31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/40


CINNEADH (CBES) 2022/847 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus arm éadrom (SALW) agus armlón agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha (‘SALW’) agus a n-Armlón, dar teideal ‘Securing Arms, Protecting Citizens’ (the ‘EU SALW Strategy’) (‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’ (‘Straitéis SALW an Aontais’)], ina leagtar amach na treoirlínte maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimse na mionarm agus na n-arm éadrom (SALW).

(2)

Le Straitéis SALW an Aontais, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus na Ballstáit ar an leibhéal réigiúnach cúnamh a chur ar fáil do thíortha eile d’fhonn feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit tríd na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus na hinstitiúidí náisiúnta a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn SALW agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála a neartú.

(3)

Tugtar ar aird i Straitéis SALW an Aontais go lorgóidh an tAontas sineirge leis na stáit Mheiriceánacha agus na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha chun leathadh aindleathach agus gáinneáil SALW a laghdú, d’fhonn an foréigean armtha agus an ghníomhaíocht choiriúil a laghdú.

(4)

Tá lorg nach beag fágtha ag an leathadh agus carnadh iomarcach SALW ar Mheiriceá Laidineach agus ar Mhuir Chairib. Áirítear i gcónaí leathsféar Mheiriceá ar cheann de na réigiúin is mó foréigean ar domhan. De réir an staidéir dhomhanda is déanaí maidir le dúnbhású ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) in 2017, chláraigh an réigiún ráta 17,2 dúnbhású in aghaidh gach 100 000 cónaitheoir, beagnach a thrí oiread níos airde ná an meán domhanda. Is le húsáid arm tine a dhéantar formhór mór na ndúnbhásuithe, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na tosaíochtaí ar an gclár oibre idir-Mheiriceánach go ndéanfar leathadh aindleathach agus gáinneáil arm agus armlón a chomhrac agus a chosc.

(5)

I gcomhréir le Straitéis SALW an Aontais, neartóidh an tAontas a idirphlé agus a chomhar le heagraíochtaí réigiúnacha a oibríonn ar rialú mionarm agus mionarm éadrom, trína chuid gníomhaíochtaí a ailíniú le straitéisí réigiúnacha agus pleananna gníomhaíochta réigiúnacha.

(6)

Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh (OAS) i gcoinne déantúsaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil arm tine, armlón, pléascán, agus ábhar gaolmhar is ea Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) agus tá tionscnaimh réigiúnacha lena ndéantar SALW aindleathacha a chomhrac i gcríocha Mheiriceá á gcomhordú agus á gcur chun feidhme aici.

(7)

Thug an tAontas tacaíocht do ghníomhaíochtaí OAS roimhe seo trí bhíthin Chinneadh 2018/2010/CBES (1) ón gComhairle a thacaíonn le gníomhaíochtaí lena ndéantar leathadh aindleathach agus gáinneáil arm, agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac. I ndáil leis sin, chinn an tAontas an tionscnamh sin a mhaoiniú go díreach chun an foréigean armtha agus an ghníomhaíocht choiriúil a laghdú.

(8)

An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Mionarmán agus Arm Éadrom Aindleathach, glacadh doiciméad deiridh ina ndéarna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad toilteanach leanúint de chomhar idirnáisiúnta agus comhar réigiúnach a threisiú trí chomhordú, comhairliúchán, malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil feabhsaithe, ina bhfuil eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha páirteach, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann agus ceadúnaithe onnmhairithe agus allmhairithe.

(9)

Dearbhaítear i gClár Oibre 2030 na Náisúin Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach.

(10)

Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal ‘Securing our Common Future’ [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach agus ar thrádáil aindleathach gnáth-arm agus go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm.

(11)

Leis an dara céim (Céim II), sa tslí go leanfar leis na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas cheana, tá paraidím an iltaobhachais agus na sineirgí idir an tAontas agus OAS á coinneáil i réim, agus comhlánaítear léi obair dhomhanda an Aontais sa réimse sin trí dhíriú ar réigiún a bhfuil lorg suntasach fágtha air ag leathadh, carnadh iomarcach, agus gáinneáil SALW,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean armtha i gCríocha Mheiriceá. Chuige sin, maoineoidh an tAontas an tionscadal arna thuairisciú san Iarscríbhinn, arb é is aidhm dó leathadh agus gáinneáil aindleathach arm tine agus muinisin a chomhrac, agus cosc a chur ar phobail ar mór an suaitheadh atá á bhaint astu a bheith i dtadhall le hairm thine.

2.   De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:

(a)

an Creat Rialála Náisiúnta um Arm Tine a neartú, agus dea-cleachtais normatacha idirnáisiúnta á gcur san áireamh;

(b)

acmhainn oibríochtúil na n-údarás náisiúnta a fheabhsú chun airm thine a mharcáil, a rianú, a stóráil agus a scriosadh;

(c)

barr feabhais a chur ar rialú mionarm trí úsáid a bhaint as an Sásra Réigiúnach Cumarsáide maidir le hAistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlón (MCTA);

(d)

athléimneacht an phobail ar fhoréigean gunna a neartú agus rochtain ar airm thine aindleathacha/agus nó gan iarraidh a laghdú;

(e)

treochlár a fhorbairt do Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine chun uirlis phraiticiúil agus bhainistíochta a thabhairt do na tíortha trí bhíthin cur chuige réigiúnach comhordaithe fianaise-bhunaithe.

