de Threoir 2003/87/CE? Sonraítear thíos cineálacha na mbeart.

 

11.   Cineál dlíthiúil na lamháltas agus na láimhseála fhioscaí

Ní mór ceisteanna 11.1, 11.2, 11.3 agus 11.4 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

11.1.   Cad é cineál dlíthiúil lamháltais i do Bhallstát?

 

11.2.   Cén chaoi a láimhseáiltear cuntasaíocht airgeadais na lamháltas astaíochtaí i do Bhallstát?

 

11.3.   An bhfuil CBL dlite ar eisiúint lamháltas astaíochtaí agus ar idirbhearta ina leith? Tá/Níl

Má tá, an gcuireann do Bhallstát an nós imeachta aistrithe táillí i bhfeidhm? Cuireann/Ní chuireann

11.4.   An ngearrtar cáin ar lamháltais astaíochtaí? Gearrtar/Ní ghearrtar

Má ghearrtar, sonraítear sa tábla thíos an cineál cánach agus na rátaí cánach is infheidhme. Cuir rónna breise isteach más gá.

Cineál cánach

An ráta cánach a cuireadh i bhfeidhm

 

 

 

 

12.   Calaois

Ní mór ceisteanna 12.1 agus 12.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.

12.1

Sa tábla thíos, sonraítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce.

Socruithe a bhaineann le gníomhaíochtaí calaoiseacha

Mionsonraí na socruithe agus na nósanna imeachta sa dlí náisiúnta

An bhfuil nósanna imeachta nó próisis i bhfeidhm le haghaidh oibreoirí, oibreoirí aerárthaí nó tríú páirtithe chun a n-imní a chur in iúl faoi ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce? Má tá, sonraítear na nósanna imeachta.

 

An ndéantar gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce a rialú leis an reachtaíocht chéanna lena ndéantar cineálacha eile calaoise a rialú? Mura ndéantar, sonraítear an reachtaíocht ábhartha.

 

Cé hiad na húdaráis atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar chalaois maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce?

 

An bhfuil feidhm ag na nósanna imeachta céanna maidir le himscrúdú ar chalaois a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce in CTA AE leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le cineálacha eile calaoise i do Bhallstát? Tá/Níl.

Mura bhfuil, tugtar tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar ról údarás inniúil CTA AE sna nósanna imeachta sin.

 

An bhfuil feidhm ag na nósanna imeachta céanna a bhaineann le calaois a ionchúiseamh maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce in CTA AE leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le cineálacha eile calaoise i do Bhallstát?

Tá/Níl.

Mura bhfuil, tugtar tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar ról údarás inniúil CTA AE sna nósanna imeachta sin.

 

I gcás ionchúiseamh maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha, cad iad na pionóis uasta? Tugtar tuairisc ar fhíneálacha agus ar théarmaí príosúnachta.

 

12.2

Maidir leis na húdaráis inniúla atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE, sonraítear sa tábla thíos na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirtear iad ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí calaoiseacha.

Socruithe a bhaineann le gníomhaíochtaí calaoiseacha a chur in iúl don údarás inniúil

Mionsonraí na socruithe agus na nósanna imeachta

An gcuirtear an t-údarás inniúil faoi CTA AE ar an eolas nuair a dhéanann na húdaráis atá freagrach as calaois a imscrúdú agus a ionchúiseamh imscrúdú ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha oibreora nó oibreora aerárthaí faoi CTA AE? Má chuirtear, sonraítear an chaoi a ndéantar sin.

 

An gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi chásanna a thugtar os comhair na cúirte faoi ghníomhaíochtaí calaoiseacha? Má chuirtear, sonraítear an chaoi a ndéantar sin.

 

An gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi chásanna de ghníomhaíochtaí calaoiseacha a shocraítear lasmuigh den chúirt? Má chuirtear, sonraítear an chaoi a ndéantar sin.

