10.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/70


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/910 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach lasc, dínascóirí, dínascóirí lasc agus aonad comhcheangailte fiúsanna ísealvoltais, agus maidir le soláthar cumhachta seachtrach le haghaidh fóin phóca

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir chéanna, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) caighdeáin chomhchuibhithe maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/30/AE.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641, rinne Cenelec athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2009 agus ar an leasú a rinneadh air, is é sin caighdeán EN IEC 60947-3:2009/A1:2012, maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach lasc, dínascóirí, dínascóirí lasc agus aonad comhcheangailte fiúsanna ísealvoltais, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2018/C 246/01) ón gCoimisiún (4).

(4)

Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2021 maidir le lascthrealamh ísealvoltais agus trealamh rialaithe: lasca, dínascóirí, dínascóirí lasc agus aonaid comhcheangailte fiúsanna.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le Cenelec féachaint an gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2021 an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641.

(6)

Comhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2021 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/30/AE. Is iomchuí dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún (5), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/30/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostófar na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/30/AE, ba cheart an tagairt do chaighdeán EN IEC 60947-3:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(8)

Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN 60947-3:2009 agus don leasú a rinneadh air, is é sin caighdeán EN IEC 60947-3:2009/A1:2012, is gá na tagairtí sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Le litir dar dáta an 15 Samhain 2021, caighdeán comhchuibhithe EN 61204-3:2000 maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach soláthairtí cumhachta ísealvoltais, aschur SD, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Teachtaireacht (2018/C 246/01), chuir ETSI in iúl don Choimisiún gur caighdeán é lena gcumhdaítear luchtairí a thagann faoi raon feidhme chaighdeán comhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1. Is é tuairim an Choimisiúin agus ETSI i gcomhar le chéile gur féidir caighdeán comhchuibhithe EN 61204-3:2000 a úsáid in ionad chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1, ós rud é nach den riachtanas a thuilleadh na ceanglais bhreise chosanta i gcaighdeán EN 301 489-34 V1.4.1 le haghaidh an luchtaire a chosaint ar réimsí a ghinfeadh an fón póca.

(10)

Dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1., is gá í a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/30/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2009 agus don leasú a rinneadh air, is é sin caighdeán EN IEC 60947-3:2009/A1:2012, maille leis an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1, is iomchuí iad a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(12)

Tarraingt siar na dtagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2009 agus don leasú a rinneadh air, is é sin caighdeán EN IEC 60947-3:2009/A1:2012, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-3:2021.

(13)

Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN 61204-3:2000 in ionad chaighdeán comhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1, is gá tarraingt siar na tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN 301 489-34 V1.4.1 a chur siar.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a leasú dá réir.

(15)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na bun-cheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide i ndáil le caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach.

(4)  Commission communication in the framework of the implementation of Directive 2014/30/EU of the European Parliament and of the Council on the harmonisation of the laws of the Member States relating to electromagnetic compatibility (Publication of titles and references of harmonised standards under Union harmonisation legislation) [Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais)] (IO C 246, 13.7.2018, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 206, 6.8.2019, lch. 27).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

“21.

EN IEC 60947-3:2021

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais — Cuid 3: Lasca, dínascóirí, dínascóirí lasca agus aonaid comhcheangailte fiúsanna”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“18.

EN IEC 60947-3:2009

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais — Cuid 3: Lasca, dínascóirí, dínascóirí lasca agus aonaid comhcheangailte fiúsanna

EN IEC 60947-3:2009/A1:2012

10 Nollaig 2023

19.

EN 301 489 -34 V1.4.1

Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus gnóthaí a bhaineann leis an speictream raidió (ERM); An caighdeán maidir le Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach (EMC) le haghaidh trealamh agus seirbhísí raidió; Cuid 34: Coinníollacha sonracha maidir le Soláthar Seachtrach Cumhachta (EPS) le haghaidh gutháin phóca

10 Nollaig 2023”.