3.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í OAS a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i gcrích.

3.   Déanfaidh OAS a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le OAS.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 4 240 906 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú deontais is gá i gcrích le OAS. Sonrófar sa chomhaontú deontais go n-áiritheoidh OAS infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú deontais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú deontais i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag OAS. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht atá le déanamh ag an gComhairle.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le gnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú deontais dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, mura mbeidh aon chomhaontú tugtha i gcrích laistigh den tréimhse 6 mhí sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/2010 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 chun tacú le leathadh aindleathach agus gáinneáil mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh in aghaidh Airm Thine, Mionairm agus Airm Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón dar teideal ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’ (IO L 322, 18.12.2018, lch. 27).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

LEATHADH AGUS GÁINNEÁIL AINDLEATHACH MIONARM, ARMÁN ÉADROM, AGUS ARMLÓIN AGUS AR A DTIONCHAR I GCRÍOCHA MHEIRICEÁ A CHOSC

1.   Cúlra

Tá críocha Mheiriceá ar cheann de na réigiúin is mó ar domhan a bhfuil tionchar ag an bhforéigean armtha orthu: in 2017, cláraíodh iontu an ráta dúnbhásaithe réigiúnach is airde ina raibh 17.2 dúnbhású in aghaidh 100 000 áitritheoir, i gcomparáid le meán domhanda 6.1 in aghaidh 100 000 áitritheoir (1). Tá rochtain agus fáil éasca ar airm thine i gcuid mhaith de na tíortha sin agus is iad sin is cúis le cuid mhór de na rátaí sin. Déantar beagnach 75 % de dhúnbhásuithe an réigiúin le hairm thine (2). Tá an réigiún ar na príomháiteanna a seoltar airm thine chucu trí gháinneáil aindleathach chomh maith (3).

I ngeall, den chuid is mó, ar na treochtaí diúltacha sin, tá leathadh arm tine agus gáinneáil aindleathach ina dtosaíocht anois ar chlár oibre slándála na saoránach sa réigiún. Tá béim leagtha ag tíortha i gCríocha Mheiriceá ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus le straitéisí trasteorann i bhfianaise chastacht mhéadaitheach agus idirnáisiúnú eagraíochtaí coiriúla. Ceapadh agus síníodh an Coinbhinsiún Idir-Mheiriceánach i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, Armlón, Pléascán agus Ábhar Gaolmhar Eile (CIFTA) in 1997 mar gheall ar an tiomantas sin, arbh é an chéad chomhaontú ceangailteach réigiúnach den chineál sin. Agus é daingnithe ag 31 Bhallstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS), is uirlis bhunúsach é CIFTA chun aghaidh a thabhairt ar an trádáil aindleathach mionarm sa réigiún.

Mar sin féin, in ainneoin na sár-iarrachtaí atá déanta ag na húdaráis náisiúnta, ní féidir leis na tíortha CIFTA a chur chun feidhme go hiomlán fós. Tá castacht na coireachta eagraithe a rialaíonn an gháinneáil arm sa réigiún, lena n-áirítear speisialtóireacht oibre, struchtúir chomhordúcháin agus idirnáisiúnú oibríochtaí, ina ndúshláin ollmhóra roimh chumas tíortha na coireanna sin a imscrúdú agus daoine a ionchúiseamh astu. Bíonn siad ag streachailt freisin le prótacail eile a chomhlíonadh agus le straitéisí a chur chun feidhme lena bhféadfaí leathadh agus infhaighteacht arm tine a laghdú. Ní chuireann fórsaí míleata agus slándála prótacail bainistithe stoc-charn chun feidhme go córasach, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht go ndéanfar airm thine agus armlón a atreorú chuig an margadh aindleathach, chomh maith leis an riosca go dtarlódh pléascanna gan choinne i stórais. Déantar marcáil, coimeád taifead agus rianú arm tine go neamhréireach sa réigiún, rudaí a chuireann stop le himscrúduithe coiriúla a d’fhéadfadh foinse na n-arm tine a rianú, iad a nascadh le láithreacha coire éagsúla, agus líonraí gáinneála aindleathaí a nochtadh. D’uireasa reachtaíochta intíre ina léirítear oibleagáidí CIFTA agus ina sainordaítear na gníomhaíochtaí sin, cuirtear isteach ar leanúnachas agus ar inbhuanaitheacht na gcleachtas sin.

Ar leibhéal eile, tá dúshláin fós roimh an gcuid is mó den réigiún maidir le dea-bhail a phobal a chur chun cinn, ar pobail iad atá thíos go mór le bochtaineacht, dífhostaíocht, agus easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí, i measc dálaí eile a fhágann go bhfuil siad leochaileach. Is mó seans go mbeidh daoine de na pobail sin thíos le foréigean armtha nó páirteach ann. Dá bhrí sin, chun buanú thimthriallta an fhoréigin a sheachaint, ní leor díriú ar bheartais rialaithe gunnaí amháin. Is gá aghaidh a thabhairt ar na tosca riosca sin agus teacht aniar mhuintir an phobail a neartú. Tá sé ríthábhachtach beartais diansmachta agus coisctheacha a chomhcheangal chun leibhéil an fhoréigin armtha a laghdú sa réigiún. Chun freagairt ar na dúshláin sin, in 2019, d’fhormheas Ballstáit OAS an chéad Phlean Gníomhaíochta Leathsféaraigh chun Treoir a thabhairt maidir le Dearadh na mBeartas Poiblí chun Dúnbhású a Chosc agus a Laghdú, agus aird á tabhairt acu ar chreat an Chláir Idir-Mheiriceánaigh chun Foréigean agus Coireacht a Chosc. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sraith 28 moladh maidir le (1) faisnéis agus fianaise eolaíoch a tháirgeadh, a scaipeadh agus a úsáid; (2) beartais choisc a cheapadh agus a chur chun feidhme, chomh maith leis (3) an gceartas coiriúil.

