3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/88


CINNEADH (CBES) 2022/882 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas fós ar tinneall le dul ar aghaidh go tapa le smachtbhannaí láidre comhordaithe breise i ndáil leis an Rúis agus leis an mBealarúis chun cumas na Rúise leanúint den chogadh foghach a chur ó mhaith.

(5)

I bhfianaise a thromchúisí agus atá an staid, is iomchuí cur le liosta institiúidí creidmheasa na Bealarúise agus a bhfochuideachtaí Bealarúiseacha atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais. Is iomchuí freisin cur le liosta na n-eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe le haghaidh díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú a dhéanamh ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíochta na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2y:

“Airteagal 2y

1.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V.

2.   Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna sin maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V.”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1). Dar teideal anois Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).


IARSCRÍBHINN

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES:

“IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2d

Belarus Ministry of Defence

140 Repair Plant JSC

558 Aircraft Repair Plant JSC

2566 Radioelectronic Armament Repair Plant JSC

AGAT - Control Systems - Managing Company of Geoinformation Control Systems Holding JSC

AGAT - Electromechanical Plant OJSC

AGAT - SYSTEM

ATE - Engineering LLC

BelOMO Holding

Belspetsvneshtechnika SFTUE

Beltechexport CJSC

BSVT - New Technologies

Department of Internal Affairs of the Gomel Region Executive Committee

Internal Troops of the Ministry of Internal Affairs of the Republic of Belarus

KGB Alpha

Kidma Tech OJSC

Minotor-Service

Minsk Wheeled Tractor Plant

Oboronnye Initsiativy LLC

OJS KB Radar Managing Company

Peleng JSC

State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus

State Security Committee of the Republic of Belarus

Transaviaexport Airlines JSC

Volatavto OJSC”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES:

“IARSCRÍBHINN V

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2y

Ainm an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta

Dáta cur i bhfeidhm

Belagroprombank

20 Márta 2022

Bank Dabrabyt

20 Márta 2022

Development Bank of the Republic of Belarus

20 Márta 2022

Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction)

14 Meitheamh 2022”.