2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/68


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/866 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2022

maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Primer PIP i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3318)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Márta 2016, chuir an chuideachta Lanxess Deutschland GmbH (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid na Fraince ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar le haghaidh an táirge bhithicídigh Primer PIP (“an táirge bithicídeach”) i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is éard atá sa táirge bithicídeach ná leasaitheach adhmaid de chineál táirge 8 a úsáidfear chun cóireáil choisctheach a dhéanamh in aghaidh fungas a chuireann drochdhath ar adhmad, in aghaidh baisidimícéití a scriosann adhmad agus in aghaidh ciaróg a thollann trí adhmad (larbhaí). Úsáidtear an táirge bithicídeach trí thumadh láimhe, trí thumadh uathoibrithe nó trí spraeáil uathoibrithe, agus tá próipeacónasóil, IPBC agus sármheitrin ann mar shubstaintí gníomhacha. Is í an Ghearmáin an Ballstát tagartha atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(2)

An 9 Márta 2020, de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rinne an Fhrainc agóidí a tharchur chuig an ngrúpa comhordúcháin, inar léiríodh nach n-áirithíonn coinníollacha an údaraithe a leag an Ghearmáin síos go gcomhlíonann an táirge bithicídeach an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin. Chun a áirithiú go láimhseálfar an táirge bithicídeach go sábháilte, measann an Fhrainc gur gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, arb é atá ann lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, gur gá, i gcás tumadh uathoibrithe, trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, arb é atá ann lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus gur gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Dar leis an bhFrainc, na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 98/24/CE ón gComhairle (2), ar bearta iad a d’fhéadfaí a dhéanamh in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, ní áirithítear cosaint leormhaith leis na bearta sin, mura sonraítear iad agus mura ndéantar meastóireacht orthu le linn mheasúnú an táirge bhithicídigh.

(3)

Measann an Ghearmáin go mbunaítear le Treoir 98/24/CE ord tosaíochta na mbeart maolaithe riosca chun oibrithe a chosaint, agus gur thábhachtaí dar léi go gcuirfí bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm ná go mbeadh trealamh cosanta pearsanta á chaitheamh le linn don táirge bithicídeach a bheith á úsáid. Dar leis an nGearmáin, de bhun na Treorach sin, is faoin bhfostóir atá an cinneadh maidir leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le cur i bhfeidhm, agus ós rud é go bhfuil réimse leathan de bhearta dá leithéid ann, níl sé indéanta cur síos ná meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá in údarú an táirge bhithicídigh.

(4)

Ós rud é nár tháinig an grúpa comhordúcháin ar aon chomhaontú, an 28 Deireadh Fómhair 2020 tharchuir an Ghearmáin an agóid nach raibh réitithe chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ar an gcaoi sin chuir sí ráiteas mionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist faoinar theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus na cúiseanna a bhí lena n-easaontas. Cuireadh an ráiteas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 2(3), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go mbeidh an Rialachán sin gan dochar do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (3) ná do Threoir 98/24/CE.

(6)

Léirítear le hAirteagal 19(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar cheann de na critéir maidir le húdarú a dheonú nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha ag an táirge bithicídeach féin, agus nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha de thoradh a iarmhar, ar shláinte an duine.

(7)

Luaitear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go mbeidh de thoradh chur i bhfeidhm na gcomhphrionsabal a leagtar síos san Iarscríbhinn sin maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shainchomhaid le haghaidh táirgí bithicídeacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b), den Rialachán sin, nuair a chuirfear le chéile iad leis na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagal 19 de, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún cinneadh cé acu is féidir nó nach féidir táirge bithicídeach a údarú. D’fhéadfadh srianta ar úsáid an táirge bhithicídigh nó ar choinníollacha eile a bheith ag gabháil le húdarú den sórt sin.

(8)

Luaitear i bpointe 18(d) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go gcinnfear leis an measúnú riosca a dhéantar ar an táirge na bearta is gá chun daoine, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint le linn ghnáthúsáid bheartaithe an táirge bhithicídigh agus i gcás is measa atá réalaíoch araon.

(9)

Léirítear le pointe 56(2) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gurb é ceann de na conclúidí ar a dtiocfaidh an comhlacht meastóireachta nuair atá sé ag fíorú an gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 19(1) den Rialachán sin, gur féidir leis an táirge bithicídeach, faoi réir coinníollacha nó srianta sonracha, na critéir a chomhlíonadh.

(10)

Luaitear i bpointe 62 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go gcinnfidh an comhlacht meastóireachta, i gcás inarb iomchuí, nach mbeifear in ann an critéar faoi Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin a chomhlíonadh ach amháin má chuirtear bearta coisc agus cosanta i bhfeidhm lena n-áirítear dearadh próiseas oibre agus dearadh rialuithe innealtóireachta, úsáid trealaimh agus ábhar leordhóthanach, cur i bhfeidhm beart comhchoiteann cosanta agus, i gcás nach féidir risíocht a chosc trí mheáin eile, cur i bhfeidhm beart aonair cosanta lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta amhail análaitheoirí, maisc le haghaidh análaithe, rabhlaeir, lámhainní agus spéaclaí cosanta a chaitheamh, d’fhonn risíocht a laghdú i gcás oibreoirí gairmiúla.