Is sa chomhthéacs sin atá tacaíocht á tabhairt ag Roinn Slándála Poiblí OAS (DPS/OAS), ó 2007 i leith, do thíortha Mheiriceá chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí oibleagáidí (4) agus sainorduithe CIFTA a chomhlíonadh, ar oibleagáidí agus sainorduithe iad a bunaíodh chun foréigean agus coireanna a chosc, go háirithe i measc na bpobal is leochailí. Tar éis sos cúig bliana, rinne an DPS/OAS a chláir oibríochtúla a athghníomhachtú in 2019 le cistiú ón Aontas Eorpach. Cuireadh tús leis an tionscadal ‘ Countering Illicit Proliferation and Trafficking of Small Arms, Light Weapons (SALW) and Ammunition and their Impact in Latin America and the Caribbean ’[Leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chosc], in 2019 agus tháinig deireadh leis in 2021. Is tionscnamh cuimsitheach rialaithe arm é a cuireadh chun feidhme faoi chuimsiú Chlár an Chláir Cúnaimh maidir le Rialú agus Armlón (PACAM) de chuid DPS; cuirtear san áireamh ann na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí roimhe seo agus cuirtear leis na torthaí rathúla sin chun cur chun feidhme shainorduithe réigiúnacha CIFTA agus sainorduithe réigiúnacha chosc na coireachta a chur chun cinn a thuilleadh. Mar sin féin, bhí tionchar díreach ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta sriantacha arna nglacadh ag tíortha chun aghaidh a thabhairt air ar chur chun feidhme an tionscadail, go háirithe na gnéithe de nach mór a sholáthar ar an láthair, le hoiliúint agus maoirseacht dhíreach ar oifigigh (amhail SALW a scriosadh agus a mharcáil). Ina theannta sin, laghdaíodh cumas na rialtas comhoibriú agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tionscadail, de réir mar a díríodh a n-aird ar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin. Dá thoradh sin, níor mhór raon feidhme an tionscadail a choigeartú, rud a d’imir tionchar ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.

I bhfianaise na ndúshlán sin, mar aon le riachtanais mhéadaitheacha na dtíortha (nach bhfuiltear ag súil go dtabharfar aghaidh orthu go hiomlán i dtionscnamh trí bliana), leanfar le Céim II den tionscadal de thacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do na tíortha, agus é mar aidhm smacht náisiúnta a bheith acu ar na próisis sin. Is léir ó thaithí DPS/OAS go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach chun leanúint den dul chun cinn maidir le rialú arm tine agus cosc ar fhoréigean gunnaí agus ar choireacht gunnaí, agus dá réir sin, cuirfear san áireamh leis an gcéim nua sin tábhacht na straitéisí fadtéarmacha chun athrú fóinteach inbhuanaithe a chur ar fáil i mbeartais agus i gcoinníollacha slándála.

2.   Cur Chuige Teicniúil

Le linn Chéim II, leanfaidh DPS/OAS d’infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige iomlánaíoch ina gcomhcheanglaítear lionsaí diansmachta agus coisctheacha, mar aon le gníomhaíochtaí normatacha agus oibríochtúla, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist chasta an fhoréigin armtha agus na gáinneála aindleathaí sa réigiún. Mar a léiríodh i réigiúin eile, tá creat reachtach, armónach, comhtháite, nua-aimseartha, i gcomhréir leis an gcreat normatach idirnáisiúnta, mar bhonn le beartais éifeachtacha rialaithe arm tine. I dteannta na n-athruithe reachtacha, ní mór feabhas a chur ar acmhainneachtaí tíortha an dlí a oibríochtú agus a chur chun feidhme. Dá réir sin, trí bheith ag obair ar fud an dá réimse sin, beidh an tionscadal in ann díriú go comhuaineach ar riachtanais na dtíortha agus athruithe fadtéarmacha inbhuanaithe a chur chun cinn. Déanfar na gníomhaíochtaí sin chun rialú arm tine a neartú agus chun infhaighteacht arm tine a laghdú a chomhlánú le cur chuige coisctheach chun an t-éileamh i bpobail a bhfuil tionchar mór ag foréigean armtha orthu a laghdú, agus béim ar leith á leagan ar chosc a chur ar fhoréigean inscnebhunaithe a bhaineann le mí-úsáid arm tine. Le gníomhaíochtaí chun cleachtais shábháilte a chur chun cinn i measc shaoránaigh na bpobal, chomh maith le réiteach coinbhleachtaí, cúnamh d’íospartaigh agus do mharthanóirí an fhoréigin, agus géilleadh deonach SALW agus armlón, féachtar le feabhas a chur ar theacht aniar an phobail i gcoinne an fhoréigin armtha.

