12.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/4


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/728 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2283)

(Na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Laitvise, Máltaise, Rómáinise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an dara fomhír de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Aerspás Aonair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

Cúlra

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (2), tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FABanna”), do gach tréimhse thagartha de chuid na scéime feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Ní mór do na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún don tréimhse thagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá beartaithe sna dréachtphleananna feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(2)

Ó bhí an chéad ráithe de bhliain féilire 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór aici i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Leagadh amach spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha (“TT3”) i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

(4)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3 i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4), bearta lena ndéantar maolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, an 2 Meitheamh 2021 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún (5) lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais do TT3 i bpríomhréimsí feidhmíochta na sábháilteachta, an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta.

(5)

Tá dréachtphlean feidhmíochta forbartha agus glactha ag gach Ballstát, pleananna ina bhfuil spriocanna feidhmíochta áitiúla athbhreithnithe do TT3 agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis don Choimisiún a fhíorú gurbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar na Ballstáit dréachtphleananna feidhmíochta cothrom le dáta a chur isteach faoin 17 Samhain 2021. Tá measúnú an Choimisiúin atá san áireamh sa Chinneadh seo bunaithe ar na dréachtphleananna feidhmíochta cothrom le dáta a chuir na Ballstáit isteach.

(6)

An comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, comhlacht a thugann cúnamh don Choimisiún chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil a chomhairle faoin measúnú ar dhréachtphleananna feidhmíochta TT3.

Critéir maidir leis an measúnú

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht spriocanna náisiúnta nó spriocanna ar leibhéal FABanna ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún an measúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtphleananna feidhmíochta i leith na gnéithe a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(8)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir na Ballstáit isteach maidir le héifeachtacht bhainistiú sábháilteachta na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bunaithe ar an gcritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i leith na ngnéithe a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinne an Coimisiún amach go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla atá beartaithe ag na Ballstáit uile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, ní leagtar amach torthaí gaolmhara sa Chinneadh seo.

(9)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir na Ballstáit isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, rinneadh na spriocanna atá beartaithe sa dréachtphlean feidhmíochta a chur i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha maidir le héifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaigh na hEorpa. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach i leith na ngnéithe a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(10)

I ndáil le bliain féilire 2020, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 níor athbhreithníodh an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais do TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, ós rud é go raibh an tréimhse chun an sprioc sin a chur i bhfeidhm imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh a chur chun feidhme críochnaitheach, rud a d’fhág nach bhféadfaí aon choigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, níorbh iomchuí do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir siad isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla do bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. I bhfianaise na mbreithnithe sin, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais maidir le blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún amach go bhfuil na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla atá beartaithe ag na Ballstáit uile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, ní leagtar amach torthaí gaolmhara sa Chinneadh seo.

(11)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir na Ballstáit isteach maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna beartaithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach i bPlean Oibríochtaí an Líonra. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a bhaint amach, lena n-áirítear go háirithe an t-athbhreithniú ar mhórinfheistíochtaí atá beartaithe agus an t-athbhreithniú ar an scéim dreasachta nó ar scéimeanna i leith na ngnéithe a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(12)

I ndáil le bliain féilire 2020, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 níor athbhreithníodh an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais do TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, ós rud é go raibh an tréimhse chun an sprioc sin a chur i bhfeidhm imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh a chur chun feidhme críochnaitheach, rud a d’fhág nach bhféadfaí aon choigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, níorbh iomchuí do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir siad isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla do bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. I bhfianaise na mbreithnithe sin, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais maidir le blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(13)

Thairis sin, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach, i gcás aerfoirt atá faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i gcomhréir le hAirteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú leis an athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I gcás inar suíodh go raibh na dréachtspriocanna sin ina n-ábhar imní, leagtar amach na torthaí lena mbaineann sa Chinneadh seo.

(14)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir na Ballstáit isteach maidir le costais aonaid arna suíomh (“DUC”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is éard atá sna critéir sin treocht an chostas aonaid arna shuíomh le linn TT3, treocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh le linn an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus TT3 (2015-2024), agus an luach bonnlíne le haghaidh an chostais aonaid arna shuíomh ar leibhéal an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe ina bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch den chineál céanna ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta.

(15)

I gcás ina bhfuarthas amach go raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach ar neamhréir leis na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún scrúdú breise, i bhfianaise na réasúnuithe agus na fianaise a cuireadh ar fáil sna pleananna feidhmíochta lena mbaineann, an bhféadfaí a mheas go bhfuil diall ó na critéir riachtanach agus comhréireach ar bhonn phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ar choinníoll gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta a bhfuil gá leo chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta a bhaint amach nó le bearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus gur i ngeall leis sin amháin a bhfuil ann don diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais.

(16)

Rinneadh an measúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Comhlánaíodh é leis an athbhreithniú ar na gnéithe a leagtar síos i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, eadhon na príomhthosca agus na príomhpharaiméadair is bonn leis na spriocanna sin mar a leagtar amach faoi phointe 2.1(d) den Iarscríbhinn sin iad.

(17)

Thairis sin, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, i gcás aerfoirt atá faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i gcomhréir le hAirteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a athbhreithniú a chomhlánú leis an measúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I gcás inar suíodh go raibh na dréachtspriocanna sin ina n-ábhar imní, leagtar amach na torthaí lena mbaineann sa Chinneadh seo.

(18)

I gcomhréir le pointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta, rinne an Coimisiún a athbhreithniú a chomhlánú le measúnú ar na dréachtscéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú an gcomhlíonann na dréachtscéimeanna dreasachta na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I gcás inar suíodh go raibh na dréachtscéimeanna dreasachta sin ina n-ábhar imní, leagtar amach na torthaí lena mbaineann sa Chinneadh seo.

Breithnithe speisialta a bhaineann le héabhlóid an tráchta

(19)

Tuartar i réamhaisnéis tráchta STATFOR Dheireadh Fómhair 2021 go mbainfidh aerthrácht ar leibhéal an Aontais ar fad amach na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go mbeidh sé níos airde ná na leibhéil sin in 2024. Tá leibhéal an-ard éiginnteachta ann go fóill maidir le forbairt tráchta, áfach, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le héabhlóid staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach mbeidh an téarnamh tráchta cothrom ar fud na mBallstát.

(20)

Dá réir sin, tuartar go mbeidh fás tráchta réamh-mheasta TT3 i roinnt Ballstát i bhfad níos ísle ná an meánfhás tráchta ar leibhéal an Aontas ar fad, agus tuartar go bhfanfaidh méideanna tráchta TT3 faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim i roinnt de na Ballstáit sin. Aithníonn an Coimisiún go bhfágann sé sin go bhfuil gnóthú spriocanna costéifeachtúlachta ar fud an Aontais níos déine do na Ballstáit lena mbaineann, agus chuir sé an pointe sin san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar na himthosca áitiúla atá ábhartha don mheasúnú ar gach dréachtphlean feidhmíochta.

TORTHAÍ MAIDIR LE FABEC

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta – an Bheilg agus Lucsamburg

(21)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag an mBeilg agus ag Lucsamburg do TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 73,13

EUR 83,28

EUR 189,52

EUR 113,26

EUR 108,51

EUR 103,82

(22)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh sa Bheilg agus i Lucsamburg ar leibhéal an limistéir muirearaithe de + 5,7 % in aghaidh na bliana le linn TT3 an treocht ar fud an Aontais de +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(23)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh sa Bheilg agus i Lucsamburg ar leibhéal an limistéir muirearaithe de + 4,0 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3 an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(24)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne EUR 83,28 le haghaidh chostas aonaid arna shuíomh na Beilge agus Lucsamburg, luach arna shloinneadh i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017 (“EUR2017”), 13,2 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, is é sin EUR 73,56 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go n-éiríonn an difríocht níos mó fós le linn TT3, ós rud é go bhfuil costas aonaid faoi bhealach arna shuíomh na Beilge agus Lucsamburg le haghaidh 2024 49,9 % níos airde ná meán an ghrúpa comparáide.

(25)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil na dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(26)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 41 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú sa dréachtphlean feidhmíochta agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun treocht costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, agus gur thart ar EUR 92,6 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach measta ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(27)

Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go dtagraíonn an Bheilg agus Lucsamburg sa dréachtphlean feidhmíochta do na costais bhreise arna suíomh arna dtabhú le linn TT3 ag na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach skeyes agus MUAC i ndáil le bearta chun acmhainneacht a mhéadú.

(28)

Ar thaobh amháin, cuirtear i dtábhacht sa dréachtphlean feidhmíochta gur toisc í castacht aerspás na Beilge-Lucsamburg a mhéadaíonn ualach oibre coibhneasta na rialtóirí aerthráchta agus, dá bhrí sin, go mbíonn drochthionchar aici ar tháirgiúlacht rialtóirí aerthráchta agus ar an mbonn costais faoi bhealach. Tugann an Bheilg agus Lucsamburg le fios gur ceann de na príomhchúiseanna é sin leis an diall ó threocht an costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais.

(29)

Ar an taobh eile, áitíonn an Bheilg agus Lucsamburg go bhfuil dúshláin ar leith roimh an dá sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”) faoi bhealach araon, eadhon skeyes agus MUAC, i ndáil le hacmhainneacht leordhóthanach a sholáthar chun freastal ar an éileamh aerthráchta le linn TT3 agus ina dhiaidh sin.

