|
18.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/172 |
CINNEADH (AE) 2022/775 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Ungáir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2298)
(Is é an téacs Ungáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír, de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige. |
|
(2) |
Ó bhí an chéad ráithe den bhliain féilire 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an paindéim a shrianadh. |
|
(3) |
Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3. |
|
(5) |
Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (‘STATFOR’) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla. |
|
(6) |
Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, tiomsaithe agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ungáir isteach atá sé bunaithe. |
|
(7) |
Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus comhairle uaidh inti maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá beartaithe ag an Ungáir ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
|
(9) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ungáir faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(10) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Ungáir i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
Maidir leis na dréachtspriocanna sábháilteachta a mhol an Ungáir le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (Hungarocontrol), is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach in 2023 i gcás an chuspóra ‘bainistiú riosca sábháilteachta’, agus, i gcás na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta eile, go gcomhlíonann na spriocanna áitiúla feidhmíochta leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(12) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Ungáir isteach raon leathan beart do Hungarocontrol chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, lena gcumhdaítear forbairtí sa teicneolaíocht, saincheisteanna a bhaineann le fachtóirí daonna, faireachán ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht, cibearshábháilteacht agus sábháilteacht sonraí, ‘cultúr cóir’ agus ‘cultúr sábháilteachta’. Tá 70 beart sa dréachtphlean feidhmíochta, lena n-áirítear maidir le córas nua BAT a chur chun feidhme, uirlis castachta earnála chun an dáileadh ualaigh oibre a phleanáil, scéim nua um limistéarú, córas aimsithe treo raidió le haghaidh feasacht staide níos fearr i leith rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) agus córas bainistithe a bhaineann le riosca strustuirse. |
|
(13) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11) agus (12), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire, gurb é an measúnú a dhéantar orthu go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(14) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ungáir isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(15) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc fheidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Ungáir, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitiltí faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Ungáir agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás na mblianta féilire ó 2021 go 2024. |
|
(18) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt beart curtha i láthair ag an Ungáir ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear plean aistrithe le haghaidh na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe agus na rannpháirtíochta a bhaineann le tionscadal South East Europe Free Route Airspace (SEE FRA) a chur chun feidhme. |
|
(19) |
Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an t-aerspás saorbhealaigh curtha chun feidhme ag an Ungáir cheana ó leibhéal eitilte 095 go leibhéal eitilte 660. |
|
(20) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (17) go (19), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta
|
(21) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ungáir isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (‘ATFM’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(22) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Ungáir i leith TT3, agus iad arna sloinneadh i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Líonra:
|
|
(24) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Ungáir agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire in TT3. |
|
(25) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an Ungáir sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin Lárionad Rialaithe Limistéar Bhúdaipeist a atheagrú, clár oiliúna nua ATCO, uasghrádú ar chóras bainistithe aerthráchta (ATM) chomh maith le méadú ar an líon FTEnna atá beartaithe ag ATCO faoi dheireadh TT3. |
|
(26) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(27) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na hUngáire. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta
|
(28) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ungáir isteach maidir leis na costais aonaid arna suíomh (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn TT2 agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu. |
|
(29) |
Rinneadh measúnú ar na spriocanna éifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(30) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Ungáir le haghaidh TT3:
|
|
(31) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS eitiltí faoi bhealach na hUngáire ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +2,8 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %. |
|
(32) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS eitiltí faoi bhealach na hUngáire le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -0,9 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %. |
|
(33) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na hUngáire, mar atá, EUR 31,72 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (‘EUR2017’), 21 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 40,13 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil costas aonaid na hUngáire arna shuíomh fós níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide le linn TT3 ar fad. Mar sin féin, laghdaítear an difríocht go -16 % i ndáil leis an mbliain 2024. |
|
(34) |
Scrúdaigh an Coimisiún a thuilleadh an féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach, faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, na diallais a thugtar faoi deara in aithrisí (31) agus (32), ar an gcoinníoll gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, nó i ngeall ar bhearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus i ngeall orthu siúd amháin, atá an diallas ón treocht uile-Aontais CAAS nó ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS. |
|
(35) |
I dtaca leis an gcritéar a shonraítear faoi phointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, áitíonn an Ungáir ina dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil na diallais chostais ón treocht CAAS uile-Aontais agus ón treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais i ngeall go heisiach ar na bearta is gá chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach. |