(11)

Mar sin féin, ní fhoráiltear le pointe 62 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go ndéanfar an measúnú as a dtagann an chonclúid nach féidir an critéar faoi Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin a chomhlíonadh ach amháin má chuirtear bearta coisc agus cosanta i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 98/24/CE. Ní fhoráiltear leis go sainráite ach oiread nach mbeadh feidhm ag an Treoir sin. Dá bhrí sin, níor cheart tátal a bhaint as na forálacha sin nach bhfuil feidhm ag Treoir 98/24/CE. Ina theannta sin, is ar fhostóirí a fhorchuirtear na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoir 98/24/CE agus ní ar údaráis na mBallstát.

(12)

Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 98/24/CE i gcás ina ndéantar measúnú ar aon riosca maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe de thoradh oibreáin cheimiceacha a bheith i láthair, go bhfuil ar fhostóirí faisnéis bhreise a fháil ón soláthróir nó ó fhoinsí eile atá ar fáil go héasca agus i gcás inarb iomchuí, go mbeidh an measúnú sonrach maidir leis an riosca d’úsáideoirí arna bhunú ar bhonn reachtaíocht Aontais maidir le hoibreáin cheimiceacha mar chuid den fhaisnéis sin.

(13)

Leagtar síos le hAirteagal 6 de Threoir 98/24/CE ord tosaíochta na mbeart atá le déanamh ag an bhfostóir chun oibrithe a chosaint ó na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair. Tabharfar tús áite do shubstaint eile a chur in ionad na substainte guaisí, agus mura féidir é sin a dhéanamh, is gá an riosca ó shubstaint ghuaiseach do shábháilteacht agus sláinte oibrithe a laghdú a oiread agus is féidir trí bhearta cosanta agus coisc a chur i bhfeidhm. Mura féidir risíocht leis an tsubstaint ghuaiseach a chosc ar mhodh eile, ní mór a áirithiú go bhfuil na hoibrithe cosanta trí bhearta eile a chur i bhfeidhm lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta.

(14)

Agus modhanna úsáide an táirge bhithicídigh agus an fhaisnéis atá ar fáil ón gcomhlacht meastóireachta á gcúr san áireamh, níor sainaithníodh aon bheart teicniúil ná eagraíochtúil dá leithéid san iarratas ar an táirge bithicídeach a údarú, ná le linn mheastóireacht an iarratais sin.

(15)

Dá bhrí sin measann an Coimisiún go gcomhlíonann an táirge bithicídeach an critéar a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar choinníoll go mbeidh an coinníoll seo a leanas maidir lena úsáid mar chuid den údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh: “Is gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, is gá, i gcás tumadh uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus is gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair”.

(16)

Mar sin féin, má shainaithníonn an t-iarratasóir ar údarú bearta éifeachtacha teicniúla nó eagraíochtúla agus comhaontaíonn an t-údarás údaraithe go n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal coibhéiseach nó níos airde as bearta den sórt sin, nó má shainaithníonn an t-údarás údaraithe féin bearta as a n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal coibhéiseach nó níos airde, ba cheart na bearta sin a chur in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, agus ba cheart iad a shonrú san údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh.

(17)

An 15 Feabhra 2021, thug an Coimisiún an deis don iarratasóir barúlacha i scríbhinn a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níor chuir an t-iarratasóir barúlacha ar fáil.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An táirge bithicídeach a shainaithnítear le cás-uimhir BC-XP022475-16 sa Chlár um Tháirgí Bithicídeacha, comhlíonann sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar choinníoll go mbeidh an coinníoll seo a leanas maidir lena úsáid mar chuid den údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh: “Is gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, is gá, i gcás tumadh uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus is gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.”

Mar sin féin, má shainaithníonn an t-iarratasóir ar údarú bearta teicniúla nó eagraíochtúla agus comhaontaíonn an t-údarás údaraithe go n-eascraíonn as bearta den sórt sin laghdú risíochta de leibhéal atá coibhéiseach leis an laghdú a bhaintear amach tríd an trealamh cosanta pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a chaitheamh, nó níos airde ná sin, nó má shainaithníonn an t-údarás údaraithe féin bearta den sórt sin as a n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal atá coibhéiseach leis an laghdú a bhaintear amach tríd an trealamh cosanta pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a chaitheamh, nó níos airde ná sin, ba cheart na bearta sin a chur in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, agus ba cheart iad a shonrú san údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh. Sa chás sin ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun an coinníoll maidir le húsáid an táirge bhithicídigh faoi mar a leagtar síos sa chéad mhír a chuimsiú.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(3)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).