(30)

Maidir le skeyes, leagtar amach ar an gcéad dul síos sa dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil coinne leis go rachaidh líon ard rialtóirí aerthráchta ar scor le linn TT3 agus le linn an cheathrú tréimhse tagartha (“TT4”), ar bhonn struchtúr aoise reatha an luchta saothair rialtóirí aerthráchta.

(31)

Tuairiscítear go bhforordaítear le reachtaíocht infheidhme na Beilge nach mór rialtóirí aerthráchta a tharraingt siar ó dhualgas 5 bliana roimh a ndáta scoir. Le linn na 5 bliana sin, tá siad incháilithe le haghaidh réamhscoir (dá ngairtear “scéim DISPO”) agus faigheann siad liúntas arb ionann é agus idir 75 % agus 85 % dá dtuarastal deireanach. De réir na faisnéise a chuirtear ar fáil sa dréachtphlean feidhmíochta, faoi láthair cuirtear rialtóirí aerthráchta in DISPO nuair atá siad 56 bliana d’aois agus tá an aoisteorainn sin le méadú go dtí 57. Ó 2025 ar aghaidh, sroichfidh 30 % de rialtóirí oibríochta aerthráchta de chuid skeyes aois réamhscoir le linn TT3, agus tuartar go mbeidh rochtain ag 20 % breise de rialtóirí oibríochta aerthráchta ar réamhscor in TT4.

(32)

Beartaíonn skeyes rialtóirí aerthráchta nua a earcú agus a oiliúint chun dul in ionad na rialtóirí atá beartaithe le dul ar scor, agus beartaíonn sé acmhainneacht a sholáthar a bheadh i gcomhréir leis an éileamh tráchta atá tuartha. De réir an dréachtphlean feidhmíochta, tabhóidh skeyes costais bhreise ina leith sin, costais arna leithdháileadh ar an mbonn costais faoi bhealach le linn na tréimhse tagartha ar fad, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an scéim réamhscoir DISPO.

(33)

Thairis sin, cuirtear in iúl sa dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil sé ar intinn ag skeyes córas bainistíochta aerspáis aonair, comhtháite agus comhchuibhithe a chur in ionad a chórais bainistíochta aerthráchta (“ATM”), rud a dhéanfar in éineacht le MUAC agus le harm na Beilge, rud a mheastar a bheith bunriachtanach chun tacú le comhtháthú na seirbhísí bainistíochta aerthráchta sibhialta agus míleata agus chun feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar éifeachtúlacht oibriúcháin.

(34)

Maidir le MUAC, tagraíonn an Bheilg agus Lucsamburg don chomhaontú comhchoiteann a tugadh i gcrích in 2019, comhaontú a bhfuil sé mar aidhm aige, go bunúsach, infhaighteacht rialtóirí aerthráchta a mhéadú chun an bhearna idir infhaighteacht na foirne agus éileamh tráchta a mhaolú. Tá méadú beagnach 11 % ar scálaí tuarastail ag gabháil leis na forálacha solúbthachta a thugtar isteach sa chomhaontú, rud a mbíonn tionchar aige ar an mbonn costais le linn na tréimhse tagartha ar fad.

(35)

Tuairiscítear freisin go dtabhóidh MUAC costais bhreise le linn TT3 i ndáil le feabhsuithe sonracha ar a phróiseas anailíse iar-oibríochtaí agus ar uirlisí gaolmhara, arb é is aidhm dó sin pleanáil oibríochtaí laethúla a bharrfheabhsú a thuilleadh.

(36)

Chinn an Coimisiún nach féidir na dialltaí dá dtagraítear in aithris 26 a chur i leith na gcostas breise a bhaineann le bearta acmhainneachta amháin, lena n-áirítear na costais a bhaineann le hearcú agus oiliúint rialtóirí nua aerthráchta agus na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí móra in acmhainneacht. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, maidir leis na dialltaí costais atá tuairiscithe i ndáil leis an mBeilg agus le Lucsamburg ó threochtaí an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais, tá siad ró-mhór lena gcur i leith na mbeart tuairiscithe amháin, bearta arb é is aidhm dóibh spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(37)

Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an mBeilg agus le Lucsamburg.

(38)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir an Bheilg ná Lucsamburg san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil leis an mBeilg ná le Lucsamburg.

(39)

Maidir leis na heilimintí atá le hathbhreithniú a leagtar amach i bpointe 2.1.(d)(vii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur bunaíodh modheolaíocht athbhreithnithe maidir le leithdháileadh costas chun na costais arna suíomh a chionroinnt ar na seirbhísí faoi bhealach agus ar sheirbhísí críochfoirt le haghaidh TT3 i ndáil leis an mBeilg. Baineann na hathruithe atá beartaithe le leithdháileadh na gcostas a bhaineann le seirbhísí rialaithe ascnaimh a thabhaíonn skeyes agus le leithdháileadh na gcostas a bhaineann le costais NSA. Tugann an Coimisiún faoi deara go leithdháiltear costas na seirbhísí rialaithe ascnaimh go hiomlán ar an limistéar muirearaithe faoi bhealach mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe.

(40)

Tá amhras ar an gCoimisiún maidir le cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-athrú ar an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas dá dtagraítear in aithris 93 na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(2), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 agus Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú breise ar na heilimintí gaolmhara nuair a dhéanfar measúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC i ndáil leis an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann.

(41)

Ar fhorais na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 21 go 40, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, a mhéid a bhaineann le limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i réimse na cost-éifeachtúlachta, ar réimse ríthábhachtach é.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt – an Bheilg

(42)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta sheirbhísí críochfoirt na Beilge, i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(43)

Ar an gcéad dul síos, nuair a chuirtear treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 i gcomparáid le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh, fuair an Coimisiún amach go bhfuil treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Beilge, arb ionann é agus + 6,3 %, níos airde ná treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh don Bheilg ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus de +5,7 %, le linn TT3.

(44)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Beilge, arb ionann é agus +6,3 % le linn TT3, níos airde ná treocht iarbhír an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le linn TT2, arbh ionann é agus +0,5 %.

(45)

Ar an tríú dul síos, nuair a chuirtear na dréachtspriocanna náisiúnta maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh i gcomparáid le feidhmíocht aerfort comhchosúil le linn TT3, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar go bhfuil an costas aonaid arna shuíomh d’Aerfort na Bruiséile cuid mhaith os cionn airmheán an chostais aonaid arna shuíomh don ghrúpa comparáide ábhartha.

(46)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Bheilg údar breise a thabhairt leis na spriocanna cost-éifeachtúlachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna maidir leis an gcostas aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 a laghdú.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena gcomhlánaítear measúnú an Choimisiúin ar dhréachtspriocanna acmhainneachta – FABEC

(47)

Maidir leis na heilimintí atá le hathbhreithniú a leagtar amach i bpointe 2.1 (f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gurb é atá sa dréachtscéim dreasachta maidir le hacmhainneacht faoi bhealach, a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, uasbhuntáiste airgeadais atá comhionann leis an uasmhíbhuntáiste airgeadais, arb ionann an dá cheann acu 0,5 % de na costais arna shuíomh.

(48)

Ar bhonn na sainchomhairle a chuir an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar fáil, tá an Coimisiún go mór in amhras maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag an uasmhíbhuntáiste airgeadais atá beartaithe, arb ionann é agus 0,5 % de na costais arna suíomh, ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(49)

Maidir leis na scéimeanna dreasachta um acmhainneacht críochfoirt atá beartaithe do limistéir mhuirearaithe críochfoirt na Beilge, na Fraince agus na hÍsiltíre, tá amhras ar an gCoimisiún an mbeadh tionchar ábhartha ag na huasmhíbhuntáistí airgeadais atá beartaithe, arb ionann iad i ndáil leis na scéimeanna dreasachta sin ar fad agus 0,5 % de na costais arna suíomh, ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(50)

Maidir leis an scéim dreasachta um acmhainneacht críochfoirt atá beartaithe do limistéar muirearaithe críochfoirt Lucsamburg, tá amhras ar an gCoimisiún an mbeadh tionchar ábhartha ar an ioncam i mbaol ag an uasmhíbhuntáiste airgeadais atá beartaithe, arb ionann é agus 0.25 % de na costais arna suíomh, mar a cheanglaítear de bhun phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(51)

Dá bhrí sin, i ndáil leis an dréachtphlean feidhmíochta arna chur isteach ag FABEC, ba cheart don Bheilg, don Fhrainc, don Ghearmáin, do Lucsamburg agus don Ísiltír athbhreithniú a dhéanamh ar a ndréachtscéimeanna dreasachta chun spriocanna faoi bhealach a bhaint amach ionas go socrófar na huasmhíbhuntáistí airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a mbeadh tionchar ábhartha aige ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear go sainráite faoi phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus ba cheart, i dtuairim an Choimisiúin, uasmhíbhuntáiste airgeadais a bheith mar thoradh air sin arb ionann é agus 1 % de na costais arna suíomh, nó níos mó ná sin.

(52)

Ina theannta sin, i ndáil leis an dréachtphlean feidhmíochta arna chur isteach ag FABEC, ba cheart don Bheilg, don Fhrainc, do Lucsamburg agus don Ísiltír athbhreithniú a dhéanamh ar a ndréachtscéimeanna dreasachta chun spriocanna maidir le hacmhainneacht críochfoirt a bhaint amach ionas go socrófar na huasmhíbhuntáistí airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a mbeadh tionchar ábhartha aige ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear go sainráite faoi phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus ba cheart, i dtuairim an Choimisiúin, uasmhíbhuntáiste airgeadais a bheith mar thoradh air sin arb ionann é agus 1 % de na costais arna suíomh, nó níos mó ná sin.

