11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/15


CINNEADH (AE) 2022/722 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

lena n-údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht a shíniú, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 agus Airteagal 82(1), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Meitheamh 2019, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún a bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht maidir leis an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185) (“an Coinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht”).

(2)

An 17 Samhain 2021, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (“an Prótacal”), agus tá sé beartaithe é a oscailt lena shíniú an 12 Bealtaine 2022.

(3)

Tagann forálacha an Phrótacail faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha comhchoiteanna de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear ionstraimí lena n-éascaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena n-áirithítear íoschaighdeáin maidir le cearta nós imeachta, mar aon le coimircí i ndáil le cosaint sonraí agus le coimircí príobháideachas.

(4)

Chuir an Coimisiún tograí reachtacha isteach freisin le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla, agus le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, lenar tugadh isteach Orduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha ceangailteacha trasteorann atá le díriú go díreach ar ionadaí de chuid soláthraí seirbhíse i mBallstát eile.

(5)

Lena rannpháirtíocht sa chaibidlíocht ar an bPrótacal, d’áirithigh an Coimisiún a chomhoiriúnacht le rialacha comhchoiteanna ábhartha an Aontais.

(6)

Tá gá le roinnt forchoimeádas, dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí maidir leis an bPrótacal chun comhoiriúnacht an Phrótacail le dlí agus beartais an Aontais a áirithiú. Tá roinnt eile acu ábhartha chun a áirithiú go gcuireann Ballstáit an Aontais ar Páirtithe iad sa Phrótacal (“na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad”) an Prótacal i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir lena gcaidrimh le tríú tíortha ar Páirtithe iad sa Phrótacal (“na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad”), agus go gcuirtear an Prótacal i bhfeidhm go héifeachtach freisin.

(7)

Is gan dochar d’aon fhorchoimeádais nó dearbhuithe is mian leis na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn aonair i gcás ina gceadóidh an Prótacal é sin atá na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí agus na teachtaireachtaí seo a dtugtar treoir do na Ballstáit ina dtaobh atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(8)

Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí agus na teachtaireachtaí i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoirmiú tráth an tsínithe, ba cheart dóibh an méid sin a dhéanamh tráth a dhéanfar an ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa a thaisceadh i dtaca leis an bPrótacal.

(9)

Tar éis dóibh an Prótacal a shíniú agus a dhaingniú, é a ghlacadh nó a fhormheas, ba cheart do na Ballstáit breathnú, sa bhreis ar an méid sin, ar an méid a thugtar le fios san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(10)

Déantar foráil sa Phrótacal maidir le nósanna imeachta meara lena gcuirtear feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach agus maidir le leibhéal ard coimircí. Dá bhrí sin, déanfar na rudaí seo a leanas de thairbhe a theacht i bhfeidhm: cuirfear leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta ar an leibhéal domhanda trí chomhar a éascú idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad agus na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad, áiritheofar ardleibhéal cosanta do dhaoine aonair, agus tabharfar aghaidh ar choinbhleachtaí dlí.

(11)

Déantar foráil sa Phrótacal maidir le coimircí iomchuí i gcomhréir leis na ceanglais i ndáil le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus faoi Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, áiritheofar an méid seo a leanas lena theacht i bhfeidhm: rannchuideofar le cur chun cinn chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint sonraí ar an leibhéal domhanda, éascófar sreabha sonraí idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad agus na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad, agus áiritheofar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit den Aontas a gcuid oibleagáidí faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(12)

Le teacht i bhfeidhm mear an Phrótacail, deimhneofar tábhacht an Coinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht mar an príomhchreat iltaobhach sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta é.

(13)

Ní féidir leis an Aontas an Prótacal a shíniú, ós rud é nach féidir ach le stáit a bheith ina bpáirtithe ann.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart a údarú do na Ballstáit an Prótacal a shíniú, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais.

(15)

Moltar do na Ballstáit an Prótacal a shíniú le linn shearmanas an tsínithe, nó ar an dáta is luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

(16)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim an 21 Eanáir 2022.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

Is iad na leaganacha Béarla agus Fraincise den Prótacal, a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 17 Samhain 2021, na leaganacha barántúla den téacs,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a shíniú chun leas an Aontais, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht (“an Prótacal”) (4).

Airteagal 2

1.   Agus an Prótacal á shíniú ag na Ballstáit, féadfaidh siad forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí i gcomhréir le Ranna 1 go 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a dhéanamh.

2.   Na Ballstáit a shíneoidh an Prótacal nach ndéanfaidh forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí ná cumarsáidí dá dtagraítear i mír 1 tráth sínithe an Phrótacail, déanfaidh siad amhlaidh nuair a thaiscfidh siad a n-ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa don Phrótacal.

