1.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 150/88


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/856 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Bealtaine 2022

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Éire de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún ná Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm maidir le carráistí idirmheánacha d’Aicme IÉ-RU 22000 ICDMU – “B2”

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3365)

(Is ag na téacsanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bheidh an t – údarás agus acu siúd amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2022 chuir Éire iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797, ar neamhchur i bhfeidhm na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (“STI”) maidir le rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí (LOC&PAS STI) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (2) agus maidir le sábháilteacht i dtolláin iarnróid (SRT STI) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún (3) i gcás roinnt carráistí idirmheánacha d’Aicme 22000 ICDMU – “B2”, atá le hoibriú ag Gnóthas Iarnróid-Iarnród Éireann (“IÉ-RU”). Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7 (1) pointe (e) de Threoir (AE) 2016/797, lena gcumhdaítear gréasáin iarnróid atá scartha nó scoite amach ag an bhfarraige nó scartha ón gcuid eile de líonra iarnróid an Aontais mar thoradh ar dhálaí tíreolaíochta faoi leith.

(2)

Chun freastal ar an éileamh paisinéirí atá ag fás go tapa ar na seirbhísí iarnróid atá á n-oibriú ag na traenacha atá ann faoi láthair, tá sé beartaithe ag IÉ-RU toilleadh breise a fháil trí charráiste amháin nó dhá charráiste a chur le roinnt de na traenacha foirmithe seasta atá ann cheana. Chuige sin, tá creat-chomhaontú ag IÉ-RU leis an monaróir Mitsui maidir le soláthar na gcarráistí idirmheánach breise (carráistí idirmheánacha “B2”) is gá chun na traenacha atá ann cheana a leathnú (foirmithe “B1” seasta).

(3)

De réir an chomhaontaithe sin, cuirfidh Mitsui 41 charráiste idirmheánach “B2” ar fáil faoi 2022, agus beidh roghanna ann maidir le 60 carráiste eile a sholáthar ar féidir iad a fheidhmiú go dtí an 31 Nollaig 2026, i gcás 101 charráiste san iomlán. Beidh na carráistí idirmheánacha “B2” bunaithe ar dhearadh an charráiste “B1” atá ann cheana, atá le hoiriúnú chun na hathruithe innealtóireachta is gá a chur san áireamh maidir leis an méid seo a leanas: ceanglais maidir le hacmhainn oibríochtúil a éascú; oibleagáidí dlíthiúla maidir le hastaíochtaí sceite a chomhlíonadh agus roghanna malartacha oiriúnacha a chur ar fáil maidir le trealamh agus ábhar atá imithe i léig nó nach bhfuil ar fáil.

(4)

Ag an 94ú cruinniú de chuid an Choiste um Idir-inoibritheacht agus Sábháilteacht Iarnróid, chuir ionadaithe na hÉireann a gcomhghleacaithe ar an eolas faoi shonraí na hiarrata ar neamhchur i bhfeidhm a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Áireofar na carráistí idirmheánacha “B2” i dtraenacha foirmithe seasta atá neamhchomhlíontach le STI atá ann cheana. Chruthódh cur i bhfeidhm cheanglais STInna saincheisteanna comhoiriúnachta idir feithiclí atá comhlíontach agus feithiclí atá neamhchomhlíontach le STI, rud a d’fhágfadh deacrachtaí teicniúla díréireacha agus castachtaí táirgthe.

(6)

Thairis sin, bheadh cothromaíocht eacnamaíoch an tionscadail i mbaol toisc go mbeadh moill agus costas breise i gceist leis na carráistí idirmheánacha “B2” a chur ar an margadh dá gcuirfí STInna i bhfeidhm ar na carráistí sin. Bheadh athmheastóireacht agus athmheasúnú ar pharaiméadair an deartha de dhíth chun dearadh iomlán na feithicle a dhéanamh, agus dá thoradh sin is dócha go mbeadh gá le modhnú agus athdhearadh suntasach ar na feithiclí chun comhlíonadh STInna a bhaint amach, ar tugadh isteach iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm ina leith;

(7)

Bheadh neamhchur i bhfeidhm na STInna teoranta a mhéid is gá le haghaidh comhtháthú agus comhoiriúnacht shábháilte na gcarráistí idirmheánacha “B2” leis na traenacha foirmithe seasta atá ann cheana. Na forálacha malartacha atá beartaithe, beidh ar na carráistí na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a chomhlíonadh agus gach STI nach gcuirtear i bhfeidhm iad a chúiteamh.

(8)

Mar bheart maolaithe, tá sé molta ag Éirinn go mbeadh an dearadh céanna ag na carráistí agus atá ag na feithiclí atá ann cheana. Dearadh na carráistí lena mbaineann de réir na gceanglas ábhartha um Chaighdeáin Grúpa Iarnróid a bhunaigh an Bord um Shábháilteacht agus Caighdeáin Iarnróid na Breataine (RSSB), caighdeáin CEN-Cenelec agus caighdeáin náisiúnta na hÉireann. Ní chlaonann a ndearadh ó cheanglais na gcaighdeán agus na gcód sin ach amháin nuair is gá chun comhtháthú agus comhoiriúnacht shábháilte na bhfeithiclí le gréasán iarnróid na hÉireann ina stádas reatha a áirithiú.

(9)

Tá sé beartaithe go n-úsáidfear na carráistí idirmheánacha “B2” agus na traenacha foirmithe seasta, ina n-áireofaí iad, sa limistéar geografach lena gcumhdaítear gréasán iarnróid uile na hÉireann, ina n-úsáidtear tomhsaire difriúil 1 600 mm, gan aon seans go bhféadfaí athúsáid tráchtála inmharthana a bhaint as i réimsí eile den Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.

(10)

Tá gréasán na hÉireann nasctha le gréasán Thuaisceart Éireann. Tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Dá bhrí sin, tá Tuaisceart Éireann anois ina thríú tír comharsanachta den Aontas Eorpach. Dá thoradh sin, ní roinneann Éire teorainn talún le Ballstát eile a thuilleadh agus tá gréasán iarnróid na hÉireann scoite amach ón gcuid eile de ghréasán iarnróid an Aontais Eorpaigh.

(11)

Tugann an iarraidh a chuir Éire isteach ráthaíochtaí leordhóthanacha go mbeidh na forálacha malartacha atá le cur i bhfeidhm, dá dtagraítear in aithrisí 7 agus in 8, ag feidhmiú go sábháilte ar ghréasán iarnróid na hÉireann.

(12)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (e) agus in Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glacann an Coimisiún le hiarraidh na hÉireann gan Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ná Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a chur i bhfeidhm maidir le 101 charráiste idirmheánach “B2” a oibreoidh i ngréasán na hÉireann.

Cuirfidh údaráis na hÉireann an Coimisiún ar an eolas faoi uimhreacha aitheantais na gcarráistí nua agus faoina bhfoirmithe seasta críochnaitheacha, a luaithe a bheidh na carráistí sin oibríochtúil i ngréasán na hÉireann.

Airteagal 2

Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras “rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí” chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le “sábháilteacht i dtolláin iarnróid” de chuid córas iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394).