TORTHAÍ MAIDIR LEIS AN nGRÉIG

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(53)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta atá molta ag an nGréig, arna gcur in iúl i nóiméid mhoill AFTM in aghaidh na heitilte, agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021:

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Gréige, i nóiméid mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,32

0,26

0,20

0,20

Luachanna tagartha don Ghréig, i nóiméid mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,10

0,14

0,15

0,15

(54)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna acmhainneachta a mhol an Ghréig do na blianta féilire 2021 go 2024 níos airde ná na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021. I ndáil leis sin, is don bhliain féilire 2021 a fheictear an difear is mó idir na dréachtspriocanna acmhainneachta agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha.

(55)

Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil sna bearta feabhsúcháin acmhainneachta a leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta ach cuid de na bearta a leagadh amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021. Áirítear ar na bearta sin infheistíochtaí móra chun bonneagar ATM a uasghrádú, chun 70 coibhéis lánaimseartha san iomlán a earcú mar rialtóirí aerthráchta in ionaid rialaithe limistéir le linn na bliana féilire 2022, chomh maith le bearta athstruchtúrúcháin aerspáis.

(56)

Tugann an Coimisiún faoi deara, áfach, nach n-áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Ghréig isteach roinnt bearta ábhartha feabhsúcháin acmhainneachta atá sa Phlean Oibríochtaí Líonra ó mhí Mheán Fómhair 2021, rud a bhféadfadh bearna acmhainneachta a bheith mar thoradh air le linn na mblianta féilire 2023 agus 2024. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an Ghréig isteach, níl sé soiléir ach oiread conas a bhainisteofar an méadú suntasach ar líon na rialtóirí aerthráchta ná ar an oiliúint ar an láthair oibre ina dhiaidh sin ón mbliain féilire 2022 ar aghaidh, agus na héilimh mhéadaitheacha ar acmhainneacht á gcomhlíonadh san am céanna.

(57)

Agus é á chur san áireamh go bhfuil dréachtspriocanna acmhainneachta na Gréige níos airde ná na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le linn 2021-2024, is cosúil, maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, nach leor na bearta atá beartaithe chun freastal ar an éileamh tráchta a bhfuil coinne leis, go háirithe i bhfianaise an fháis tráchta a bhfuil coinne leis i dtreo dheireadh TT3 mar chuid den téarnamh aerthráchta tar éis thionchar phaindéim COVID-19.

(58)

Deir an Ghréig ina dréachtphlean feidhmíochta nárbh fhéidir na spriocanna do na blianta féilire 2021-2024 a shocrú i gcomhréir leis na luachanna tagartha a áirítear sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021 mar gheall ar an téarnamh níos dearfaí ar aerthrácht a áirítear sa réamhaisnéis tráchta STATFOR i mí Dheireadh Fómhair 2021. Deir an Ghréig freisin go léiríonn na spriocanna atá beartaithe an t-athrú seo ar thoimhdí tráchta agus dá bhrí sin go n-imíonn siad ó na luachanna tagartha.

(59)

I bhfianaise na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, áfach, measann an Coimisiún nach dtugann an fhaisnéis agus an fhianaise a chuir an Ghréig ar fáil ina dréachtphlean feidhmíochta, lena n-áirítear maidir le cúinsí áitiúla ábhartha, údar maith leis na dialltaí suntasacha atá beartaithe maidir leis na spriocanna i dtaca le hacmhainneacht faoi bhealach ó na luachanna tagartha comhfhreagracha.

(60)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 53 go 59, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na acmhainneachta.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(61)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta críochfoirt na Gréige i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(62)

Go sonrach, fuair an Coimisiún amach, nuair a chuirtear na dréachtspriocanna náisiúnta maidir le meánmhoill ATFM teachta ar leibhéal an aerfoirt i gcomparáid le feidhmíocht aerfoirt den chineál céanna, tá coinne leis go mbeidh moilleanna ATFM níos faide ann in aerfort na hAithne ná mar a thuartar d’aerfoirt den chineál céanna.

(63)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Ghréig údar breise a thabhairt leis na spriocanna maidir le hacmhainneacht críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna acmhainneachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a laghdú.

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(64)

Seo a leanas na dréachtspriocanna atá beartaithe ag an nGréig maidir le costéifeachtúlacht faoi bhealach:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

31,37 EUR

23,20 EUR

40,71 EUR

32,60 EUR

33,12 EUR

32,93 EUR

(65)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir le treocht an chostais aonaid arna shuíomh de chuid na Gréige ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +9,1 % thar TT3, nach bhfuil an treocht sin chomh maith leis an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(66)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh don Ghréig ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +0,5 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(67)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na Gréige maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh, arb ionann é agus EUR 23,20 in EUR2017, 18,9 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 28,59 in EUR2017. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe go mbeidh costas aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Gréige níos airde ná meán an ghrúpa comparáide le linn TT3, agus feictear difríocht + 8,7 % sa bhliain féilire 2024.

(68)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(69)

I ndáil leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh maidir le TT3 a tuairiscíodh i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige agus na costais arna suíomh a mbeadh gá leo chun treocht an chostais aonaid ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, gurb ionann í agus thart ar EUR 54 M in EUR2017, agus gur thart ar EUR 31 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(70)

Léiríonn an Ghréig sa dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil méadú suntasach ar líon na rialtóirí aerthráchta in oibríochtaí ag ionad rialaithe limistéar na hAithne beartaithe le linn TT3, agus mar thoradh air sin, beidh 71 coibhéis lánaimseartha bhreise ann in 2024 i gcomparáid le 2019. Thairis sin, tá sé beartaithe roinnt infheistíochtaí móra maidir le ATM agus le córais faireachais a chur i gcrích i dtreo dheireadh na tréimhse tagartha, agus beidh tionchar suntasach costais acu ó 2022 ar aghaidh. Luann an Ghréig sa dréachtphlean feidhmíochta go ndearnadh an costas dímheasa lena mbaineann a ghlanluacháil ar mhéideanna a ndearnadh ró-mhuirearú orthu in TT2 i ndáil le hinfheistíochtaí moillithe i sócmhainní seasta.

(71)

Tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar le fios leis an gcomhairle a fuarthas ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta go bhfuil débhríochtaí agus neamhréireachtaí ann maidir le tacar foriomlán na mbeart a chuir an Ghréig isteach i ndáil le cur chun feidhme a spriocanna acmhainneachta áitiúla, rud a fhágann go gceistíonn an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta cibé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear na bearta sin chun feidhme go héifeachtach agus an mbeidh nó nach mbeidh an tionchar a mheastar a bheidh acu dá bhrí sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil na costais bhreise a bhaineann le hoiliúint agus le hearcú rialtóirí aerthráchta nua sonraithe ná cainníochtaithe ag an nGréig ina dréachtphlean feidhmíochta. In éagmais aon fhaisnéise a bhfuil bunús tugtha léi maidir leis na costais sin, measann an Coimisiún go bhfuil an dá dhiall dá dtagraítear in aithris 69 rómhór chun údar a thabhairt lena sannadh go heisiach do bhearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(72)

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur cinneadh, ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí 53 go 59 den Chinneadh seo, nach bhfuil na dréachtspriocanna acmhainneachta arna leagan síos ag an nGréig ag teacht leis na spriocanna ar fud an Aontais. In éagmais na spriocanna acmhainneachta a mheastar a bheith comhsheasmhach, measann an Coimisiún nach féidir ag an bpointe seo an measúnú ar an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i ndáil leis an nGréig a thabhairt chun críche, ós rud é go bhféadfadh sé nach mór na bearta atá beartaithe chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach a leasú i ndáil leis an athbhreithniú is gá ar na spriocanna acmhainneachta.

(73)

Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an nGréig.

(74)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir an Ghréig san áireamh ina dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil leis an nGréig.

(75)

Ina theannta sin, mar thoradh ar an athbhreithniú ar na príomhthosca agus na príomhpharaiméadair dá dtagraítear i bpointe 2.1.(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, atá mar thaca ag na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse na cost-éifeachtúlachta, fuarthas na torthaí seo a leanas maidir le bonn costais na Gréige in TT3.

(76)

Tugann an Coimisiún dá aire gur cuireadh isteach den chéad uair i mbonn costais faoi bhealach na Gréige in TT3 na costais faoi bhealach arna suíomh a bhaineann le cuardach agus tarrtháil. Tagann méadú suntasach ar na costais arna suíomh de bharr na gcostas sin, agus is ionann iad agus tuairim is 9 % den bhonn costais faoi bhealach do 2020 agus tuairim is 5 % de bhonn iomlán an chostais faoi bhealach do 2024. Ba cheart don Ghréig tuilleadh údar a chur ar fáil ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le hincháilitheacht agus comhréireacht na gcostas gaolmhar arna suíomh agus maidir lena leithdháileadh idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, agus idir seirbhísí aerloingseoireachta agus earnálacha ábhartha eile chomh maith.