3.   Tar éis dóibh an Prótacal a shíniú agus a dhaingniú, é a ghlacadh nó a fhormheas, breathnóidh na Ballstáit, sa bhreis ar an méid sin, ar an méid a thugtar le fios i Roinn 4 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(2)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gcinneadh lena n-údaraítear é a dhaingniú.


IARSCRÍBHINN

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí na teachtaireachtaí agus táscanna, dá dtagraítear in Airteagal 2.

1.   Forchoimeádais

De bhun Airteagal 19, mír 1, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go mbaineann sé leas as forchoimeádais amháin nó níos mó dá bhforáiltear in airteagail áirithe den Phrótacal.

De bhun Airteagal 7, mír 9.a, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 (Faisnéis rannpháirtí a nochtadh) a chur i bhfeidhm. Staonfaidh na Ballstáit ó fhorchoimeádas den sórt sin a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 9.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí, faoi réir na gcoinníollacha atá ann, an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le huimhreacha rochtana de chineálacha áirithe. Ní fhéadfaidh na Ballstáit forchoimeádas den sórt sin a dhéanamh, ach amháin i ndáil le huimhreacha rochtana, seachas iad siúd is ga chun an t-úsáideoir a shainaithint agus chuige sin amháin.

De bhun Airteagal 8, mír 13, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 8 (Éifeacht a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile maidir le nochtadh brostaithe na faisnéise rannpháirtí agus na sonraí tráchta) a chur i bhfeidhm maidir le sonraí tráchta. Moltar do na Ballstáit staonadh ó fhorchoimeádas den sórt sin a dhéanamh.

I gcás ina dtugtar bonn i leith forchoimeádais eile in Airteagal 19, mír 1, údaraítear do na Ballstáit forchoimeádas den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

2.   Dearbhuithe

De bhun Airteagal 19, mír 2, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí na dearbhuithe a shainaithnítear in airteagail áirithe den Phrótacal a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 2.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí, i ndáil le horduithe arna n-eisiúint chuig soláthraithe seirbhíse ar a chríoch, an dearbhú seo a leanas a dhéanamh

An t-ordú faoi Airteagal 7, mír 1, ní mór dó a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, ní mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách.

Déanfaidh na Ballstáit, i ndáil le horduithe arna n-eisiúint chuig sholáthraithe seirbhíse ar a gcríoch, an dearbhú a leagtar amach sa dara mír den phointe seo.

De bhun Airteagal 9 (Nochtadh brostaithe na sonraí ríomhaireachta stóráilte i gcás éigeandála) mír 1.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú nach ndéanfaidh sé iarrataí faoi mhír l.a den Airteagal sin a fhorghníomhú, nuair nach bhfuil ach nochtadh faisnéise rannpháirtí á lorg. Moltar do na Ballstáit staonadh ó dhearbhú den sórt sin a dhéanamh.

I gcás ina dtugtar bonn i leith dearbhuithe eile in Airteagal 19, mír 2, údaraítear do na Ballstáit dearbhuithe den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

3.   Dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí

De bhun Airteagal 19, mír 3, den Phrótacal, tá Páirtí le haon dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí atá sainaitheanta in airteagail áirithe den Phrótacal de réir na dtéarmaí a shonraítear iontu a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 5.a, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí fógra a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, gur nuair a eisítear ordú faoi mhír 1 den Airteagal sin chuig soláthraí seirbhíse ar a chríoch, éilíonn an Páirtí, i ngach cás nó in imthosca sainaitheanta, fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an fógra seo a leanas a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa:

Nuair a eisítear ordú faoi Airteagal 7, mír 1, chuig soláthraí seirbhíse ar chríoch [Ballstát], éilíonn [Ballstát], i ngach cás, fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht ”.

I gcomhréir le hAirteagal 7, mír 5 e, den Phrótacal, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil aonair chun an fógra a fháil faoi Airteagal 7, mír 5 a, agus chun na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 7, mír 5.b, mír 5.c agus mír 5.d, den Phrótacal a dhéanamh, agus, nuair a thugtar an fógra d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa den chéad uair, faoi Airteagal 7, mír 5.a, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit faisnéis teagmhála an údaráis sin in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

De bhun Airteagal 8, mír 4, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go bhfuil gá le faisnéis tacaíochta bhreise chun éifeacht a thabhairt d’orduithe faoi mhír 1 den Airteagal sin. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas:

Tá faisnéis tacaíochta bhreise ag teastáil chun éifeacht a thabhairt d’orduithe faoi Airteagal 8, mír 1. Braithfidh an fhaisnéis tacaíochta bhreise a bheidh ar imthosca an ordaithe agus ar an imscrúdú nó an t-imeacht gaolmhar ”.