Faoin gcoincheap atá beartaithe don tionscadal seo, glacfaidh DPS/OAS, trí PACAM, ról na gníomhaireachta comhordaithe agus forfheidhmithe air féin trí chur chuige comhoibríoch le gníomhaireachtaí eile sa réimse seo, agus leis na húdaráis náisiúnta. Agus leas á bhaint as fóraim pholaitiúla agus as bealaí cumarsáide OAS, sainaithneoidh DPS/OAS tíortha sa réigiún a dteastaíonn tacaíocht uathu agus oibreoidh sé leo sna comhaontuithe sonracha is gá chun an cúnamh a chomhdhlúthú. Glacfaidh an tionscadal tacaíocht shonrach shaincheaptha do gach tír, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na riachtanais chéanna agus na bearnaí céanna acu. Ní thabharfar tacaíocht dóibh go léir i gcomhpháirteanna uile an tionscadail. Ina ionad sin, leanfaidh DPS/OAS den chur chuige rathúil a bhí ag PACAM roimhe seo a úsáid: riachtanais gach tíre a mhapáil agus a shainaithint, plé leis na húdaráis agus plean cúnaimh a chruthú, chomh maith leis na misin a imscaradh. Ina theannta sin, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó oiriúnú ghníomhaíochtaí an tionscadail le linn na paindéime, déanfaidh DPS/OAS iarracht acmhainní a bharrfheabhsú tríd an timpeallacht fhíorúil agus uirlisí teicneolaíochta a úsáid, nuair is féidir.

Chomh maith leis sin, i bhfianaise na dtionchar éagsúil a bhíonn ag an bhforéigean armtha ar mhná, ar fhir, ar chailíní agus ar bhuachaillí, agus ar phobail leochaileacha, leanfaidh Céim II de dhearcadh inscne agus chearta an duine a bheith aici. Áirítear leis sin cuimsiú na mban ar gach leibhéal de chur chun feidhme an tionscadail, agus spreagadh chun go mbeidh mná níos rannpháirtí i ngníomhaíochtaí an tionscadail, agus iad ag baint tairbhe as na hidirghabhálacha. Sa bhreis air sin, díreofar aird ar leith le gníomhaíochtaí coiscthe foréigin ar an ngá slándála agus sábháilteachta atá ag mná agus ag cailíní ina pobail féin, agus ar a rannpháirtíocht i réitigh ar na dúshláin sin a aimsiú, chomh maith le comhpháirteanna a chuimsiú lena ndírítear go heisiach ar aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe.

3.   Sprioc Fhoriomlán

Cumas Bhallstáit OAS aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha sa réigiún a neartú trí thacú le bearta chun leathadh agus gáinneáil aindleathach arm tine agus armlón a chomhrac, agus teagmháil le hairm thine a chosc i measc na bpobal is mó a bhíonn thíos leis an bhforéigean.

4.   Cur Síos ar Straitéisí Idirghabhála na dTionscadal

Cuspóir 1: An Creat Náisiúnta Rialála Arm Tine a neartú, agus an cleachtas normatach agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh

Gníomhaíochtaí

Tíortha a shainaithint a mbeidh cúnamh le tabhairt dóibh mar ábhar tosaíochta le hathbhreithniú reachtach, ar bhonn measúnú ar riachtanais agus na tíortha a bhfuil gnéithe oibríochtúla den tionscadal dírithe orthu a thabhairt dá aire;

Cúnamh teicniúil do thíortha chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar an gcreat normatach agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus ar chomhchuibhiú inmheánach sainorduithe, chomh maith le gné inscnebhunaithe a chomhtháthú;

Caighdeáin réigiúnacha maidir le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoc-charn a fhorbairt, agus maidir le SALW agus Armlón a scriosadh;

Moltaí réigiúnacha a fhorbairt chun foréigean inscnebhunaithe a bhaineann le mí-úsáid arm tine a chosc;

Bunachar sonraí leictreonach a fhorbairt chun rochtain ar chaighdeáin arm tine agus treoirlínte ábhartha eile a éascú (e.g. CIFTA, reachtaíocht shamplach, MOSAIC, agus IATG) chun rochtain ar chaighdeáin agus úsáid na gcaighdeán a éascú do na limistéir éagsúla maidir le rialú arm tine trí inneall cuardaigh a bheith ann agus trí na caighdeáin a aicmiú le clibeanna a chuirfeadh ar chumas na n-úsáideoirí na rialacha gaolmhara uile a aimsiú go tapa maidir le limistéar leasa.

Aschuir

Cúnamh reachtach, a chuirfear ar fáil chun feabhas a chur ar an gcreat normatach náisiúnta maidir le hairm thine, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus gné inscnebhunaithe á gcur san áireamh, do sé thír ar a laghad sa réigiún;

Caighdeáin Réigiúnacha maidir le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoic-charn (PSSM) a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS;

Caighdeáin Réigiúnacha maidir le SALW agus Armlón a Scriosadh a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS;

Moltaí réigiúnacha chun foréigean inscnebhunaithe a chosc a bhaineann le mí-úsáid arm tine a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS;

Bunachar sonraí leictreonach de chaighdeáin agus de threoirlínte SALW a chruthú agus a chur ar fáil do thíortha.