(77)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur bunaíodh údarás maoirseachta náisiúnta nua atá scartar ó thaobh eagraíochta de ón soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, agus go bhfuil méadú ar na costais mhaoirseachta ag baint leis sin. Agus méid na gcostas breise gaolmhar á chur san áireamh, ba cheart don Ghréig míniú breise a thabhairt ar na spreagthaí bunúsacha costais agus na toimhdí ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(78)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 64 go 77, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(79)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta sheirbhísí críochfoirt na Gréige, i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(80)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Gréige, arb ionann é agus +6,8 % le linn TT3, níos airde ná treocht iarbhír an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le linn TT2, arbh ionann é agus -3,9 %.

(81)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Ghréig údar breise a thabhairt leis na spriocanna cost-éifeachtúlachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna maidir leis an gcostas aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 a laghdú.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena gcomhlánaítear measúnú an Choimisiúin ar dhréachtspriocanna acmhainneachta

(82)

Maidir leis na heilimintí atá le hathbhreithniú a leagtar amach i bpointe 2.1 (f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gurb é atá sa dréachtscéim dreasachta maidir le hacmhainneacht faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt, a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige, uas-mhíbhuntáiste airgeadais arb ionann é agus 0,50 % de na costais faoi bhealach arna suíomh agus 0,60 % de na costais críochfoirt arna suíomh, agus uasbhuntáiste airgeadais arb ionann é agus 0,10 % de na costais faoi bhealach arna suíomh agus 0,30 % de na costais críochfoirt arna suíomh.

(83)

I dtaca leis na scéimeanna dreasachta sin, ar bhonn na sainchomhairle a chuir an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar fáil, tá an Coimisiún go mór in amhras maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag an uasmhíbhuntáiste airgeadais atá beartaithe, arb ionann é agus 0,50 % de na costais faoi bhealach arna suíomh agus 0,60 % de na costais críochfoirt arna suíomh, ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(84)

Dá bhrí sin, ba cheart don Ghréig athbhreithniú a dhéanamh ar a dréachtscéimeanna dreasachta chun spriocanna maidir le hacmhainneacht faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt a bhaint amach, ionas go socrófar na huasmhíbhuntáistí airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a mbeadh tionchar ábhartha aige ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear go sainráite faoi phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus ba cheart, i dtuairim an Choimisiúin, uasmhíbhuntáiste airgeadais a bheith mar thoradh air sin arb ionann é agus 1 % de na costais arna suíomh, nó níos mó ná sin.

TORTHAÍ MAIDIR LEIS AN gCIPIR

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(85)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta atá molta ag an gCipir, arna gcur in iúl i nóiméid mhoill AFTM in aghaidh na heitilte, agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021:

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Cipire, i nóiméid mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,10

0,30

0,40

0,30

Luachanna tagartha don Chipir, i nóiméid mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,10

0,16

0,15

0,15

(86)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna acmhainneachta a mhol an Chipir do na blianta féilire 2021 go 2024 níos airde ná na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021. I ndáil leis sin, feictear an difear is mó idir na dréachtspriocanna acmhainneachta agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha don bhliain 2024, agus ina dhiaidh sin na tá spriocanna do 2023 agus do 2022, faoi seach.

(87)

Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil sna bearta feabhsúcháin acmhainneachta a leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta ach roinnt de na bearta a leagadh amach sa Phlean Oibríochtaí Líonra i mí Mheán Fómhair 2021. Áirítear ar na bearta sin feabhas a chur ar leibhéil foirne ATSP, infheistíochtaí móra chun bonneagar ATM a uasghrádú agus bearta athstruchtúrúcháin aerspáis. Ina theannta sin, maidir le soláthar foirne, tá sé beartaithe go dtiocfaidh méadú 22 choibhéis lánaimseartha ar líon na rialtóirí aerthráchta atá ar dualgas in ionad rialaithe limistéar na Niocóise le linn TT3.

(88)

Tugann an Coimisiún faoi deara, áfach, nach n-áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chipir isteach roinnt bearta ábhartha feabhsúcháin acmhainneachta atá sa Phlean Oibríochtaí Líonra ó mhí Mheán Fómhair 2021, eadhon feabhas a chur ar shreabhadh aerthráchta agus ar theicnící bainistíochta acmhainneachta, an t-aistriú chuig an ionad rialaithe limistéir nua agus tionscadal maidir le barr feabhais oibríochtúil.

(89)

Agus é á chur san áireamh go bhfuil dréachtspriocanna acmhainneachta na Cipire níos airde ná na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha sna 3 bliana féilire deireanacha in TT3, is cosúil, maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, nach leor na bearta atá beartaithe chun freastal ar an éileamh tráchta a bhfuil coinne leis, go háirithe i bhfianaise an fháis tráchta a bhfuil coinne leis thar TT3.

(90)

Cuireann an Chipir in iúl ina dréachtphlean feidhmíochta nach bhféadfaí spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos mar gheall ar bhearta costchiorraithe chun spriocanna a bhaint amach i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta, chomh maith leis an staid gheopholaitiúil atá ag athrú a mbíonn tionchar suntasach aige ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta.

(91)

I bhfianaise na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, áfach, measann an Coimisiún nach dtugann an fhaisnéis agus an fhianaise a chuir an Chipir ar fáil ina dréachtphlean feidhmíochta, lena n-áirítear maidir le cúinsí áitiúla ábhartha, údar maith leis na dialltaí suntasacha atá beartaithe maidir leis na spriocanna i dtaca le hacmhainneacht faoi bhealach ó na luachanna tagartha comhfhreagracha.

(92)

Ar fhorais na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 85 go 91, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Cipire, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na acmhainneachta.

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(93)

Seo a leanas na dréachtspriocanna atá beartaithe ag an gCipir maidir le costéifeachtúlacht faoi bhealach:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach An Chipir

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

32,94 EUR

26,61 EUR

49,85 EUR

34,14 EUR

32,52 EUR

32,26 EUR

(94)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir le treocht an chostais aonaid arna shuíomh de chuid na Cipire ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +4,9 % thar TT3, nach bhfuil an treocht sin chomh maith leis an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(95)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh don Chipir ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus -0,2 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(96)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na Cipire maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh, arb ionann é agus EUR 26,61 in EUR2017, 4,7 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 27,91 in EUR2017. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil costas aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Cipire 6,0 % níos airde ná meán an ghrúpa comparáide i ndáil leis an mbliain féilire 2024.

(97)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(98)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 10 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú i ndréachtphlean feidhmíochta na Cipire agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun treocht costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, agus gur thart ar EUR 6 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach measta ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(99)

Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire gur luaigh an Chipir ina dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil na dialltaí costais ó threocht chostais an aonaid arna suíomh ar fud an Aontais agus ón treocht fhadtéarmach chostais arna suíomh ar fud an Aontais mar thoradh ar bhearta is gá chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach lena n-áirítear soláthar foirne feabhsaithe agus uasghrádú ar an gcóras ATM atá ann cheana, a bhfuil sé d’aidhm acu oibriú earnálacha breise ATC a chumasú. Tugtar le fios sa dréachtphlean feidhmíochta go bhfuil coinne leis go mbeidh rialtóirí aerthráchta breise ag feidhmiú le linn TT3, agus go mbainfear gurb é 100 coibhéis aerthráchta in oibríochtaí a bhainfear amach in 2024, suas ó 73 choibhéis lánaimseartha in 2019. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, nach ndearna an Chipir cainníochtú ina dréachtphlean feidhmíochta ar an tionchar costais a mheastar a bheidh ag na bearta a cuireadh i láthair agus a bhaineann leis na spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(100)

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cinneadh, ar na cúiseanna a luaitear sna haithrisí, nach bhfuil na dréachtspriocanna acmhainneachta 85 arna 91 leagan síos ag an gCipir ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais. In éagmais na spriocanna acmhainneachta a mheastar a bheith comhsheasmhach, measann an Coimisiún nach féidir ag an bpointe seo an measúnú a bhaineann leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i ndáil leis an gCipir a thabhairt chun críche, ós rud é go bhféadfar na bearta beartaithe a bhfuil gá leo chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach a athrú i ndáil leis an athbhreithniú is gá ar na spriocanna acmhainne.

(101)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an Chipir ina dréachtphleananna feidhmíochta do bheart athstruchtúraithe beartaithe arb é atá ann eintiteas nua a bhunú chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar sa Chipir. Chuir an Chipir in iúl go bhforáiltear ann do chostais athstruchtúrúcháin i ndáil leis an mbeart sin ach cuireann sí i bhfios go láidir freisin nach rabhthas in ann na costais sin a mheas tráth a bunaíodh an dréachtphlean feidhmíochta. Dá réir sin, níl aon bhonn cirt nó sonraí sa dréachtphlean feidhmíochta lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht an chritéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) i dtaca leis an mbeart ar tugadh fógra faoi. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil le Málta.

(102)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 93 go 101, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

TORTHAÍ MAIDIR LEIS AN LAITVIA

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(103)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag an Laitvia do TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Laitvia

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

EUR 27,90

EUR 23,61

EUR 40,07

EUR 31,28

EUR 29,14

EUR 26,83

(104)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Laitvia ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +9,3 % in aghaidh na bliana thar TT3, nach bhfuil an treocht sin chomh maith leis an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(105)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Rómáine ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus -0,4 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(106)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne na Laitvia maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh, arb ionann é agus EUR 23,61 in EUR2017, 17,2 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 28,51 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go leanfaidh costas socraithe aonad faoi bhealach na Laitvia le haghaidh na bliana 2024 de bheith 15 % níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide.