 

An gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi fhíorasc na cúirte maidir le cásanna gníomhaíochtaí calaoiseacha? Má chuirtear, sonraítear an chaoi a ndéantar sin.

 

12.3

Sa tábla thíos, sonraítear an fhaisnéis seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a mhéid is eol don údarás inniúil atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE i do Bhallstát:

líon na n-imscrúduithe a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe (lena n-áirítear imscrúduithe leanúnacha);

líon na gcásanna a tugadh os comhair na cúirte sa tréimhse tuairiscithe;

líon na gcásanna a socraíodh lasmuigh den chúirt gan chiontú agus líon na gcásanna a raibh éigiontú ina thoradh orthu sa tréimhse tuairiscithe; agus

líon na gcásanna sa tréimhse tuairiscithe arb é an toradh a bhí orthu ciontú as gníomhaíocht chalaoiseach a dhéanamh.

Faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí calaoiseacha

Líon

Líon na n-imscrúduithe a rinneadh

 

Líon na gcásanna a tugadh os comhair na cúirte

 

Líon na gcásanna a socraíodh lasmuigh den chúirt gan chiontú agus líon na gcásanna a raibh éigiontú ina thoradh orthu

 

Líon na gcásanna arb é an toradh a bhí orthu ciontú as gníomhaíocht chalaoiseach a dhéanamh

 

13.   Barúlacha eile

13.1.

Sa tábla thíos, tugtar sonraí faoi aon saincheist eile is cúis le hábhar imní i do Bhallstát, nó aon fhaisnéis ábhartha eile ba mhaith leat a chur ar fáil.

Roinn

Faisnéis nó saincheist eile is údar imní

Ginearálta

 

Roinn 2

 

Roinn 3

 

Roinn 4

 

Roinn 5

 

Roinn 6

 

Roinn 7

 

Roinn 8

 

Roinn 9

 

Roinn 10

 

Roinn 11

 

Roinn 12

 

13.2.

An ndearna tú gach ceist aonuaire sa cheistneoir seo a fhreagairt agus an ndearna tú na freagraí ar na ceisteanna sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is ábhartha? Rinne/Ní dhearna

Murar ndearna, téitear ar ais go dtí an cheist lena mbaineann.


(1)  Roghnaigh ón mbosca anuas: údarás inniúil lárnach, údarás inniúil réigiúnach, údarás inniúil áitiúil, eile. Más údarás inniúil lárnach an t-údarás inniúil, ní gá líon na n-údarás inniúil a chur isteach.

(2)  Sonraítear líon na n-údarás inniúil sa chás ina roghnaítear údaráis inniúla réigiúnacha nó áitiúla sa cholún ar chlé.

(3)  Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(5)  Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94). Cuirtear an Rialachán sin in ionad Rialachán (AE) Uimh. 600/2012 ón gCoimisiún.

(7)  Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.

(8)  Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.

(9)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(14)  Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás inar chuir an Ballstát gníomhaíochtaí agus gáis san áireamh faoi Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE.

(15)  Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás ina bhfuil suiteálacha eisiata ag an mBallstát faoi Airteagal 27 agus Airteagal 27a de Threoir 2003/87/CE.

(16)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(17)  Roghnaigh Airteagal 27, 27a(1) nó 27a(3).

(18)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(19)  Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.

(20)  Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.

(21)  Tabhair do d’aire nach gcumhdaítear leis an gceist seo bitmhais (lena n-áirítear bithbhreoslaí neamh-inbhuanaithe, bithleachtanna, bithmhais sholadach). Le ceist 5.15, cumhdaítear faisnéis a bhaineann le dóchán bithmhaise.

(22)  Roghnaigh suiteáil de chatagóir A, suiteáil de chatagóir B, suiteáil de chatagóir C nó suiteáil íseal-astaíochta.

(23)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais.

(24)  Faoi pharaiméadar faireacháin lena mbaineann, roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, toisc ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise nó i gcás modheolaíocht tomhas-bhunaithe: meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.