|
(36) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go leagann an Ungáir amach ina dhréachtphlean feidhmíochta raon leathan beart arna ndéanamh ag ANSP (Hungarocontrol) chun críche spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach agus ar ina leith a thabhaítear costais bhreise. Mionsonraítear agus cainníochtaítear na bearta sin sa dréachtphlean feidhmíochta. |
|
(37) |
Míníonn an Ungáir gur léir sna himthosca roimh phaindéim COVID in 2019 nár leor an líon ATCOnna i mbun oibríochta chun freastal ar mhéid agus ar chastacht an tráchta. Mar sin de, d’fhonn freastal ar na leibhéil tráchta a bhfuil coinne leo amach anseo, tá clár oiliúna curtha i bhfeidhm ag Hungarocontrol chun an líon ATCOnna a mhéadú le linn TT3. Is iad na costais ghaolmhara ábhartha na costais foirne a bhaineann le luach saothair na mac léinn nua sa chéim oiliúna tosaigh agus a bhaineann le mic léinn cheadúnaithe na rialtóirí aerthráchta, chomh maith leis na costais oibriúcháin eile a thabhaítear chun na hearcaigh nua sin a oiliúint. |
|
(38) |
Tabharfar tuilleadh tacaíochta do na méaduithe acmhainneachta a bheidh ag teastáil chun freastal ar an éileamh tráchta a bheidh ann amach anseo trí infheistíochtaí i dtrealamh úrscothach. Tugann an Coimisiún dá aire, dá bhrí sin, go bhfuil roinnt uasghráduithe ar chomhpháirteanna an chórais ATM beartaithe, lena n-áirítear feidhm aimsitheora treoracha raidió agus uirlis chastachta a chur chun feidhme, feidhmiúlachtaí bainistithe aerspáis a fheabhsú, agus teicnící bainistithe sreafa agus acmhainneachta feabhsaithe a thabhairt isteach. Is tráthúil réadú na n-infheistíochtaí sin le linn TT3 agus tá coinne leis go mbeifear in ann méaduithe suntasacha a dhéanamh ar an acmhainneacht. |
|
(39) |
Ar bhonn na hanailíse mionsonraithe ón gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, measann an Coimisiún go bhfuil fíorghá leis na bearta ábhartha a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta a bhaint amach. Thairis sin, agus ag féachaint don mheastóireacht a rinne an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, is féidir a shuí gur mó costais bhreise na mbeart sin ná na diallais ón treocht uile-Aontais CAAS agus ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS dá dtagraítear in aithrisí (31) agus (32). |
|
(40) |
I bhfianaise na mbreithnithe in aithrisí (35) go (39), suíonn an Coimisiún go gcomhlíontar, i leith na hUngáire, an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i). |
|
(41) |
De bhun na mbreithnithe thuasluaite is léir nach gá a scrúdú a thuilleadh an gcomhlíonfaí, i leith na hUngáire, an critéar a leagtar amach faoi phointe 1.4(d)(ii). |
|
(42) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (31) go (41), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(43) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na hUngáire. |
|
(44) |
Ar an gcéad dul síos, nuair a chuirtear aonad costais críochfoirt arna shuíomh TT3 i gcomparáid leis an treocht CAAS eitiltí faoi bhealach, chinn an Coimisiún gurb airde treocht chríochfoirt CAAS de Limistéar Muirearaithe Críochfoirt na hUngáire, sin + 11,0 % ná treocht CAAS eitiltí faoi bhealach na hUngáire ag leibhéal an limistéir muirearaithe críochfoirt, sin + 2,8 % le linn RP3. |
|
(45) |
Sa dara dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara gurb airde na dréachtspriocanna treochta CAAS críochfoirt le haghaidh limistéar muirearaithe críochfoirt de chuid na hUngáire, mar atá, +11,0 % le linn TT3, ná an treocht CAAS críochfoirt iarbhír a chonacthas le linn TT2, mar atá, -4,7 %. |
|
(46) |
Ar an tríú dul síos, nuair a chuirtear an CAAS críochfoirt i gcomparáid le feidhmíocht aerfort inchomparáide i leith TT3, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar gurb airde i bhfad CAAS le haghaidh aerfort Bhúdaipeist ná CAAS airmheánach na n-aerfort ábhartha. |
|
(47) |
Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart don Ungáir, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, breis údair a thabhairt maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt i leith TT3 i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithris (44) go (46), sin nó ba cheart di na spriocanna sin a athbhreithniú anuas. |
Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta
|
(48) |
I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i dtaca leis an measúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú sin le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréacht-scéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna dreasachtaí atá i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire. |
|
(49) |
Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht eitiltí faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na hUngáire agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht críochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,5 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,5 % de na costais arna suíomh. |
|
(50) |
Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais a mholtar, arb ionann é agus 0,5 % de na costais arna suíomh, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(51) |
Ba cheart don Ungáir, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é an tuairim ón gCoimisiún gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin. |
CONCLÚIDÍ
|
(52) |
Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (10) go (51), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir an Ungáir isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(53) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs an fhíoraithe ar chomhlíontacht na rátaí aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann. |
|
(54) |
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Ungáir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.
Airteagal 2
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Ungáir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
an Ungáir |
Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D |
||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Hungarocontrol |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
C |
C |
D |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealach na hUngáire, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
1,50 % |
1,49 % |
1,49 % |
1,49 % |
|
Luachanna tagartha don Ungáir |
1,50 % |
1,49 % |
1,49 % |
1,49 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA
Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na hUngáire „ i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte |
0,06 |
0,11 |
0,11 |
0,11 |
|
Luachanna tagartha don Ungáir |
0,06 |
0,11 |
0,11 |
0,11 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na hUngáire |
Luach bonnlíne 2014 |
Luach bonnlíne 2019 |
2020 -2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017) |
11 916 HUF |
9 803 HUF |
17 628 HUF |
14 127 HUF |
11 842 HUF |
10 946 HUF |
|
EUR 38,56 |
EUR 31,72 |
EUR 57,05 |
EUR 45,72 |
EUR 38,32 |
EUR 35,42 |