30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/46


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/834 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2022

de bhun Airteagal 31(1) de Threoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le beart arna dhéanamh ag an bhFrainc i ndáil le sorcóirí gáis áirithe a mhonaraigh Xinchang Burong Machinery Co. Ltd roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019 a tharraingt siar ón margadh

(a bhfuil fógra tugha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3372)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mí Lúnasa 2019, mar chuid den fhaireachas margaidh ar bhrú-threalamh iniompartha a dhéantar i gcomhréir le forálacha Airteagail 16 go 26 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le forálacha Airteagal 30 de Threoir 2010/35/AE, rinne údarás faireachais margaidh na Fraince imscrúdú ar chás sorcóra faoi bhrú a mhonaraigh Xinchang Burong Machinery Co. Ltd na Síne. Ba iad VZ Trends Goods GmbH na Gearmáine agus Alsino GmbH na Gearmáine a d’allmhairigh agus a dháil an sorcóir agus ba é www.amazon.fr na Fraince a dhíol é ar líne, faoin trádmharc “PARTY FACTORY”.

(2)

Rinne údarás faireachais margaidh na Fraince scrúdú ar an gcás i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an monarú agus leis an gcur ar an margadh, mar a leagtar amach i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcaighdeán EN ISO 11118:2015 agus in Airteagail 4 agus 6 de Threoir 2010/35/AE. Léirigh an scrúdú nach raibh measúnú comhréireachta déanta ar an táirge agus go raibh marcáil Pi mhíchuí á taispeáint air. Thairis sin, ní raibh na deimhnithe maidir leis na hiniúchtaí tosaigh ná na tástálacha tosaigh, ná na deimhnithe maidir le maoirseacht ar an monarú ar ceanglas iad de bhun fhoranna 1.8.7.3 agus 1.8.7.4 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, i seilbh an mhonaróra.

(3)

Chuir údarás faireachais margaidh na Fraince sorcóir a ceannaíodh go hanaithnid faoi thástáil. Léirigh tuarascáil tástála uimhir 2019-6-RSPT-XBN-V2 roinnt neamhchomhréireachtaí, chomh maith le fabht fisiceach a d’fhéadfadh sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí a chur i mbaol.

(4)

Bhain neamhchomhréireacht amháin a sainaithníodh sa tuarascáil tástála le hAirteagal 6(3) de Threoir 2010/35/AE, eadhon níor léirigh deimhniú comhréireachta an táirge an t-ainm agus an seoladh trínarbh fhéidir dul i dteagmháil leis an allmhaireoir, rud a d’fhág nárbh fhéidir leis na dáileoirí an oibleagáid a chomhlíonadh gan brú-threalamh iniompartha a chur ar an margadh ach amháin má bhíonn an deimhniú comhréireachta agus an seoladh trínar féidir dul i dteagmháil leis an allmhaireoir ag gabháil leis, oibleagáid dá bhforáiltear le hAirteagal 7(1) den Treoir sin.

(5)

Neamhchomhréireacht eile a sainaithníodh leis an tuarascáil tástála ab ea nach raibh liosta iomlán na gcodanna ábhartha den doiciméadacht theicniúil, mar a leagtar amach i mír 1.8.7.2.3 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, sa deimhniú ar chineálcheadú le haghaidh an tsorcóra, deimhniú a d’eisigh an comhlacht faoina dtugtar fógra Technická inšpekcia na Slóvaice an 9 Samhain 2018 faoi uimhir 602/5/2018.

(6)

Níor léiríodh sa deimhniú ar chineálcheadú uimhir 602/5/2018 go raibh an héiliam ar na gáis dár formheasadh comhla an tsorcóra. Dá bhrí sin, níor cheart an sorcóir a líonadh de héiliam.

(7)

An mharcáil a ghreamaigh an monaróir ar an sorcóir, níor chomhlíon sí Airteagal 15 de Threoir 2010/35/AE maidir le cruth fisiceach shiombail na litreach Gréigise Pi. Níor chomhlíon sí na ceanglais i bhforoinn 6.2.2.8 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ná mír 12.2.2 de chaighdeán EN ISO 11118:2015 maidir le hairde na siombaile Pi ná leis an bhfoclaíocht “NÁ hATHLÍONTAR” ach oiread. Ina theannta sin, níor chomhlíon an mharcáil na ceanglais i míreanna 6.2.2.7.2 go 6.2.2.7.4 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ná caighdeán EN ISO 11118:2015 maidir leis an bhfaisnéis atá le taispeáint. Go sonrach, bhí léiriú an bhrú oibre in easnamh, agus bhí léirithe an chaighdeáin tagartha agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra mícheart. Maille leis sin, bhí toisí an lipéid le haghaidh “gáis neamh-inlasta neamhthocsaineacha” níos lú ná mar a leagtar amach i mír 5.2.2.2.1.1.2 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

(8)

Anuas air sin, bhí neamhchomhréireachtaí ag baint leis an marcáil ar an bpacáistíocht, mar atá, marcáil CE, rud nach gceadaítear le Treoir 2010/35/AE, agus uimhir mhícheart le haghaidh an chomhlachta faoina dtugtar fógra.