Cuspóir 2: Acmhainn oibríochtúil na n-údarás náisiúnta a fheabhsú chun airm thine a mharcáil, a rianú, a stóráil agus a scriosadh

Gníomhaíochtaí

Oiliúint speisialaithe a fhorbairt agus a sholáthar do phearsanra náisiúnta maidir le PSSM, marcáil agus coimeád taifead, agus SALW agus armlón a scriosadh. Beidh ceardlanna oiliúna réigiúnacha ann, ina mbeidh an pearsanra in ann dea-chleachtais a chomhroinnt agus comhoibriú a fheabhsú, agus cúrsaí náisiúnta a dhíríonn ar riachtanais shonracha gach tíre;

Ardoiliúint maidir le hordanáis phléascaigh a dhiúscairt do theicneoirí ó thíortha atá i gcomhpháirtíocht le hAireacht Cosanta na Spáinne;

Cúnamh teicniúil agus acmhainní teicniúla chun pleananna náisiúnta a chur chun feidhme maidir le hairm a scriosadh, agus maidir le harmlón atá imithe i léig, a urghabhadh nó ar armlón breise é;

Cúnamh teicniúil agus tacaíocht chun airm thine a mharcáil, agus taifid a choimeád orthu, lena n-áirítear an trealamh is gá a sholáthar;

Pleananna inbhuanaitheachta a ullmhú le tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an tionscadal.

Aschuir

Rinneadh próisis scriosta i dtaca le hairm tine agus armlóin i 10 dtír ar a laghad, agus trína bhíthin sin scriosadh 150 tonna ar a laghad d’armlón agus 35 000 SALW a urghabhadh, a bhí imithe i léig, a bhí neamhshábháilte, agus/nó a bhí ina armlón breise;

Cuireadh oiliúint ar 200 duine ar a laghad de phearsanra náisiúnta maidir le SALW agus armlón a scriosadh;

Tugadh cúnamh teicniúil maidir le marcáil agus coimeád taifead arm tine do 12 thír ar a laghad;

Cuireadh oiliúint ar 150 duine ar a laghad de phearsanra náisiúnta maidir le marcáil, agus coimeád taifead;

Rinneadh an Córais Náisiúnta um Chlárú Arm Tine de chuid 3 thír ar a laghad a uasghrádú;

Cuireadh feabhas ar shlándáil na stoc-charn institiúideach i 10 dtír ar a laghad;

Reáchtáladh dhá Sheimineár Réigiúnach maidir le Dea-Chleachtais na Slándála Fisiciúla agus an Bhainistithe Stoc-charn, agus deimhníodh 80 oifigeach ar a laghad ó 15 thír ar a laghad;

Deimhníodh 45 dhuine ar a laghad de pearsanra ó 10 dtír mar theicneoirí diúscartha ordanáis phléascaigh chuig EOD leibhéal 3;

Cruthaíodh agus cuireadh ar fáil uirlisí agus treoirlínte chun Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta a ullmhú do na tíortha a fhaigheann cúnamh ón tionscadal;

Dhréachtaigh agus bhailíochtaigh na húdaráis náisiúnta in 20 % ar a laghad de na tíortha a fhaigheann cúnamh Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta.

Cuspóir 3: Rialú arm beag a optamú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise

Gníomhaíochtaí

An Córas Leictreonach le haghaidh Sásra Réigiúnach Cumarsáide um Aistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlóin (MCTA) a chlársceidealú, ar sásra réigiúnach é chun fógra a thabhairt agus faisnéis a mhalartú maidir le haistriú dleathach arm tine agus ar forbraíodh a gcreat agus a gceanglais theicniúla le linn Chéim I. Tá sé ar aon dul leis an taithí dhearfach a fuair an tAontas Eorpach agus ligfidh sé do thíortha leochaileachtaí agus rioscaí atreoraithe maidir le tráchtáil dhlíthiúil idirnáisiúnta arm tine a shainaithint agus a tharchur go tapa. Ós rud é nach bhfuil córas náisiúnta ceadúnaithe leictreonach ag 50 % de na tíortha sa réigiún, féachfar an féidir an córas a chlársceidealú ar bhealach a chuirfidh ar chumas tíortha é a úsáid mar chóras náisiúnta dá gcuid féin;

Córas Leictreonach MCTA a imscaradh mar chéim phíolótach, agus na húdaráis náisiúnta a chur faoi oiliúint, agus na ceartúcháin is gá a ionchorprú;

An pobal fíorúil chun faisnéis a mhalartú, a forbraíodh le linn Chéim I, a uasghrádú chun bheith ina Ardán Leathsféarach um Eolas ar Airm Tine, ag a mbeidh feidhmiúlachtaí amhail (i) sonraí faoi chóras rialaithe arm tine agus stádas chur chun feidhme CIFTA a chur isteach agus a rianú go huathoibríoch; (ii) stór lárnach na n-údarás náisiúnta; (iii) painéal eolais chun stádas agus cuimsitheacht chóras rialaithe na n-arm tine a amharcléiriú;

Bogearraí Rialaithe Fardail SALW agus Armlóin a nuashonrú agus a leathnú chuig tíortha sa réigiún a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an réiteach TF sin a forbraíodh le linn Chéim I.