(107)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(108)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 2 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun treocht costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, agus gur thart ar EUR 2 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(109)

Maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go leagann an Laitvia amach sa dréachtphlean feidhmíochta bearta áirithe arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (LGS) chun spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(110)

Tugann an Coimisiún faoi deara, tar éis cur chun feidhme na mbeart laghdaithe costas in 2020 agus 2021, go bhfuil sé beartaithe ag LGS méadú a dhéanamh ar a fhoireann agus ar chostais dímheasa sna blianta atá fágtha de TT3 chun freastal ar théarnamh tráchta a bhfuil coinne leis ó 2022 go 2024, agus an t-ualach oibre méadaithe mar gheall ar athródú timpeall aerspás na Bealarúise a mhaolú.

(111)

Maidir le bearta foirne, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag LGS an líon rialtóirí aerthráchta faoi bhealach atá ag feidhmiú le linn TT3 a mhéadú le naoi gcoibhéis lánaimseartha in 2020-2021, agus ceann amháin in 2022-2024. Aithnítear gur bhunaigh ANSP an clár oiliúna seo do rialtóirí aerthráchta roimh an bpaindéim, chun an fás tráchta tuartha a chur san áireamh agus chun moilleanna ATFM faoi bhealach amach anseo a sheachaint, amhail na cinn a tharla i RP2.

(112)

Maidir leis an mbeartas luacha saothair, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag LGS cuid dá oibleagáidí a thabhairt ar ais d’fhostaithe, lena n-áirítear ardú olltuarastail comhaontaithe de 8 % a cuireadh ar fionraí go sealadach le linn na géarchéime. Ina theannta sin, tá coinne ag an Laitvia le méaduithe breise tuarastail de bharr fás ginearálta sa mheántuarastal náisiúnta.

(113)

Maidir leis na hinfheistíochtaí atá beartaithe i sócmhainní seasta, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag LGS tionscadail infheistíochta éagsúla a atosú in TT3, faoi réir fheidhmíocht airgeadais LGS agus an téarnaimh tráchta iarbhír. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú suntasach in 2023 ar chostais dímheasa na gceithre “mhórinfheistíocht nua” agus “infheistíochtaí nua eile” a thuairiscigh LGS. Mar sin féin, níl bunús le rannchuidiú na n-infheistíochtaí sin leis an bhforáil acmhainneachta amach anseo i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia.

(114)

Aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh úsáid rialtóirí aerthráchta breise agus athghabháil infheistíochtaí feabhsaithe acmhainneachta i sócmhainní seasta ina gcúiseanna bailí chun imeacht ó threochtaí DUC ar fud an Aontais chun an acmhainneacht fhadtéarmach is gá a chur ar fáil. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a shuíomh, bunaithe ar an bhfaisnéis atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia, gur beart riachtanach agus comhréireach a bheadh sa mhéadú léirithe ar thuarastail foirne chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach agus go bhféadfaí é a agairt chun údar a thabhairt le himeacht ó threochtaí DUC ar fud an Aontais.

(115)

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe ar an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, go léirítear aimhrialtacht sa chostas caipitil atá beartaithe ag an Laitvia i ndáil leis an toradh atá beartaithe ar chothromas, nár socraíodh ar leibhéal a bheadh i gcomhréir le neamhchosaint an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta ar riosca airgeadais. Eascraíonn costas caipitil os cionn TT3 as sin, ar costas é atá tuairim is EUR 1,5 M níos airde ná an riosca airgeadais a tabhaíodh mar thoradh ar an sásra riosca tráchta. Ní féidir an farasbarr sin a dhlisteanú i ndáil le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(116)

Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, nach bhfuil sé léirithe go leordhóthanach ag an Laitvia go bhféadfaí na dialltaí dá dtagraítear in aithris 108 a chur síos go heisiach do chostais bhreise arna suíomh a bhaineann leis na bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta áitiúla a bhaint amach sa phríomhréimse acmhainneachta. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an Laitvia.

(117)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir an Laitvia san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil leis an Laitvia.

(118)

Ina theannta sin, is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú ar na príomhthosca agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointe 2.1.(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 atá mar bhuntaca leis na dréachtspriocanna feidhmíochta i réimse na cost-éifeachtúlachta, go bhfuarthas na torthaí seo a leanas maidir le luachanna bonnlíne 2014 agus 2019 agus costais phinsin.

(119)

Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara, ó 2020 ar aghaidh, go leithdháileann an Laitvia cuid dá bonn costais ar réigiún faisnéise eitilte Vilnius (“Vilnius FIR”) a chomhfhreagraíonn do na costais a bhaineann le seirbhísí ATM agus cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais (CNS) a sholáthraítear i mbealach NINTA – ADAXA. Mar sin féin, tuairiscítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia luachanna bonnlíne arb ionann iad agus costais iarbhír 2014 agus 2019 faoi seach, gan na costais a bhaineann le bealach NINTA – ADAXA a asbhaint. Bunaithe ar chomhairle ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, measann an Coimisiún go bhfuil gá le coigeartuithe ar bhonnlínte chostais 2014 agus 2019 na Laitvia agus ar bhonnlínte tráchta na Laitvia chun go mbeidh na luachanna sin inchomparáide leis na costais arna suíomh in TT3 agus chun go bhféadfar measúnú cruinn a dhéanamh ar spriocanna cost-éifeachtúlachta RP3 na Laitvia.

(120)

Ar an dara dul síos, bunaithe ar chomhairle ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, measann an Coimisiún gur cheart don Laitvia athmheastóireacht a dhéanamh nó údar níos fearr a thabhairt leis na costais arna suíomh atá beartaithe i ndáil le pinsin, ós rud é go bhfuil cuma thar a bheith ard ar sciar comhréireach na gcostas sin i ndáil leis an mbonn costais iomlán.

(121)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 103 go 120, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Laitvia, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

TORTHAÍ MAIDIR LE MÁLTA

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(122)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag Málta do TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

EUR 21,50

EUR 22,98

EUR 44,08

EUR 31,85

EUR 24,83

EUR 24,85

(123)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid Mhálta ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +2,0 % in aghaidh na bliana thar TT3, nach bhfuil an treocht sin chomh maith leis an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(124)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid Mhálta ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +1,6 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(125)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh de chuid Mhálta, arb ionann é agus EUR 22,98 in EUR2017, 19,7 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 28,64 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go leanfaidh costas socraithe aonad faoi bhealach Mhálta le haghaidh na bliana 2024 de bheith 22,1 % níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide.

(126)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(127)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 1 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú i ndréachtphlean feidhmíochta Mhálta agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun treocht costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, agus gur thart ar EUR 5,8 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(128)

Maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá bearta agus infheistíochtaí áirithe curtha i láthair ag Málta sa dréachtphlean feidhmíochta a bhaineann le spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(129)

Go háirithe, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé beartaithe ag MATSA ceathrar speisialtóirí teicniúla a fhostú mar phearsanra leictreonaice sábháilteachta aerthráchta agus cúig rialtóir aerthráchta a fhostú faoi 2024. Is le cáilíocht mar rialtóirí túir a thosóidh na rialtóirí nua aerthráchta, áfach, agus dá bhrí sin, tá sé beartaithe na costais foirne ghaolmhara a leithdháileadh ar sheirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt den chuid is mó. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil sé beartaithe ag MATSA, ó 2023 ar aghaidh, luach saothair foirne a mhéadú tar éis reo tuarastail 2 bhliain arna chomhaontú go comhpháirteach lena fhoireann chun costais a shábháil le linn na paindéime.

(130)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé beartaithe ag MATSA méadú a dhéanamh ar chostais oibríochta eile chun inniúlacht foirne a fheabhsú agus chun oiliúint a chur ar fáil d’fhonn cur i gcrích acmhainneachta sa todhchaí a chumasú. Tugann an Coimisiún faoi deara freisin go dtuairiscíonn MATSA gurb iad préimheanna árachais agus boilsciú níos airde is mó atá ag cur le costais oibriúcháin eile.

(131)

Tuairiscíonn an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta go bhfuil pleananna MATSA chun méadú suntasach ar a chostais dímheasa os cionn TT3. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhianaise, áfach, gur féidir údar a thabhairt leis an méadú ar chostais dímheasa i ngeall ar bhearta a bhaineann le hacmhainneacht, ós rud é nach bhfuil aon sonraí i ndréachtphlean feidhmíochta Mhálta maidir leis an rannchuidiú le hacmhainneacht na n-infheistíochtaí nua atá beartaithe in TT3.

(132)

Measann an Coimisiún go bhféadfadh méadú ar líon foirne ANSP chun freastal ar an acmhainneacht a bhfuil coinne léi amach anseo a bheith ina chúis bhailí le diall faoi phointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 maidir le Málta. Mar sin féin, toisc nach bhfuil faisnéis leordhóthanach sa dréachtphlean feidhmíochta, ní raibh an Coimisiún in ann a shuíomh an bhfuil na méaduithe tuairiscithe ar thuarastail na foirne agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe i sócmhainní seasta riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna maidir le hacmhainneacht áitiúil a bhaint amach, agus d’fhéadfaí iad a agairt dá bhrí sin chun údar a thabhairt le diall ó threochtaí DUC ar fud an Aontais.

(133)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nár léirigh Málta go leordhóthanach go bhféadfaí na dialltaí dá dtagraítear in aithrisí a lua go heisiach le 128 costais 132 bhreise arna suíomh a bhaineann leis na bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta áitiúla a bhaint amach sa phríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil le Málta.

(134)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir Málta san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil le Málta.

