30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 147/3


CINNEADH (CBES) 2022/837 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart beirt áirithe agus grúpa amháin a chur le liostaí na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3”:

“10.

Faruq AL-SURI (dá ngairtear freisin Samir Hijazi, Samir ‘Abd al-Latif Hijazi, Abu Hammam Al-Shami, Abu Humam Al-Shami, Abu Hammam Al-’Askari); dáta breithe: 1977; áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria; inscne: fireann; náisiúntacht: Siriach (meastar).

11.

Sami AL-ARIDI (dá ngairtear freisin Abu Mohammad Al-Shami, Abu Mahmud Al-Sham, Abu Mahmud Al-Shami, Sami Al-Oride, Sami Al-Oraidi, Sami Al-Oraydi, Sheikh Dr Sami Al-Uraydi); dáta breithe: 1973; inscne: fireann; náisiúntacht: Iordánach (meastar).”;

(2)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach faoin gceannteideal “B. Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“3.

Hurras AL-DIN (HaD) (dá ngairtear freisin Hurras al-Deen, Huras-al-Din, Guardians of Religion, Tanzim Hurras Al-Din, Tandhim Hurras Al-Deen, Sham Al-Ribat, Al-Qaida in Syria, AQ-S).”.