Aschuir

Rinneadh An Córas Leictreonach le haghaidh Sásra Réigiúnach Cumarsáide maidir le hAistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlón (MCTA) a chlársceidealú agus a chur chun feidhme, mar chéim phíolótach, i 5 thír;

Feabhsaíodh Bogearraí Rialaithe Fardail SALW agus Armlón, bunaithe ar aiseolas ó úsáideoirí, agus cuireadh chun feidhme iad i 4 thír eile ar a laghad;

Forbraíodh an tArdán Leathsféarach um Eolas ar Airm Tine, agus cláraíodh pointí teagmhála le haghaidh 15 thír ar a laghad;

Tionóladh cruinnithe de na pointí teagmhála náisiúnta dhá uair sa bhliain chun idirphlé agus comhar a spreagadh.

Cuspóir 4: Teacht aniar an phobail i dtaca le foréigean gunnaí a neartú agus rochtain a laghdú ar airm thine aindleathacha agus/nó ar airm bhreise

Gníomhaíochtaí

Modheolaíocht chlár OASIS a leathnú chuig pobal eile ar a laghad a ndéanann foréigean gunnaí difear an-mhór dó. Féachann OASIS le hiompar atá freagrach go sóisialta a chur chun cinn i bpobail a ndéanann foréigean gunnaí difear an-mhór dóibh; áirítear leis measúnú tosaigh ar an bpobal, agus ar na meicníochtaí atá ar fáil chun foréigean a chosc agus chun cabhrú le híospartaigh. Cuireann an clár gníomhaíochtaí seach-churaclaim laethúla ar fáil do dhaoine óga atá i mbaol, agus oiliúint d’il-gheallsealbhóirí áitiúla sna pobail maidir le foréigean a chosc agus cúnamh d’íospartaigh;

Lárionad tagartha pobalbhunaithe a chruthú chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh, do theaghlaigh agus d’fhinnéithe foréigin agus coireanna arna ndéanamh le hairm thine chun timthriallta foréigin a bhriseadh;

Clár oiliúna oideachais réigiúnach a fhorbairt chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus aghaidh a thabhairt air;

Dhá fheachtas bailithe arm pobail ar a laghad a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear straitéisí oideachais chun an daonra a íogrú agus chun sealaíocht arm deonach a spreagadh. Leis na feachtais sin cuirfear chun suntais an nasc idir foréigean inscne agus mí-úsáid arm tine, mar is leis na hairm sin a dhéantar an chuid is mó de híospartaigh an fhoréigin inscne a imeaglú nó a mharú (5);

Tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta agus áitiúla maidir le bailiú, stóráil, iompar agus scriosadh SALW agus armlóin a bhailítear. Déanfar é sin i gcomhar le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi Chuspóir 2 den tionscadal chun acmhainní a optamú.

Aschuir

Maidir le dhá phobal, ar a laghad, ag a mbíonn mórfhadhbanna foréigin, feabhsaíodh an cumas atá acu tacú le daoine óga atá i mbaol, cabhrú le híospartaigh agus le marthanóirí, agus cosc a chur ar an bhforéigean gunna;

Feabhsaíodh saol-scileanna 160 mac léinn ar a laghad as dhá phobal ag a mbíonn mórfhadhbanna foréigin trí oiliúint agus gníomhaíochtaí taibhealaíon a eagrú tar éis na scoile;

Cuireadh oiliúint maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a bhriseadh, agus maidir le cúnamh d’íospartaigh, ar 150 duine de lucht ceaptha beartais, oifigigh rialtais, soláthraithe seirbhísí, ceannairí pobail, múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine ón tsochaí shibhialta ;

Cruthaíodh agus cuireadh ag oibriú ionad tagartha amháin do mharthanóirí foréigin, do theaghlaigh agus d’fhinnéithe;

Rinneadh ar a laghad dhá fheachtas chun airm a bhailiú sa phobal a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Cuspóir 5: Treochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a fhorbairt chun uirlis phraiticiúil bhainistíochta a thabhairt do na tíortha sin trí chur chuige réigiúnach comhordaithe fianaise-bhunaithe

Gníomhaíochtaí

Modheolaíocht a ullmhú chun Treochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt, i gcomhairle le saineolaithe sa réimse agus le bailíochtú na dtíortha;

Measúnú ar riachtanais a fhorbairt, i gcomhairle le rialtais Mheiriceá Láir;

Dréacht-treochlár arm tine a fhorbairt do Mheiriceá Láir, agus an measúnú ar riachtanais, na creataí dlíthiúla idirnáisiúnta agus dea-chleachtais á gcur san áireamh;

An dréacht-treochlár a bhailíochtú trí bhabhta comhairliúchán le tíortha agus le geallsealbhóirí; agus

Cumarsáid sheachtrach agus for-rochtain chun comhpháirtithe a shlógadh chun tacú le cur chun feidhme Threochlár Arm Tine Mheiriceá Láir.

Aschuir

Modheolaíocht chun treochlár a fhorbairt arna hullmhú agus arna bailíochtú le geallsealbhóirí;

Measúnú ar riachtanais arna fhorbairt chun príomhbhagairtí, na bearnaí, na leochaileachtaí agus na tosaíochtaí atá ag tíortha Mheiriceá Láir a chinneadh;

Dhá cheardlann a cuireadh chun feidhme chun ionchuir agus aiseolas a bhailiú maidir le dréacht-treochlár arm tine Mheiriceá Láir, le rannpháirtíocht na n-údarás náisiúnta agus eagraíochtaí a oibríonn sa réimse sin;

Treochlár Mheiriceá Láir arna fhorbairt agus arna chur faoi bhráid thíortha an réigiúin;

Feachtas cumarsáide arna fhorbairt chun Treochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a scaipeadh, formheas polaitiúil a fháil, agus tacaíocht a fháil ó chomhpháirtithe chun é a chur chun feidhme.