(9)

Bhí scoilt ag bun scrogall an tsorcóra a rinneadh an tástáil air, sa táthú prásála. Ba léir ó shil-leagan criostail gur tharla ligean.

(10)

Chuir údarás faireachais margaidh na Fraince an t-allmhaireoir agus an dáileoir ar an eolas maidir leis na neamhchomhréireachtaí a braitheadh le linn an imscrúdaithe. Níor thug na hoibreoirí eacnamaíocha sin aon fhreagra iomchuí, áfach.

(11)

An 31 Deireadh Fómhair 2019 d’eisigh an comhlacht a dtugtar fógra faoi Technická inšpekcia na Slóvaice deimhniú formheasa nua.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Threoir 2010/35/AE, tharraing údarás faireachais margaidh na Fraince na sorcóirí a monaraíodh roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019 siar ón margadh go sealadach agus thug sé fógra faoin mbeart sin don Choimisiún agus do na Ballstáit. Foilsíodh an cinneadh an 3 Eanáir 2020.

(13)

An 23 Eanáir 2020 chuir Gníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta i gcoinne toradh de thorthaí na tuarascála tástála arna dtarraingt suas ag údarás faireachais margaidh na Fraince. De thairbhe an tseasaimh sin cuireadh tús le feidhm Airteagal 31(1) de Threoir 2010/35/AE, ina luaitear go gcaithfidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, tar éis dul i gcomhairle dó leis na Ballstáit agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

(14)

An 15 Aibreán 2021 d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit, ar an monaróir agus ar na hallmhaireoirí a mbarúlacha a chur in iúl faoin gcás, agus go háirithe faoi iomchuibheas an bhirt a ghlac údarás faireachais margaidh na Fraince agus faoin riosca a bhí ag baint leis an táirge.

(15)

An 10 Meitheamh 2021 chuir an Coimisiún an cás i láthair Ghrúpa Comhair Riaracháin na n-Údarás Faireachais Margaidh, grúpa a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 28(b) de Threoir 2010/35/AE. An 14 Meitheamh 2021 chuir an Coimisiún an cás i láthair Ghrúpa na Saineolaithe maidir le hIompar Earraí Contúirteacha, grúpa a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8a (4) de Threoir 2008/68/CE.

(16)

Chuir sé Bhallstát barúil isteach le linn an phróisis comhairliúcháin, agus níor chuir aon oibreoir eacnamaíoch barúil isteach. Deimhníodh sna barúlacha a cuireadh chuig an gCoimisiún go raibh neamhchomhréireachtaí ag baint leis an táirge ó thaobh na pacáistíochta, na doiciméadachta, na marcála agus an lipéadaithe, an iniúchta tosaigh agus na tástála tosaigh, agus na maoirseachta ar an monarú de. Sa bhreis air sin, bhí riosca soiléir sa sorcóir ar shábháilteacht na n-úsáideoirí. Níor mheas aon Bhallstát nach raibh údar cuí leis an mbeart a ghlac údarás faireachais margaidh na Fraince.

(17)

Le scrúdú na fianaise a sholáthar údarás faireachais margaidh na Fraince, deimhnítear nach gcomhlíonann na sorcóirí héiliam thuasluaite na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2008/68/CE agus 2010/35/AE. Dá bhrí sin, tá riosca soiléir sna sorcóirí héiliam sin ar shábháilteacht na n-úsáideoirí agus ba cheart iad a tharraingt siar ón margadh.

(18)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 de Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An beart a rinne an Fhrainc, mar atá, an sorcóir gáis de chineál BR1C a mhonaraigh Xinchang Burong Machinery Co. Ltd roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019 agus arb iad seo a leanas a shaintréithe:

cineál an tsorcóra: neamh-athlíonta,

líonta de ghás: UN 1046 – HÉILIAM COMHBHRÚITE,

brú oibre: PW = 12 bar,

brú tástála hiodrálaí: PH = 28 bar,

raon teochta: TS= -20/+60 °C,

toirt: V = 0,75 l

a tharraingt siar ón margadh, is beart é a bhfuil údar cuí leis.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 165, 30.6.2010, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(3)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).