8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/1


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Meán Fómhair 2022

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

(2022/C 345/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314(3) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

An 4 Iúil 2022, thíolaic an Coimisiún togra ina raibh dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (1),

2.

Scrúdaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún d’fhonn seasamh a shainiú a bheidh comhsheasmhach, ó thaobh an ioncaim de, le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (2), agus, ó thaobh an chaiteachais de, le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3).

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

An 6 Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023.

Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  COM(2022) 400 final.

(2)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.