(135)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 122 go 134, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta Mhálta, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(136)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta sheirbhísí críochfoirt Mhálta, i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(137)

Ar an gcéad dul síos, nuair a chuirtear treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 i gcomparáid le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh, fuair an Coimisiún amach go bhfuil treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt Mhálta, arb ionann é agus + +4,3 %, níos airde ná treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh le haghaidh Mhálta ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus de +2,0 %, le linn TT3.

(138)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt Mhálta, arb ionann é agus +4,3 % le linn TT3, níos airde ná treocht iarbhír an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le linn TT2, arbh ionann é agus +0,6 %.

(139)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart do Mhálta údar breise a thabhairt leis na spriocanna cost-éifeachtúlachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna maidir leis an gcostas aonaid críochfoirt arna shuíomh os cionn TT3 a laghdú.

TORTHAÍ MAIDIR LEIS AN RÓMÁIN

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(140)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag an Rómáin do TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

RON 165,00

RON 155,38

RON 298,87

RON 191,50

RON 174,25

RON 174,33

EUR 36,13

EUR 34,03

EUR 65,45

EUR 41,94

EUR 38,16

EUR 38,18

(141)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara, maidir le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Rómáine ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +2,9 % in aghaidh na bliana thar TT3, nach bhfuil an treocht sin chomh maith leis an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(142)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Rómáine ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +0,6 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(143)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh de chuid na Rómáine, arb ionann é agus EUR 34,03 in EUR2017, 14,6 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 39,84 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go leanfaidh costas socraithe aonad faoi bhealach na Rómáine le haghaidh na bliana 2024 de bheith 9,0 % níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide.

(144)

Thairis sin, is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(145)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 15 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú sa dréachtphlean feidhmíochta agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun treocht costais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais TT3 a chomhlíonadh, agus gur thart ar EUR 32 M in EUR2017 atá i gceist le diall comhfhreagrach ó mhéideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais.

(146)

Maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go leagann an Laitvia amach sa dréachtphlean feidhmíochta bearta áirithe arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (LGS) chun spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach. Baineann na bearta arna n-agairt ag an Rómáin le costais foirne agus oiliúna den chuid is mó, agus costais infheistíochta ina dhiaidh sin.

(147)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag ROMATSA costais bhreise foirne agus costais oibriúcháin eile a thabhú chun rialtóirí nua aerthráchta faoi bhealach a earcú agus a oiliúint. Tugann an Rómáin údar maith leis an bplean earcaíochta agus oiliúna atá beartaithe chun teacht in ionad an líon mór rialtóirí a bhfuil sé beartaithe acu dul ar scor, rud a bhainfidh buaicphointe amach in RP4. Cuireann an Rómáin in iúl go dtosóidh an plean cheana féin in TT3 ós rud é go dtógfaidh sé idir trí go 5 bliana chun oiliúint a chur ar rialtóir aerthráchta a bhfuil ceadúnas iomlán aige. Mar sin féin, chinn an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta gur cheart bunús breise a thabhairt do leibhéal na gcostas a bhaineann leis an bplean earcaíochta agus údar maith a bheith leis, i bhfianaise leibhéal ard na gcostas sin. Ar bhonn na comhairle ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, measann an Coimisiún gur cheart do ROMATSA, go háirithe, míniú breise a thabhairt ar an gcaoi ar ríomhadh costais foirne agus costais oiliúna in aghaidh gach coibhéis lánaimseartha.

(148)

Maidir leis na costais infheistíochta, tugann an Coimisiún faoi deara go leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta na Rómáine an gá atá le costais bhreise dímheasa agus costas caipitil a thabhú chun na tionscadail seo a leanas a chur chun feidhme: An chéad chuid de chéim 1 den chóras ATM (ar cuireadh tús leis in RP2 agus a dhímheastar ó 2020) agus an chéad chuid de chéim 2 (ar cuireadh tús leis in RP2 agus a dhímheastar ó 2022), an chastacht tráchta agus an uirlis mheasúnaithe a bheartaítear a chur chun feidhme in 2024, agus an conradh seirbhíse Datalink.

(149)

I ndáil le costais an chórais ATM, chinn an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ina thuarascáil faireacháin RP2 nach ndearnadh an caiteachas caipitiúil le haghaidh na chéad choda de chéim 2 a bhí beartaithe le haghaidh RP2 a bhaint amach le linn na tréimhse tagartha ar fad, agus go raibh na costais iarbhír infheistíochta iomlána i bhfad níos ísle ná na costais a cinneadh i bplean feidhmíochta RP2. Ar an iomlán, ríomhann an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta an méid a mhaoinigh úsáideoirí aerspáis RP2 EUR 32,5 M le haghaidh infheistíochtaí nár cuireadh i gcrích, agus ní fios an ndéanfar an méid sin a aisíoc le húsáideoirí aerspáis. Ba é conclúid an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta nach bhfuil údar, dá bhrí sin, leis na costais bhreise a d’agair an Rómáin mar dhiall maidir lena spriocanna áitiúla TT3 faoi bhealach maidir le hacmhainn bealaigh a bhaint amach.

(150)

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnú an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta, nár socraíodh an costas caipitil a mhol an Rómáin ar leibhéal a bheadh i gcomhréir leis an gcostas éifeachtúil ar leibhéal caipitil. Eascraíonn costas caipitil os cionn TT3 as sin, ar costas é atá EUR 16 M níos airde ná an riosca airgeadais a tabhaíodh mar thoradh ar an sásra riosca tráchta. Ní féidir an farasbarr sin a dhlisteanú i ndáil le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

(151)

I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach 146 in 150 aithrisí don chomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta agus ag féachaint don chomhairle sin, measann an Coimisiún nach bhfuil an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an Rómáin.

(152)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir an Rómáin san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil leis an Rómáin.

(153)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 140 go 152, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Rómáine, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(154)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta sheirbhísí críochfoirt na Rómáine, i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(155)

Ar an gcéad dul síos, nuair a chuirtear treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 i gcomparáid le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh, fuair an Coimisiún amach go bhfuil treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Romáine, arb ionann é agus +4,3 %, níos airde ná treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh le haghaidh na Rómáine ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus de +2,9 %, le linn TT3.

(156)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Rómáine, arb ionann é agus +4,3 % le linn TT3, níos airde ná treocht iarbhír an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le linn TT2, arbh ionann é agus -3,1 %.

(157)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Rómáin údar breise a thabhairt leis na spriocanna cost-éifeachtúlachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna maidir leis an gcostas aonaid críochfoirt arna shuíomh os cionn TT3 a laghdú.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena gcomhlánaítear measúnú an Choimisiúin ar dhréachtspriocanna acmhainneachta

(158)

Maidir leis na heilimintí le haghaidh athbhreithnithe a leagtar amach i bpointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go gcuimsíonn an scéim dreasachta acmhainneachta críochfoirt atá molta i ndréachtphlean feidhmíochta na Rómáine uas-míbhuntáiste airgeadais arb ionann é agus 0,50 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais arb ionann é agus 0,50 % de na costais arna suíomh.

(159)

I ndáil leis an scéim dreasachta críochfoirt, ar bhonn na sainchomhairle a chuir an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar fáil, tá an Coimisiún go mór in amhras maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag an uas-mhíbhuntáiste airgeadais atá beartaithe, arb ionann é agus 0,50 % de na costais arna suíomh, ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3) de phointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(160)

Dá bhrí sin, ba cheart don Rómáin athbhreithniú a dhéanamh ar a dréachtscéimeanna dreasachta chun spriocanna maidir le hacmhainneacht críochfoirt a bhaint amach ionas go socrófar an uas-mhíbhuntáiste airgeadais a eascraíonn as an scéim dreasachta sin ar leibhéal a mbeadh tionchar ábhartha aige ar an ioncam i mbaol, mar a cheanglaítear go sainráite faoi Airteagal 11(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus ba cheart, i dtuairim an Choimisiúin, uas-mhíbhuntáiste airgeadais a bheith mar thoradh air sin arb ionann é agus 1 % de na costais arna suíomh, nó níos mó ná sin.

TORTHAÍ MAIDIR LEIS AN tSUALAINN

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(161)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe ag an tSualainn do TT3:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020 - 2021

2022

2023

2024

Dréacht-spriocanna cost-éifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna suíomh (i dtéarmaí iarbhír ag praghsanna 2017)

522,30 SEK

567,11 SEK

1 361,88 SEK

676,24 SEK

605,51 SEK

570,87 SEK

54,22 EUR

58,87 EUR

141,38 EUR

70,20 EUR

62,86 EUR

59,26 EUR

(162)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go ndéantar an treocht ar fud an Aontais, arb ionann é agus +1,0 %, a shárú le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Sualainne ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +0,2 % in aghaidh na bliana thar TT3, le linn na tréimhse céanna.

(163)

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh de chuid na Sualainne ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus +1,0 % in aghaidh na bliana le linn TT2 agus TT3, níos measa ná an treocht fhadtéarmach ar fud an Aontais de -1,3 % le linn na tréimhse céanna.

(164)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh de chuid na Sualainne, arb ionann é agus EUR 58,87 in EUR2017, 31,6 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arb é sin EUR 44,74 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go n-éiríonn an difríocht níos mó fós le linn TT3, ós rud é go bhfuil costas aonaid faoi bhealach arna shuíomh na Sualainne le haghaidh 2024 41,8 % níos airde ná meán an ghrúpa comparáide.