5.   

Is é 36 mhí a bheidh i ré mheasta iomlán Chéim II, an chéim chuimsitheach réigiúnach.

6.   Eintiteas cur chun feidhme teicniúil

Cuireadh cur chun feidhme teicniúil an chláir seo de chúram ar Roinn Slándála Poiblí Ardrúnaíocht Eagraíocht na Stát Meiriceánach (DPS/OAS). Tá seasamh buntáisteach ag DPS/OAS chun tacú le tíortha Mheiriceá i bhfianaise a róil dhéach mar chomhrúnaí teicniúil CIFTA, agus mar chomhlacht teicniúil agus oibríochtúil OAS maidir leis an ábhar seo. Sa ról sin, tá tionscadail agus cláir curtha chun feidhme ag OAS-DPS chun tacú le Ballstáit OAS i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí chun slándáil stoc-chairn arm tine náisiúnta a áirithiú, chun bearta reachtacha a chur chun feidhme d'fhonn monarú agus gáinneáil aindleathach ar airm thine a bhunú mar chionta coiriúla faoin dlí náisiúnta, chun marcáil ar airm thine a éileamh, agus chun faisnéis a mhalartú le sínitheoirí eile CIFTA maidir le rianú faisnéise agus patrúin gáinneála aindleathaí. Níl an tionchar polaitiúil, an saineolas teicniúil ná an clúdach geografach ag aon eagraíocht réigiúnach ná foréigiúnach eile a chumhdaíonn Meiriceá ar fad chun bheith in ann tacú agus cabhrú le gach stát Meiriceánach.

Le linn Chéim II, leanfaidh DPS/OAS de bheith ag comhordú agus ag comhoibriú le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí eile le linn chur i bhfeidhm an tionscadail. D'oibrigh DPS/OAS le cuid acu le linn Chéim I agus tá siad ag súil le leanúint de bheith ag comhoibriú leo ar shaincheisteanna sonracha chun an tionscnamh a chur chun cinn sa réigiún, lena n-áirítear Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tsíocháin, um an dí-armáil agus um an bhforbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UN-LiREC), Gníomhaireacht Cur Chun Feidhme um Choireacht agus Slándáil Chomhphobal Mhuir Chairib, an Bord Cosanta Idir-Mheiriceánach, Foireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (AMAT- GICHD), Golden West Humanitarian Foundation, INTERPOL, Roinn Stáit SAM, agus Lárionad Oiliúna um Dhímhianú Daonnúil Roinn Cosanta SAM. Díríonn DPS ar dhlúthchaidreamh a bhunú leis na heintitis eile go léir atá ag obair sa réimse freisin chun tairbhí na gníomhaíochta a uasmhéadú trí úsáid a bhaint as saineolas comhlántach na n-eagraíochtaí. Go háirithe, le linn Chéim II, beidh sé d’aidhm ag DPS/OAS an comhar a neartú leis na heagraíochtaí foréigiúnacha, amhail CARICOM-IMPACS agus SICA (Córas Lánpháirtithe Mheiriceá Láir) chun tacú le cur chun feidhme Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib, agus forbairt Threochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a chomhordú.

7.   Ábharthacht

A.    ‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’: Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionarm agus armáin éadroma aindleathacha, agus a n-armlón, a ghlac an Chomhairle an 19 Samhain 2018

Tá cuspóirí, gníomhaíochtaí, agus torthaí ionchais an tionscadail seo ag teacht le spriocanna agus le cur chuige Straitéis an Aontais ‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’. I ndáil leis sin, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh Céim I den tionscnamh seo a chistiú chun iltaobhachas agus sineirgí a chothú idir an tAontas Eorpach agus OAS chun foréigean armtha agus gníomhaíocht choiriúil a laghdú, agus gur cuireadh san áireamh ann na tosaíochtaí a bunaíodh sa straitéis. Le Céim II, chun leanúint de na hiarrachtaí sin, coinnítear an pharaidím agus an cur chuige sin, agus comhlánaíonn sí obair dhomhanda an Aontais Eorpaigh sa réimse seo trí dhíriú ar réigiún dá ndéanann leathadh, carnadh iomarcach agus gáinneáil ar mhionairm agus armáin éadrom (SALW) difear tromchúiseach.

Go sonrach, léiríonn Céim II na tosaíochtaí seo a leanas den Straitéis:

2.1.

