16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/173


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/746 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Bealtaine 2022

maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)3240)

(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha.

(2)

I gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin.

(5)

Tar éis ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBardasacht na Róimhe san Iodáil, chuir an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina chríoch, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, bhunaigh sé crios ionfhabhtaithe.

(6)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 ón gCoimisiún (5) de dhroim na faisnéise a fuarthas ón mBallstáit sin maidir leis an ráig sin.

(7)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 ann, tá athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch san Iodáil maidir le fiabhras Afracach na muc i mBardasacht na Róimhe, agus dá réir sin, tá na bearta rialaithe is gá curtha chun feidhme ag an Iodáil, agus sonraí faireachais breise bailithe aici.

(8)

Chun suaitheadh gan ghá ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc san Iodáil a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. Cuirtear san áireamh leis an gcrios ionfhabhtaithe sin an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Iodáil.

(9)

Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar san Iodáil atá buailte ag an ráig seo a tharla le déanaí mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an Iodáil de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(10)

Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/605. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar agus a dtáirgí ón gcrios ionfhabhtaithe chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart ré an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin.

(11)

Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine san Iodáil a mhaolú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo nár cheart don Iodáil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo.

(12)

Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú.

(13)

Ina theannta sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

(14)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Áiritheoidh an Iodáil go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc, bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áiritheoidh an Iodáil go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 3

Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí de na hainmhithe sin, áiritheoidh an Iodáil nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Lúnasa 2022.

Airteagal 6

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (IO L 133, 10.5.2022, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh deiridh leis an infheidhmeacht

Limistéar Bhardasacht na Róimhe leis

na teorainneacha seo a leanas:

Ó Dheas: Circonvallazione Clodia, Via Cipro, Via di San Tommaso D’Acquino, Via Arturo Labriola, Via Simone Simoni, Via Pietro De Cristofaro, Via Baldo Degli Ubaldi;

Siar ó Dheas: Via di Boccea chomh fada leis an gcrosbhealach le Via della Storta;

Siar-Siar ó Thuaidh: Via della Storta, Via Cassia (SS2) chomh fada leis an gcrosbhealach le Via Cassia Veientana (SR 2bis);

Soir ó Thuaidh: Via Cassia Veientana (SR 2bis) chomh fada leis an gcrosbhealach le Cuarbhóthar A90 (Grande Raccordo Anulare), Cuarbhóthar A90 chomh fada leis an gcrosbhealach le hAbhainn na Tibire;

Soir - Soir ó Dheas: Abhainn na Tibire.

31 Lúnasa 2022