(165)

Is gá scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil dialltaí a bhreathnaítear thuas ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 riachtanach agus comhréireach faoi phointe 1.4(d) den Iarscríbhinn sin.

(166)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thart ar EUR 43 M in EUR2017 atá sa difríocht arna meas ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta idir costais faoi bhealach arna suíomh TT3 arna dtuairisciú i ndréachtphlean feidhmíochta na Sualainne agus na costais arna suíomh a bheadh ag teastáil chun méideanna na treochta fadtéarmaí ar fud an Aontais a chomhlíonadh.

(167)

Maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil roinnt beart curtha i láthair ag an tSualainn sa dréachtphlean feidhmíochta, spriocanna a bhaineann le spriocanna acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

(168)

Go háirithe, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag an bpríomhsholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, is é sin LFV, oiliúint a chur ar rialtóirí aerthráchta nua chun aghaidh a thabhairt ar scor a bheidh ag teacht chun cinn sna blianta TT3 atá fágtha. Tuairiscíonn an tSualainn méadú glan atá beartaithe le linn TT3 de 14 rialtóir aerthráchta atá coibhéiseach go lánaimseartha i lárionad rialaithe limistéir Malmo agus 14 rialtóir aerthráchta atá coibhéiseach go lánaimseartha i réigiún an rialaithe i Stócólm. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, nár chainníochtaigh an tSualainn an tionchar costais a mheastar a bheidh ag na bearta sin a bhaineann leis an bhfoireann sa dréachtphlean feidhmíochta uaithi.

(169)

Anuas ar chostais foirne, tugann an Coimisiún faoi deara go dtuairiscíonn an tSualainn gurb é “leathadh seirbhísí ciantúir” i Stócólm agus sna ceithre aerfort nasctha (Kiruna, Umeå, Östersund, Malmö) an mhór-infheistíocht nua is mó de chuid LVF. 11 % de chostais iomlána arna suíomh na n-infheistíochtaí thar TT3 atá sna costais arna suíomh a bhaineann le “leathadh seirbhísí ciantúir”. Tugann an Coimisiún dá aire gur infheistíochtaí iad ciantúir a chuireann seirbhísí aerthráchta ar fáil ag aerfoirt, i gcoitinne, agus gur cheart, i bprionsabal, iad a leithdháileadh go príomha ar sheirbhísí críochfoirt. Mar sin féin, sa dréachtphlean feidhmíochta ón tSualainn leithdháiltear 75 % de na costais a bhaineann le “leathadh seirbhísí ciantúir” ar sheirbhísí faoi bhealach gan bonn cirt a thabhairt maidir le raon feidhme geografach ná cineál na seirbhísí. Tugann an Coimisiún faoi deara freisin gur cheistigh úsáideoirí an aerspáis cás gnó na hinfheistíochta sin le linn na gcomhairliúchán. Measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás gnó agus ar leithdháileadh costas na hinfheistíochta sin, nó gur cheart di bonn cirt breise a thabhairt maidir leis an méid sin, agus gur cheart di aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir úsáideoirí an aerspáis in iúl.

(170)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb é 33 % de chostais iomlána arna suíomh na n-infheistíochtaí thar TT3 atá sna hinfheistíochtaí nua eile atá beartaithe ag an tSualainn. Sa dréachtphlean feidhmíochta ón tSualainn, luaitear gurb iad leaganacha ionaid agus/nó uasghráduithe a bhaineann le córais chumarsáide, raidió, áiseanna loingseoireachta, chomh maith le córais chúltaca agus tacaíochta le haghaidh seirbhísí aerthráchta atá sna hinfheistíochtaí nua eile. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire nach gcuirtear faisnéis ar fáil sa dréachtphlean feidhmíochta ón tSualainn maidir leis an gcaoi a gcuideoidh gach ceann de na hinfheistíochtaí nua sin le baint amach na spriocanna acmhainneachta áitiúla.

(171)

I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in haithrisí 167 go 170, measann an Coimisiún nár léirigh an tSualainn ar bhealach leordhóthanach go bhféadfaí an diall dá dtagraítear in aithris 166 a chur síos go heisiach do chostais bhreise arna suíomh a bhaineann leis na bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 comhlíonta i ndáil leis an tSualainn.

(172)

I dtaca leis an gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, is leor a lua nár chuir an tSualainn san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta aon bheart athstruchtúrúcháin a thabharfadh údar le diall ó threocht an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais nó ó threocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna shuíomh ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, níl an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) comhlíonta i ndáil leis an tSualainn.

(173)

Ina theannta sin, is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú ar na príomhthosca agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointe 2.1.(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 atá mar bhuntaca leis na dréachtspriocanna feidhmíochta i réimse na cost-éifeachtúlachta, go bhfuarthas na torthaí seo a leanas maidir le bonnlíne costas 2019, costas an chaipitil agus costas na bpinsean.

(174)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag an tSualainn bonnlíne 2019 a choigeartú chun tabhairt isteach na dtrí aerfort nua sa chóras maidir le muirir faoi bhealach ó 2020 ar aghaidh a chur san áireamh.. Tugann an comhlacht athbhreithnithe ar fheidhmíocht dá aire go mbaineann formhór an choigeartaithe seo le hAerfort Scandinavian Mountain ina soláthraíonn an ANSP SDATS seirbhísí rialaithe aerthráchta. Sa dréachtphlean feidhmíochta, luaitear go gcuireann go leor aerfort sa tSualainn seirbhísí faoi bhealach ar fáil. Tugann an tSualainn le fios go bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh costais de ligean d’aerfoirt seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí ascnaimh a chur ar fáil toisc go mbíonn limistéir ainlithe críochfoirt in aerfoirt na Sualainne mór agus i bhfad go geografach.

(175)

Sa dréachtphlean feidhmíochta ón tSualainn, tugtar le fios nach n-aistrítear freagrachtaí nó costais idir na ANSPanna atá sa scéim cheana féin de thoradh na dtrí aerfort nua atá sa scéim faoi bhealach. Fuair an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta amach nach bhfuil an coigeartú sin mínithe go soiléir sa dréachtphlean feidhmíochta ón tSualainn.

(176)

Ar bhonn na comhairle a fuarthas ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn athmheastóireacht a dhéanamh ar na méideanna a bheartaítear a mhuirearú mar thoradh ar chothromas laistigh de chostas an chaipitil le haghaidh LFV. Measann an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, thar TT3, go bhfuil costas tuairiscithe an chaipitil EUR 1,3 M os cionn chostas éifeachtúil an chaipitil. Go sonrach, tugann an Coimisiún agus an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta faoi deara go bhfuil costas an raoin cothromais a mhol an tSualainn le haghaidh LFV, is é sin 0,7 % – 1,9 %, níos airde ná costas an chothromais a cheadaigh Rialtas na Sualainne le haghaidh LFV, is é sin 0,0 %. Tugann an Coimisiún dá aire go n-áirítear sa chostas caipitil atá beartaithe maidir le LFV toradh ar chothromas roinnt aerfort Sualannach a chuireann seirbhísí faoi bhealach ar fáil. Measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn soiléiriú agus bonn cirt a thabhairt maidir leis na haerfoirt sin a bheith san áireamh i míreanna costais uile LFV, nó athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar a haighneacht.

(177)

Ar bhonn na comhairle a fuarthas ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn athmheastóireacht a dhéanamh ar na costais phinsin arna moladh. Fuair an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta amach go bhfuil meánsciar na gcostas pinsin le haghaidh LFV thar TT3 i bhfad níos airde ná an meánsciar ar fud an Aontais. Fuarthas amach freisin go n-áirítear na ranníocaíochtaí a bhaineann leis an scéim pinsin phoiblí sna costais foirne mar chostais slándála sóisialta seachas sna costais phinsin arna sainaithint ar leithligh sna táblaí tuairiscithe. Tugann an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta le fios go ndéantar costais phinsin a thaifeadadh freisin i gcostas an chaipitil ós rud é go n-áirítear earraí infhaighte gan íoc a bhaineann le costais phinsin ó thréimhsí tagartha roimhe sin sa bhonn sócmhainní. Tagann an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta ar an gconclúid go bhféadfadh an easpa trédhearcachta sna toimhdí maidir leis an scéim sochar sainithe a bheith ina fadhb agus fíorú á dhéanamh ar chostais dhíolmhaithe TT3. Measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn na costais phinsin a thuairisciú ar bhealach trédhearcach i líne costas pinsin ar leithligh na dtáblaí tuairiscithe.

(178)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí 161 go 177, maidir leis na spriocanna atá beartaithe a áirítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Sualainne, ba cheart a mheas nach bhfuil siad ag teacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(179)

Tá imní ar an gCoimisiún maidir le dréachtspriocanna feidhmíochta cost-éifeachtúlachta sheirbhísí críochfoirt na Sualainne, i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(180)

Ar an gcéad dul síos, nuair a chuirtear treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le haghaidh TT3 i gcomparáid le treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh, fuair an Coimisiún amach go bhfuil treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Sualainne, arb ionann é agus +0,9 %, níos airde ná treocht an chostais aonaid faoi bhealach arna shuíomh le haghaidh na Sualainne ar leibhéal an limistéir muirearaithe, arb ionann é agus de +0,2 %, le linn TT3.

(181)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na dréachtspriocanna maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh do limistéar muirearaithe críochfoirt na Sualainne, arb ionann é agus +0,9 % le linn TT3, níos airde ná treocht iarbhír an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh le linn TT2, arbh ionann é agus -5,8 %.