(25)  Foinsí astaíochtaí a astaíonn níos mó ná 5 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana nó a astaíonn níos mó ná 10 % d’astaíochtaí bliantúla iomlána na suiteála, cibé acu is airde i dtéarmaí dearbhastaíochtaí.

(26)  Roghnaítear: modheolaíocht ríomh-bhunaithe nó modheolaíocht tomhas-bhunaithe.

(27)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(28)  Roghnaítear:

a)

tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh flosc bunaidh mór amháin;

b)

tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh mionfhlosc bunaidh amháin;

c)

tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh níos mó ná flosc bunaidh mór amháin nó mionfhlosc bunaidh amháin; nó

d)

tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 sa mhodheolaíocht tomhas-bhunaithe dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

(29)  Roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, toisc ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise nó, i gcás modheolaíocht tomhas-bhunaithe, meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.

(30)  Roghnaítear: tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(3) den Rialachán sin nó tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(4) den Rialachán sin.

(31)  Roghnaítear: aistriú CO2 fréimhíochta (Airteagal 48), aistriú CO2 go Gabháil agus Stóráil Charbóin (Airteagal 49(1)(a)), aistriú CO2 in PCC (Airteagal 49(1)(b)), aistriú N2O (Airteagal 50).

(32)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122

(33)  An tsuiteáil inar aistríodh an CO2 fréimhíochta faoi Airteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, an tsuiteáil inar aistríodh CO2 faoi Airteagal 49 den Rialachán sin, an tsuiteáil inar aistríodh an N2O faoi Airteagal 50 den Rialachán sin

(34)  Cuirtear ar fáil cód céannachta na suiteála a fuair an CO2 fréimhíochta, cód céannachta na suiteálacha a fuair CO2 de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó a fuair N2O de bhun Airteagal 50 den Rialachán sin. Más tomhaltóir neamh-CTA AE an páirtí is faighteoir, líontar isteach “tomhaltóir neamh-CTA AE”.

(35)  Cuirtear ar fáil méid CO2 fréimhíochta nó CO2 a aistríodh de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó a fuair N2O de bhun Airteagal 50 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(36)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(37)  Roghnaítear: measúnú riosca a rinne an t-údarás inniúil nó measúnú riosca a rinne an t-oibreoir.

(38)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).

(39)  Tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha tona-ciliméadair.

(40)  Tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha tona-ciliméadair.

(41)  Líontar isteach cuireadh isteach/níor cuireadh isteach/go páirteach.

(42)  Agus nár tuairiscíodh mar ghearáin réitithe i dtuarascálacha roimhe seo.

(43)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(44)  Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin, diúltaíodh an tuarascáil ar astaíochtaí de bhrí nach raibh sí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, nó níor fíoraíodh an tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

(45)  Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig an oibreoir maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a chomhcheangal.

(46)  Sonraítear: ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin..

(47)  Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.

(48)  Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na suiteálacha, gach suiteáil de chatagóir C, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).

(49)  Roghnaítear na coinníollacha mar a luaitear iad in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(50)  Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(51)  Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(52)  Roghnaítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin, diúltaíodh an tuarascáil ar astaíochtaí de bhrí nach raibh sí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, níor fíoraíodh an tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(53)  Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig oibreoirí aerárthaí maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora aerárthaí a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a chomhcheangal.

(54)  Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr míráitis ábhartha, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin.

(55)  Roghnaítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin.

(56)  Roghnaítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin.

(57)  Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, gach oibreoir aerárthaí mór, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).

(58)  Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, oibreoirí aerárthaí móra, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).

(59)  Roghnaigh formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(60)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(61)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).

(62)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(63)  Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.

(64)  I gcomparáid le riachtanais an teimpléid agus na bhformáidí comhaid sonracha a d’fhoilsigh an Coimisiún.

(65)  Sonraítear: ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin.

(66)  Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.

(67)  Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráiteas ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 sin.

(68)  Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.

(69)  Roghnaítear na critéir mar a luaitear iad in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(70)  Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

(71)  Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.

(72)  Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.

(73)  Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(74)  Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.

(75)  Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.