18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/72


CINNEADH (AE) 2022/764 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chróit isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2284)

(Is é an téacs sa Chróitis amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige.

(2)

Ón gcéad ráithe de bhliain féilire 2020, bhí tionchar mór ag ráig phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus d’fhág sé gur tháinig laghdú suntasach ar an méid aerthráchta i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, de bharr na mbeart a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun srian a choinneáil ar an bpaindéim.

(3)

Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta a chuir na Ballstáit isteach ina ndiaidh siúd, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

(4)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3.

(5)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla.

(6)

Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, forbartha agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Chróit isteach atá sé bunaithe.

(7)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta a mholann an Chróit, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus na himthosca áitiúla á gcur san áireamh aige. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(9)

Ós rud é nach bhfuil aon aerfort sa Chróit a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith TT3, níl aon sprioc áitiúil feidhmíochta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ina dréachtphlean feidhmíochta i leith TT3. Dá bhrí sin, na torthaí atá sa Chinneadh seo, is le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach amháin a bhaineann siad.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chróit faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe na seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Chróit i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

An Chróit

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, sloinnte mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

Croatia Control

Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

B

B

B

C

Bainistiú riosca sábháilteachta

C

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Maidir leis na dréachtspriocanna sábháilteachta a mhol an Chróit le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (Croatia Control), is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach in 2024 i gcás chuspóir bhainistiú an riosca sábháilteachta, agus, i gcás na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta eile, go gcomhlíonann na spriocanna áitiúla feidhmíochta leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chróit isteach bearta lena ndéanamh ag Croatia Control chun na spriocanna áitiúla sábháilteachta a bhaint amach, amhail córas bainistíochta sábháilteachta éifeachtúil a chur chun feidhme lena bhféadfar rioscaí sábháilteachta a shainaithint agus a mhaolú go luath, aicmiú déine na huirlise measúnaithe riosca a chur i bhfeidhm, tuairisciú faoin “gcultúr cóir”, agus uirlisí sábháilteachta sonracha eile. Measann an Coimisiún, áfach, gur cheart cur síos a dhéanamh ar bhearta sonracha lena léiriú conas a bhainfidh Croatia Control na cuspóirí sábháilteachta amach i réimse “an bheartais sábháilteachta agus na gcuspóirí”.

(14)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (12) agus (13), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart a mheasúnú, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chróit isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(16)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc fheidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(17)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Chróit, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna comhshaoil faoi bhealach na Cróite, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,46  %

1,46  %

1,46  %

1,46  %

Luachanna tagartha le haghaidh na Cróite

1,46  %

1,46  %

1,46  %

1,46  %

(18)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Chróit agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(19)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an gCróit ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear tuilleadh comhair trasteorann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin laistigh d’Aerspás Saorbhealaigh South East Common Sky Initiative (SECSI FRA), an loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe a thabhairt isteach, agus bearta chun úsáid sholúbtha an aerspáis a fheabhsú a thuilleadh. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an t-aerspás saorbhealaigh curtha chun feidhme ag an gCróit cheana laistigh de Réigiún Faisnéise Eitilte Shágrab ó leibhéal eitilte 205 ó bhí mí Feabhra 2018 ann.

(20)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (18) agus (19), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(21)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chróit isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(22)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(23)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Chróit i leith TT3, arna sloinneadh mar nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna acmhainneachta na Cróite i leith eitiltí faoi bhealach i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,09

0,16

0,17

0,17

Luachanna tagartha le haghaidh na Cróite

0,09

0,16

0,17

0,17

(24)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Chróit agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(25)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an gCróit sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin roinnt uasghráduithe ar an gcóras bainistíochta aerthráchta (BAT), limistéarú úr ar an aerspás, agus méaduithe suntasacha ar an líon coibhéise lánaimseartha de rialtóirí aerthráchta atá beartaithe le linn bhlianta féilire 2022 go 2024.

(26)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(27)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chróit isteach maidir leis na costais aonaid arna shuíomh (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an dara tréimhse tagartha (TT2) agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

(28)

Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na spriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(29)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Chróit i leith TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cróite

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 --2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

HRK 377,6

HRK 300,8

HRK 518,3

HRK 398,1

HRK 345,4

HRK 305,0

EUR 50,61

EUR 40,31

EUR 69,46

EUR 53,35

EUR 46,29

EUR 40,87

(30)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht CAAS faoi bhealach na Cróite ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +0,3 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %.

(31)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach na Cróite le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -2,3 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %.

(32)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Cróite, mar atá, EUR 40,31 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (“EUR2017”), 3,2 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 39,05 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go mbeidh costas aonaid faoi bhealach na Cróite arna shuíomh -1,8 % faoi bhun mheán an ghrúpa comparáide in 2024.

(33)

Mar a leagtar amach in aithrisí (30) agus (31), is léir gur fearr feidhmíocht na Cróite ná an treocht CAAS uile-Aontais i leith TT3 agus gur fearr i bhfad í ná an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais. Thairis sin, tá CAAS na Cróite i leith 2024 níos ísle ná luach bonnlíne 2014 agus tá sé cobhsaí i gcomparáid le luach bonnlíne 2019. Léiríonn an méid sin go bhfuil gnóthachain chostéifeachtúlachta bainte amach ag an gCróit san fhadtéarma, agus tá tuilleadh tacaíochta leis siúd sa toradh a léiríonn go bhfuil CAAS na Cróite i leith 2024 faoi bhun mheán an ghrúpa comparáide. Ag féachaint do na breithnithe thuasluaite, tá forbairt costéifeachtúlachta léirithe ag an gCróit atá níos fearr na na treochtaí uile-Aontais, rud is leor mar bhunús chun an chomhsheasmhacht a shuí leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais i leith TT3.

(34)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (30) go (33), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Cróite comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

CONCLÚIDÍ

(35)

Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (10) go (34), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chróit isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

(36)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs comhlíontacht na rátaí aonaid a fhíorú. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann.

(37)

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chróit isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Cróite.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chróit isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

an Chróit

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

Croatia Control

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

B

B

B

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealach na Cróite, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,46  %

1,46  %

1,46  %

1,46  %

Luachanna tagartha don Chróit

1,46  %

1,46  %

1,46  %

1,46  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Cróite, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,09

0,16

0,17

0,17

Luachanna tagartha don Chróit

0,09

0,16

0,17

0,17

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid cinnte le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cróite

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 -2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid cinnte faoi bhealach (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

377,6 HRK

300,8 HRK

518,3 HRK

398,1 HRK

345,4 HRK

305,0 HRK

EUR 50,61

EUR 40,31

EUR 69,46

EUR 53,35

EUR 46,29

EUR 40,87