(182)

Ar an tríú dul síos, nuair a chuirtear na dréachtspriocanna náisiúnta maidir le treocht an chostais aonaid críochfoirt arna shuíomh i gcomparáid le feidhmíocht aerfort comhchosúil le linn TT3, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar go bhfuil an costas aonaid arna shuíomh d’Aerfort Arlanda Stócólm os cionn airmheán an chostais aonaid arna shuíomh don ghrúpa comparáide ábhartha faoi chorrlach teoranta.

(183)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don tSualainn údar breise a thabhairt leis na spriocanna cost-éifeachtúlachta críochfoirt i bhfianaise na mbarúlacha thuas, nó gur cheart di na dréachtspriocanna maidir leis an gcostas aonaid críochfoirt arna shuíomh os cionn TT3 a laghdú.

CONCLÚIDÍ

(184)

Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in haithrisí 21 go 183, fuair an Coimisiún amach go bhfuil spriocanna feidhmíochta áirithe atá ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais ann sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn.

(185)

I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann a gcuid dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a nglacfar an Cinneadh seo, agus na moltaí a chuir an Coimisiún ar aghaidh á gcur san áireamh.

(186)

An Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Lucsamburg, agus an Ísiltír, tíortha a d’fhorbair agus a chuir isteach dréachtphlean feidhmíochta TT3 ar leibhéal an FAB3 in éineacht leis an Eilvéis, ba cheart dóibh dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chur isteach go comhpháirteach le haghaidh FABEC ina dtabharfar aghaidh ar na moltaí a leagtar amach sa Chinneadh seo.

(187)

Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe ina n-iomláine i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus, de thoradh an mheasúnaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún aon seasamh a ghlacadh i leith na ndréachtspriocanna feidhmíochta agus i leith eilimintí eile de na pleananna feidhmíochta nach ndearnadh aon agóid ina leith sa Chinneadh seo.

(188)

De bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, beidh feidhm ag na spriocanna arna leagan síos sa leagan is déanaí den dréachtphlean feidhmíochta ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta nó na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe, agus ina dhiaidh sin ceanglófar ar an mBallstát nó ar na Ballstáit lena mbaineann a bplean feidhmíochta deiridh a ghlacadh.

(189)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta, tugadh éifeacht chúlghabhálach do na spriocanna atá sa phlean feidhmíochta deiridh le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá thoradh sin, aon difríocht san ioncam de bharr chur i bhfeidhm an ráta aonaid nó na rátaí aonaid arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta, seachas an ráta aonaid nó rátaí aonaid arna ríomh ar bhonn an phlean feidhmíochta deiridh, déanfar iad a shocrú trí choigeartuithe ar na ráta aonaid ina dhiaidh sin le linn TT3, coigeartuithe a ndéantar rialáil bhreise orthu leis na bearta eisceachtúla le haghaidh TT3 a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627. Dá bhrí sin, ní thiocfaidh an Coimisiún ar aon chonclúid maidir le comhlíontacht na rátaí aonaid i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 sula nglacfar na pleananna feidhmíochta deiridh ábhartha.

(190)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát go bhfuil sé ar intinn acu ítimí costais a bhaineann le brath drón aerfoirt a chur san áireamh ina mboinn chostais TT3. Ní rabhthas in ann a leagan síos go beacht, bunaithe ar na heilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, a mhéid a chuir na Ballstáit na costais chinnte sin san áireamh ina mboinn chostais TT3 agus, i gcás inar cuireadh na costais sin san áireamh, a mhéid a thabhaítear iad i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus a mhéid a d’fhéadfaí iad a mheas, ar an gcaoi sin, a bheith incháilithe faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Chuir seirbhísí an Choimisiúin iarraidh ad hoc ar fhaisnéis chuig gach Ballstát chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad scrúdú breise ar na costais thuairiscithe a bhaineann le brath drón aerfoirt a bhrath i gcomhthéacs fíorú comhlíontachta ar ráta an aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí agus do chonclúidí an Choimisiúin maidir le hábhar na gcostas chun dróin a bhrath.

(191)

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear cosc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe ag an Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthaí de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach ó thuirlingt i gcríoch an Aontais, dul san aer uaithi nó eitilt thar a críoch. Tá laghdú ar aerthrácht san aerspás ar chríoch an Aontais mar thoradh ar na bearta sin. Níor cheart, áfach, go mbeadh an tionchar ar fud an Aontais inchomparáide leis an laghdú ar aerthrácht a bhí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a bhris amach i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann cheana a choimeád ar bun chun an scéim feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme in TT3. Agus a spriocanna feidhmíochta áitiúla á n-athbhreithniú acu mar chuid de na dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe, ba cheart do na Ballstáit a ndíríonn an Cinneadh seo orthu aird chuí a thabhairt ar na héifeachtaí oibríochtúla agus airgeadais a bhíonn ag athruithe ábhartha ar thrácht.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sna dréachtphleananna náisiúnta feidhmíochta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, spriocanna a liostaítear sa Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha (“TT3”) a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Déanfaidh an Chipir agus an Ghréig a gcuid dréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach a laghdú, arna sloinneadh mar mheán-nóiméad na moille ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta faoi bhealach in aghaidh na heitilte.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann aghaidh ar na dialltaí a tugadh faoi deara idir na dréachtspriocanna acmhainneachta arna gcur isteach agus na luachanna tagartha comhfhreagracha a leagtar amach i bPlean Oibríochtaí an Líonra i Meán Fómhair 2021 i leith na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024 le haghaidh TT3 chun freastal ar an éileamh tráchta a bhfuil coinne leis. I gcás ina moltar i bPlean Oibríochtaí an Líonra bearta sonracha chun feidhmíocht acmhainneachta a fheabhsú, cuirfear na bearta sin san áireamh agus na spriocanna feidhmíochta á n-athbhreithniú.

Airteagal 3

Laghdóidh an Bheilg, an Ghréig, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Rómáin agus an tSualainn na dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta a shocraítear dá limistéir muirearaithe faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid arna suíomh (DUC).

Agus a gcuid dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta á n-athbhreithniú acu, déanfaidh na Ballstáit uile lena mbaineann na nithe seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh na spriocanna cost-éifeachtúlachta athbhreithnithe comhsheasmhach leis an treocht DUC ar fud an Aontais agus leis an treocht fhadtéarmach DUC ar fud an Aontais araon;

(b)

leibhéal na gcostas arna suíomh a laghdú dá réir sin, i leith na bliana féilire 2024 ar a laghad;

(c)

na réamhaisnéisí tráchta is déanaí a úsáid, arna sloinneadh in aonaid seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317;

De mhaolú ar phointe (a), nuair a fhaigheann an Coimisiún amach leis an gCinneadh seo go gcomhlíonann luach bonnlíne an limistéir muirearaithe faoi bhealach an critéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil na spriocanna cost-éifeachtúlachta athbhreithnithe ag teacht, ar a laghad, leis an treocht DUC ar fud an Aontais nó leis an treocht fhadtéarmach DUC ar fud an Aontais.

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát diall a agairt ina dhréachtphlean athbhreithnithe feidhmíochta faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, áiritheoidh sé go dtabharfar bunús leis an diall sin le faisnéis leordhóthanach agus le bonn cirt.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, an Rómáin, agus Ríocht na Sualainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Spriocanna feidhmíochta a áirítear sna pleananna náisiúnta nó sna pleananna bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 a cinneadh a bheith ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse tagartha

1.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA FABEC

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 73,13

EUR 83,28

EUR 189,52

EUR 113,26

EUR 108,51

EUR 103,82

2.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA NA GRÉIGE

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ar Bhainistíocht na Sreibhe Aerthráchta faoi bhealach i nóiméad in aghaidh na heitilte

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Gréige

0,32

0,26

0,20

0,20

Luachanna tagartha don Ghréig

0,10

0,14

0,15

0,15

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 31,37

EUR 23,20

EUR 40,71

EUR 32,60

EUR 33,12

EUR 32,93

3.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA NA CIPIRE

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ar Bhainistíocht na Sreibhe Aerthráchta faoi bhealach i nóiméad in aghaidh na heitilte

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Cipire

0,10

0,30

0,40

0,30

Luachanna tagartha don Chipir

0,10

0,16

0,15

0,15

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 32,94

EUR 26,61

EUR 49,85

EUR 34,14

EUR 32,52

EUR 32,26

4.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA NA LAITVIA

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Laitvia

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 27,90

EUR 23,61

EUR 40,07

EUR 31,28

EUR 29,14

EUR 26,83

5.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA MHÁLTA

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 21,50

EUR 22,98

EUR 44,08

EUR 31,85

EUR 24,83

EUR 24,85

6.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA NA RÓMÁINE

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

RON 165,00

RON 155,38

RON 298,87

RON 191,50

RON 174,25

RON 174,33

EUR 36,13

EUR 34,03

EUR 65,45

EUR 41,94

EUR 38,16

EUR 38,18

7.   SPRIOCANNA ATÁ I nDRÉACHTPHLEAN FEIDHMÍOCHTA NA SUALAINNE

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2014

luach bonnlíne

2019

luach bonnlíne

2020-2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

SEK 522,30

SEK 567,11

SEK 1 361,88

SEK 676,24

SEK 605,51

SEK 570,87

EUR 54,22

EUR 58,87

EUR 141,38

EUR 70,20

EUR 62,86

EUR 59,26