An creat normatach a neartú: Féachtar le gníomhaíochtaí Chuspóir 1 den Ghníomhaíocht a áirithiú go ndéanfaidh tíortha a reachtaíocht a chomhchuibhiú leis na caighdeáin idirnáisiúnta, agus go mbeidh uirlisí acu chun na coinbhinsiúin a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

2.2.2

Rialuithe maidir le hairm thine agus a n-armlón a onnmhairiú: Leis an bhforbairt atá á déanamh ar uirlis leictreonach an MCTA, i gcomhthéacs Chuspóir 3, táthar ag tabhairt aghaidh ar an tábhacht a ghabhann leis an trádáil dhlíthiúil a rialú chun aon atreorú go dtí an margadh aindleathach a sheachaint;

2.2.3

Bainistiú slán SALW agus stoc-charn armlóin a áirithiú: Tá sraith gníomhaíochtaí mar chuid de Chuspóir 2 a dhíríonn ar shlándáil fhisiciúil agus bainistíocht stoc-charn armán (PSSM), lena n-áirítear oiliúint oifigeach, agus cúnamh teicniúil agus ábhartha chun cleachtais agus saoráidí a fheabhsú, ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta na Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAICS) agus na dTreoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATGanna);

2.2.4

Diúscairt fhreagrach SALW agus a n-armlón: Áirítear le Cuspóir 2 oiliúint, cúnamh ábhartha, maoirseacht, agus deimhniú ar phróisis scriosta arm tine agus armlóin do thíortha a éilíonn amhlaidh;

2.2.5

Saincheisteanna trasghearrtha: Áirítear le Cuspóir 3 sraith réitigh agus uirlisí TF chun comhar agus comhroinnt faisnéise a chothú ar fud thíortha an réigiúin.

Chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin a uasmhéadú, tacóidh DPS/OAS le gníomhaíochtaí comhlántacha lena n-áirítear an t-éileamh ar airm thine a laghdú trí ghníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, agus trí chláir bhailithe a chur chun feidhme, agus trí Threochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt, mar uirlis nithiúil chun iarrachtaí sa réigiún sin a chomhordú agus a fheabhsú.

B.   Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 chun tacú le gníomhaíochtaí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (6)

Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuirtear trí phríomhchuspóir chun cinn: (1) cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun an trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal réigiúnach araon, (2) tacaíocht do chur chun feidhme na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe (ITI), agus (3) tacaíocht d’fhorbairt agus cur chun feidhme threoirlínte teicniúla na Náisiún Aontaithe maidir le bainistiú stoc-chairn armlóin.

Tá gach ceann de na cuspóirí sin ag teacht le haidhmeanna foriomlána fhorálacha sonracha an Coinbhinsiún Idir-Mheiriceánaigh i gcoinne déantúsaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil arm tine, armlón, pléascán, agus ábhar gaolmhar (CIFTA) agus a chúrsaí gníomhaíochta. Le CIFTA bunaítear roinnt moltaí éigeantacha do Stáit is Páirtithe, lena n-áirítear dlínse ar chionta coiriúla a bhunú; marcáil éigeantach arm tine; taifid a chothabháil le haghaidh rianú; rialuithe maidir le haistriú a fheabhsú; agus comhar trasnáisiúnta. Treisíonn Cúrsa Gníomhaíochta CIFTA 2018-2022 aidhmeanna Stáit is Páirtithe CIFTA sna réimsí seo i gcomhréir le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe agus leis an bPrótacal in aghaidh monarú aindleathach agus gáinneáil ar airm thine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlón lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne coireacht eagraithe trasnáisiúnta.

Leanann an DPS/OAS de chláir oibríochtúla a chur chun feidhme chun tacú le tíortha a n-acmhainneachtaí a fhorbairt chun a n-oibleagáidí faoi CIFTA a chomhlíonadh. Dearadh Céim II chun leanúint den chúnamh sin i bhfianaise na dtosaíochtaí a bhunaigh Stát is Páirtithe CIFTA i gCúrsaí Gníomhaíochta 2018-2022, go háirithe na tosaíochtaí seo a leanas: 1. Marcáil agus rianú arm tine; 2. Allmhairiú agus onnmhairiú; 3. Bearta reachtacha; agus 4. Bainistiú agus scriosadh stoc-charn.

8.   Tuairisciú

Ullmhóidh an DPS/OAS tuarascálacha tráthrialta, i gcomhréir leis an gComhaontú Tarmligin a caibidlíodh.

9.   Costas iomlán

Thart ar EUR 4.2 milliún is ea an cistiú iomlán measta atá á lorg ón Aontas chun Céim II a chur chun feidhme. Cuirfidh Ard-Rúnaíocht OAS ranníocaíochtaí comhchineáil ar fáil chun an clár a chur i bhfeidhm agus lorgóidh sí tacaíocht chomhchineáil eile (amhail an tacaíocht a chuir Rialtas na Spáinne ar fáil i gCéim I).


(1)  UNODC, Global Study on Homicide [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású]. 2019. https://www.unodc.org/unodc/en/data-and-analysis/global-study-on-homicide.html

(2)  Ibid.

(3)  De réir an Staidéir Dhomhanda ar Gháinneáil Arm Tine, is i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas, mar aon leis an Áise Thiar, atá 80 % de na cinn scríbe a seoltar airm thine gháinneáilte chucu (UNODC, 2020).

(4)  Ó 2007 go 2015, chuir an DPS/OAS tionscnaimh de chuid an Chláir Cúnaimh um Rialú Arm agus Mionarm sa réigiún (PACAM) chun feidhme. Chuaigh sé seo chun tairbhe do 25 Bhallstát OAS, rud a d’fhág gur mharcáil siad os cionn 290 000 arm tine agus gur scriosadh 60 000 arm eile, agus breis agus 1 700 tonna armlóin ar fud an réigiúin.

(5)  https://unoda-web.s3.amazonaws.com/wp-content/uploads/2019/07/MOSAIC-06.10-2017EV1.0.pdf

(6)   IO L 188, 19.7.2011, lch. 37.