I gcomhréir le hAirteagal 8, mír 10.a agus mír 10.b, den Phrótacal, déanfaidh na Ballstáit faisnéis teagmhála na n-údarás arna n-ainmniú ordú faoi Airteagal 8 a chur in iúl agus a choinneáil cothrom le dáta, agus na húdaráis arna n-ainmniú ordú a fháil faoi Airteagal 8, faoi seach. Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (1), lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), áireoidh siad OIPE, laistigh de theorainneacha fheidhmiú a hinniúlachtaí mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 den Rialachán sin, i measc na n-údarás a chuirtear in iúl faoi Airteagal 8, mír 10.a agus mír 10.b, den Phrótacal, agus déanfar é sin ar bhealach comhordaithe.

Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas:

I gcomhréir le hAirteagal 8, mír 10, ainmníonn [Ballstát], mar Bhallstát den Aontas Eorpach atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí, dá bhforáiltear in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), mar údarás inniúil.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 7.c, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa cé hé an t-údarás nó cé hiad na húdaráis a bhfuil fógra le tabhairt dóibh i ndáil le teagmhas slándála faoi Airteagal 14, mír 7.b, den Phrótacal, chun críocha Chaibidil II, Roinn 2, den Phrótacal.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 10.b, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa cé hé an t-údarás nó cé hiad na húdaráis atá le húdarú a thabhairt dóibh chun críoch Chaibidil II, Roinn 2, den Phrótacal, i ndáil le sonraí arna bhfáil faoin bPrótacal a aistriú ar aghaidh chuig Stát eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile.

I gcás ina dtugtar bonn i leith dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí eile in Airteagal 19, mír 3, den Phrótacal, údaraítear do na Ballstáit dearbhuithe, fógraí agus cumarsáidí den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

4.   Táscanna eile

Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939, áiritheoidh siad gur féidir le OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí di mar dá bhforáiltear don mhéid sin in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 den Rialachán sin, comhar a lorg faoin bPrótacal ar an gcaoi chéanna le hionchúisitheoirí náisiúnta na mBallstát sin.

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7, go háirithe maidir le huimhreacha rochtana de chineálacha áirithe, féadfaidh na Ballstáit ordú faoin Airteagal sin a chur faoi réir grinnscrúdú ar ionchúisitheoir nó ar údarás breithiúnach eile nuair a fhaigheann a n-údarás inniúil fógra comhuaineach faoin ordú roimh nochtadh na faisnéise iarrtha ag an soláthraí.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 11.c, den Phrótacal, agus sonraí á n-aistriú chun críocha an Phrótacail acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl don Pháirtí fála go gceanglaítear go ndéantar a chreat dlíthiúil náisiúnta lena dtugtar fógra pearsanta don duine aonair a dhéantar a chuid sonraí a sholáthar.

Maidir le haistrithe idirnáisiúnta ar bhonn Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh (2) (“an Scáth-Chomhaontú”), cuirfidh na Ballstáit in iúl d’údaráis inniúla na Stát Aontaithe, chun críocha Airteagal 14, mír 1.b, den Phrótacal, go bhfuil feidhm ag an Scáth-Chomhaontú maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta faoin bPrótacal idir údaráis inniúla. Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cheart an Scáth-Chomhaontú a chomhlánú le coimircí breise lena gcuirtear san áireamh na ceanglais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis mar a fhoráiltear dó sin faoin bPrótacal. Dá réir sin, cuirfidh na Ballstáit an teachtaireacht seo a leanas chuig údaráis inniúla na Stát Aontaithe:

Chun críocha Airteagal 14, mír 1.b, den Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (“an Prótocal”), measann [Ballstát] go bhfuil feidhm ag an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh (“an Scáth-Chomhaontú”) maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta idir údaráis inniúla faoin bPrótacal. I gcás aistrithe idir soláthraithe seirbhíse agus údaráis faoin bPrótacal, níl feidhm ag an Scáth-Chomhaontú ach amháin in éineacht le socrú sonrach breise de réir bhrí Airteagal 3, mír 1, den Scáth-Chomhaontú lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis. In éagmais comhaontú sonrach aistrithe den sórt sin, féadfar na haistrithe sin a dhéanamh faoin bPrótacal, agus sa chás sin, tá feidhm ag Airteagal 14, mír 1.a, i gcomhar le hAirteagal 14, míreanna 2 go 15, den Phrótacal.

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuireann siad Airteagal 14, mír 1.c, den Phrótacal, i bhfeidhm ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 den Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i gcás an tríú tír lena mbaineann, cinneadh lena gcumhdaítear na haistrithe sonraí, nó ar bhonn comhaontú eile lena n-áirítear coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí de bhun Airteagal 46(2), pointe a, de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 37(1), pointe a, de Threoir (AE) 2016/680.


(1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(2)   IO L 336, 10.12.2016, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).